This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1960
Council Implementing Regulation (EU) 2021/1960 of 11 November 2021 implementing Regulation (EU) 2019/1890 concerning restrictive measures in view of Turkey’s unauthorised drilling activities in the Eastern Mediterranean
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1960 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1960 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
ST/13136/2021/INIT
IO L 400, 12.11.2021, p. 11–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32019R1890 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 1 | 13/11/2021 | |
Modifies | 32019R1890 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 2 | 13/11/2021 |
12.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 400/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1960 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1890 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1890. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta, ba cheart na hiontrálacha atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2:
|
Ainm |
Faisnéis sainaitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
||||||||||||
“1. |
Mehmet Ferruh AKALIN |
Dáta breithe: 9.12.1960 Uimhir Phas nó Aitheantais: 13571379758 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Mehmet Ferruh Akalın ina Leas-Uachtarán (Bainisteoir Cúnta Ginearálta) agus ina chomhalta ar Bhord Stiúrthóirí Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Tá sé ina cheann ar Roinn Taiscéalaíochta TPAO. Ina cháil mar Leas-Uachtarán TPAO agus mar cheann na Roinne Taiscéalaíochta, tá Mehmet Ferruh Akalın freagrach as gníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO, nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020 |
||||||||||||
2. |
Ali Coscun NAMOGLU |
Dáta breithe: 27.11.1956 Uimhir Phas nó Aitheantais: 11096919534 Náisiúntacht: Turcach Inscne: fireann |
Tá Ali Coscun Namoglu ina Leas-Stiúrthóir ar Roinn Taiscéalaíochta Chorparáid Pheitriliam na Tuirce (TPAO). Sa cháil sin, tá Ali Coscun Namoglu páirteach i ngníomhaíochtaí taiscéalaíochta hidreacarbóin amach ón gcósta de chuid TPAO a phleanáil, a stiúradh agus a chur chun feidhme. Áirítear orthu siúd gníomhaíochtaí druileála TPAO nár údaraigh Poblacht na Cipire iad, mar a leagtar amach thíos. Rinne na soithí seo a leanas na gníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe sin:
|
27.2.2020” |