Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1933

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5167

    IO L 396, 10.11.2021, p. 4–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1933/oj

    10.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 396/4


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1933 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Iúil 2021

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 5(5), Airteagal 17(2), an dara fomhír, agus Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin, lena n-áirítear éin dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I de (peataí éin), agus foráiltear leis go bhféadfar bearta coisctheacha sláinte a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe chun sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint ó ghalair nó ó ionfhabhtuithe ar dócha go scaipfear iad de bharr gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, foráiltear freisin go bhfuil na bearta coisctheacha le bheith bunaithe ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe agus go bhfuil siad le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le leathadh na ngalar sin nó na n-ionfhabhtuithe sin trí ghluaiseachtaí trasteorann peataí éin.

    (3)

    Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht rialacha an Aontais, agus le cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú agus le dúbláil a sheachaint, ba cheart na rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha crostagartha ar leithligh. Tá an cur chuige sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige atá ann faoi láthair i réimse reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, amhail an reachtaíocht a glacadh le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar cur chuig é atá i bhfabhar rialacha an Aontais a chuíchóiriú chun cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

    (4)

    Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil a ghabhann d’éin agus d’fhéadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí. Thar aon ní eile, is ionfhabhtuithe le víreas an fhliú éanúil in éanlaith chlóis is cúis le dhá phríomhfhoirm an ghalair sin a bhfuil a nimhneacht mar shaintréith acu. Ní bhíonn ach siomptóim éadroma ag baint leis an bhfoirm lagphataigineach, de ghnáth, ach d’fhéadfadh an fhoirm ardphataigineach a bheith ina cúis le rátaí an-ard mortlaíochta i bhformhór speiceas éanlaithe clóis. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith ag an ngalar sin ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis. Ina theannta sin, cé gur in éin is mó a fheictear an fliú éanúil, is féidir le hionfhabhtuithe tarlú i ndaoine faoi chúinsí áirithe cé go mbíonn an riosca an-íseal de ghnáth.

    (5)

    In 2005, tar éis an chéad tarlaithe de chás an fhliú éanúil ardphataiginigh (HPAI) d’fhochineál H5N1, in éan i mbraighdeanas a tugadh isteach san Aontas, is le Cinneadh 2005/759/CE ón gCoimisiún (3) a leagadh síos bearta cosanta arb é b’aidhm dóibh cosc a chur ar an víreas HPAI a thabhairt isteach agus a leathadh trí ghluaiseachtaí peataí a bhí in éineacht lena n-úinéirí isteach san Aontas. De bharr na rioscaí leanúnacha do shláinte ainmhithe a bhaineann leis na gluaiseachtaí sin, rinneadh Cinneadh 2005/759/CE a aisghairm agus cuireadh Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún (4) ina ionad. De bharr athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas, rinne Cinneadh 2007/25/CE a leasú tuilleadh agus cuireadh síneadh roinnt uaireanta le dáta a chur i bhfeidhm, an uair dheireanach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2107 ón gCoimisiún (5). Is an 31 Nollaig 2021 a rachaidh Cinneadh 2007/25/CE i léig.

    (6)

    Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar bhagairt dhomhanda an fhliú éanúil le blianta beaga anuas, áfach, agus nach meastar go dtiocfaidh feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch go luath amach anseo, is iomchuí bearta cosanta buana a shuí faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas maidir le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach agus a leathadh.

    (7)

    Cuireann críocha áirithe agus tríú tíortha áirithe rialacha sláinte ainmhithe i bhfeidhm maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí éin isteach ina gcríoch, rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, féadfar a mheas go bhfuil riosca an-íseal don Aontas maidir le sláinte ainmhithe ag baint le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas ó na críocha agus ó na tríú tíortha, agus maidir leis na rialacha i dtaca le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas ó na críocha áirithe agus na tríú tíortha áirithe sin.

    (8)

    Chun cosc a chur ar ghluaiseachtaí tráchtála éan isteach san Aontas a bheith á gceilt go calaoiseach mar ghluaiseachtaí neamhthráchtála, ba cheart an t-uaslíon peataí éin a d’fhéadfadh a bheith in éineacht lena n-úinéir nó le duine údaraithe a theorannú do chúig pheata éin in aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin. Ós rud é go bhfuil riosca níos airde ag baint le líon níos mó éan maidir le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach agus a leathadh, níor cheart gluaiseachtaí de níos mó ná cúig pheata éin isteach san Aontas a mheas mar aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin peataí éin, agus níor cheart gluaiseachtaí den sórt sin a bheith faoi raon feidhme na rialacha a leagtar síos sa ghníomh seo. Ina ionad sin, ba cheart leanúint de na gluaiseachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le teacht isteach éan i mbraighdeanas san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (6), agus ba cheart iad a bheith faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (9)

    Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan síos sa ghníomh sin maidir leis na modhanna chun peataí éin atá le haistriú isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír a shainaithint, chun a áirithiú gur féidir nasc a dhéanamh idir an peata éin agus an doiciméad sainaitheantais comhfhreagrach.

    (10)

    I dtuairim eolaíoch ar an bhfliú éanúil de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), tuairim a foilsíodh den chéad uair an 16 Deireadh Fómhair 2017 (8), measadh na ceanglais sláinte ainmhithe a leagadh síos i gCinneadh 2007/25/CE a bheith éifeachtach maidir le maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach san Aontas trí ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstáit ó chríocha nó ó thríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Chinneadh sin a úsáid mar bhonn do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (11)

    Leis na bearta coisctheacha sláinte maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le roinnt roghanna maidir le ceanglais dá n-iontráil, lena n-áirítear leithlisiú, roimh na gluaiseachtaí neamhthráchtála sin nó ag an gceann scríbe, agus anuas air sin, tástáil réamhghluaiseachta le haghaidh fhochineálacha H5 agus H7 den víreas HPAI agus vacsaíniú in aghaidh fhochineálacha H5 agus H7 den víreas HPAI.

    (12)

    Níor cheart, áfach, rogha an leithlisithe a cheadú roimh ghluaiseacht neamhthráchtála isteach san Aontas ach amháin i gcás peataí éin de thionscnamh críoch nó tríú tíortha a ndearnadh measúnú orthu i leith an fhliú éanúil agus galar eile is ábhartha do na speicis éanúla. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha sin a theorannú do na tríú tíortha nó do na críocha a liostaítear sa tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV nó Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (9) maidir le teacht isteach san Aontas éanlaithe clóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, feoil úr éanlaithe clóis agus éin ghéim, nó uibheacha agus táirgí uibheacha, faoi seach.

    (13)

    Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rogha an leithlisithe do pheataí éin ag an gceann scríbe, níor cheart é sin a dhéanamh ach i mbunaíocht a d’fhéadfadh stádas sláinte na n-ainmhithe a ráthú. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith ann faoin rogha sin go gcuirfí peataí éin i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (10).

    (14)

    Maidir leis na rioscaí a bhaineann le víreas an fhliú éanúil a leathadh isteach san Aontas trí ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin ó chríocha nó ó thríú tíortha, chun na rioscaí sin a mhaolú tuilleadh ba cheart toirmeasc a chur ar na peataí éin sin a chur isteach i seónna, in aontaí, i dtaispeántais nó i mbailiú eile éan le linn tréimhse ama iomchuí tar éis a dteacht isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith ann go ndéanfaí peataí a leithlisiú faoi rialú oifigiúil le linn na tréimhse ama sin, i gcomhréir leis an rialú oifigiúil dá bhforáiltear in Airteagal 35(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013.

    (15)

    Ba cheart comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith deimhnithe ag tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh nó, de rogha air sin, ag tréidlia údaraithe agus é a bheith formhuinithe ina dhiaidh sin ag údarás inniúil na críche sin nó an tríú tír tionscnaimh, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún (11), rud atá le cur i bhfeidhm in éineacht leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (16)

    Chun bearna dhlíthiúil sna rialacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríocha nó ó thríú tíortha a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022, ós rud é go dtiocfaidh na rialacha a leagtar síos anseo in ionad roinnt de na rialacha a leagtar síos faoi láthair i gCinneadh 2007/25/CE, Cinneadh a mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí den speiceas éanúil, dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ar gluaiseachtaí neamhthráchtála iad isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (peataí éin).

    2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás gur mó ná cúig éan atá i líon iomlán na bpeataí éin in aon ghluaiseacht amháin;

    (b)

    i gcás gluaiseachtaí peataí éin ó Andóra, ó Oileáin Fharó, ó Ghiobráltar, ón Ghraonlainn, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ó Mhonacó, ón Iorua, ó Shan Mairíne, ón Eilvéis agus ó Stát Chathair na Vatacáine.

    Airteagal 2

    An t-uaslíon peataí éin i ngluaiseacht neamhthráchtála

    An t-uaslíon peataí éin a fhéadfaidh a bheith in éineacht lena n-úinéir nó le duine údaraithe, in aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, ní rachaidh sé thar chúig éan.

    Airteagal 3

    Peataí éin a mharcáil

    1.   Ní cheadófar do pheataí éin a theacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin i gcás inar marcáladh iad sa chríoch nó sa tríú tír tionscnaimh le sainmharcáil ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil agus atá buan neamh-inaistrithe inléite.

    2.   I gcas ina n-aistrítear peataí éin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), (ii) nó (iii), ní mór an mharcáil dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a bheith curtha orthu sula ndéanfar iad a leithlisiú, a thástáil nó a vacsaíniú in aghaidh an fhliú éanúil d’fhochineálacha H5 agus H7.

    3.   De mhaolú ar mhír 1, beidh tuairisc ar na peataí éin leordhóthanach, ar choinníoll go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    go n-aistrítear iad faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6;

    (b)

    gur cuireadh iad i gcoimeádán arna shéalú ag údarás inniúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh sular seoladh chuig an Aontas iad agus go bhfágfar iad sa choimeádán séalaithe sin le linn an choraintín dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a).

    Airteagal 4

    Na bearta coisctheacha sláinte maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír

    1.   Ní aistreofar peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) í an chríoch nó an tríú tír tionscnaimh;

    (b)

    go gcomhlíonann na peataí éin ceann amháin de na sraitheanna coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    gur de thionscnamh tríú tír nó críche iad a liostaítear sa chéad cholún den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV nó Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, áit ar cheart dóibh a bheith leithlisithe faoi mhaoirseacht oifigiúil ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad roimh an dáta seolta ón gcríoch nó ón tríú tír; nó

    (ii)

    laistigh den tréimhse 6 mhí roimh an dáta seolta chuig an Aontas agus tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an dáta seolta chuig an Aontas, go bhfuair siad bunchúrsa iomlán vacsaínithe, agus i gcás inarb infheidhme go ndearnadh iad a athvacsaíniú, i gcomhréir le treoracha na monaróirí le vacsaín cheadúnaithe in aghaidh an fhliú éanúil d’fhochineálacha H5 agus H7, ar vacsaín nach mór nach vacsaín chaolaithe bheo í agus níor mhór í a bheith tugtha ag tréidlia údaraithe nó ag tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh; nó

    (iii)

    sa chríoch nó sa tríú tír tionscnaimh, bhí na coinníollacha seo a leanas i bhfeidhm:

    go ndearnadh iad a leithlisiú faoi mhaoirseacht tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil ar feadh tréimhse 14 lá ar a laghad roimh an dáta seolta chuig an Aontas;

    agus

    go ndearnadh tástáil bhraite antaiginí nó géanóm orthu i leith fhliú éanúil H5 agus H7 agus go bhfuarthas torthaí diúltacha ar shampla a thóg tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil nach luaithe ná an seachtú lá den leithlisiú;

    (c)

    go ndearnadh cigireacht chliniciúil ar na peataí éin laistigh de thréimhse 48 n-uair an chloig nó ar an lá deireanach oibre roimh an dáta seolta ón gcríoch nó ón tríú tír, ar cigireacht chliniciúil í a rinne tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír tionscnaimh agus go bhfuarthas amach go raibh na peataí éin saor ó aon chomhartha follasach galair;

    (d)

    i rith na tréimhse idir an chigireacht chliniciúil dá dtagraítear i bpointe (c) agus an imeacht ón gcríoch nó ón tríú tír tionscnaimh, nach raibh na peataí éin i dteagmháil le haon éin eile.

    2.   Na tástálacha a bhfuil sé de cheangal a dhéanamh agus na vacsaínithe a bhfuil sé de cheangal a thabhairt i gcomhréir le mír 1(b)(ii) agus (iii) den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Chaibidil 3.3.4. sa Lámhleabhar um Thástálacha Diagnóiseacha agus um Vacsaíní Ainmhithe Talún, 8ú Eagrán, 2018, de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE).

    Airteagal 5

    Gluaiseachtaí peataí éin tar éis a dteacht san Aontas dóibh

    I gcás peataí éin a tháinig isteach san Aontas ó chríoch nó ó thríú tír, ní aistreoidh úinéirí nó daoine údaraithe iad ach amháin go díreach ó phointe iontrála taistealaithe go dtí teaghlach nó go háit chónaithe eile laistigh den Aontas, áit ina gcoimeádfar na peataí éin faoi rialú oifigiúil ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad tar éis dháta a dteacht isteach san Aontas agus i rith na tréimhse sin ní chuirfear na peataí éin sin isteach i seónna, in aontaí, i dtaispeántais ná in aon áit eile a mbeidh éin bailithe le chéile.

    Airteagal 6

    Maolú ar cheanglais Airteagal 4(1), pointe (b), agus Airteagal 5

    1.   De mhaolú ar cheanglais Airteagal 4(1), pointe (b), agus Airteagal 5, peataí éin nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (b), ní aistreofar iad isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil siad ceaptha le cur i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 sa Bhallstát cinn scríbe, áit ina rachaidh siad faoi choraintín ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad díreach tar éis teacht isteach san Aontas dóibh;

    (b)

    go n-aistreoidh an t-úinéir nó an duine údaraithe na peataí éin go díreach ón bpointe iontrála taistealaithe isteach san Aontas go dtí an bhunaíocht choraintín fhormheasta dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c)

    nach scaoilfear na héin ó choraintín ach amháin ar údarú scríofa ó thréidlia oifigiúil.

    2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

    (a)

    faireachán a dhéanamh ar theacht na bpeataí éin chuig an mbunaíocht choraintín fhormheasta dá dtagraítear i mír (1), pointe (a);

    (b)

    iniúchadh a dhéanamh ar na coinníollacha coraintín, lena n-áirítear scrúdú ar na taifid mhortlaíochta agus iniúchadh cliniciúil ar na héin, ag tús agus ag deireadh na tréimhse coraintín ar a laghad.

    Airteagal 7

    Deimhniú sláinte

    1.   Ní aistreofar peataí éin isteach san Aontas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil sé deimhnithe ag tréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír tionscnaimh go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938; nó

    (b)

    go bhfuil sé deimhnithe ag tréidlia údaraithe na críche nó an tríú tír tionscnaimh go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 agus ina dhiaidh sin go bhfuil an deimhniú sin formhuinithe ag údarás inniúil na críche nó an tríú tír.

    2.   Ní aistreofar peataí éin isteach san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh an deimhniú tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 comhlánaithe ag tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe na críche nó an tríú tír tionscnaimh ar bhonn dearbhú i scríbhinn ón úinéir nó ón duine údaraithe atá ina chuid den deimhniú tréidliachta sin, agus ar bhonn an mhéid seo a leanas:

    (a)

    fianaise arna soláthar ag an úinéir nó ag an duine údaraithe go bhfuil socruithe déanta maidir le coraintín na bpeataí éin i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, i gcás peataí éin atá chun coraintín a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo; nó

    (b)

    an cead arna dheonú ag an mBallstát cinn scríbe, i gcás peataí éin ar deonaíodh maolú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 178, 28.6.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2005/759/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2005 a mhéid a bhaineann le bearta cosanta áirithe maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i dtríú tíortha áirithe agus gluaiseachtaí peataí éin atá in éineacht lena n-úinéirí ó thríú tíortha (IO L 285, 28.10.2005, lch. 52).

    (4)  Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 a mhéid a bhaineann le bearta cosanta áirithe maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus gluaiseachtaí peataí éin atá in éineacht lena n-úinéirí isteach sa Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2007, lch. 29).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2107 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2007/25/CE maidir lena thréimhse cur i bhfeidhm (IO L 425, 16.12.2020, lch. 103).

    (6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

    (7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (8)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(10):4991.

    (9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

    (10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún agus le gorlanna, agus inrianaitheacht ainmhithe talún áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

    (11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 lena mbunaítear an doiciméad aitheantais samplach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (IO L 396, 10.11.2021, lch. 47).


    Top