Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0371

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/371 ón gComhairle an 2 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    IO L 71I, 2.3.2021, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/371/oj

    2.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 71/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/371 ÓN gCOMHAIRLE

    an 2 Márta 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

    (2)

    An 18 Eanáir 2021, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais, inar cáineadh coinneáil polaiteoir freasúra na Rúise, Alexei Navalny, ar fhilleadh dó ar Mhoscó an 17 Eanáir 2021 agus inar iarradh go scaoilfí saor é láithreach.

    (3)

    An 22 Feabhra 2021, chomhaontaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha dul ar aghaidh leis an obair maidir le bearta sriantacha amach anseo mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

    (4)

    Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise chineál leanúnach tromchúiseach na sáruithe ar chearta an duine sa Rúis, ba cheart ceathrar a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Márta 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i roinn A ('Daoine nádúrtha') in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

     

    Ainmneacha (Tras-scríobh an litrithe Rúisise)

    Ainmneacha (litriú Rúisise)

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    1.

    “Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV

    Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ

    Post (Poist): Stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN)

    Dáta breithe: 27.1.1964

    Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar the Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 i leith . Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar an stiúrthóir ar FSIN, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    I gcás Alexei Navalny, agus an tUasal Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN an 28 Nollaig 2020 go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó. Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor.

    2 Márta 2021

    2.

    Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN

    Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН

    Post (Poist): Cathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation

    Dáta breithe: 27.8.1953

    Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar the Investigative Committee of the Russian Federation (an 'Coiste') ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair 2010 go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é i gcalaois forleathan. D'fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna blianta 2000.

    2 Márta 2021

    3.

    Igor Viktorovich KRASNOV

    Игорь Викторович КРАСНОВ

    Post (Poist): Príomh-Ionchúisitheoir Russian Federation (Cónaidhm na Rúise)

    Dáta breithe: 24.12.1975

    Áit bhreithe: Arkhangelsk, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Igor Viktorovich Krasnov ina Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ón 22 Eanáir 2020 leith agus is é iar Leas-Chathaoirleach the Investigative Committee of the Russian Federation. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, déanann sé formhaoirseacht ar Oifigí an Ionchúisitheora i gCónaidhm na Rúise, ar Oifigí an Ionchúisitheora Speisialta agus ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneál acha treallacha agóideoirí, agus as cos ar bolg forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais, agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh.

    Roimh na hagóidí an 23 Eanáir 2021, thug Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora rabhadh go leagfaí freagracht ar na rannpháirtithe. Ina theannta sin, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go gcuirfeadh Federal Service for Supervision in the Sphere of Communications, Information Technology and Mass Communications (Roskomnadzor) srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin an fhreasúra agus ar chuntais ar líonraí sóisialta a raibh faisnéis maidir le cruinnithe beartaithe lucht tacaíochta Alexei Navalny orthu. An 29 Eanáir 2021, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora an athuair go gcuirfeadh Roskomnadzor srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus cuntais líonraí sóisialta an fhreasúra, roimh agóidí ar son Navalny an 30 agus an 31 Eanáir 2021 an uair seo. Seoladh rabhaidh chuig comhlachtaí idirlín (Facebook, TikTok, Twitter, Google, Mail.ru Group). Ina theannta sin, d'fhógair Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go ndéanfaí iad siúd a ghlacfadh páirt sna hagóidí a ionchúiseamh.

    Thacaigh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta le hiarraidh FSIN chun pianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás calaoise líomhnaithe a choigeartú ina pianbreith príosúnachta. In ainneoin an fhíric go raibh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh in 2018 go raibh sé treallach agus éagórach gur ciontaíodh é sa chás sin, Gabhadh Alexei Navalny ar theacht chuig aerfort Moscó dó an 17 Eanáir 2021.

    2 Márta 2021

    4.

    Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV

    Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ

    Post (Poist): Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia)

    Dáta breithe: 27.1.1954

    Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar the Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, Ardcheannasaí National Guard Troops of the Russian Federation, chomh maith le Ceannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú i Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile Rosgvardia agus trúpaí OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe.

    Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny an 23 Eanáir 2021 agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigeach de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D'ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach.

    2 Márta 2021”


    Top