Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1452

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1452 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6469

IO L 313, 6.9.2021, p. 30–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1452/oj

6.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 313/30


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1452 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Meán Fómhair 2021

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh hidrigincharbónáit photaisiam an 1 Meán Fómhair 2009 mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2022.

(4)

Cuireadh isteach iarratais ar fhormheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir na hiarratasóirí isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 19 Nollaig 2019. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal agus sheol sé comhairliúchán poiblí i dtaca leis an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan. Ina theannta sin, scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i measc na n-iarratasóirí agus na mBallstát chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(7)

An 20 Aibreán 2021, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh hidrigincharbónáit photaisiam na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(8)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le hidrigincharbónáit photaisiam faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 5 agus 6 Iúil 2021.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(10)

Cruthaítear i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach hidrigincharbónáit photaisiam gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(11)

An measúnú riosca maidir le formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam a athnuachan, tá sé bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí ionadaíocha nach gcuireann srian ar na húsáidí lena bhféadfaí táirgí cosanta plandaí ina bhfuil hidrigincharbónáit photaisiam a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choimeád maidir le húsáid a bhaint as mar fhuingicíd nó mar fheithidicíd.

(12)

Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca í hidrigincharbónáit photaisiam de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is substaint í hidrigincharbónáit photaisiam nach údar imní í agus comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí formheas na hidrigincharbónáite potaisiam mar shubstaint ísealriosca a athnuachan.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (7), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na hidrigincharbónáite potaisiam go dtí an 31 Lúnasa 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse formheasa sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an bhformheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte ghníomhaí a athnuachan

Déantar formheas na substainte gníomhaí hidrigincharbónáit photaisiam mar shubstaint ísealriosca a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)   Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active potassium hydrogen carbonate [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach, hidrigincharbónáit photaisiam]: EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 10.2903/j.efsa.2021.6593. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag formheasa

Forálacha sonracha

Hidrigincharbónáit photaisiam

Uimh. CAS 298-14-6

Uimh. CIPAC 853

Hidrigincharbónáit photaisiam

990 g/kg

1 Samhain 2021

31 Deireadh Fómhair 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le hidrigincharbónáit photaisiam, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus le sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 244 maidir le hidrigincharbónáit photaisiam;

(2)

i gCuid D, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Líon

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht

Dáta formheasa

Dul in éag formheasa

Forálacha sonracha

32

Hidrigincharbónáit photaisiam

Uimh. CAS

298-14-6

Uimh. CIPAC 853

Ainm IUPAC: Hidrigincharbónáit photaisiam

990 g/kg

1 Samhain 2021

31 Deireadh Fómhair 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le hidrigincharbónáit photaisiam, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.”


Top