Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0164

    Cinneadh (CBES) 2022/164 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Feabhra 2022 maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)

    ST/5571/2022/INIT

    IO L 27, 8.2.2022, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/164/oj

    8.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 27/8


    CINNEADH (CBES) 2022/164 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 3 Feabhra 2022

    maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

    Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (1), agus go háirithe Airteagal 2b di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 22 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/2188 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus lenar dtugtar, inter alia, cúram tánaisteach feidhmiúcháin chun rannchuidiú le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (“an cúram feidhmiúcháin tánaisteach”) d’oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta).

    (2)

    Foráiltear le hAirteagal 2b(3) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, go ngníomhachtóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an cúram feidhmiúcháin tánaisteach nuair a thuairisceoidh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun na cúramaí dá dtagraítear san Airteagal sin a chomhlíonadh.

    (3)

    Thuairiscigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a chomhlíonadh.

    (4)

    Ba cheart an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a ghníomhachtú láithreach,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déanfar an cúram feidhmiúcháin tánaisteach lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, a thugtar do Atalanta trí bhíthin Airteagal 2b de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, a gníomhachtú.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)  IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 435, 23.12.2020, lch. 74).


    Top