Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0412

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/412 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a chur ar fionraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/1435

    IO L 81, 9.3.2021, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 27/08/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R1375

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/412/oj

    9.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 81/30


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/412 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Márta 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a chur ar fionraí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún (2) cuireadh ar fionraí údarú an bhreiseáin eatocsacuin ar bhonn thuairim an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 21 Deireadh Fómhair 2015 (3), ar tuairim í nach bhféadfadh teacht ar aon chonclúid maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin mar gheall ar easpa sonraí ar an iomlán a bheith curtha isteach ag an iarratasóir faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le húdarú.

    (2)

    Cuireadh údarú an bhreiseáin eatocsacuin ar fionraí go dtí go gcuirfeadh an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach agus go mbeadh measúnú déanta orthu, i gcomhréir le sceideal ama ina liostaítear in ord tosaíochta na staidéir atá le déanamh i ndiaidh a chéile. De réir an sceidil ama sin, bheadh teacht ar thoradh na staidéar deiridh sin faoi mhí Iúil 2018.

    (3)

    I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962, athbhreithneofar an beart fionraíochta faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, tar éis measúnú cuí ar na sonraí forlíontacha ba ghá.

    (4)

    Cé gur chuir an t-iarratasóir isteach pacáistí sonraí forlíontacha comhleanúnacha, tharla moilleanna móra ar shraith sonraí a ghiniúint, go háirithe i dtaca le léiriú maidir le sábháilteacht an bhreiseáin eatocsacuin i dtaobh an chomhshaoil. I measc na bhfáthanna a bhaineanna leis na moilleanna sin tá an gá atá le staidéir bhreise a thionscnamh chun na ceanglais shonracha sonraí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún (4) a chomhlíonadh, agus treoir mhionsonraithe an Údaráis lena mbaineann, agus na deacrachtaí a bhaineann le saotharlanna iomchuí nó saoráidí tástála a aimsiú chun staidéir áirithe a dhéanamh.

    (5)

    Is mí Mheán Fómhair 2020 an uair dheiridh a chuir an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach maidir leis an measúnú riosca comhshaoil. Ag brath ar an toradh a bheidh ar an measúnú a dhéanfaidh an tÚdarás maidir leis na sonraí forlíontacha sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí a iarraidh fós ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise agus sonraí a sholáthar.

    (6)

    I bhfianaise a bhfuil luaite roimhe seo, ba cheart am leordhóthanach a thabhairt don Údarás chun an próiseas measúnaithe a chur i gcrích maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí forlíontacha go léir a chuir an t-iarratasóir isteach nó an fhaisnéis agus na sonraí sin atá fós le cur isteach aige chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin a léiriú. Dá bhrí sin, is iomchuí an measúnú ar an mbeart fionraíochta a chur ar athló go dtí go gcuirfear an próiseas measúnaithe i gcrích. Ba cheart an tréimhse ama nua le haghaidh an athbhreithnithe a chinneadh agus an uastréimhse mheasta is gá chun é a chur i gcrích á tabhairt san áireamh. In aon chas, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an mbeart fionraíochta i gcás ina nglacfaidh an tÚdarás tuairim neamhfhabhrach maidir le sábháilteacht nó éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin, le linn an phróisis measúnaithe.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a leasú dá réir.

    (8)

    Ag cur san áireamh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun aon fholús dlíthiúil atá ann a íoslaghdú.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962:

    “Airteagal 5

    Athbhreithniú

    Athbhreithneofar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí agus in aon chás tar éis don Údarás tuairim neamhfhabhrach a ghlacadh maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin.”.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena gcuirtear ar fionraí údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis agus catagóir ainmhíoch (IO L 145, 8.6.2017, lch. 13).

    (3)  Iris EFSA 2015;13(11):4272.

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).


    Top