This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0052
Council Decision (CFSP) 2022/52 of 13 January 2022 amending Decision 2014/512/CFSP concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Cinneadh (CBES) 2022/52 ón gComhairle an 13 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Cinneadh (CBES) 2022/52 ón gComhairle an 13 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/14987/2021/INIT
IO L 9, 14.1.2022, p. 43–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32014D0512 | Athchur | airteagal 9 mír 1 mír neamhuimhrithe 1 | 15/01/2022 | |
| Extended validity | 32014D0512 | 15/01/2022 | 31/07/2022 |
|
14.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 9/43 |
CINNEADH (CBES) 2022/52 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Eanáir 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
An 19 Márta 2015, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí na bearta is gá chun fad na mbeart sriantach a nascadh go soiléir le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, agus é á chur san áireamh gur beartaíodh an cur chun feidhme iomlán don 31 Nollaig 2015. |
|
(3) |
An 12 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1144 (2), lena ndéantar Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go dtí an 31 Eanáir 2022 chun a chur ar a cumas measúnú breise a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc. |
|
(4) |
Tar éis di measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile chun a chur ar chumas na Comhairle measúnú breise a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, de Chinneadh 2014/512/CBES:
“1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Eanáir 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/1144 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 247, 13.7.2021, lch. 99).