Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0774

    Rialachán (AE) 2021/774 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil a mhéid a bhaineann le hábhar na gclár leictreonach

    ST/7312/2021/INIT

    IO L 167, 12.5.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/774/oj

    12.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 167/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/774 ÓN gCOMHAIRLE

    an 10 Bealtaine 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil a mhéid a bhaineann le hábhar na gclár leictreonach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 (3) ón gComhairle, leagtar síos oibleagáid do na Ballstáit cothabháil a dhéanamh ar chláir leictreonacha d’údaruithe ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar stórais cánach atá i mbun earraí máil a ghluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta.

    (2)

    Le Treoir (AE) 2020/262ón gComhairle (4), déantar úsáid an chórais ríomhairithe faoi Chinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), atá á úsáid faoi láthair chun maoirseacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta, a leathnú amach chun go n-úsáidfear é freisin chun maoirseacht a dhéanamh ar earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile lena seachadadh chun críoch tráchtála.

    (3)

    Ionas gur féidir an córas ríomhairithe a fheidhmiú i gceart trína áirithiú go ndéanfar sonraí iomlána, cothrom le dáta agus cruinne a stóráil, is gá raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú chun an fhaisnéis a leagan amach a cheart do na Ballstáit a thabhairt isteach sna cláir leictreonacha i ndáil leis na coinsíneoirí deimhnithe agus na coinsínithe deimhnithe nach n-aistríonn earraí máil ach ó am go chéile.

    (4)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon sainiú na faisnéise ba cheart do na Ballstáit a chur sa chlár leictreonach i ndáil leis na coinsíneoirí deimhnithe agus na coinsínithe deimhnithe nach n-aistríonn earraí máil ach ó am go chéile, agus de bharr áirithiú fheidhmiú comhchuibhithe an chórais ríomhairithe agus éascú chomhrac na calaoise, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (5)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. I bhfianaise na dteorainneacha arna socrú le Rialachán(AE) Uimh. 389/2012, ní théann próiseáil na sonraí sin a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun leas fioscach dlisteanach na mBallstát a chosaint.

    (6)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

    (7)

    Chun dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta cur i bhfeidhm fhorálacha Threoir (AE) 2020/262 maidir le huathoibriú gluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun go seachadtar chun críoch tráchtála i gcríoch an Bhallstáit eile sin iad agus chun go gceadófar dóthain ama do na Ballstáit chun ullmhú do na hathruithe a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 13 Feabhra 2023.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal (19)2 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(1)

    i gcás coinsíneoirí deimhnithe nach seolann earraí máil ach ó am go chéile dá dtagraítear in Airteagal 35(8) de Threoir (AE) 2020/262, an méid earraí máil, céannacht an choinsíní sa Bhallstát cinn scríbe, agus an tréimhse ama a bhfuil an t-údarú bailí lena linn;

    (m)

    i gcás coinsínithe deimhnithe nach bhfaigheann earraí máil ach ó am go chéile dá dtagraítear in Airteagal 35(8) de Threoir (AE) 2020/262, an méid earraí máil, céannacht an choinsíneora sa Bhallstát seolta, agus an tréimhse ama a bhfuil an t-údarú bailí lena linn.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Tuairim an 29 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1)

    (4)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020 lch. 4.)

    (5)  Cinneadh (AE) 2020/263 CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).

    (6)  Cinneadh (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    Top