Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1217

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1217 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le hiarratais fíorúcháin ó iompróirí, forálacha maidir le cosaint sonraí agus slándáil le haghaidh scéim fíordheimhniúcháin na n-iompróirí, mar aon le nósanna imeachta cúltaca i gcás dodhéantacht theicniúil

    C/2021/4902

    IO L 267, 27.7.2021, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 28/08/2022; Arna aisghairm le 32022R1380

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1217/oj

    27.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 267/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1217 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Iúil 2021

    lena leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le hiarratais fíorúcháin ó iompróirí, forálacha maidir le cosaint sonraí agus slándáil le haghaidh scéim fíordheimhniúcháin na n-iompróirí, mar aon le nósanna imeachta cúltaca i gcás dodhéantacht theicniúil

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 45(2) agus (3) agus Airteagal 46(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus atá ag iarraidh dul isteach ar chríoch na mBallstát.

    (2)

    Is éard is aidhm don Rialachán seo na rialacha agus na coinníollacha maidir leis an iarratas fíorúcháin ó iompróirí a leagan síos mar aon le forálacha a bhunú maidir le cosaint sonraí agus slándáil le haghaidh scéim fíordheimhniúcháin na n-iompróirí, sin agus nósanna imeachta cúltaca a bhunú i gcás dodhéantacht theicniúil. Na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, is oibleagáidí iad atá infheidhme maidir le haeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí i gcóistí thar tír, ar iompróirí iad a bhíonn ag teacht isteach ar chríoch na mBallstát.

    (3)

    De bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh ar aeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn daoine i gcóistí thar tír iarratas a sheoladh chuig an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil chun a fhíorú an bhfuil údarú taistil bailí ina seilbh ag na taistealaithe atá faoi réir ceanglas i dtaobh údarú taistil. Is trí gheata iompróra a rochtain ar bhealach slán a dhéanfar an t-iarratas sin.

    (4)

    Ba cheart do na hiompróirí scéim fíordheimhniúcháin a úsáid chun rochtain a fháil ar an gcomhéadan iompróra. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an scéim fíordheimhniúcháin de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ionas nach mbeidh rochtain ag an ngeata iompróra ach ag na hiompróirí amháin.

    (5)

    Chun gur féidir leo a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ba cheart rochtain ar an ngeata iompróra a thabhairt d’iompróirí atá ag oibriú agus a iompraíonn paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát.

    (6)

    Ba cheart rialacha teicniúla maidir le formáid na dteachtaireachtaí agus maidir leis an scéim fíordheimhniúcháin a leagan síos chun gur féidir le hiompróirí nascadh leis an ngeata iompróra agus é a úsáid, rud atá le sonrú sna treoirlínte teicniúla ar cuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1240 iad agus atá le glacadh ag an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA).

    (7)

    Ba cheart d’iompróirí a bheith in ann é a chur in iúl má bhíonn paisinéirí ann nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1240, agus sna cásanna sin, ba cheart don gheata iompróra freagra uathoibríoch “Ní bhaineann le hábhar” a thabhairt d’iompróirí, gan gá leis an mbunachar sonraí inléite amháin a chuardach ná logáil a dhéanamh.

    (8)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí, iompróirí ar muir agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí i gcóistí thar tír, ar iompróirí iad a bhíonn ag teacht isteach ar chríoch na mBallstát. Féadfar seiceálacha teorann maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstáit a dhéanamh roimh bhordáil. San cásanna sin, ba cheart iompróirí a scaoileadh ón oibleagáid stádas údaraithe taistil na dtaistealaithe a fhíorú.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2018/1240, le linn na hidirthréimhse agus na tréimhse cairde, ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le hiompróirí a oiriúnú do dhálaí sonracha na dtréimhsí sin. Ba cheart cead a bheith ag taistealaithe dul isteach gan údarú taistil le linn na hidirthréimhse toisc gur cheart an t-údarú sin a bheith roghnach. Tiocfaidh tréimhse chairde i ndiaidh na hidirthréimhse agus lena linn sin ba cheart cead a bheith ag taistealaithe dul isteach ar chríoch Schengen gan údarú taistil más é sin an chéad uair dóibh dul isteach le linn na tréimhse cairde sin.

    (10)

    Chun a áirithiú go bhfuil an t-iarratas fíorúcháin bunaithe ar fhaisnéis atá cothrom le dáta a mhéid is féidir, níor cheart iarratais a chur isteach níos luaithe ná 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe.

    (11)

    I gcás na bpaisinéirí a bhfuil sé de cheangal orthu údarú taistil bailí a bheith ina seilbh acu, má sheolann na hiompróirí iarratas chuig an gcomhéadan iompróra laistigh de 48 n-uair an chloig roimh an am sceidealaithe taistil agus má fhaigheann siad “CGL” mar fhreagra, ba cheart a mheas ansin go bhfuil údarú taistil bailí ina seilbh ag na paisinéirí sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh imthosca ann nach mbeadh an t-iompróir in ann dul ar aghaidh leis an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 i ngeall ar chliseadh teicniúil a tharlaíonn laistigh d’aon chomhpháirt den Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Chun srian a chur leis na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar chliseadh den sórt sin, is gá na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta cúltaca dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1240 a leagan síos.

    (12)

    Na sonraí a bhfuil rochtain ag na hiompróirí orthu, chun a áirithiú go bhfuil na sonraí sin cruinn agus comhleanúnach leis na sonraí atá stóráilte i gCóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, ba cheart an bunachar sonraí inléite amháin dá dtagraítear in Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2018/1240 a nuashonrú de réir mar is gá.

    (13)

    Ba cheart don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit féachaint leis na hiompróirí aitheanta uile a chur ar an eolas faoin mbealach agus faoin am ar féidir leo clárú. Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin a chur i gcrích go rathúil agus, i gcás inarb ábhartha, tar éis dó an tástáil a chur i gcrích go rathúil freisin, ba cheart do eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

    (14)

    Ba cheart rochtain a bheith ag iompróirí ar fhoirm ghréasáin ar shuíomh gréasáin poiblí trínar féidir leo cúnamh a iarraidh. Nuair atá cúnamh á iarraidh acu, ba cheart do na hiompróirí admháil ina bhfuil uimhir ticéid a fháil. Féadfaidh eu-LISA nó Láraonad ETIAS teagmháil a dhéanamh leis na hiompróirí a fuair ticéad, trí aon mhodh is gá, lena n-áirítear ar an nguthán, chun freagairt leormhaith a thabhairt dóibh.

    (15)

    Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (16)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1240 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ó tharla go gcuirtear le acquis Schengen le Rialachán (AE) 2018/1240, thug an Danmhairg fógra an 21 Nollaig 2018, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoina cinneadh Rialachán (AE) 2018/1240 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

    (17)

    Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (3). dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (18)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5).

    (19)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

    (20)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

    (21)

    A mhéid a bhaineann leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

    (22)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug sé tuairim uaidh an 30 Aibreán 2021.

    (23)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Theorainneacha Cliste (ETIAS),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le hoibriú an gheata iompróra agus na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an ngeata iompróra dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1240;

    (b)

    scéim fíordheimhniúcháin le haghaidh iompróirí chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibleagáidí de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 a chomhlíonadh agus, ina theannta sin, rialacha agus coinníollacha mionsonraithe maidir le clárú na n-iompróirí chun go mbeidh rochtain acu ar an scéim fíordheimhniúcháin;

    (c)

    sonraí na nósanna imeachta ar ga cloí leo nuair nach mbeidh sé indéanta ag na hiompróirí rochtain a fháil ar an ngeata iompróra ar chúiseanna teicniúla, i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (1)

    ciallaíonn “comhéadan iompróra” an geata iompróra atá le forbairt ag eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ar comhéadan TF é a bheidh nasctha le bunachar sonraí inléite amháin;

    (2)

    ciallaíonn “treoirlínte teicniúla” an chuid de na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 atá ábhartha d’iompróirí maidir le cur chun feidhme na scéime fíordheimhniúcháin agus maidir le formáid na dteachtaireachtaí a fhorbairt le haghaidh an Chomhéadain Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a);

    (3)

    ciallaíonn “baill foirne chuí-údaraithe” daoine nádúrtha ar fostaithe de chuid an iompróra iad nó atá ar fostú ar conradh ag an iompróir, sin nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile faoi threoir nó faoi mhaoirseacht an iompróra sin, ar daoine iad dá sanntar an cúram maidir le fíorú a dhéanamh ar stádas na dtaistealaithe thar ceann an iompróra, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1240.

    Airteagal 3

    Oibleagáidí na n-iompróirí

    1.   Seolfaidh iompróirí iarratas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 (“iarratas fíorúcháin”) tríd an gcomhéadan iompróra.

    2.   Cuirfear an t-iarratas fíorúcháin isteach 48 n-uair an chloig roimh an am imeachta sceidealaithe ar a luaithe.

    3.   Déanfaidh iompróirí a áirithiú nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin. Cuirfidh na hiompróirí na sásraí seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:

    (a)

    sásraí fisiceacha agus loighciúla um rialú rochtana chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar an mbonneagar nó ar na córais a úsáideann na hiompróirí;

    (b)

    fíordheimhniú;

    (c)

    logáil isteach chun inrianaitheacht a áirithiú;

    (d)

    athbhreithniú rialta ar na cearta rochtana.

    Airteagal 4

    Nascadh agus rochtain ar an gcomhéadan iompróra

    1.   Nascfaidh iompróirí leis an gcomhéadan iompróra trí cheann amháin díobh seo a leanas:

    (a)

    nasc líonra tiomnaithe;

    (b)

    nasc idirlín.

    2.   Déanfaidh iompróirí an comhéadan iompróra a rochtain trí cheann amháin díobh seo a leanas:

    (a)

    comhéadan córas le córas (Comhéadan Feidhmchláir);

    (b)

    comhéadan gréasáin (brabhsálaí);

    (c)

    aip le haghaidh gléasanna móibíleacha.

    Airteagal 5

    Iarratais

    1.   Chun an t-iarratas fíorúcháin a sheoladh, soláthróidh an t-iompróir na sonraí taistealaí seo a leanas:

    (a)

    sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

    (b)

    dáta breithe, inscne agus náisiúntacht;

    (c)

    cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil;

    (d)

    an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

    (e)

    an lá sceidealaithe a thiocfaidh an taistealaí chuig teorainn an Bhallstáit dul isteach;

    (f)

    ceann amháin díobh seo a leanas:

    (i)

    an Ballstát dul isteach atá sceidealaithe;

    (ii)

    aerfort sa Bhallstát dul isteach, i gcás inar féidir an Ballstát dul isteach sceidealaithe a shainaithint.

    (g)

    sonraí (dáta áitiúil agus am áitiúil an imeachta sceidealaithe, uimhir aitheantais i gcás ina mbeidh sí ar fáil nó modh eile chun an t-iompar a shainaithint) an mhodh iompair a úsáidfear chun teacht isteach ar chríoch Bhallstáit.

    2.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), a sholáthar, féadfaidh iompróirí crios meaisín-inléite an doiciméid a scanadh.

    3.   I gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin, nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, féadfaidh an t-iompróir an méid sin a shonrú san iarratas fíorúcháin.

    4.   Beidh iompróirí in ann iarratas fíorúcháin a sheoladh maidir le paisinéir amháin nó níos mó. Áireofar sa chomhéadan iompróra an freagra dá dtagraítear in Airteagal 6 maidir le gach paisinéir a áiríodh san iarratas.

    Airteagal 6

    Freagra

    1.   I gcás ina mbeidh an paisinéir díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán sin, nó i gcás ina mbeidh sé ar idirthuras aerfoirt, “Ní bhaineann le hábhar” a bheidh sa fhreagra. I ngach cás eile, “CGL” nó “Níl sé CGL” a bheidh sa fhreagra.

    I gcás ina dtabharfar “Níl sé CGL” mar fhreagra ar iarratas fíorúcháin, sonrófar sa fhreagra gur ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a tháinig sé.

    2.   Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 83(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

    (a)

    Má tá údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach: CGL;

    (b)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú le haghaidh an dáta dul isteach: CGL;

    (c)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach ach deimhníonn an t-iompróir leis an iarratas fíorúcháin gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad abairt: Ní bhaineann le hábhar;

    (d)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil Bailíocht Chríochach Theoranta (LTV) aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus is ionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL;

    (e)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus ní hionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL.

    3.   Le linn na tréimhse cairde dá dtagraítear in Airteagal 83(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

    (a)

    má tá údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach: CGL;

    (b)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) i bhfeidhm aige, agus é ag dul isteach den chéad uair ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse: CGL;

    (c)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige, agus é ag dul isteach den chéad uair ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse, agus is ionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL;

    (d)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige agus é ag dul isteach den dara huair nó níos mó ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse, agus is ionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL;

    (e)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige, agus é ag dul isteach den dara huair nó níos mó ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse: Níl sé CGL;

    (f)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach ach deimhníonn an t-iompróir leis an iarratas fíorúcháin gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad abairt: Ní bhaineann le hábhar;

    (g)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige, agus é ag dul isteach den chéad uair ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse, agus ní hionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL;

    (h)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá an náisiúnach tríú tír ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit a bhfuil an córas EES i bhfeidhm aige, agus é ag dul isteach den dara huair nó níos mó ó tháinig deireadh leis an idirthréimhse, agus ní hionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: Níl sé CGL;

    (i)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus tá sé ag dul isteach ar chríoch Bhallstáit nach bhfuil an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm aige: Níl sé CGL.

    4.   Tar éis dhul in éag na tréimhse cairde dá dtagraítear in Airteagal 83(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, is i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas a chinnfear na freagraí ar na hiarratais fíorúcháin:

    (a)

    má tá údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach: CGL;

    (b)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú le haghaidh an dáta dul isteach: Níl sé CGL;

    (c)

    mura bhfuil údarú taistil bailí ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach ach deimhníonn an t-iompróir leis an iarratas fíorúcháin gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad abairt: Ní bhaineann le hábhar;

    (d)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus is ionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: CGL;

    (e)

    má tá údarú taistil bailí a bhfuil LTV aige ag an náisiúnach tríú tír le haghaidh an dáta dul isteach agus ní hionann an Ballstát dul isteach agus an Ballstát lena mbaineann an Bhailíocht Chríochach Theoranta: Níl sé CGL.

    Airteagal 7

    Formáid na dteachtaireachtaí

    Sna sonraíochtaí teicniúla, sonróidh eu-LISA na formáidí sonraí agus struchtúr na dteachtaireachtaí atá le húsáid chun iarratais fíorúcháin agus freagraí a tharchur tríd an gcomhéadan iompróra. Áireoidh eu-LISA ar a laghad ceann amháin de na formáidí sonraí seo a leanas:

    (a)

    UN/EDIFACT;

    (b)

    PAXLST/CUSRES;

    (c)

    XML;

    (d)

    JSON.

    Airteagal 8

    Ceanglais asbhainte sonraí maidir leis an gcomhéadan iompróra agus cáilíocht na sonraí

    1.   Sonraí ar údaruithe taistil a eisíodh, a neamhníodh nó a cúlghaireadh, déanfar na sonraí sin a asbhaint go tráthrialta agus go huathoibríoch ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus a tharchur chuig an mbunachar sonraí inléite amháin.

    2.   Gach asbhaint sonraí a tharchuirfear chuig an mbunachar sonraí inléite amháin de bhun mhír 1, déanfar í a logáil.

    3.   Is é eu-LISA a bheidh freagrach as slándáil an chomhéadain iompróra, as slándáil na sonraí pearsanta atá ann agus as an bpróiseas lena n-asbhaintear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ón gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus lena dtarchuirtear iad chuig an mbunachar sonraí inléite amháin.

    4.   Ní bheifear in ann sonraí a tharchur ón mbunachar sonraí inléite amháin chuig an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil.

    Airteagal 9

    An scéim fíordheimhniúcháin

    1.   Forbróidh eu-LISA scéim fíordheimhniúcháin agus aird á tabhairt ar fhaisnéis faoi bhainistiú riosca slándála agus ar na prionsabail maidir le cosaint sonraí de réir dearaidh agus de réir réamhshocraithe, scéim lenar féidir tionscnóir an iarratais fíorúcháin a rianú.

    2.   Is sna treoirlínte teicniúla a leagfar amach sonraí na scéime fíordheimhniúcháin.

    3.   Déanfar an scéim fíordheimhniúcháin a thástáil i gcomhréir le hAirteagal 12.

    4.   I gcás ina n-úsáidfidh iompróirí an Comhéadan Feidhmchlár dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), chun rochtain a fháil ar an gcomhéadan iompróra, is trí bhíthin fíordheimhniú frithpháirteach a chuirfear an scéim fíordheimhniúcháin chun feidhme.

    Airteagal 10

    Clárú le haghaidh na scéime fíordheimhniúcháin

    1.   Na hiompróirí dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 atá ag oibriú agus a iompraíonn paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát, beidh sé de cheangal orthu clárú roimh ré sula bhfaighidh siad rochtain ar an scéim fíordheimhniúcháin.

    2.   Cuirfidh eu-LISA foirm chlárúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí a bheidh le líonadh isteach ar líne. Ní bheifear in ann an fhoirm chlárúcháin a chur isteach mura mbeidh gach réimse líonta isteach i gceart.

    3.   Cuimseoidh an fhoirm chlárúcháin réimsí ina n-éileofar ar iompróirí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

    (a)

    ainm dlíthiúil an iompróra mar aon lena shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin agus seoladh poist);

    (b)

    sonraí teagmhála ionadaí dlíthiúil na cuideachta atá ag iarraidh clárú agus sonraí teagmhála cúltaca (ainmneacha, uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist agus seoltaí poist) mar aon le seoladh ríomhphoist feidhmiúil agus modhanna teagmhála eile a bheartaíonn an t-iompróir a úsáid chun críocha Airteagal 13 agus Airteagal 14;

    (c)

    an Ballstát nó an tríú tír a d’eisigh an clárú cuideachta oifigiúil dá dtagraítear i mír 6 agus an uimhir chlárúcháin, má tá sí ar fáil;

    (d)

    na Ballstáit ina n-oibríonn an t-iompróir nó ina bhfuil sé beartaithe aige oibriú le linn na bliana atá ag teacht, i gcás ina gcuirfidh an t-iompróir i gceangal, i gcomhréir le mír 6, clárú cuideachta oifigiúil arna eisiúint ag tríú tír.

    4.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, cuirfear na hiompróirí ar an eolas faoi na híoscheanglais slándála, rud a áiritheoidh go gcomhlíonfar na cuspóirí seo a leanas:

    (a)

    rioscaí slándála a bhaineann le nascadh leis an gcomhéadan iompróra a shainaithint agus a bhainistiú;

    (b)

    na timpeallachtaí agus na gléasanna atá nasctha leis an gcomhéadan iompróra a chosaint;

    (c)

    teagmhais chibearshlándála a bhrath, anailís a dhéanamh orthu, dul i ngleic leo agus téarnamh uathu.

    5.   Beidh sé de cheangal ar na hiompróirí an méid seo a leanas a dhearbhú san fhoirm chlárúcháin:

    (a)

    go bhfuil siad ag oibriú agus go n-iompraíonn siad paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát nó go bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh laistigh de na 6 mhí atá ag teacht;

    (b)

    go ndéanfaidh siad an comhéadan iompróra a rochtain agus go mbainfidh siad úsáid as i gcomhréir leis na híoscheanglais slándála a leagtar amach san fhoirm chlárúcháin, i gcomhréir le mír 4;

    (c)

    nach mbeidh rochtain ar an gcomhéadan iompróra ach ag baill foirne chuí-údaraithe amháin.

    6.   Leis an bhfoirm chlárúcháin beidh sé de cheangal ar iompróirí cóip leictreonach dá n-ionstraimí bunreachta a chur i gceangal, lena n-áirítear reachtanna, mar aon le cóip leictreonach de shliocht as a gclárú cuideachta oifigiúil ó Bhallstát amháin ar a laghad, i gcás inarb iomchuí, sin nó ó thríú tír, agus é le bheith i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó i gceann amháin de theangacha na dtíortha comhlachaithe Schengen, nó é le bheith aistrithe go hoifigiúil go ceann amháin de na teangacha sin. Cóip leictreonach d’údarú le hoibriú i mBallstát amháin nó níos mó, amhail Deimhniú Aeroibreora, is féidir sin a chur isteach in ionad an chláraithe cuideachta oifigiúil.

    7.   Leis an bhfoirm chlárúcháin, tabharfar fógra do na hiompróirí faoin méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil sé de cheangal orthu eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon athrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, mír 4 nó mír 5, nó i gcás athruithe teicniúla a dhéanann difear dá nasc “córas le córas” leis an gcoimhéad iompróra nuair a d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tástáil bhreise i gcomhréir le hAirteagal 12 i ngeall ar na hathruithe sin, agus an teagmháil sin a dhéanamh trí shonraí teagmhála sonraithe de chuid eu-LISA atá le húsáid chun na críche sin;

    (b)

    go ndíchlárófar go huathoibríoch ón scéim fíordheimhniúcháin iad má léiríonn na logaí nár bhain an t-iompróir úsáid as an gcomhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin;

    (c)

    go bhféadfar iad a dhíchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin i gcás sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar na ceanglais slándála dá dtagraítear i mír 4 nó ar na treoirlínte teicniúla, lena n-áirítear i gcás mhí-úsáid an chomhéadain iompróra;

    (d)

    go bhfuil sé d’oibleagáid orthu eu-LISA a chur ar an eolas faoi aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a d’fhéadfadh tarlú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chearta rochtana a mball foirne tiomnaithe.

    8.   I gcás inar cuireadh an fhoirm chlárúcháin isteach i gceart, cláróidh eu-LISA an t-iompróir agus tabharfaidh sé fógra don iompróir go bhfuil sé cláraithe. I gcás nár cuireadh an fhoirm chlárúcháin isteach i gceart, diúltóidh eu-LISA an clárú agus tabharfaidh sé fógra don iompróir faoi na cúiseanna atá leis sin.

    Airteagal 11

    Díchlárú ón scéim fíordheimhniúcháin

    1.   I gcás ina gcuirfidh an t-iompróir in iúl do eu-LISA nach bhfuil sé ag oibriú a thuilleadh nó nach n-iompraíonn sé paisinéirí isteach ar chríoch na mBallstát a thuilleadh, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

    2.   I gcás ina léireoidh na logaí nár úsáid an t-iompróir an comhéadan iompróra le linn tréimhse bliana amháin, déanfar é a dhíchlárú go huathoibríoch.

    3.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iompróir na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(5) a thuilleadh nó ina bhfuil forálacha an Rialacháin seo, na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4) nó na treoirlínte teicniúla sáraithe aige ar bhealach áirithe, lena n-áirítear i gcás mhí-úsáid an chomhéadain iompróra, féadfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhíchlárú.

    4.   Cuirfidh eu-LISA in iúl don iompróir go bhfuil sé beartaithe aige an t-iompróir a dhíchlárú de bhun mhír 1, mhír 2 nó mhír 3, in éineacht leis an gcúis leis an díchlárú, 1 mhí amháin roimh an díchlárú. Roimh an díchlárú, tabharfaidh eu-LISA deis don iompróir barúlacha i scríbhinn a chur isteach.

    5.   I gcás ábhair imní phráinneacha maidir le TF, lena n-áirítear i gcás nach gcomhlíonann an t-iompróir na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 10(4), ná na treoirlínte teicniúla, féadfaidh eu-LISA an t-iompróir a dhínascadh láithreach. Cuirfidh eu-LISA an dínascadh in iúl don iompróir, in éineacht leis an gcúis leis an dínascadh.

    6.   A mhéid is iomchuí, cuideoidh eu-LISA le hiompróirí a fuair fógra faoi dhíchlárú nó dínascadh chun na heasnaimh ba chúis leis an bhfógra a leigheas agus, más féidir, ar feadh tréimhse theoranta agus faoi choinníollacha dochta, tabharfaidh sé an deis d’iompróirí dínasctha iarratais fíorúcháin a sheoladh ar bhealaí eile seachas na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 4.

    7.   Féadfar iompróirí dínasctha a nascadh arís leis an gcomhéadan iompróra nuair a éireoidh leo deireadh a chur leis na hábhair imní slándála ba chúis leis an dínascadh. Féadfaidh iompróirí díchláraithe iarratas nua ar chlárú a chur isteach.

    8.   Coinneoidh eu-LISA clár cothrom le dáta de na hiompróirí cláraithe. Déanfar sonraí pearsanta i gclár na n-iompróirí a scriosadh bliain amháin ar a dhéanaí tar éis dhíchlárú an iompróra.

    9.   Tráth ar bith tar éis iompróirí a chlárú de bhun Airteagal 10, agus go háirithe i gcás ina mbeidh amhras réasúnaithe ann go bhfuil iompróir amháin nó níos mó ag baint mí-úsáid as an gcomhéadan iompróra nó nach bhfuil siad ag comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(4), féadfaidh eu-LISA fiosrúcháin a dhéanamh leis na Ballstáit nó le tríú tíortha.

    10.   I gcás nach mbeidh an fhoirm chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar fáil ar feadh tréimhse fhada, áiritheoidh eu-LISA go bhféadfar clárú ar bhealaí eile i gcomhréir leis an Airteagal sin.

    Airteagal 12

    Forbairt, tástáil agus nascadh an chomhéadain iompróra

    1.   Cuirfidh eu-LISA na treoirlínte teicniúla ar fáil do na hiompróirí chun gur féidir leo a gcomhéadan iompróra a fhorbairt agus a thástáil.

    2.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nasc a dhéanamh tríd an gComhéadan Feidhmchláir dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), déanfar cur chun feidhme fhormáid na dteachtaireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 agus na scéime fíordheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 a thástáil.

    3.   I gcás ina roghnóidh iompróirí nasc a dhéanamh tríd an gcomhéadan gréasáin (brabhsálaí) nó tríd an aip le haghaidh gléasanna móibíleacha, tabharfaidh siad fógra do eu-LISA gur éirigh leo a nasc leis an gcomhéadan iompróra a thástáil go rathúil agus gur éirigh leo oiliúint a chur ar a mbaill foirne chuí-údaraithe maidir le húsáid an chomhéadain iompróra.

    4.   Chun críoch mhír 2, forbróidh eu-LISA plean tástála, timpeallacht tástála agus ionsamhlóir agus cuirfidh sé ar fáil iad chun gur féidir le eu-LISA agus na hiompróirí nasc na n-iompróirí leis an gcomhéadan iompróra a thástáil. Chun críoch mhír 3, forbróidh eu-LISA timpeallacht tástála agus cuirfidh sé ar fáil í chun gur féidir le hiompróirí oiliúint a chur ar a mbaill foirne.

    5.   Tar éis don iompróir an próiseas clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur i gcrích go rathúil, agus tar éis dó an tástáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh go rathúil, sin nó an admháil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh eu-LISA an t-iompróir sin a nascadh leis an gcomhéadan iompróra.

    Airteagal 13

    Dodhéantacht theicniúil

    1.   I gcás nach mbeidh sé indéanta iarratas fíorúcháin a sheoladh ar chúiseanna teicniúla toisc gur chlis comhpháirt den Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina mbraithfidh an t-iompróir an cliseadh, a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas faoi, tabharfaidh sé fógra do Láraonad ETIAS trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14.

    (b)

    i gcás ina mbraithfidh nó ina ndeimhneoidh eu-LISA an cliseadh, cuirfidh Láraonad ETIAS an cliseadh sin in iúl do na hiompróirí trí ríomhphost nó trí mhodhanna cumarsáide eile, a luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi, agus cuirfidh sé ar an eolas iad freisin nuair a réiteofar an cliseadh;

    2.   I gcás nach mbeidh sé indéanta iarratas fíorúcháin a sheoladh ar chúiseanna teicniúla nach mbaineann le cliseadh comhpháirte de chuid Chóras Faisnéise ETIAS, tabharfaidh an t-iompróir fógra do Láraonad ETIAS trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14.

    3.   Cuirfidh an t-iompróir Láraonad ETIAS ar an eolas, trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 14, a luaithe a réiteofar an fhadhb.

    4.   Chun críoch an Airteagail seo agus Airteagal 14, cuirfidh eu-LISA uirlis ticéadaithe ar fáil do Láraonad ETIAS. Leis an uirlis sin, beidh rochtain ar fáil ar chlár na n-iompróirí.

    5.   Cuirfidh Láraonad ETIAS in iúl go bhfuarthas na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

    Airteagal 14

    Cúnamh do na hiompróirí

    1.   Mar chuid den uirlis ticéadaithe, cuirfear foirm ghréasáin ar fáil do na hiompróirí ar shuíomh gréasáin poiblí ionas gur féidir leis na hiompróirí cúnamh a iarraidh.

    Leis an bhfoirm ghréasáin, beidh na hiompróirí in ann an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:

    (a)

    sonraí aitheantais an iompróra;

    (b)

    achoimre ar an iarratas;

    (c)

    más iarratas de chineál teicniúil é agus, más ea, an dáta agus an t-am a thosaigh an fhadhb theicniúil.

    2.   Tabharfaidh Láraonad ETIAS admháil do na hiompróirí lena chur in iúl go bhfuarthas an t-iarratas. Beidh uimhir ticéid ag gabháil leis an admháil sin.

    3.   I gcás ina mbeidh iarratas de chineál teicniúil i gceist, cuirfidh Láraonad ETIAS an t-iarratas chuig eu-LISA. Is é eu-LISA a bheidh freagrach as cúnamh teicniúil a thabhairt do na hiompróirí.

    4.   I gcás nach é iarratas de chineál teicniúil atá i gceist, cuideoidh Láraonad ETIAS leis na hiompróirí trína dtreorú chuig faisnéis ábhartha.

    5.   I gcás nach mbeidh sé indéanta cúnamh a iarraidh tríd an bhfoirm ghréasáin i gcomhréir le mír 1 ar chúiseanna teicniúla, beidh an t-iompróir in ann líne theileafóin éigeandála a úsáid atá nasctha le Láraonad ETIAS nó le eu-LISA.

    6.   An cúnamh a chuirfidh Láraonad ETIAS agus eu-LISA ar fáil, beidh sé ar fáil gach uair den lá, gach lá den tseachtain agus is i mBéarla a bheidh sé ar fáil.

    7.   Cuirfidh Láraonad ETIAS liosta ceisteanna coitianta agus freagraí atá ábhartha d’iompróirí ar fáil ar líne. Beidh an liosta sin ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Beidh liosta ceisteanna agus freagraí ar leithligh ann atá ábhartha do thaistealaithe.

    Airteagal 15

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

    (2)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (3)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

    (8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top