Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0383

    Rialachán (AE) 2021/383 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/1359

    IO L 74, 4.3.2021, p. 7–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/383/oj

    4.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 74/7


    RIALACHÁN (AE) 2021/383 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Márta 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina liostaítear comhfhoirmligh nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 27(2) agus Airteagal 78(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é tuairisc a thugtar ar chomhfhoirmligh i bpointe (c) d’Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 gurb é atá iontu substaintí nó ullmhóidí a úsáidtear nó a bheartaítear lena n-úsáid i dtáirge cosanta plandaí nó in aidiúvach, ach nach substaintí gníomhacha ná teorantóirí ná sineirgígh iad.

    (2)

    Ní hinghlactha comhfhoirmligh a bheith i dtáirgí cosanta plandaí más amhlaidh go mbeadh iarmhairt dhíobhálach ag iarmhair na gcomhfhoirmleach sin, de dhroim úsáid i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go mbeadh iarmhairt neamh-inghlactha acu ar an gcomhshaol. Ní hinghlactha ach oiread comhfhoirmligh a bheith i dtáirgí cosanta plandaí, más amhlaidh go mbeadh iarmhairt dhíobhálach ag úsáid na gcomhfhoirmleach sin, de dhroim úsáid i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do dhálaí réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go mbeadh iarmhairt neamh-inghlactha acu ar an gcomhshaol. Tá na comhfhoirmligh neamh-inghlactha sin le liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (3)

    Is éard is comhfhoirmligh ann substaintí nó ullmhóidí a úsáidtear i dteannta substaintí gníomhacha i dtáirgí cosanta plandaí agus dá réir sin scaiptear iad chomh leathan céanna sa chomhshaol. Dá bhrí sin, na critéir a bhaineann le sláinte an duine, leis an gcomhshaol, leis an éiceatocsaineacht agus le screamhuisce, dá bhforáiltear i bpointí 3.6.2, 3.6.3, 3.6.4, 3.6.5, 3.7, 3.8.2 agus 3.10 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart na critéir sin a bheith ábhartha maidir le sainaithint na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha.

    (4)

    Dá réir sin ba cheart na substaintí seo a leanas a áireamh i liosta na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha – substaintí atá aicmithe, de réir córais chomhchuibhithe, mar charcanaiginí, de chatagóir 1A nó 1B, mar shó-ghinigh, de chatagóir 1A nó 1B, nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1A nó 1B, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (5)

    Ba cheart de bhreis air sin na substaintí seo a leanas a áireamh i liosta na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha – substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí atá marthanach, bithbhailitheach agus tocsaineach (“PBT”) nó an-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (“vPvB”) i gcomhréir le pointí (d) agus (e) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (6)

    Ba cheart freisin na substaintí seo a leanas a áireamh i liosta na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha – substaintí a bhfuil imní mhór ann fúthu de dheasca airíonna réabtha iontálaigh a bheith acu i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó substaintí a shainaithnítear mar réabthóirí iontálaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó substaintí a shainaithnítear mar thruailleáin orgánacha mharthanacha (“POP”) faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (7)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, leagtar amach srianta le haghaidh substaintí contúirteacha áirithe in Iarscríbhinn XVII a gabhann leis. I gcás ina bhfuil srianta ar úsáid na substaintí sin mar chomhfhoirmligh i dtáirgí cosanta plandaí, ba cheart na substaintí sin a chur le liosta na gcomhfhoirmleach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (8)

    Shainaithin na Ballstáit comhfhoirmligh a mheas siad a bheith neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle (6) nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Thug an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Iorua, an Liotuáin, an Ostair agus an Spáinn fógra faoi chomhfhoirmligh den sórt sin. De na comhfhoirmligh sin, ba cheart iad seo a leanas a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 – substaintí atá aicmithe, de réir córais chomhchuibhithe, mar charcanaiginí, de chatagóir 1A nó 1B, mar shó-ghinigh, de chatagóir 1A nó 1B, nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1A nó 1B, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí PBT nó vPvB de réir phointí (d) agus (e) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí a bhfuil imní mhór ann fúthu de dheasca airíonna réabtha iontálaigh a bheith acu i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus substaintí a shainaithnítear mar POP faoi Rialachán (AE) 2019/1021.

    (9)

    Cuireadh toirmeasc, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1313 ón gCoimisiún (7), ar úsáid geirimín poileatocsailithe (Uimh. CAS 61791-26-2) i dtáirgí cosanta plandaí ina bhfuil gliofosáit, óir fuarthas ábhar imní i ndáil le tocsaineacht geirimíní poileatocsailithe agus mar go bhféadfadh na geirimíní sin dochar a dhéanamh do shláinte an duine. Ós rud é gur de dheasca airíonna intreacha na substaintí i gceist atá an imní sin ann agus, dá réir sin, ó tharla nach bhfuil an imní sin teoranta do tháirgí foirmlithe ina bhfuil gliofosáit ach go bhfuil imní bhailí ann freisin faoi tháirgí foirmlithe ina bhfuil substaintí gníomhacha eile, ba cheart geirimíní poileatocsailithe a chur le liosta na gcomhfhoirmleach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (10)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/109 ón gCoimisiún (8) ná le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/619 ón gCoimisiún (9), ní dhearnadh PHMB (1600; 1.8), ná uimhreacha CAS 27083-27-8 agus 32289-58-0, ná PHMB (1415; 4.7), ná uimhreacha CAS 32289-58-0 agus 1802181-67-4, a fhormheas mar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 (leasaithigh ábhair channaithe), ná níor formheasadh cineálacha eile táirgí ach oiread leo sin de dheasca riosca neamh-inghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol. Dá bhrí sin, thiocfadh iarmhairtí neamh-inghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as a n-úsáid mar leasaithigh ábhair channaithe i dtáirgí cosanta plandaí. Mar thoradh air sin, ba cheart PHMB (1600; 1.8) agus PHMB (1415; 4.7), freisin, a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (11)

    Na comhfhoirmligh atá le liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’fhéadfadh sé go mbeidís in aidiúvaigh a chuirfear ar an margadh. Ós rud é nár bunaíodh fós rialacha mionsonraithe maidir le húdarú aidiúvach, i gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfaidh na Ballstáit leanúint de chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta a mhéid a bhaineann le haidiúvaigh i gcomhréir le hAirteagal 81(3) den Rialachán sin. Ós aidhm do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 cosc a chur ar aidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmligh thoirmiscthe a chur ar an margadh nó a úsáid, is gá a áirithiú nach mbeidh aon cheann de na comhfhoirmligh neamh-inghlactha sin in aidiúvaigh a bhfuiltear lena meascadh isteach le táirgí cosanta plandaí.

    (12)

    Ba cheart go leor ama a thabhairt do na Ballstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh na dtáirgí cosanta plandaí agus na n-aidiúvach atá údaraithe faoi láthair laistigh dá gcríoch, chun a mheas an bhfuil comhfhoirmligh iontu a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus chun údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh ina bhfuil na comhfhoirmligh sin a tharraingt siar nó a leasú.

    (13)

    Maidir le táirgí cosanta plandaí nó le haidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmleach a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán sin nó i gcomhréir le forálacha náisiúnta maidir le húdarú aidiúvach, ba cheart don tréimhse sin dul in éag, i gcás díola agus dáilte, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta leasú nó aistarraingt na n-údaruithe agus, i gcás diúscartha, stórála agus úsáide, 9 mí eile dá éis sin arís.

    (14)

    Comhfhoirmligh atá le liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’fhéadfadh sé go mbeadh cion díobh, mar eisíontais neamhbheartaithe, i gcomhfhoirmligh eile, atá inghlactha astu féin lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí nó in aidiúvaigh. Dá bhrí sin, maidir le tiúchan na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha ar leith sa táirge cosanta plandaí críochnaithe nó san aidiúvach, ba cheart an tiúchan sin a bheith níos lú ná 0,1 % meáchan ar mheáchan nó ba cheart é a bheith níos lú ná teorainn tiúchana shonrach a bhaineann le hairíonna CMR (carcanaigineach, só-ghineach agus tocsaineach don atáirgeadh), i gcás ina leagtar a leithéid síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir leis an gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha ag leibhéal níos ísle ná 0,1 % meáchan ar mheáchan, chun go measfaí gurb é atá ann eisíontas neamhbheartaithe inghlactha, mura bhforáiltear teorainn eile de dheasca teorannuithe teicniúla a bhaineann leis na modhanna anailíseacha ábhartha.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Ballstáit a dheonaigh údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit sin na húdaruithe sin, nó aistarraingeoidh siad iad, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 24 Márta 2023.

    Airteagal 3

    Maidir le haidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú leis an Rialachán seo, ní údaróidh na Ballstáit na haidiúvaigh sin a chur ar an margadh ná iad a úsáid.

    Ballstáit a d’údaraigh aidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit sin na húdaruithe sin, nó aistarraingeoidh siad iad, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 24 Márta 2023.

    Airteagal 4

    Maidir le haon tréimhse chairde arna deonú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó i gcomhréir le forálacha náisiúnta um údarú aidiúvach, beidh an tréimhse sin chomh gairid agus is féidir agus rachaidh sí in éag, i gcás díola agus dáilte, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta leasú nó aistarraingt na n-údaruithe dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 agus, i gcás diúscartha, stórála agus úsáide, 9 mí eile dá éis sin arís.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).

    (6)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1313 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí gliofosáit (IO L 208, 2.8.2016, lch. 1).

    (8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/109 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2016 gan PHMB (1600; 1.8) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 1, 6 agus 9 (IO L 21, 28.1.2016, lch. 84).

    (9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/619 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2018 gan PHMB (1415; 4.7) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 1, 5 agus 6 (IO L 102, 23.4.2018, lch. 21).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009:

    “IARSCRÍBHINN III

    Liosta na gcomhfhoirmleach nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 27  (1)

    Uimh.

    Ainm

    Ainmneacha CE/Ainmneacha eile

    Uimhir CAS

    Uimhir CE

    Aicmiú/Airíonna eile

    1.

    1-Clóra-2,3-eapocsaprópán

    Eipeaclóraihidrin, Clóiríd 2,3-eapocsapróipile

    106-89-8

    203-439-8

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    2.

    1,2-Déchlóireatán

    1,2-Déchlóireatán;

    Eatán, 1,2-déchlóra-

    107-06-2

    203-458-1

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    3.

    2-Eatocsa-eatánól

    2-Eatocsa-eatánól;

    Eatánól, 2-eatocsa-

    110-80-5

    203-804-1

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    4.

    Aicéatáit 2-eatocsa-eitile

    Aicéatáit 2-eatocsa-eatánóil; Eatánól, 2-eatocsa-, 1-aicéatáit

    111-15-9

    203-839-2

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    5.

    1-Eitilpiorólaidin-2-ón

    1-Eitilpiorólaidin-2-ón;

    N-eitil-2-pioróladón

    2687-91-4

    220-250-6

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    6.

    2-Meatocsa-eatánól

    2-Meatocsa-eatánól;

    Eatánól, 2-meatocsa-

    109-86-4

    203-713-7

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    7.

    Aicéatáit 2-meatocsa-eitile

    Aicéatáit 2-meatocsa-eitile;

    Eatánól, 2-meatocsa-, 1-aicéatáit;

    Aicéatáit 2-meatocsa-eatánóil

    110-49-6

    203-772-9

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    8.

    2-Meatocsaprópánól

    2-Meatocsaprópánól;

    1-Própánól, 2-meatocsa-

    1589-47-5

    216-455-5

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    9.

    1-Meitilpiorólaidin-2-ón

    1-Meitil-2-pioróladón;

    2-Piorrólaidionón, 1-meitil-

    872-50-4

    212-828-1

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    10.

    2-Nítreaprópán

    2-Nítreaprópán;

    Própán, 2-nítrea-

    79-46-9

    201-209-1

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    11.

    Aimíní, ailcil gheire, eatocsailithe

    Aimíní, ailcil gheire, eatocsailithe;

    POE-geirimín

    61791-26-2

     

    Ábhair imní nó bearnaí sna sonraí, a bhaineann le héifeachtaí ab fhéidir a bheith ann ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol

    12.

    Aimíní, ailcil gheire, eatocsailithe própocsailithe

    Aimíní, ailcil gheire, eatocsailithe própocsailithe;

    POEP-geirimín

    68213-26-3

     

    Ábhair imní nó bearnaí sna sonraí, a bhaineann le héifeachtaí ab fhéidir a bheith ann ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol

    13.

    Snáithíní aispeiste

    Aisbeist achtainilíte;

    Aisbeist, achtainilít

    77536-66-4

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    14.

    Aisbeist amaisíte;

    Aisbeist, aimisít

    12172-73-5

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    15.

    Aisbeist antaifillíte;

    Aisbeist, antaifillít

    77536-67-5

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    16.

    Aisbeist chrisitíle;

    Aisbeist, crisitíl

    12001-29-5

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    17.

    Aisbeist chroicidilíte;

    Aisbeist, croicidilít

    12001-28-4

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    18.

    Aisbeist threimilíte;

    Aisbeist, treimilít

    77536-68-6

     

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    19.

    Beinséin

    Beinséin

    71-43-2

    200-753-7

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach cat.1B

    20.

    Beinsi[def]criséin  (2);

    Beinsi[pqr]teitriféin

    Beinsi[def]criséin;

    Beinsi[a]piréin

    50-32-8

    200-028-5

    Carcanaigineach cat.1B/Só-ghineach cat. 1B/

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    21.

    Beinséin-1,2-décharbocsaláit bis(2-meitilpróipil)

    Taláit dhé-iseabúitile

    84-69-5

    201-553-2

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH, Airteaal 57(f) – Sláinte an Duine) Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    22.

    Aigéad bórach

    Aigéad bórach

    10043-35-3

    11113-50-1

    233-139-2

    234-343-4

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    23.

    Ochtabóráit dhéshóidiam

    Ochtabóráit dhéshóidiam; Ochtabóráit dhéshóidiam ainhidriúil

    12008-41-2

    234-541-0

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    24.

    Ochtabóráit dhéshóidiam, teitrihiodráit

    Aigéad bórach, salann déshóidiam, teitrihiodráit;

    12280-03-4

    234-541-0

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    25.

    Teitreabóráit dhéshóidiam, ainhidriúil

    Teitreabóráit dhéshóidiam, ainhidriúil;

    Ocsaíd shóidiam bhóróin

    1330-43-4

    215-540-4

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    26.

    Teitreabóráit dheshóidiam, deacaihiodráit

    Bórás

    1303-96-4

    215-540-4

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    27.

    Teitreabóráit dhéshóidiam, peintihiodráit

    Ocsaíd shóidiam bhóróin, hiodráitithe

    12179-04-3

    215-540-4

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    28.

    Aigéad ortóbórach, salann sóidiam

    Aigéad ortóbórach, salann sóidiam; Aigéad bórach, salann sóidiam

    13840-56-7

    237-560-2

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    29.

    Heaptocsaíd dhéshóidiam theitreabóróin, hiodráitithe

    Heaptocsaíd dhéshóidiam theitreabóróin, hiodráitithe;

    Ocsaíd shóidiam bhóróin, hiodráit

    12267-73-1

    235-541-3

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    30.

    Bút-1,3-dé-éin

    Bút-1,3-dé-éin;

    1,3-Bútaidhé-éin

    106-99-0

    203-450-8

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach cat.1B

    31.

    Bútán

    ina bhfuil ≥ 0,1 % de bhútaidhé-éin (Uimh. CE 203-450-8)

    Bútán

    106-97-8

    203-448-7

    Carcanaigineach de chatagóir 1A

    32.

    Comhphola(bisimínimideacarbóinil, hidreaclóirít heicsimeitiléine),(imínimideacarbóinil, hidreaclóiríd heicsimeitiléine)

    Guainidín, N,N" -1,6-heacsáindé-ilbis[N’-ciana-, polaiméir ina bhfuil 1,6-heacsáindé-aimín, hidreaclóiríd

    Pola[imíneacarbóinimiídea-ilimíneacarbóinimídea-ilimínea-1, 6-heacsándé-il], hidreaclóiríd

    Ciainimíd, N-ciana-, i gcumasc le 1,6-heacsáindé-aimín (2:1), polaiméir ina bhfuil hidreaclóiríd 1,6-heacsáindé-aimín (1:2);

    PHMB

    27083-27-8

    agus

    32289-58-0

    agus

    1802181-67-4

     

    Ní fhormheastar é seo lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 (leasaithigh ábhair channaithe).

    33.

    Taláit débhúitile

    Taláit n-búitile;

    Beinséin-1,2-décharbocsaláit débhúitile

    84-74-2

    201-557-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH, Airteaal 57(f) – Sláinte an Duine) Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    34.

    Driogáití troma (peitriliam), naftaineacha, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64742-52-5

    265-155-0

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    35.

    Driogáití troma (peitriliam), pairifíneacha, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64742-54-7

    265-157-1

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    36.

    Driogáití éadroma (peitriliam), naftaineacha, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64742-53-6

    265-156-6

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    37.

    Driogáití éadroma (peitriliam), pairifíneacha, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64742-55-8

    265-158-7

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    38.

    Driogáití troma (peitriliam), pairifíneacha, a díchiaradh le tuaslagóir, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64742-65-0

    265-169-7

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    39.

    Driogáití troma (peitriliam), pairifíneacha, a scagadh le tuaslagóir, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64741-88-4

    265-090-8

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    40.

    Driogáití éadroma (peitriliam), pairifíneacha, a scagadh le tuaslagóir, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    64741-89-5

    265-091-3

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    41.

    Ocsaíd eitiléine

    Ocsaíd eitiléine; Ocsa-iorán; Eapocsa-eatán

    75-21-8

    200-849-9

    Carcanaigineach de chatagóir 1B/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    42.

    Formaildéad

    Formaildéad; Formailin; Meatánal; Formól

    50-00-0

    200-001-8

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    43.

    Formaimíd

    Formaimíd; Meatánaimíd

    75-12-7

    200-842-0

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    44.

    Iseabútán (ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bhútaidhé-éin (Uimh. CE 203-450-8))

    Iseabútán; Própán, 2-meitil-

    75-28-5

    200-857-2

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    45.

    Olaí bealaithe (peitriliam) C20-50, atá bunaithe ar ola neodrach, a cóireáladh le hidrigin, ina bhfuil ardslaodacht, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    72623-85-9

    276-736-3

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    46.

    Olaí bealaithe (peitriliam) C15-30, atá bunaithe ar ola neodrach, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    72623-86-0

    276-737-9

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    47.

    Olaí bealaithe (peitriliam) C20-50, atá bunaithe ar ola neodrach, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    72623-87-1

    276-738-4

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    48.

    Olaí bealaithe (peitriliam) C17-32, a eastóscadh le tuaslagóir, a díchiaradh, a cóireáladh le hidrigin, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán DMSO (arna thomhas de réir IP 346)

     

    101316-70-5

    309-875-6

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    49.

    Nafta trom (peitriliam), ailcioláiteach, ina bhfuil slabhra brainseach C9-C12 den chuid is mó, agus ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    64741-65-7

    265-067-2

    Carcanaigineach de chatagóir 1B/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    50.

    Nafta trom (peitriliam), a díshulfaraíodh le hidrigin, ina bhfuil slabhra brainseach C7-C12 den chuid is mó, agus ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    64742-82-1

    265-185-4

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    51.

    Nafta éadrom (peitriliam), a díshulfaraíodh le hidrigin, a díchumhraíodh, ina bhfuil pairifíní agus cioglapairifíní C7 den chuid is mó, agus ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    92045-53-9

    295-434-2

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    52.

    Nafta trom (peitriliam), a cóireáladh le hidrigin, ina bhfuil C6-C13 den chuid is mó, agus ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    64742-48-9

    265-150-3

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    53.

    Nafta éadrom (peitriliam), cumhraithe, ina bhfuil C8-C10 den chuid is mó, agus ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    64742-95-6

    265-199-0

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    54.

    Nítribeinséin

    Nítribeinséin;

    Beinséin, nítrea-

    98-95-3

    202-716-0

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    55.

    N-meitiolformaimíd

    N-meitiolformaimíd; Formaimíd, N-meitil-

    123-39-7

    204-624-6

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    56..

    Naoinil-feanóil:

    Substaintí ina bhfuil slabhra ailcile líneach agus/nó brainseach, ina bhfuil 9 n-adamh carbóin arna gceangal go comhfhiúsach in aon ionad le feanól, agus áirítear leis sin freisin substaintí ina bhfuil aon cheann de na hisiméirí aonair nó cumasc díobh sin.

    4-(3,5-Démheitilheaptán-3-il)feanól

    Feanól, 4-(1-eitil-1,3-démheitilpeintil)-;

    4-(1-Eitil-1,3-démheitilpeintil)feanól

    186825-36-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    57.

    4-(3,6-Démheitilheaptán-3-il)feanól

    Feanól, 4-(1-eitil-1,4-démheitilpeintil)-;

    4-(1-Eitil-1,4-démheitilpeintil)feanól

    142731-63-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    58.

    4-(2-Meitilochtán-2-il)feanól

    p-(1,1-Démheitilheiptil)feanól;

    Feanól, 4-(1,1-démheitilheiptil)-

    30784-30-6

    250-339-5

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    59.

    4-(3-Meitilochtán-3-il)feanól

    Feanól, 4-(1-eitil-1-meitilheicsil)-;

    4-(1-Eitil-1-meitilheicsil)feanól;

    52427-13-1

    257-907-1

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    60.

    4-Naoinilfeanól

    p-Naoinilfeanól;

    Feanól, 4-naoinil-

    104-40-5

    203-199-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    61.

    Iseanaoinilfeanól

    11066-49-2

    234-284-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    62.

    p-Iseanaoinilfeanól;

    Feanól, 4-iseanaoinil-

    26543-97-5

    247-770-6

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    63.

    Naoinilfeanól;

    Feanól, naoinil-

    25154-52-3

    246-672-0

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    64.

    Feanól, 4-(1-meitiolochtail)-;

    p-(1-Meitiolochtail)feanól

    17404-66-9

    241-427-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    65.

    Feanól, 4-naoinil-, brainseach

    84852-15-3

    284-325-5

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    66.

    Feanól, naoinil-, brainseach

    90481-04-2

    291-844-0

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    67.

    Naoinil-feanóil, eatocsailithe:

    Substaintí ina bhfuil slabhra ailcile líneach agus/nó brainseach, ina bhfuil 9 n-adamh carbóin arna gceangal go comhfhiúsach in aon ionad le feanól, iad eatocsailithe, agus áirítear leis sin freisin substaintí ina bhfuil aon cheann de na hisiméirí aonair nó cumasc díobh sin.

    Naoinilfeanól, eatocsailithe;

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(naoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-

     

    500-024-6

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    68.

    4-Naoinilfeanól, brainseach, 1 – 2,5 mól, eatocsailithe

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(4-naoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-, brainseach

     

    500-315-8

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    69.

    4-Naoinilfeanól, 1 – 2,5 mól, eatocsailithe

     

    500-045-0

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    70.

    2-(2-{2-[2-(4-Naoinilfeanocsa)eatocsa]eatocsa}eatocsa)eatán-1-ól

    2-[2-[2-[2-(4-Naoinilfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatánól;

    Eatánól, 2-[2-[2-[2-(4-naoinilfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]-

    7311-27-5

    230-770-5

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    71.

    2-[2-(4-Naoinilfeanocsa)eatocsa]eatánól;

    Eatánól, 2-[2-(4-naoinilfeanocsa)eatocsa]-

    20427-84-3

    243-816-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    72.

    20-(4-Naoinilfeanocsa)-3,6,9,12,15,18-heacsocsa-eacosán-1-ól;

    3,6,9,12,15,18-Heacsocsa-eacosán-1-ól, 20- (4-naoinilfeanocsa)-

    27942-27-4

    248-743-1

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    73.

    2-[2-[2-[2-(4-Naoinilfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]eatán-1-ól

    Eatánól, 2-[2-[2-[2-(4-naoinilfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]-

    7311-27-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    74.

    26-(4-Naoinilfeanocsa)-3,6,9,12,15,18,21,24-ochtocsaheicseacosán-1-ól

    3,6,9,12,15,18,21,24-Ochtocsaheicseacosán-1-ól, 26-(4-naoinilfeanocsa)-

    14409-72-4

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    75.

    17-(4-Naoinilfeanocsa)-3,6,9,12,15-peantocsaiheiptideacán-1-ól

    3,6,9,12,15-Peantocsaiheiptideacán-1-ol, 17-(4-naoinilfeanocsa)-

    34166-38-6

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    76.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(4-naoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-, brainseach

    127087-87-0

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    77.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(4-naoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-

    26027-38-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    78.

    Eatánól, 2-(4-naoinilfeanocsa)

    104-35-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    79.

    Iseanaoinilfeanól, eatocsailithe;

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(iseanaoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-

    37205-87-1

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    80.

    2-[2-(4-treas-Naoinilfeanocsa)eatocsa]eatánól

    Eatánól, 2-[2-(4-treas-naoinilfeanocsa)eatocsa]-

    156609-10-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    81.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(naoinilfeinil)-ω-hiodrocsa-

    Naoinilfeanól, eatocsailithe

    9016-45-9

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    82.

    Ochtail-feanóil:

    Substaintí ina bhfuil slabhra ailcile líneach agus/nó brainseach, ina bhfuil 8 n-adamh carbóin arna gceangal go comhfhiúsach in aon ionad le feanól, agus áirítear leis sin freisin substaintí ina bhfuil aon cheann de na hisiméirí aonair nó cumasc díobh sin.

    p-Ochtailfeanól;

    4-Ochtailfeanól

    1806-26-4

    217-302-5

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    83.

    4-(2,4,4-Trímheitilpeantán-2-il)feanól;

    4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól;

    4-(treas-ochtail)feanól

    Feanól, 4-(1,1,3,3-teitrimeitiolbúitil)-;

    4-treas-Ochtailfeanól

    140-66-9

    205-426-2

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    84.

    Ochtailfeanól;

    Feanól, ochtail-

    67554-50-1

    266-717-8

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    85.

    Feanól, 2-iosochtail-

    86378-08-7

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    86.

    Feanól, iosochtail-;

    Iosochtailfeanól

    11081-15-5

    234-304-1

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    87.

    Feanól, 2-ochtail-;

    o-Ochtailfeanól

    949-13-3

    213-437-9

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    88.

    Feanól, 2-tán-ochtail-;

    o-tán-Ochtailfeanól

    26401-75-2

    247-663-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    89.

    Feanól, 4-iosochtail-;

    p-Iosochtailfeanól

    27013-89-4

    248-164-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    90.

    Feanól, 4-tán-ochtail-;

    p-tán-Ochtailfeanól

    27214-47-7

    248-330-6

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    91.

    Feanól, tán-ochtail-;

    tán-Ochtailfeanól

    93891-78-2

    299-461-0

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    92.

    Feanól, 4-(1-eitilheicsil)-;

    p-(1-Eitilheicsil)feanól

    3307-00-4

    221-989-7

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    93.

    Feanól, 2-(1-meitilheiptil)-;

    o-(1-Meitilheiptil)feanól

    18626-98-7

    242-459-1

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    94.

    Feanól, 2-(1-eitilheicsil)-;

    o-(1-Eitilheicsil)feanól

    17404-44-3

    241-426-9

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    95.

    Feanól, 2-(1-próipilpeintil)-;

    o-(1-Próipilpeintil)feanól

    37631-10-0

    253-574-1

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    96.

    Feanól, 4-(1-próipilpeintil)-;

    p-(1-Próipilpeintil)feanól

    3307-01-5

    221-990-2

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    97.

    Feanól, 2-(1-meitilheiptil)-;

    o-(1,1,3,3-Teitrimeitilbúitil)feanól

    3884-95-5

    223-420-8

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    98.

    Feanól, (1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)-;

    (1,1,3,3-Teitrimeitilbúitil)feanól

    27193-28-8

    248-310-7

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    99.

    Feanól, (1-meitilheiptil)-;

    (1-Meitilheiptil)feanól

    27985-70-2

    248-759-9

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    100.

    Feanól, 4-(2-meitilheiptil)-

    898546-19-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    101.

    Feanól, 2-(2-eitilheicsil)-

    28752-62-7

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    102.

    Feanól, 4-(1-meitilheiptil)-;

    p-(1-Meitilheiptil)feanól

    1818-08-2

    217-332-9

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    103.

    Feanól, 4-(2-eitilheicsil)-

    69468-20-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    104.

    Feanól, 4-(5-meitilheiptil)-

    1824164-95-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    105.

    Feanól, 2-(2-meitilheiptil)-

    898546-20-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    106.

    Feanól, 4-(2-próipilpeintil)-

    119747-99-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    107.

    Feanól, 3-ochtail-

    20056-69-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    108.

    Feanól, 2-(1,1-démheitilheicsil)-

    1824575-79-2

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    109.

    Feanól, 4-(1,1-démheitilheicsil)-

    30784-29-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    110.

    Feanól, 4-(5,5-démheitilheicsil)-

    13330-52-4

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    111.

    Feanól, 2-(5,5-démheitilheicsil)-

    1822989-97-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    112.

    Feanól, 3-(1,1-démheitilheicsil)-

    70435-92-6

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    113.

    Feanól, 4-(1,4-démheitilheicsil)-

    164219-26-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    114.

    Ochtail-feanóil, eatocsailithe:

    Substaintí ina bhfuil slabhra ailcile líneach agus/nó brainseach, ina bhfuil 8 n-adamh carbóin arna gceangal go comhfhiúsach in aon ionad le feanól, iad eatocsailithe, agus áirítear leis sin freisin substaintí ina bhfuil aon cheann de na hisiméirí aonair nó cumasc díobh sin.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-[(1,1,3,3- teitrimeitilbúitil)feinil]-ω-hiodrocsa-

    2-(2-[4-(1,1,3,3-Teitrimeitilbúitil)feanocsa]eatocsa)eatánól

    Éitear Ochtailfeinile Gliocóil Poileitiléine;

    9036-19-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    115.

    2-[4-(2,4,4-Trímheitilpeantán-2-il)feanocsa]eatánól

    Pola(ocsa-1,2-eatánde-il), α-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feinil]-ω-hiodrocsa-

    Ochtailfeanól eatocsailithe

    9002-93-1

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    116.

    20-[4-(1,1,3,3-Teitrimeitilbúitil)feanocsa]-3,6,9,12,15,18-heacsocs-eacosán-1-ól

    3,6,9,12,15,18-Heacsocsa-eacosán-1-ól, 20-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2497-59-8

    219-682-8

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    117.

    Eatánól, 2-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2315-67-5

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    118.

    Eatánól, 2-[2-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]eatocsa]-

    2315-61-9

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    119.

    3,6,9,12,15,18,21,24-Ochtocsaiheacsacosán-1-ól, 26-(4-ochtailfeanocsa)-;

    42173-90-0

    255-695-5

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    120.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(ochtailfeinil)-ω-hiodrocsa-, brainseach

    68987-90-6

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    121.

    Pola(ocsa-1,2-eataindé-il), α-[4-(6-meitilheiptil)feinil]-ω-hiodrocsa-

    59379-12-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    122.

    Eatánól, 2-(4-ochtailfeanocsa)-;

    2-(p-Ochtailfeanocsa)eatánól

    51437-89-9

    257-203-4

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    123.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(4-ochtailfeinil)-ω-hiodrocsa-

    26636-32-8

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    124.

    Pola(ocsa-1,2-eataindé-il), α-[4-(1-meitilheiptil)feinil]-ω-hiodrocsa-

    73935-42-9

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    125.

    3,6,9,12,15,18-Heacsocsa-eiceasán-1-ól, 20-(4-ochtailfeanocsa)-;

    20-(4-Ochtailfeanocsa)-3,6,9,12,15,18-heacsocsa-iceasán-1-ól

    32742-88-4

    251-190-9

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    126.

    Eatánól, 2-[2-[2-[2-(4-ochtailfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatocsa]-;

    2-(p-Ochtailfeanocsa)eatánól

    51437-92-4

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    127.

    Eatánól, 2-[2-(4-ochtailfeanocsa)eatocsa]-

    51437-90-2

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    128.

    3,6,9,12,15-Peantocsaiheiptideacán-1-ol, 17-(4-ochtailfeanocsa)-

    51437-94-6

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    129.

    Pola(ocsa-1,2-eatáindé-il), α-(iosochtailfeinil)-ω-hiodrocsa-

    9004-87-9

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    130.

    2-[2-[2-(4-Ochtailfeanocsa)eatocsa]eatocsa]eatánól

    51437-91-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    131.

    3,6,9,12,15-Peantocsaiheiptideacán-1-ól, 17-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2497-58-7

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    132.

    Eatánól, 2-[2-[2-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]eatocsa]eatocsa]-

    2315-62-0

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    133.

    Eatánól, 2-[2-[2-[2-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]eatocsa]eatocsa]eatocsa]-

    2315-63-1

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    134.

    3,6,9,12-Teatrocsateitrideacán-1-ól, 14-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2315-64-2

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    135.

    3,6,9,12,15,18,21,24-Ochtocsaiheacsacosán-1-ól, 26-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2315-65-3

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    136.

    3,6,9,12,15,18,21,24,27-Naonocsanaonacosán-1-ól, 29-[4-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    2315-66-4

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    137.

    Eatánól, 2-[3-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    1026254-24-9

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    138.

    Eatánól, 2-[2-(1,1,3,3-teitrimeitilbúitil)feanocsa]-

    84658-53-7

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    139.

    Eatánól, 2-[2-(ochtailfeanocsa)eatocsa]-

    27176-92-7

     

    Airíonna réabtha iontálaigh (REACH Airteagal 57(f) – An comhshaol)

    140.

    N, N-Démheitiolformaimíd

    N, N-Démheitiolformaimíd; Formaimíd démheitile, DNF

    68-12-2

    200-679-5

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B

    141.

    Próp-2-eanaimíd

    Aicriolaimíd; 2-próipeanaimíd

    79-06-1

    201-173-7

    Carcanaigineach de chatagóir 1B/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    142.

    Piridín, díorthaigh ailcile, ina bhfuil cion ≥ 0,1 % de bheinséin (Uimh. CE 200-753-7)

     

    68391-11-7

    269-929-9

    Carcanaigineach de chatagóir 1A/

    Só-ghineach de chatagóir 1B

    143.

    Cuineoilín

    Cuineoilín

    91-22-5

    202-051-6

    Carcanaigineach de chatagóir 1B

    144.

    Alcól teitrihidreafurfuirile

    Alcól teitrihidreafurfuirile;

    2-Fúránmeatánól, teitreahidrea-

    97-99-4

    202-625-6

    Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B


    (1)  Ach amháin i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo, is é 0,1 % (meáchan ar mheáchan) an teorainn i ndáil leis an gcion inghlactha de na substaintí a liostaítear sa tábla mar eisíontais neamhbheartaithe sa táirge críochnaithe.

    (2)  Is é 0,01 % (meáchan ar mheáchan) an teorainn i ndáil leis an gcion inghlactha den tsubstaint seo mar eisíontas neamhbheartaithe sa táirge críochnaithe, rud a chomhfhreagraíonn don teorainn tiúchana shonrach a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.


    Top