This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0179
Commission Implementing Decision (EU) 2022/179 of 8 February 2022 on the harmonised use of radio spectrum in the 5 GHz frequency band for the implementation of wireless access systems including radio local area networks and repealing Decision 2005/513/EC (notified under document C(2022) 628) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/628
IO L 29, 10.2.2022, p. 10–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 25/11/2022
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repeal | 32005D0513 | 10/02/2022 | |||
Implicit repeal | 32007D0090 | 10/02/2022 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modified by | 32022D2307 | Athchur | airteagal 3 | 25/11/2022 | |
Modified by | 32022D2307 | Athchur | iarscríbhinn | 25/11/2022 |
10.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 29/10 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/179 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2022
maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictrim raidió sa Chomhphobal Eorpach (an Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach” (2), leagtar amach cuspóirí nascachta nua le haghaidh an Aontais a bheidh le baint amach trí imscaradh forleathan líonraí fíor-ardacmhainne agus cur in úsáid líonraí fíor-ardacmhainne. Tá sé ar cheann de na cuspóirí go gcumhdófar gach teaghlach san Aontas le líonra Gigighiotáin faoi 2030. Rannchuidítear go mór leis an gcuspóir cumhdaigh sin le córais rochtana gan sreang lena n-áirítear feidhmchláir líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna). |
(2) |
Rialaítear an rochtain ar líonraí achair logánta raidió le hAirteagal 56 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Sainmhínítear líonra achair logánta raidió leis an Treoir sin mar chórais ísealchumhachta rochtana gan sreang, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leo ó thaobh cur isteach ar chórais eile den sórt sin a bhíonn in úsáid an-ghar dóibh ag úsáideoirí eile, agus ina n-úsáidtear, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió comhchuibhithe. |
(3) |
Le Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún (4), comhchuibhíodh úsáid speictrim raidió i mbanda 5 GHz (5 150-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz) le haghaidh córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió. |
(4) |
I gcomhréir le Rialacháin Raidió an Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU) (5), leithdháiltear bandaí minicíochta 5 150-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz ar an tseirbhís mhóibíleach seachas seirbhís mhóibíleach aerloingseoireachta ar phríomhbhonn i ngach ceann de thrí Réigiún ITU, agus an gá le príomhsheirbhísí eile sna bandaí minicíochta sin a chosaint á chur san áireamh. In 2003, ghlac Comhdháil Radachumarsáide Domhanda ITU (WRC-03) Rún 229 maidir le “Úsáid bhandaí 5 150-5 250, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz ag an tseirbhís mhóibíleach le haghaidh cur chun feidhme Córas Rochtana gan Sreang lena n-áirítear Líonraí Achair Logánta Raidió”. Leis an Rún sin, a ndearnadh athbhreithniú air ag an gComhdháil Radachumarsáide Domhanda in 2019 (WRC-19), leathnaíodh raon feidhme na húsáide laistigh chun traenacha agus feithiclí bóthair a chumhdach, socraíodh an uaschumhacht astaíochta le haghaidh WAS/RLANanna agus banda minicíochta 5 150-5 250 MHz á úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ceadaíodh úsáid lasmuigh theoranta i mbanda 5 150-5 250 MHz trí úsáidí eile a bhí ann cheana sa bhanda sin a chosaint. |
(5) |
I roinnt Ballstát, tá géarghá le radair mhíleata agus mheitéareolaíocha a oibriú sna bandaí idir 5 250 agus 5 850 MHz a bhfuil gá cosaint shonrach ina leith in aghaidh trasnaíocht dhíobhálach ó WAS/RLANanna. Sa chomhthéacs sin, leis na coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla maidir le húsáid WAS/RLANanna, is gá cosaint leasanna poiblí dlisteanacha a bhaineann le seirbhísí raidió eile, lena n-áirítear radair mhíleata agus mheitéareolaíocha, a áirithiú. Córais a bhaineann le seirbhís satailíte um thaiscéalaíocht an Domhain (gníomhach), an tseirbhís um spástaighde (gníomhach) agus naisc fothaire le haghaidh seirbhís satailíte shoghluaiste, go háirithe i mbanda minicíochta 5 150-5 350 MHz, is gá freisin inmharthanacht córas den sórt sin a chosaint. |
(6) |
Maidir le WRC-19 a rinne athbhreithniú ar Rún 229, chun torthaí na Comhdhála sin a chur chun feidhme, an 14 Aibreán 2020, d’eisigh an Coimisiún sainordú do Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), de bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh 2005/513/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme WAS/RLANanna. Faoin sainordú, tugadh dhá thasc do CEPT. Ba é an chéad cheann acu sin coinníollacha teicniúla a mholadh chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh 2005/513/CE i bhfianaise thoradh WRC-19 (athbhreithniú ar Rún 229) maidir le banda minicíochta 5 150-5 250 MHz. Ba é an dara tasc nuashonruithe comhfhreagracha na gcoinníollacha teicniúla comhchuibhithe a mholadh maidir le WAS/RLANanna i mbandaí 5 150-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz, de réir mar is iomchuí. Ba é ba chuspóir do na nuashonruithe féidearthachtaí a mheas maidir le húsáid na WAS/RLANanna sin ar bord feithiclí (aerárthaí, feithiclí bóthair (gluaisteáin, busanna), traenacha, etc.) agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé WAS/RLAN a úsáid le haghaidh naisc raidió córas aerárthaí gan foireann (UAS). |
(7) |
I gcomhréir leis an sainordú sin, d’fhoilsigh CEPT Tuarascáil 79 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme WAS/RLANanna i ndiaidh WRC-19. I dTuarascáil 79 CEPT, tá coinníollacha teicniúla athbhreithnithe le haghaidh WAS/RLANanna i mbanda 5 150-5 250 MHz maidir leis na cásanna úsáide laistigh seo a leanas: laistigh d’fhoirgnimh agus de shuiteálacha laistigh d’fheithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí, agus úsáid lasmuigh theoranta. Ní cheadaítear UAS a oibriú i mbanda 5 170-5 250 MHz ach amháin mar chás sonrach úsáide lasmuigh. Leis na coinníollacha teicniúla a mholtar maidir le banda 5 250-5 350 MHz, laistigh d’fhoirgnimh ní cheadaítear ach úsáid laistigh. Is féidir banda 5 470-5 725 MHz a úsáid laistigh agus lasmuigh, ach ní áirítear leis sin suiteálacha i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí agus é a úsáid le haghaidh UAS. Baineadh úsáid as torthaí an tsainordaithe i dTuarascáil 79 CEPT mar bhunús leis an gCinneadh seo. |
(8) |
Ina Thuarascáil 79, dheimhnigh CEPT tuiscint choiteann maidir leis an tábhacht a bhaineann le saincheist na trasnaíochta díobhálaí ar radair mheitéareolaíocha i mbanda 5 600-5 650 MHz a réiteach. Chun rannchuidiú le trasnaíocht dhíobhálach ar radair mheitéareolaíocha a laghdú, leis an gCinneadh seo, ba cheart coinníollacha teicniúla a leagan síos le haghaidh suiteálacha WAS/RLANanna i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí agus úsáid WAS/RLANanna i measc córais aerárthaí gan foireann (UAS) agus na ceanglais is infheidhme maidir le roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS) a shoiléiriú. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh seo amach anseo chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin. |
(9) |
I gcás ina bhfuil teorainn gheografach le húsáid eile seachas WAS/RLANanna agus ina bhfuil na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoi úsáid eile, ba cheart na Ballstáit a bheith i dteideal suiteálacha laistigh a údarú ar an leibhéal náisiúnta i dtraenacha a úsáideann bandaí minicíochta 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz, i gcás inar féidir úsáid WAS/RLAN a rialáil agus srian geografach a chur uirthi. |
(10) |
Leis an gCinneadh seo, cuirtear leis na prionsabail agus leis na forálacha a leagtar amach i gCinneadh 2005/513/CE agus déantar forbairt orthu. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh 2005/513/CE a aisghairm. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Speictream Raidió, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis an gCinneadh seo, comhchuibhítear na coinníollacha maidir le hinfhaighteacht agus le húsáid éifeachtúil bhandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz le haghaidh córais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna).
Airteagal 2
Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
is córais raidió leathanbhanda “córais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna)” lena gceadaítear rochtain gan sreang le haghaidh feidhmeanna poiblí agus príobháideacha gan beann ar thoipeolaíocht an bhunlíonra; |
(b) |
sainmhínítear “úsáid laistigh” mar úsáid laistigh de spás iata lena gcuirfear ar fáil an maolúchán is gá chun an chomhroinnt le seirbhísí eile a éascú. Is féidir úsáid laistigh a aicmiú ina ceithre chás úsáide, mar a shainaithnítear i gcoinníollacha teicniúla na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gCinneadh seo lena gcuirtear san áireamh cásanna sonracha: laistigh d’fhoirgnimh, laistigh d’fheithiclí bóthair, laistigh de thraenacha agus laistigh d’aerárthaí; |
(c) |
ciallaíonn “cumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (‘e.i.r.p.’)” táirge na cumhachta a sholáthraítear don aeróg agus an neartú aeróige i dtreo ar leith i ndáil le haeróg iseatrópach (dearbhneartúchán nó neartúchán iseatrópach); |
(d) |
ciallaíonn “meánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (‘e.i.r.p.’)” e.i.r.p. le linn rabharta tarchuir a chomhfhreagraíonn don chumhacht is airde, má chuirtear rialú cumhachta chun feidhme. |
Airteagal 3
Faoin 31 Márta 2022, ainmneoidh na Ballstáit bandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz agus cuirfidh siad ar fáil iad, ar bhonn neamheisiach, le haghaidh chur chun feidhme WAS/RLANanna i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éabhlóid caighdeán agus ar éabhlóid na teicneolaíochta i ndáil le húsáid bhandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz le haghaidh WAS/RLANanna agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún arna iarraidh sin dó nó ar a dtionscnamh féin chun go mbeifear in ann athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar an gCinneadh seo.
Airteagal 5
Aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE.
Airteagal 6
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 108, 24.4.2002, lch. 1.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 9 Márta 2021 “Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach”, COM(2021) 118 final.
(3) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(4) Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2005 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (IO L 187, 19.7.2005, lch. 22).
(5) http://www.itu.int/pub/R-REG-RR (eagrán 2020).
IARSCRÍBHINN
Coinníollacha teicniúla comhchuibhithe le haghaidh WAS/RLANanna i mbandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz
Tábla 1
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 150 -5 250 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||||
Banda minicíochta |
5 150 -5 250 MHz |
||||
Oibriú incheadaithe |
Laistigh, lena n-áirítear suiteálacha laistigh d’fheithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí, agus úsáid lasmuigh theoranta (nóta 1). Tá an úsáid i measc córais aerárthaí gan foireann (UAS) teoranta do laistigh de bhanda 5 170 -5 250 MHz. |
||||
An mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (e.i.r.p.) uasta le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
200 mW Eisceachtaí:
|
||||
Déine na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
Tábla 2
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 250 -5 350 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||
Banda minicíochta |
5 250 -5 350 MHz |
||
Oibriú incheadaithe |
Úsáid laistigh: laistigh d’fhoirgnimh amháin. Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí (nóta 2). Ní cheadaítear úsáid lasmuigh. |
||
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
200 mW |
||
Déine na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||
Teicnící maolúcháin atá le húsáid |
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS). Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo. |
||
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) |
Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe; nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le déine chomhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB. |
||
Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS) |
Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R (3) chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú. Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéil atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream. Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLAN lena soláthrófar maolúchán ar thrasnaíocht ar radar atá chomh héifeachtúil ar a laghad le DFS mar a thuairiscítear i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLAN a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh an WAS/RLAN i gcomhréir leis na ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais DFS a thuilleadh. |
||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
Tábla 3
WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 470 -5 725 MHz
Paraiméadar |
Coinníollacha teicniúla |
||
Banda minicíochta |
5 470 -5 725 MHz |
||
Oibriú incheadaithe |
Úsáid laistigh agus lasmuigh. Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí ná úsáid le haghaidh UAS (nóta 3). |
||
An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
1 W |
||
Déine na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda |
50 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz |
||
Teicnící maolúcháin atá le húsáid |
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS). Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo. |
||
Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) |
Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe; nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le déine chomhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB. |
||
Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS) |
Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú. Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéil atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream. Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLAN lena soláthrófar maolúchán ar thrasnaíocht ar radar atá chomh éifeachtúil ar a laghad le DFS a thuairiscítear i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLAN a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh na WAS/RLANanna i gcomhréir leis na ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais DFS a thuilleadh. |
||
|
Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.
(1) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(2) I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, ciallaíonn aerárthach mór aerárthach, a aicmítear mar eitleán ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg, nó héileacaptar il-inneall. Eisiatar héileacaptair il-inneall, áfach, ó raon feidhme nótaí 2 agus 3.
(3) Moladh M. 1652-1 ó ITU-R, “Roghnúchán minicíochta dinimiciúil i gcórais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió chun an tseirbhís rad-aimsithe i mbanda 5 GHz a chosaint”.