Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0340

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2020/8787

    IO L 68, 26.2.2021, p. 62–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/340/oj

    26.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 68/62


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/340 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Nollaig 2020

    lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) agus Airteagal 16 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2017/1369, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    (2)

    Bunaíodh forálacha maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013 (2), (AE) 2019/2014 (3), (AE) 2019/2015 (4), (AE) 2019/2016 (5), (AE) 2019/2017 (6) agus (AE) 2019/2018 (7) ón gCoimisiún (dá ngairtear na “Rialacháin leasaithe”).

    (3)

    Chun nach mbeadh mearbhall ar mhonaróirí ná ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh faoi na luachanna atá le háireamh i ndoiciméadacht theicniúil, a uaslódáladh i mbunachar sonraí na dtáirgí agus a bhaineann le lamháltais fíorúcháin, ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar luachanna dearbhaithe.

    (4)

    Ba cheart dóthain faisnéise a bheith sa doiciméadacht theicniúil le cur ar chumas údaráis faireachais margaidh na luachanna a foilsíodh ar an lipéad agus ar an mbileog faisnéise faoi tháirge a sheiceáil. I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369, ba cheart luachanna dearbhaithe an mhúnla a chur isteach i mbunachar sonraí na dtáirgí.

    (5)

    Ba cheart na paraiméadair táirge ábhartha a thomhas nó a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe. Ba cheart a chur san áireamh sna modhanna sin modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (6)

    Táirgí ina bhfuil foinsí solais nach féidir a bhaint as na táirgí lena bhfíorú gan damáiste a dhéanamh do cheann amháin nó níos mó de na foinsí solais sin, ba cheart iad a thástáil mar fhoinsí solais chun comhlíontacht a mheasúnú agus a fhíorú.

    (7)

    I gcás taispeántais leictreonacha, níor forbraíodh caighdeáin chomhchuibhithe go fóill, agus ní chumhdaítear sna caighdeáin ábhartha reatha gach paraiméadar rialáilte is gá, go háirithe a mhéid a bhaineann le hArdraon Dinimiciúil agus Rialú Uathoibríoch Gile. Go dtí go nglacfaidh na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin, na modhanna idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó modhanna iontaofa, cruinne in-atáirgthe eile, modhanna a chuireann san áireamh an úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta léi, ba cheart iad a úsáid chun inchomparáideacht na dtomhas agus na ríomhanna a áirithiú.

    (8)

    Is fearais chuisniúcháin tráchtála iad caibinéid cheartingearacha aeir stataigh ar a bhfuil doirse neamh-thrédhearcacha agus sainítear iad i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1094 ón gCoimisiún (9), agus dá bhrí sin ba cheart iad a eisiamh ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018.

    (9)

    An téarmaíocht agus na modhanna tástála atá in úsáid in Rialachán (AE) 2019/2018, tá siad comhsheasmhach leis an téarmaíocht agus na modhanna tástála a glacadh in EN 16901, EN 16902, EN 50597 agus EN ISO 23953-2 agus EN 16838.

    (10)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, phléigh an Fóram Comhairliúcháin iad agus le saineolaithe ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    taispeántais leictreonacha ar comhpháirteanna nó fochóimeálacha iad mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2009/125/CE;”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

    “(10)

    Ciallaíonn ‘HiNA’ Ardinfhaighteacht ghréasáin de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún (*1);

    (*1)  Rialachán Tarmligthe (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2008 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú cumhacht leictreach an fhuireachais agus an mhóid mhúchta trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach (IO L 339, 18.12.2008, lch. 45)”;"

    (b)

    scriostar pointe (17);

    (3)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (4)

    leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI agus IX mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinní I, IV, V, VI, VIII, IX agus X mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

    “(3)

    ciallaíonn ‘táirge foinse solais’ táirge ina bhfuil foinse solais amháin nó níos mó, nó gléas rialaithe ar leithligh, nó iad araon, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, soilse is féidir a bhaint as a chéile chun go bhféadfar fíorú ar leithligh a dhéanamh ar an bhfoinse solais nó ar na foinsí solais atá sa táirge, fearais tí ina bhfuil foinse solais nó foinsí solais, troscán (seilfeanna, scátháin, caibinéid taispeána) ina bhfuil foinse solais nó foinsí solais;”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (b)

    i mír 1 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    “(i)

    de mhaolú ar Airteagal 11(13)(b) de Rialachán (AE) 2017/1369, arna iarraidh sin do dhéileálaithe agus i gcomhréir le hAirteagal 4(e), déantar lipéid chlóite chun táirgí a athscálú a sholáthar i bhfoirm greamáin, ar an méid céanna leis an ngreamán atá ann cheana.”;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    “1a.   De mhaolú ar Airteagal 11(13)(a) de Rialachán (AE) 2017/1369, nuair a bheidh foinse solais á cur ar an margadh ag an soláthróir, déanfaidh sé an lipéad atá ann cheana di a sholáthar go dtí an 31 Lúnasa 2021 agus soláthróidh sé an lipéad athscálaithe ón 1 Meán Fómhair 2021. Féadfaidh an soláthróir an rogha a dhéanamh foinsí solais a cuireadh ar an margadh le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Lúnasa 2021 a chur ar fáil faoin lipéad athscálaithe, mura rud é gur cuireadh foinsí solais den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad ar an margadh roimh an 1 Iúil 2021. Sa chás sin, ní tháirgfidh an déileálaí na foinsí solais sin chun a ndíolta roimh an 1 Meán Fómhair 2021. Déanfaidh an soláthróir fógra faoin iarmhairt sin a thabhairt don déileálaí lena mbaineann a luaithe is féidir, lena n-áirítear nuair a chuireann sé na foinsí solais sin san áireamh sna tairiscintí a dhéanann sé do dhéileálaithe.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d’Airteagal 4:

    “(e)

    de mhaolú ar Airteagal 11(13) de Rialachán (AE) 2017/1369, in ionad na lipéad atá ann cheana, cuirtear na lipéid athscálaithe ar fhoinsí solais ag pointí díolacháin ar dhóigh lena gcumhdófar an lipéad atá ann cheana, lena n-áirítear nuair a dhéantar iad a chló ar an bpacáiste nó a cheangal leis, laistigh de 18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ní bheidh lipéid athscálaithe ar taispeáint roimh an dáta sin.”;

    (4)

    leasaítear an mhír dheireanach d’Airteagal 10 mar seo a leanas:

    “Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2021. Beidh feidhm ag pointe 1(b) d’Airteagal 3, áfach, ón 1 Bealtaine 2021, agus beidh feidhm ag pointe 2(a) d’Airteagal 3 ón 1 Márta 2022.”;

    (5)

    cuirtear Iarscríbhinní I, III, IV, V, VI agus IX isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 4

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):

    “(31)

    ciallaíonn ‘fearas cuisniúcháin shoghluaiste’ fearas cuisniúcháin is féidir a úsáid i gcás nach bhfuil rochtain ar an bpríomheangach leictreachais agus a bhaineann úsáid as leictreachas breise ísealvoltais (< 120V DC) nó as breosla, nó astu araon, mar fhoinse fuinnimh le haghaidh na feidhmiúlachta cuisniúcháin, lena n-áirítear fearas cuisniúcháin ar féidir leis, mar aon le leictreachas breise ísealvoltais nó le breosla, nó leis an dá rud, a bheith ina eangach fuinnimh a oibrítear trí thiontaire seachtrach AC/DC a cheannófar ar leithligh. Ní fearas cuisniúcháin soghluaiste é fearas a chuirtear ar an margadh le tiontaire AC/DC;”;

    (2)

    in Airteagal 3 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 1:

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (3)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí:

    “Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 10, áfach, ón 25 Nollaig 2019, beidh feidhm ag pointe 1(a), (b) agus (c) d’Airteagal 3 ón 1 Samhain 2020, agus beidh feidhm ag an oibleagáid i dtaobh na haicme éifeachtúlachta fuinnimh a sholáthar le haghaidh pharaiméadair na foinse solais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, tábla 6 ón 1 Márta 2022.”;

    (4)

    leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, V, VI agus IX mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, V, VI agus IX mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 6

    Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

    “(j)

    caibinéid chúinne nó caibinéid chuartha agus caibinéid rothlacha;”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

    “(15)

    ciallaíonn ‘caibinéid chúinne nó caibinéid chuartha’ fearas cuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh aige agus a úsáidtear chun comhleanúnachas geoiméadrach a bhaint amach idir dhá chaibinéid líneacha atá ar uillinn agus/nó a dhéanann cuar lena chéile. Níl fad ná fad-ais so-aitheanta ag caibinéad cúinne ná ag caibinéad cuartha ós rud é nach bhfuil iontu sin ach cruth líonta (dinge nó a leithéid) agus nár dearadh iad le bheith ag feidhmiú mar aonaid cuisniúcháin neamhspleácha. Tá dhá cheann na cúinne/an chaibinéid cuartha claonta ar uillinn idir 30 ° agus 90 °;”;

    (b)

    cuirtear pointe (25) isteach:

    “(25)

    ciallaíonn ‘caibinéad rothlach’ caibinéad ollmhargaidh cruinn nó ciorclach is féidir a shuiteáil mar aonad neamhspleách nó mar aonad lena nasctar dhá chaibinéad líneacha ollmhargaidh. Is féidir caibinéid rothlacha a fheistiú freisin le córas rótair lenar féidir earra bia a thaispeáint go sofheicthe ag 360 °.”;

    (c)

    cuirtear pointe (26) isteach:

    “(26)

    ciallaíonn ‘caibinéad ollmhargaidh’ fearas cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh atá beartaithe le haghaidh díol agus taispeáint earraí bia agus míreanna eile i bhfeidhmeanna miondíola, ar nós ollmhargaí. Ní mheastar gur caibinéid ollmhargaidh iad cuisneoirí le haghaidh deochanna, meaisíní díola cuisniúcháin, caibinéid gelato agus reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite.”;

    (3)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoi tháirge a leagtar amach in Iarscríbhinn V, is sa chuid phoiblí de bhunachar sonraí na dtáirgí a chuirtear iad;”;

    (4)

    in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí:

    “Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2021, cé is moite den oibleagáid aicme éifeachtúlachta Fuinnimh a sholáthar le haghaidh na bparaiméadar foinse solais dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, tábla 10, cuid 5, a mbeidh feidhm aici ón 1 Márta 2022.”;

    (5)

    cuirtear Iarscríbhinní I, III, IV, V, VI agus IX isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 1(4), Airteagal 2(2), Airteagal 4(4), Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(5) ón 1 Bealtaine 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 3(2)(a) ón 1 Bealtaine 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 3(2)(c) ón 1 Iúil 2021. Beidh feidhm ag Airteagal 3(1), 3(2)(b), 3(3) agus 3(5) ón 1 Meán Fómhair 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 198, 28.7.2017, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 68).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 102).

    (6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún, (IO L 315, 5.12.2019, lch. 134).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 315, 5.12.2019, lch. 155).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

    (9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1094 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh caibinéid chuisniúcháin stórála tráchtála (IO L 177, 8.7.2015, lch. 2).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear isteach pointí (29) agus (30) seo a leanas:

    “(29)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú;

    (30)

    ciallaíonn ‘ráthaíocht’ aon ghealltanas a thugann an miondíoltóir nó an soláthróir don tomhaltóir:

    (a)

    an praghas a d’íoc an tomhaltóir a chúiteamh; nó

    (b)

    na taispeáintí leictreonacha a ionadú, a dheisiú nó a láimhseáil i gcás nach gcomhlíonann siad na sonraíochtaí a leagtar amach sa ráiteas ráthaíochta nó san fhógraíocht iomchuí.”;

    (2)

    ag deireadh phointe B in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “Úsáidfear luachanna fógartha an mhóid ‘ar siúl’ (Pmeasured ) agus achar an dromchla féachana (A) mar a liostaítear i dTábla 5 in Iarscríbhinn VI chun EEI a ríomh.”;

    (3)

    in Iarscríbhinn III, cuirtear an mhír seo a leanas isteach ag deireadh phointe 10 de phointe (f) de Chuid 2:

    “Mura dtacaíonn an taispeáint leictreonach le HDR, ní thaispeántar an picteagram HDR ná litreacha an aicmiúcháin i dtaca le héifeachtacht fuinnimh. Picteagram an scáileáin, lena dtaispeántar méid agus taifeach an scáileáin, beidh sin láraithe ar bhonn ceartingearach sa limistéar faoi bhun tásc an ídithe fuinnimh.”;

    (4)

    leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

    (a)

    cuirtear isteach dara mír mar seo a leanas:

    “In éagmais caighdeán ábhartha agus go dtí go bhfoilseofar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha san Iris Oifigiúil, úsáidfear na modhanna tástála idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeáintí leictreonacha, nó modhanna iontaofa, cruinne agus in-athsholáthraithe eile, a chuireann san áireamh an úrscothacht a aithnítear go ginearálta.”;

    (b)

    ag deireadh na hIarscríbhinne, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

    “Tomhais an Raoin Dhinimiciúil Chaighdeánaigh, an Ardraoin Dhinimiciúil, an lonrais scáileáin le haghaidh an Rialaithe Uathoibríoch Gile, cóimheas bhuaiclonrais an Bháin agus tomhais lonrais eile, déanfar iad sin de réir mar atá sonraithe in Iarscríbhinn III, Tábla 3a de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún.”;

    (5)

    in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4:

     

    Paraiméadar

    Luach agus beachtas an pharaiméadair

    Aonad

    Nótaí

    1.

    Ainm nó trádmharc an tsoláthróra  (2)  (3).

     

    TÉACS

     

     

    Seoladh an tsoláthróra  (2)  (3)  (4).

     

     

    An fhaisnéis a chláraigh an soláthróir sa bhunachar sonraí táirgí.

    2.

    Aitheantóir múnla (2)

     

    TÉACS

     

    3.

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh an Raoin Dhinimiciúil Chaighdeánaigh (SDR)

    [A/B/C/D/E/F/G]

     

     

    4.

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ sa Raon Dinimiciúil Caighdeánach (SDR)

    X,X

    W

    Arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil i gcás luachanna cumhachta faoi bhun 100 W agus arna shlánú go dtí an chéad i gcás luachanna cumhachta cothrom le 100 W nó os a chionn.

    5.

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh (HDR)

    [A/B/C/D/E/F/G] nó neamhbhainteach.

     

    Más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin. Socraítear an luach mar ‘neamhbhainteach’ (ní bhaineann le hábhar) mura gcuirtear an HDR chun feidhme.

    6.

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ san Ardraon Dinimiciúil (HDR), má chuirtear chun feidhme é

    X,X

    W

    Arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil i gcás luachanna cumhachta faoi bhun 100 W agus arna shlánú go dtí an chéad slánuimhir i gcás luachanna cumhachta ó 100 W (luach a shocraítear ar 0 (náid) más ‘neamhbhainteach’).

    7.

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘as’, má bhaineann le hábhar

    X,X

    W

     

    8.

    Éileamh cumhachta an mhóid fuireachais, má bhaineann le hábhar

    X,X

    W

     

    9.

    Éileamh cumhachta an mhóid fuireachais líonraithe, má bhaineann le hábhar

    X,X

    W

     

    10.

    Catagóir na taispeána leictrí

    [teilifís/monatóir/comharthaíocht/eile]

     

    Roghnaigh ceann amháin.

    11.

    Cóimheas méide

    X

    :

    Y

    slánuimhir

    M.sh. 16:9,21:9, etc.

    12.

    Taifeach an scáileáin

    X

    ×

    Y

    picteilíní

    Picteilíní cothrománacha agus ceartingearacha

    13.

    Trasnán scáileáin

    X,X

    cm

    Arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil.

    14.

    Trasnán scáileáin

    X

    orlach

    Roghnach, sloinnte in orlaí arna slánú go dtí an tslánuimhir is gaire.

    15.

    Limistéar an scáileáin infheicthe

    X,X

    dm2

    Arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil

    16.

    An bhfuil teicneolaíocht painéil taispeána in úsáid

    TÉACS

     

    M.sh. LCD/LEDLCD/QLED/LED/MicroLED/QDLED/SED/FED/EPD, etc.

    17.

    An bhfuil Rialú Uathoibríoch Gile (ABC) ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

    Ní mór é a ghníomhachtú mar réamhshocrú (má TÁ).

    18.

    An bhfuil braiteoir aitheanta gutha ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

     

    19.

    An bhfuil braiteoir láithreachta seomra ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

    Ní mór é a ghníomhachtú mar réamhshocrú (má TÁ).

    20.

    Ráta minicíochta na hathnuachana íomhá (réamhshocrú)

    X

    Hz

     

    21.

    Íosinfhaighteacht ráthaithe maidir le nuashonraithe bogearraí agus dochtearraí (ó dháta dheireadh an churtha ar an margadh  (2)  (3)

    X

    Blianta

    Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún (1)

    22.

    Íosinfhaighteacht ráthaithe maidir le páirteanna spártha (ó dháta deiridh an churtha ar an margadh)  (2)  (3)

    X

    Blianta

    Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún

    23.

    Íostacaíocht táirgí ráthaithe  (2)  (3)

    X

    Blianta

    Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún

     

    Fad íosta na ráthaíochta ginearálta a chuireann an soláthróir ar fáil  (2)  (3)

    X

    Blianta

     

    24.

    Cineál an tSoláthair Cumhachta

    Inmheánach / Seachtrach / Seachtrach caighdeánaithe

     

    Roghnaigh ceann amháin.

    25.

    Soláthar cumhachta seachtrach (idir sholáthar neamhchaighdeánaithe agus an soláthar a ghabhann le pacáistiú an táirge)

    i

     

    TÉACS

    Cur síos

     

    ii

    Voltas ionchuir

    X

    V

     

    iii

    Voltas aschuir

    X,X

    V

     

    26

    Soláthar cumhachta seachtrach (nó soláthar iomchuí eile mura bhfuil ceann i bpacáistiú an táirge)

    i

    Ainm nó liosta na gcaighdeán lena dtacaítear

    TÉACS

     

    ii

    An voltas aschuir atá riachtanach

    X,X

    V

     

    iii

    An sruth soláthair atá riachtanach (íosta)

    X,X

    A

     

    iv

    An mhinicíocht srutha atá riachtanach

    XX

    Hz

     

    (6)

    Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) go (5):

    “(1)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (2)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (3)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (4)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 5; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (5)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (6)

    dálaí tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (2);

    (7)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369.”;

    (b)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 5:

    “Tábla 5

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus na luachanna fógartha

     

    Paraiméadar

    Luach agus beachtas an pharaiméadair

    Aonad

    Luach fógartha

    Faisnéis Ghinearálta

    1

    Ainm nó trádmharc an tsoláthróra

    TÉACS

     

     

    2

    Aitheantóir múnla

    TÉACS

     

     

    3

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh an Raoin Dhinimiciúil Chaighdeánaigh (SDR)

    [A/B/C/D/E/F/G]

    A - G

     

    4

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ sa Raon Dinimiciúil Caighdeánach (SDR)

    XXX,X

    W

     

    5

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh an Ardraoin Dhinimiciúil (HDR), má chuirtear chun feidhme é

    [A/B/C/D/E/F/G] nó neamhbhainteach.

    A - G

     

    6

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ san Ardraon Dinimiciúil (HDR)

    XXX,X

    W

     

    7

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘as’

    X,X

    W

     

    8

    Éileamh cumhachta an mhóid fuireachais

    X,X

    W

     

    9

    Éileamh cumhachta an mhóid fuireachais líonraithe

    X,X

    W

     

    10

    Catagóir na taispeána leictrí

    [teilifís / monatóir / comharthaíocht / eile]

    TÉACS

     

    11

    Cóimheas méide

    XX

    :

    XX

     

     

    12

    Taifeach scáileáin (picteilíní)

    X

    ×

    X

     

     

    13

    Trasnán scáileáin

    XXX,X

    cm

     

    14

    Trasnán scáileáin

    XX

    orlach

     

    15

    Limistéar an scáileáin infheicthe

    XXX,X

    dm2

     

    16

    An bhfuil teicneolaíocht painéil taispeána in úsáid

    TÉACS

     

     

    17

    An bhfuil Rialú Uathoibríoch Gile (ABC) ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

     

    18

    An bhfuil braiteoir aitheanta gutha ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

     

    19

    An bhfuil braiteoir láithreachta seomra ar fáil

    [TÁ/NÍL]

     

     

    20

    Ráta minicíochta na hathnuachana íomhá (gnáthchumraíocht)

    XXX

    Hz

     

    21

    Íosinfhaighteacht ráthaithe maidir le nuashonraithe bogearraí agus dochtearraí (ó dháta deiridh an churtha ar an margadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún):

    XX

    Blianta

     

    22

    Íosinfhaighteacht ráthaithe maidir le páirteanna spártha (ó dháta deiridh an churtha ar an margadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún):

    XX

    Blianta

     

    23

    Íostacaíocht táirgí ráthaithe (ó dháta deiridh an churtha ar an margadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II E, pointe 1 de Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún):

    XX

    Blianta

     

     

    Fad íosta na ráthaíochta ginearálta a chuireann an soláthróir ar fáil

    XX

    Blianta

     

    I gcás Mód ‘Ar siúl’

    24

    Buaiclonras an bháin is gile le linn chumraíocht an mhóid ‘ar siúl’

    XXXX

    cd/m2

     

    25

    Buaiclonras an bháin le linn na gnáthchumraíochta

    XXXX

    cd/m2

     

    26

    Cóimheas bhuaiclonras an bháin (arna ríomh i dtéarmaí

    luach ‘Bhuaiclonras an bháin le linn na gnáthchumraíochta’ roinnte ar luach ‘Bhuaiclonras an bháin is gile le linn chumraíocht an mhóid “ar siúl”’ iolraithe faoi 100)

    XX,X

    %

     

    I gcás Uathmhúchta (APD)

    27

    An méid ama sa mhód ‘ar siúl’ sula gcuirtear an taispeáint leictreonach go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais na n-éileamh cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais.

    XX:XX

    mm:ss

     

    28

    Le haghaidh teilifíseán: an méid ama ó tharla an idirghníomhaíocht is deireanaí leis an úsáideoir sula gcuirtear an teilifíseán go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais;

    XX:XX

    mm:ss

     

    29

    I gcás teilifíseáin ina bhfuil braiteoir láithreachta seomra feistithe: an méid ama ó tharla an idirghníomhaíocht is deireanaí leis an úsáideoir sula gcuirtear an teilifíseán go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais;

    XX:XX

    mm:ss

     

    30

    Le haghaidh taispeáintí leictreonacha seachas teilifíseáin agus taispeáintí craoltóireachta: an méid ama ó tharla nach mbraitear ionchur sula gcuirtear an taispeáint leictreonach go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais;

    XX:XX

    mm:ss

     

    Le haghaidh ABC

    Má tá sé ar fáil agus gníomhachtaithe mar réamhshocrú

    31

    Céatadán an laghdaithe cumhachta mar gheall ar ghníomh ABC idir na dálaí solais thimpeallaigh 100 lux agus 12 lux.

    XX,X

    %

     

    32

    Cumhacht an mhóid ‘ar siúl’ ag solas timpeallach 100 lux ag an mbraiteoir ABC

    XXX,X

    W

     

    33

    Cumhacht an mhóid ‘ar siúl’ ag solas timpeallach 12 lux ag an mbraiteoir ABC

    XXX,X

    W

     

    34

    Lonras scáileáin ag solas timpeallach 100 lux ag an mbraiteoir ABC (*1)

    XXX

    cd/m2

     

    35

    Lonras scáileáin ag solas timpeallach 60 lux ag an mbraiteoir ABC (*1)

    XXX

    cd/m2

     

    36

    Lonras scáileáin ag solas timpeallach 35 lux ag an mbraiteoir ABC (*1)

    XXX

    cd/m2

     

    37

    Lonras scáileáin ag solas timpeallach 12 lux ag an mbraiteoir ABC (*1)

    XXX

    cd/m2

     

    Le haghaidh Soláthar Cumhachta

    38

    Cineál an tSoláthair Cumhachta

    Inmheánach/Seachtrach

     

     

    39

    Tagairtí caighdeánacha (má bhaineann le hábhar)

     

    TÉACS

     

    40

    Voltas ionchuir

    XXX,X

    V

     

    41

    Voltas aschuir

    XXX,X

    V

     

    42

    Sruth ionchuir (uasta)

    XXX,X

    A

     

    43

    Sruth aschuir (íosta)

    XXX,X

    A

     

    (c)

    athuimhrítear pointe(6) mar phointe (9)

    (d)

    athuimhrítear pointe(7) mar phointe (10)

    (e)

    athuimhrítear pointe(8) mar phointe (11)

    (7)

    leasaítear Iarscríbhinn IX mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith . Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí le haghaidh an tsoláthróra ná na luachanna a fhógraítear sa doiciméadacht theicniúil.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d'fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d'údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí 3 agus 6 nó leis an dara mír den Iarscríbhinn seo.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 6:

    ‘Tábla 6

    Na lamháltais fíorúcháin

    Paraiméadar

    Na lamháltais fíorúcháin

    Éileamh cumhachta an mhóid ‘ar siúl’ (Pmeasured , Watts)

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*3) thar 7 % os cionn an luacha fhógartha.

    Mód ‘as’, mód fuireachais, agus éileamh cumhachta mód fuireachais líonraithe i Vata, de réir mar is infheidhme.

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*3) thar 0,10 Vata os cionn an luacha fhógartha más 1,00 Vata nó níos lú an luach fógartha, nó ní rachaidh sé thar 10 % más mó an luach fógartha ná 1,00 Vata.

    Limistéar an scáileáin infheicthe

    Ní bheidh an luach cinntithe (*2) thar 1 % níos lú ná an luach fógartha, nó 0,1 dm2, cibé acu sin is lú.

    Trasnán scáileáin infheicthe i gceintiméadair

    Ní bheidh difríocht níos mó ná 1 cm idir an luach cinntithe (*2) agus an luach fógartha.

    Taifeach an scáileáin i dtéarmaí picteilíní cothrománacha agus ceartingearacha

    Ní imeoidh an luach cinntithe (*2) ón luach fógartha.

    Buaiclonras an bháin

    Ní bheidh an luach cinntithe (*3) thar 8 % níos lú ná an luach fógartha.

    An méid ama sa mhód ‘ar siúl’ sula gcuirtear an taispeáint leictreonach go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais na n-éileamh cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*2) thar 5 shoicind os cionn an luacha fhógartha.

    Le haghaidh teilifíseán: an méid ama ó tharla an idirghníomhaíocht is deireanaí leis an úsáideoir sula gcuirtear an teilifíseán go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*2) thar 5 shoicind os cionn an luacha fhógartha.

    I gcás teilifíseáin ina bhfuil braiteoir láithreachta seomra feistithe: an méid ama ó tharla an idirghníomhaíocht is deireanaí leis an úsáideoir sula gcuirtear an teilifíseán go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*2) thar 5 shoicind os cionn an luacha fhógartha.

    Le haghaidh taispeáintí leictreonacha seachas teilifíseáin agus taispeáintí craoltóireachta: an méid ama ó tharla nach mbraitear ionchur sula gcuirtear an taispeáint leictreonach go huathoibríoch sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, nó staid eile nach sáraítear inti ceanglais an ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód ‘as’ nó an mód fuireachais

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*2) thar 5 shoicind os cionn an luacha fhógartha.


    (1)  Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeáintí digiteacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (Féach leathanach 241 den Iris Oifigiúil seo).

    (2)  Ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (3)  Ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (4)  (4) Ní iontrálfaidh an soláthraí sin na sonraí i gcás gach múnla más sa bhunachar sonraí a ghintear go huathoibríoch iad.”

    (*1)  is luachanna táscacha iad na paraiméadair a bhaineann le lonras ABC, agus tá an fíorú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a bhaineann le ABC”

    (*2)  Sa chás nach bhfuil luach cinntithe aonad aonair amháin comhlíontach, measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

    (*3)  I gcás trí aonad bhreise arna dtástáil de réir mar a fhorordaítear i bpointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear le haghaidh na dtrí aonad bhreise.”


    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear Iarscríbhinní I, IV, V, VI, VIII, IX agus X a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (33) seo a leanas leis:

    “(33)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú.”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre:

    “I gcás ina ndearbhaítear paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn VI Tábla 7 le haghaidh meaisíní níocháin tí nó Iarscríbhinn VI Tábla 8, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.   TOILLEADH RÁTAITHE MEAISÍNÍ NITEOIR-TRIOMADÓIR TÍ

    Is é toilleadh rátaithe an timthrialla níocháin agus an timthrialla triomúcháin toilleadh rátaithe meaisíní niteoir-triomadóir tí.

    Má sholáthraítear timthriall leanúnach leis an meaisín niteoir-triomadóir tí, is éard a bheidh i dtoilleadh rátaithe an timthrialla sin toilleadh rátaithe an timthrialla níocháin agus an timthrialla triomúcháin.

    Mura soláthraítear timthriall leanúnach leis an meaisín niteoir-triomadóir tí, is éard a bheidh i dtoilleadh rátaithe an timthrialla níocháin agus an timthrialla triomúcháin luach toilleadh níocháin rátaithe an éicea-chláir 40-60 nó luach toilleadh triomúcháin rátaithe an timthrialla triomúcháin lena mbaintear amach tirimeacht chuí don chófra, cibé acu is lú.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 3 agus 4:

    “3.   INNÉACS ÉIFEACHTÚLACHTA NÍOCHÁIN

    Déanfar an t-innéacs éifeachtúlachta níocháin le haghaidh meaisíní níocháin tí agus le haghaidh timthriall níocháin meaisíní niteoir-triomadóir tí (IW) agus an t-innéacs éifeachtúlachta níocháin le haghaidh timthriall iomlán meaisíní niteoir-triomadóir tí (JW) a ríomh trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-athsholáthraithe eile, ina gcuirtear san áireamh an úrscothacht a aithnítear go ginearálta, agus slánófar iad go dtí an tríú hionad deachúil.

    I gcás meaisíní níocháin tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg agus i gcás timthriall níocháin meaisíní niteoir-triomadoir tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg, is é an IW a léireofar ar an mBileog Eolais faoin Táirge an luach ar an innéacs éifeachtúlacht níocháin ag an toilleadh níocháin rátaithe, nó leath den toilleadh níocháin rátaithe, nó ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe, cibé acu is lú.

    I gcás meaisíní níocháin tí is lú toilleadh rátaithe acu ná 3 kg nó cothrom leis sin agus i gcás timthriall níocháin meaisíní niteoir triomadóirí tí is lú toilleadh rátaithe ná 3 kg nó cothrom leis sin, is é an IW a léireofar ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge an luach ar an innéacs éifeachtúlachta níocháin ag an toilleadh níocháin rátaithe.

    I gcás meaisíní niteoir-triomadóir tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg, is é an JW a léireofar ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge an luach ar an innéacs éifeachtúlachta níocháin ag an toilleadh rátaithe nó leath den toilleadh rátaithe.

    I gcás meaisíní niteoir-triomadóir tí is lú toilleadh rátaithe ná 3 kg nó cothrom leis sin, is é an JW a léireofar ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge an luach ar an innéacs éifeachtúlachta níocháin ag an toilleadh rátaithe.

    4.   ÉIFEACHTACHT SHRUTHLAITHE

    Éifeachtacht níocháin meaisíní níocháin tí agus timthriall níocháin meaisíní niteoir-triomadóirí tí (IR) agus éifeachtacht níocháin timthriall iomlán meaisíní niteoir-triomadóir tí (JR), déanfar iad a ríomh trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó trí úsáid a bhaint as modh iontaofa, cruinn agus in-athsholáthraithe eile bunaithe ar marcóir shulfónáit ailcilibeinsín líneach a bhrath, agus slánófar iad go dtí an chéad ionad deachúil.

    I gcás meaisíní níocháin tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg agus i gcás timthriall níocháin meaisíní niteoirí-triomadoirí tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg, is é an IR a léireofar ar an mBileog Eolais faoin Táirge luach na héifeachtachta sruthlaithe ag an toilleadh níocháin rátaithe, nó leath den toilleadh níocháin rátaithe, nó ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe, cibé acu is airde.

    I gcás meaisíní níocháin tí is lú toilleadh rátaithe acu ná 3 kg nó cothrom leis sin agus i gcás timthriall níocháin meaisíní niteoir triomadóirí tí is lú toilleadh rátaithe ná 3 kg nó cothrom leis sin, ní léireofar luach IW ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge.

    I gcás meaisíní niteoir-triomadóir tí is airde toilleadh rátaithe ná 3 kg, is é an JR a léireofar ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge an éifeachtacht sruthlaithe ag an toilleadh rátaithe nó leath den toilleadh rátaithe, cibé acu is lú.

    I gcás meaisíní niteoir-triomadóir tí níocháin is lú toilleadh rátaithe ná 3 kg, ní léireofar luach JR ar an mBileog Faisnéise faoin Táirge.”;

    (d)

    i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 2:

    “Maidir le meaisíní niteoir-triomadóir is lú toilleadh níocháin rátaithe ná 3 kg nó cothrom leis, is é tomhaltas ualaithe uisce an timthrialla níocháin agus an timthrialla triomúcháin an tomhaltas uisce ag an toilleadh rátaithe agus a shlánaítear go dtí an tslánuimhir is gaire.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

    “7.   AN CION TAISE ATÁ FÁGTHA

    ‘Déantar cion ualaithe taise de mheaisín níocháin tí agus de thimthriall níocháin meeaisín niteoir-triomadóir tí atá fágtha tar éis níocháin (D) a ríomh mar chéatadán mar a leanas agus slánaítear é go dtí an chéad ionad deachúil:

    Image 1

    nuair:

    Dfull, is é sin an cion taise atá fágtha san éicea-chlár 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe, mar chéatadán agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil;

    D1/2, is é sin an cion taise atá fágtha san éicea-chlár 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe, mar chéatadán agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil;

    D1/4 , is é sin an cion taise atá fágtha san éicea-chlár 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe, mar chéatadán agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil;

    Is iad A, B agus C na tosca ualúcháin a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.1(c).”;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

    “9.   MÓID ÍSEALCHUMHACHTA

    I gcás inarb infheidhme, déantar ídiú cumhachta an mhóid ‘as’ (Po), an mhóid fuireachais (Psm) agus an túis mhoillithe (Pds) a shloinneadh i W, agus a a shlánú go dtí an dara hionad deachúil.

    Le linn an t-ídiú cumhachta i móid ísealchumhachta a thomhas, déanfar na nithe seo a leanas a sheiceáil agus a thaifeadadh:

    an dtaispeántar faisnéis nó nach dtaispeántar;

    an ngníomhaítear nasc líonra nó nach ngníomhaítear.

    Má sholáthraítear feidhm coiscthe filltín le meaisín níocháin tí nó le meaisín niteoir-triomadóir tí, cuirfear isteach ar an oibríocht sin trí dhoras an mheaisín níocháin tí nó doras an mheaisín niteora-triomadóra tí a oscailt, nó trí aon idirghabháil iomchuí eile a dhéanamh 15 nóiméad roimh an ídiú cumhachta a thomhas.”;

    (g)

    cuirtear isteach ag an deireadh an pointe 11 seo a leanas isteach:

    “11.   LUAS CASAIDH

    Déanfar luas casaidh meaisíní níocháin tí agus timthriall níocháin meaisíní niteoir-triomadóir tí a thomhas nó a ríomh ag an rogha luas casaidh is tapúla san éicea-chlár 40-60 trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-athsholáthraithe eile, ina gcuirtear san áireamh an úrscothacht a aithnítear go ginearálta, agus slánófar iad go dtí an tslánuimhir is gaire.”;

    (3)

    leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

    (a)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 5:

    “Tábla 5

    Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthróra  (1)  (3):

    Seoladh an tsoláthróra  (1)  (3):

    Aitheantóir múnla  (1):

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Toilleadh rátaithe  (2) (kg)

    x,x

    Toisí i cm (1),  (3)

    Airde

    x

    Leithead

    x

    Doimhneacht

    x

    Innéacs éifeachtúlachta fuinnimh (2) (EEIW)

    x,x

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh (2)

    [A/B/C/D/E/F/G] (4)

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin (2)

    x,xxx

    Éifeachtacht sruthlaithe (g/kg) (2)

    x,x

    Ídiú fuinnimh i dtéarmaí kWh in aghaidh an timthrialla, bunaithe ar an éicea-chlár 40-60 idir ualaí iomlána agus ualaí páirteacha ann. Braithfidh ídiú fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas.

    x,xxx

    Ídiú uisce i dtéarmaí lítear in aghaidh an timthrialla, i gcás an éicea-chláir 40-60 idir ualaí iomlána agus ualaí páirteacha ann. Braithfidh ídiú uisce iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas agus ar chruas an uisce.

    x

    Uasteocht laistigh den teicstíl chóireáilte (2) (°C)

    Toilleadh rátaithe

    x

    An cion taise ualaithe atá fágtha tar éis níocháin (2) (%)

    x,x

    Leath

    x

    Ceathrú

    x

    Luas casaidh (2) (rpm)

    Toilleadh rátaithe

    x

    Aicme éifeachtúlachta castriomaithe (2)

    [A/B/C/D/E/F/G] (4)

    Leath

    x

    Ceathrú

    x

    Fad an chláir (2) (uair an chloig:nóiméad)

    Toilleadh rátaithe

    x:xx

    Cineál

    [ionsuite/saorsheasamh]

    Leath

    x:xx

    Ceathrú

    x:xx

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha na céime casta (2) (dB(A) re 1 pW)

    x

    Aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha (2) (an chéim chasta)

    [A/B/C/D] (4)

    Mód ‘as’ (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Mód fuireachais (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Tús moillithe (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Fad íosta na ráthaíochta a chuireann an soláthróir ar fáil  (1),  (3):

    Dearadh an táirge seo ionas go scaoilfear le hiain airgid le linn an timthrialla níocháin

    [TÁ/NÍL]

    Tuilleadh faisnéise  (1),  (3):

    Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 9 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (1):

    (b)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 6:

    “Tábla 6

    Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthróra  (5),  (8):

    Seoladh an tsoláthróra  (5),  (8):

    Aitheantóir múnla (5):

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Toilleadh rátaithe (kg)

    Toilleadh rátaithe (7)

    x,x

    Toisí i cm (5),  (8)

    Airde

    x

    Toilleadh níocháin rátaithe (6)

    x,x

    Leithead

    x

    Doimhneacht

    x

    Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh

    EEIW  (6)

    x,x

    Aicme éifeachtúlachta fuinnimh

    EEIW  (6)

    [A/B/C/D/E/F/G] (9)

    EEIWDWD  (7)

    x,x

    EEIWDWD  (7)

    [A/B/C/D/E/F/G] (9)

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin

    IW  (6)

    x,xxx

    Éifeachtacht teicstíl thirim (g/ kg)

    IR  (6)

    x,x

    JW  (7)

    x,xxx

    JR  (7)

    x,x

    Ídiú fuinnimh i dtéarmaí kWh in aghaidh an timthrialla, i gcás timthriall níocháin an mheaisín níocháin tí, ag úsáid an éicea-chlár 40-60 idir ualaí iomlána agus ualaí páirteacha ann. Braithfidh ídiú fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas

    x,xxx

    Ídiú fuinnimh i dtéarmaí kWh in aghaidh an timthrialla, i gcás timthriall níocháin agus triomúcháin an mheaisín niteoir-triomadóir tí idir ualaí iomlána agus ualaí leathlána ann. Braithfidh ídiú fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas

    x,xxx

    Ídiú uisce i dtéarmaí lítear in aghaidh an timthrialla, i gcás an éicea-chláir 40-60 idir ualaí iomlána agus ualaí páirteacha ann. Braithfidh ídiú uisce iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas agus ar chruas an uisce

    x

    Ídiú uisce i dtéarmaí lítear in aghaidh an timthrialla, i gcás timthriall níocháin agus triomúcháin an mheaisín niteoir-triomadóir tí idir ualaí iomlána agus leathualaí ann. Braithfidh ídiú uisce iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas agus ar chruas an uisce

    x

    Uasteocht laistigh den teicstíl chóireáilte (°C) i gcás timthriall níocháin an mheaisín niteoir-triomadóir tí, , ag úsáid an éicea-chlár 40-60

    Toilleadh níocháin rátaithe

    x

    Uasteocht laistigh den teicstíl chóireáilte (°C) i gcás timthriall níocháin an mheaisín niteoir-triomadóir tí, ag úsáid an timthrialla níocháin agus triomúcháin

    Toilleadh rátaithe

    x

    Leath

    x

    Ceathrú

    x

    Leath

    x

    Luas casaidh (6)

    Toilleadh níocháin rátaithe

    x

    An cion taise ualaithe atá fágtha tar éis níocháin (%) (6)

    x,x

    Leath

    x

    Ceathrú

    x

    Fad an éicea-chláir 40-60 (uair an chloig:nóiméad)

    Toilleadh níocháin rátaithe

    x:xx

    Aicme éifeachtúlachta castriomaithe (6)

    [A/B/C/D/E/F/G] (9)

    Leath

    x:xx

    Ceathrú

    x:xx

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha le linn chéim chasta an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (dB(A) re 1 pW)

    x

    fad an timthrialla níocháin agus triomúcháin (uair an chloig:nóiméad)

    Toilleadh rátaithe

    x:xx

    Leath

    x:xx

    Cineál

    [ionsuite/saorsheasamh]

    Aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha i gcás chéim chasta an éicea-chláir 40-60 ag acmhainn ag an toilleadh níocháin rátaithe

    [A/B/C/D/E/F/G] (9)

    Mód ‘as’ (W) (má bhaineann le hábhar)

    x,xx

    Mód fuireachais (W) (má bhaineann le hábhar)

    x,xx

    Tús moillithe (W) (má bhaineann le hábhar)

    x,xx

    Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Fad íosta na ráthaíochta a chuireann an soláthróir ar fáil  (5),  (8):

    Dearadh an táirge seo ionas go scaoilfear le hiain airgid le linn an timthrialla níocháin

    [TÁ/NÍL]

    Tuilleadh faisnéise  (5),  (8):

    Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 9 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún:

    (4)

    Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    I gcás meaisíní níocháin tí, aireofar na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Airteagal 3:

    (a)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (b)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (c)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (d)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 7; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (e)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (f)

    coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b);

    (g)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    Tábla 7

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha le haghaidh meaisíní níocháin tí

    PARAIMÉADAR

    LUACH FÓGARTHA

    AONAD

    Toilleadh rátaithe i gcás an éicea-chláir 40-60, ag eatraimh 0,5 kg (c)

    X,X

    kg

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (EW,full)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (EW,½)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (EW,1/4)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú ualaithe fuinnimh an éicea-chláir 40-60 (EW)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh caighdeánach an éicea-chláir 40-60 (SCEW)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEIW)

    X,X

    -

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (WW,full)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (WW,½)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (WW,1/4)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú ualaithe uisce (WW )

    X

    L/timthriall

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (EW,full)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (IR)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (IR)

    X,X

    g/kg

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (T)

    X

    °C

    Luas casaidh le linn chéim chasta an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh rátaithe (S)

    X

    rpm

    Luas casaidh le linn chéim chasta an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh rátaithe (S)

    X

    rpm

    Luas casaidh le linn chéim chasta an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh rátaithe (S)

    X

    rpm

    An cion taise ualaithe atá fágtha tar éis níocháin (D)

    X,X

    %

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha le linn an éicea-chláir 40-60 (an chéim chasta)

    X

    dB(A) re 1 pW

    Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa mhód ‘fuireachais’ (Psm) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    An bhfuil ‘taispeáint faisnéise’ san áireamh sa mhód fuireachais?

    Tá/Níl

    -

    Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ (Psm) i staid fuireachais líonraithe (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa ‘tús moillithe’ (Pds) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W”

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

    “2.

    I gcás meaisíní níocháin tí, aireofar na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Airteagal 3:

    (a)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (b)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (c)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (d)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 8; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (e)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (f)

    coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b);

    (g)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12.5 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    Tábla 8

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha le haghaidh meaisíní niteoir-triomadóir tí

    PARAIMÉADAR

    LUACH FÓGARTHA

    AONAD

    Toilleadh rátaithe i gcás an timthrialla níocháin, ag eatraimh 0,5kg (c)

    X,X

    kg

    Toilleadh rátaithe an timthrialla níocháin agus an timthrialla triomúcháin, ag eatraimh 0,5 kg(d)

    X,X

    kg

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (EW,full)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (EW,½)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (EW,1/4)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú ualaithe fuinnimh an éicea-chláir 40-60 (EW)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh caighdeánach an éicea-chláir 40-60 (SCEW)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh an timthrialla níocháin (EEIW)

    X,X

    -

    Ídiú fuinnimh an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (EW,full)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag leath den toilleadh rátaithe (EW,½)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú ualaithe fuinnimh an timthrialla níocháin agus triomúcháin (EWD)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh caighdeánach an timthrialla níocháin agus triomúcháin (SCEWD)

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh an timthrialla níocháin agus triomúcháin (EEIWD)

    X,X

    -

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (WW,full)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (EW,½)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (WW,1/4)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú ualaithe uisce an timthrialla níocháin (WW)

    X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (WWD,full)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú uisce an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag leath den toilleadh rátaithe (WWD,½)

    X,X

    L/timthriall

    Ídiú ualaithe uisce an timthrialla níocháin agus triomúcháin (WWD)

    X

    L/timthriall

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (Iw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (Jw)

    X,XXX

    -

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag leath den toilleadh rátaithe (Jw)

    X,XXX

    -

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (IR)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (IR)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (IR)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (JR)

    X,X

    g/kg

    Éifeachtacht sruthlaithe an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag leath den toilleadh rátaithe (JR)

    X,X

    g/kg

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (tw)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (tWD)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Fad an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag leath den toilleadh rátaithe (tWD)

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh den ualach le linn an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh d’ualach an timthrialla níocháin le linn an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (T)

    X

    °C

    An teocht a shroichtear ar feadh 5 nóiméad ar a laghad laistigh d’ualach an timthrialla níocháin le linn an timthrialla níocháin agus triomúcháin ag an toilleadh rátaithe (T)

    X

    °C

    Luas casaidh le linn na céime casta an éicea-chláir 40-60 ag an toilleadh níocháin rátaithe (S)

    X

    rpm

    Luas casaidh le linn céim chasta an éicea-chláir 40-60 ag leath den toilleadh níocháin rátaithe (S)

    X

    rpm

    Luas casaidh le linn céim chasta an éicea-chláir 40-60 ag ceathrú den toilleadh níocháin rátaithe (S)

    X

    rpm

    An cion taise ualaithe atá fágtha tar éis níocháin (D)

    X,X

    %

    An cion taise deiridh tar éis triomúcháin

    X,X

    %

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha le linn an éicea-chláir 40-60 (an chéim chasta)

    X

    dB(A) re 1 pW

    Ídiú cumhachta sa mhód ‘as’ (Po) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa mhód ‘fuireachais’ (Psm) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    An bhfuil ‘taispeáint faisnéise’ san áireamh sa mhód fuireachais?

    Tá/Níl

    -

    Ídiú cumhachta sa ‘mhód fuireachais’ (Psm) i staid fuireachais líonraithe (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa ‘tús moillithe’ (Pds) (má bhaineann le hábhar)

    X,XX

    W”

    (5)

    in Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    An lipéad iomchuí a chuir soláthróirí ar fáil i gcomhréir le pointe 1(g) d’Airteagal 3, taispeánfar é sin ar an sásra taispeána taobh le praghas an táirge. Beidh an méid sa chaoi go mbeidh an lipéad sofheicthe agus soléite agus go mbeidh sé comhréireach leis an méid a shonraítear in Iarscríbhinn III. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe, agus sa chás sin, an íomhá a úsáidtear leis an lipéad a rochtain, comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí a leagadh síos i mír 2 den Iarscríbhinn seo. Más rud é go mbaintear feidhm as taispeáint neadaithe, beidh an lipéad le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ainliú luiche, nó méadú scáileáin tadhlach ar an íomhá.”;

    (6)

    leasaítear Iarscríbhinn IX mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith . Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí le haghaidh an tsoláthróra ná na luachanna a fhógraítear sa doiciméadacht theicniúil.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d’fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí 3 agus 6 nó leis an dara mír den Iarscríbhinn seo.”;

    (d)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 9:

    “Tábla 9

    Na lamháltais fíorúcháin

    Paraiméadar

    Na lamháltais fíorúcháin

    EW,full, EW,½, EW,1/4, EWD,full, EWD,½

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 10 % os cionn luach fógartha EW,full, EW,½, EW,1/4, EWD,full agus EWD,½, faoi seach.

    Ídiú ualaithe fuinnimh (EW agus EWD)

    Ní rachaidh an luach cinntithe  (*1) thar 10 % os cionn luach fógartha EW agus EWD, faoi seach.

    WW,full, WW,½ WW,1/4, WWD,full, WWD,½

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 10 % os cionn luach fógartha WW,full, WW,½ WW,1/4, WWD,full agus WWD,½, faoi seach.

    Ídiú ualaithe uisce (WW agus WWD)

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 10 % os cionn luach fógartha WW agus WWD, faoi seach.

    Innéacs éifeachtúlachta níocháin (IW agus W) ag gach ualach ábhartha

    Ní bheidh an luach cinntithe (*1) níos lú ná 8 % faoi bhun an luacha fhógartha IW, agus Jw, faoi seach.

    Éifeachtacht sruthlaithe (IR agus JR) ag gach ualach ábhartha

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 1,0 g/kg os cionn luach fógartha IR agus JR, faoi seach.

    Fad an chláir nó an timthrialla (tW agus tWD) ag gach ualach ábhartha

    Ní rachaidh luach cinntithe (*1) fhad an chláir nó an timthrialla thar 5 % nó thar deich nóiméad os cionn luach fógartha tW agus tWD faoi seach, cé acu is lú.

    Uasteocht laistigh den níochán (T) le linn an timthrialla níocháin ag gach ualach ábhartha

    Ní bheidh an luach cinntithe (*1) níos lú ná 5 K níos lú ná luach fógartha T agus ní rachaidh sé thar luach fógartha T de bhreis ar 5 K.

    An cion taise ualaithe atá fágtha tar éis níocháin (D)

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 10 % os cionn luach fógartha D.

    An cion taise deiridh tar éis triomúcháin ag gach ualach ábhartha

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 3,0 %.

    Luas casaidh (S) ag gach ualach ábhartha

    Ní bheidh an luach cinntithe (*1) níos lú ná luach fógartha S de níos mó ná 10 %.

    Ídiú cumhachta sa mhód “as” (Po)

    Ní rachaidh luach cinntithe (*1) ídithe cumhachta Po thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha.

    Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais (Psm)

    Ní rachaidh luach cinntithe (*1) an ídithe cumhachta Psm thar 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

    Ídiú cumhachta sa tús moillithe (Pds)

    Ní rachaidh luach cinntithe (*1) an ídithe cumhachta Pds thar 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*1) thar 2 dB(A) re 1 pW os cionn an luacha fhógartha.

    (7)

    in Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    ríomhtar an cion taise atá fágtha tar éis níocháin mar an meán ualaithe, de réir thoilleadh rátaithe gach druma;”.



    (1)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (2)  i gcas an éicea-chláir 40-60.

    (3)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (4)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sinseo

    (5)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (6)  i gcas an éicea-chláir 40-60.

    (7)  i gcás an timthrialla níocháin agus triomúcháin.

    (8)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (9)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.”;

    (*1)  I gcás trí aonad bhreise arna dtástáil de réir mar a fhorordaítear i bpointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear le haghaidh na dtrí aonad bhreise.”


    IARSCRÍBHINN III

    Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV, V, VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (42):

    “(42)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú.”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír de phointe 1:

    “Beidh an lipéad:

    i gcás an lipéid ar mhéid chaighdeánach, ar laghad 36 mm ar leithead agus 72 mm ar airde;

    i gcás an lipéid bhig (leithead níos lú ná 36 mm), ar a laghad 20 mm ar leithead agus 54 mm ar airde.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe urchair 6 de phointe 2.3 (e):

    “6.

    beidh meáchan 0,5 pt ag teorainn dhronuilleogach an lipéid agus ag na deighilteoirí inmheánacha agus dath 100 % dubh a bheidh orthu”;

    (3)

    leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

    (a)

    i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    i suiteálacha míochaine raideolaíche agus núicléiche atá faoi réir caighdeáin sábháilteachta radaíochta mar a leagtar amach i dTreoir 2013/59/EURATOM ón gComhairle (1);

    (1)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013, leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).”;"

    (b)

    i bpointe 3, cuirtear an pointe (l) seo a leanas leis:

    “(l)

    Foinsí solais gealbhruthacha a bhfuil comhéadan leictreach acu le teagmháil lainne, cluaisín miotail, sreang dhualach, snáithe méadrach nó bonn pionna acu nó comhéadan leictreach neamhchaighdeánach saincheaptha, a bhfuil cás orthu atá déanta as feadáin gloine-ghrianchloiche, atá saindeartha agus a mhargaítear go heisiach i leith trealamh leictri-téite tionsclaíoch nó gairmiúil (e.g. próiseas múnlála séidte sínte sa Tionscal PET, priontáil 3T, próisis mhonaraíochta fhótavoltacha agus leictreonacha, triomú nó cruachan greamachán, dúch, péinteanna nó bratuithe).”

    (c)

    cuirtear an pointe (4) seo a leanas léi:

    “(4)

    Foinsí solais atá saindeartha agus a mhargaítear go heisiach i leith táirgí faoi raon feidhme Rialacháin (AE) 2019/2023, (AE) 2019/2022, (AE) Uimh. 932/2012 agus (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún, beidh siad díolmhaithe ó cheanglais phointí 1(e)(7b), 1(e)(7c) agus 1(e)(7d) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.”

    (4)

    leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 3:

    Tábla 3

    Bileog faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthraí  (1),  (5):

    Seoladh an tsoláthraí  (1),  (5):

    Aitheantóir múnla  (5):

    Cineál na foinse solais:

    An teicneolaíocht soilsithe a úsáidtear:

    [HL/LFL T5 HE/ LFL T5 HO/CFLni/ eile FL/ HPS/ MH/ eile HID/ LED/ OLED/measctha/eile]

    Teicneolaíocht neamhthreoch nó threoch:

    [NDLS/DLS]

    Caipín na foinse solais

    (nó comhéadan leictreach eile)

    [téacs saor]

     

     

    Príomhlíonra nó neamh-phríomhlíonra:

    [MLS/NMLS]

    Foinse solais nasctha (FSN):

    [tá/níl]

    Foinse solais dhath-intiúnáilte:

    [tá/níl]

    Imchlúdach:

    [gan imclúdach/dara himclúdach/imclúdach neamh-thrédhearcach]

    Foinse solais ardlonrais:

    [tá/níl]

     

     

    Sciath fhrithdhallta:

    [tá/níl]

    Soilse íslithe:

    [Tá/le híslitheoirí sonracha amháin/níl]

    Paraiméadair tháirge

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Ídiú fuinnimh sa mhód ‘ar siúl’ (kWh/1000 uair an chloig), slánaithe suas go dtí an tslánuimhir is gaire

    x

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    [A/B/C/D/E/F/G] (2)

    Flosc lonrúil úsáideach(Φuse), lena léirítear má thagraíonn sé don fhlosc i sféar (360°), i gcón leathan (120°) nó i gcón caol (90°)

    x i [sféar/cón leathan/cón caol]

    An dath-theocht chomhchoibhneasach is féidir a shocrú, slánaithe go dtí an 100 K is gaire, nó raon na ndath-theochtaí comhchoibhneasacha is féidir a shocrú, slánaithe go dtí an 100 K is gaire

    [x/x…x/x nó x (nó x…)]

    Cumhacht an mhóid ‘ar siúl’ (Pon), sloinnte i W

    x,x

    Cumhacht fuireachais (Psb), sloinnte i W agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil

    x,xx

    Cumhacht fuireachais líonraithe (Pnet ) i gcomhair FSN, sloinnte i W agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil

    x,xx

    Treoiruimhir dathscáthaithe, slánaithe go dtí an tslánuimhir is gaire, nó an raon luachanna CRI is féidir a shocrú

    [x/x…x]

    Toisí seachtracha  (1),  (5)

    gan gléas rialaithe ar leith, páirteanna rialaithe soilsiúcháin agus páirteanna rialaithe neamhshoilsithe, más ann dóibh (milliméadar)

    Airde

    x

    Dáileadh cumhachta speictreach sa réimse 250 nm go 800 nm, ag lánualach

    [graific]

    Leithead

    x

    Doimhneacht

    x

    Maíomh cumhachta coibhéisí (3)

    [tá/-]

    Má tá, cumhacht choibhéiseach (W)

    x

     

     

    Comhordanáidí crómatachta (x agus y)

    0,xxx

    0,xxx

    Paraiméadair le haghaidh foinsí treosholais:

    Buaicdhlús lonrúil (cd)

    x

    Uillinn léis i gcéimeanna, nó raon na n-uillinneacha léis is féidir a shocrú

    [x/x…x]

    Paraiméadair le haghaidh foinsí solais LED agus OLED:

    Luach innéacs dathscáthaithe R9

    x

    Fachtóir marthanachta

    x,xx

    fachtóir cothabhála an lumáin

    x,xx

     

     

    Paraiméadair le haghaidh foinsí solais príomhlíonra LED agus OLED:

    fachtóir díláithriúcháin (cos φ1)

    x,xx

    Comhsheasmhacht datha in éilipsí McAdam

    x

    Maíomh go dtagann foinse solais LED in ionad foinse solais fhluaraisigh gan ballasta comhtháite de vatacht ar leith.

    [tá/-] (4)

    Má tá, ansin maíomh ionaid (W)

    x

    Méadrach caochaíola (Pst LM)

    x,x

    Méadrach éifeachta stróbascópaí (SVM)

    x,x

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7:

    “Tábla 7

    Maíomh coibhéise le haghaidh foinsí solais neamhthreocha

    Flosc lonrúil foinse solais Φ (lm)

    An chumhacht choibhéiseach a mhaítear i leith na foinse solais ghealbhruthaigh (V)

    136

    15

    249

    25

    470

    40

    806

    60

    1 055

    75

    1 521

    100

    2 452

    150

    3 452

    200”

    (5)

    leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

    (a)

    i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e)

    “(e)

    na luachanna fógartha le haghaidh na bparaiméadar teicniúil seo a leanas; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críoch an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX:

    (1)

    flosc lonrúil úsáideach (Φuse) i lm;

    (2)

    innéacs dathscáthaithe (CRI);

    (3)

    cumhacht an mhóid “ar siúl” (Pon) i W;

    (4)

    uillinn léis i gcéimeanna le haghaidh foinsí treosholais (DLS);

    (4a)

    buaicdhlús lonrúil i cd le haghaidh foinsí treosholais (DLS);

    (5)

    dath-theocht chomhchoibhneasach (CCT) i K;

    (6)

    cumhacht fuireachais (Psb) i W, lena n-áirítear nuair atá sí nialasach;

    (7)

    cumhacht fuireachais líonraithe (Pnet) in W i gcás foinsí solais nasctha (FSN);

    (7a)

    luach innéacs dathscáthaithe R9 le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (7b)

    fachtóir marthanachta le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (7c)

    fachtóir cothabhála lumáin le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (7d)

    saolré tháscach L70B50 le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (8)

    fachtóir díláithriúcháin (cos φ1) le haghaidh foinsí príomhlíonra solais LED agus OLED;

    (9)

    comhsheasmhacht datha i gcéimeanna éilips MacAdam le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (10)

    lonras-HLLS i cd/mm 2 (ach amháin i gcás HLLS)

    (11)

    méadrach caochaíola (PstLM) le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (12)

    méadrach éifeachta stróbascópaí (SVM) le haghaidh foinsí solais LED agus OLED;

    (13)

    íonacht floscacháin, ach amháin le haghaidh CTLS, i leith na ndathanna seo a leanas agus i leith an tonnfhaid cheannasaigh laistigh den raon atá tugtha:

    Dath

    Raon an tonnfhaid cheannasaigh

    Gorm

    440 nm — 490 nm

    Glas

    520 nm — 570 nm

    Dearg

    610 nm — 670 nm”;

    (b)

    cuirtear an pointe 2 seo a leanas léi:

    “2.

    Is éard a bheidh sna heilimintí a liostaítear faoi phointe 1 na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369.”

    (6)

    leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith. Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a dhearbhaítear sa doiciméadacht theicniúil.

    I gcás inar dearadh múnla ionas go mbeifí in ann a bhrath go bhfuil sé á thástáil (e.g. trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint), agus gníomhú go sonrach trína fheidhmíocht le linn na tástála a athrú go huathoibríoch agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach le haghaidh aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa Rialachán seo nó atá san áireamh sa doiciméadacht theicniúil nó in aon doiciméadacht a chuirtear ar fáil, measfar nach bhfuil an múnla agus gach múnla coibhéiseach comhlíontach.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d’fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír de phointe 1:

    “Fíoróidh údaráis an Bhallstáit 10 n-aonad den mhúnla foinse solais le haghaidh phointe 2(c) den Iarscríbhinn seo. Leagtar síos na lamháltais fíorúcháin i dTábla 9 den Iarscríbhinn seo.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

    “3.

    Mura mbaintear amach na torthaí dá dtagraítear i bpointí 2(a), (b), nó (c) measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 9:

    “Tábla 9

    Na lamháltais fíorúcháin

    Paraiméadar

    Méid an tsampla

    Na lamháltais fíorúcháin

    Cumhacht an mhóid ‘ar siúl’ ag lán-ualach Pon [W]:

     

     

    Pon ≤ 2W

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe thar 0,20 W os cionn an luacha fhógartha.

    2W < Pon ≤ 5W

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*) thar 10 % os cionn an luacha fhógartha.

    5W < Pon ≤ 25W

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*) thar 5 % os cionn an luacha fhógartha.

    25W < Pon ≤ 100W

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*) thar 5 % os cionn an luacha fhógartha.

    100W < Pon

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe (*) thar 2,5 % os cionn an luacha fhógartha.

    Fachtóir díláithriúcháin [0-1]

    10

    Ní bheidh an luach cinntithe níos lú ná an luach fógartha lúide 0,1 aonad.

    Flosc lonrúil úsáideach Φuse [lm]

    10

    Ní bheidh an luach cinntithe (*) níos lú ná an luach fógartha lúide 10 %.

    Cumhacht fuireachais Psb agus cumhacht fuireachais líonraithe Pnet [W]

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha.

    CRI agus R9 [0-100]

    10

    Ní bheidh an luach cinntithe thar 2,0 aonad níos lú ná an luach fógartha.

    Caochaíl [Pst LM] agus éifeacht stróbascópach [SVM]

    10

    Ní rachaidh an luach cinntithe thar 0,1 os cionn an luacha fhógartha ná thar 10 % os cionn an luacha fhógartha, má tá an luach fógartha níos mó ná 1,0

    Comhsheasmhacht datha [Céimeanna éilips MacAdam]

    10

    Ní rachaidh líon cinntithe na gcéimeanna thar líon fógartha na gcéimeanna. Is é a bheidh i lár éilips MacAdam an lár a dhearbhaigh an soláthróir le lamháltas 0,005 aonad.

    Uillinn léis (céim)

    10

    Ní imeoidh an luach cinntithe (*) thar 25 % ón luach fógartha.

    Éifeachtúlacht iomlán an phríomhlíonra ηTM [lm/W]

    10

    Ní bheidh an luach cinntithe (líon) níos lú ná an luach fógartha lúide 5 %.

    Fachtóir cothabhála lumáin (le haghaidh LED agus OLED)

    10

    Ní bheidh XLMF % cinntithe an tsampla níos lú ná XLMF, MIN % de réir an téacs in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún (2).

    Fachtóir marthanachta

    (le haghaidh LED agus OLED)

    10

    Ní mór ar a laghad 9 bhfoinse solais den sampla tástála a bheith oibríochtúil tar éis an tástáil strustuirse in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/2020 a chur i gcrích.

    Íonacht floscacháin [%]

    10

    Ní bheidh an luach cinntithe (*) níos lú ná an luach fógartha lúide 5 %.

    Dath-theocht chomhchoibhneasach [K]

    10

    Ní imeoidh an luach cinntithe (*) thar 10 % ón luach fógartha.

    Buaicdhlús lonrúil [cd]

    10

    Ní imeoidh an luach cinntithe (*) thar 25 % ón luach fógartha.

    I gcás foinsí solais inscálaithe ach an-fhada a bhfuil geoiméadracht líneach acu, amhail stiallóga nó téada LED, breithneoidh tástáil fíorúcháin ag údaráis um fhaireachas margaidh fad 50 cm, nó fad ag an luach is gaire do 50 cm, mura bhfuil an fhoinse solais inscálaithe ag an luach sin. Cuirfidh soláthróir na foinse solais in iúl cén trealamh rialaithe atá oiriúnach don fhad sin.

    Agus iad ag fíorú an foinse solais atá i dtáirge, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh comparáid idir na luachanna tomhaiste do chomhordanáidí crómatachta (x agus y), flosc lonrúil, dlús flosca lonrúil, agus innéacs dathscáthaithe go díreach leis na teorainnluachanna arna leagan amach sa sainmhíniú ar fhoinse solais in Airteagal 2 den Rialachán seo, gan aon lamháltas a chur i bhfeidhm. Má chomhlíonann aon aonad de na 10 n-aonad sa sampla na coinníollacha maidir le bheith ina fhoinse solais, measfar gur foinse solais é an múnla táirge.

    Trí úsáid a bhaint as an socrú rialaithe tagartha, déanfar meastóireacht ar fhoinsí solais a chuireann ar chumas an úsáideora deiridh dlús lonrúil, dath, dath-theocht chomhchoibhneasach, speictream agus/nó uillinn léis an tsolais a astaítear a rialú de láimh nó go huathoibríoch, go díreach nó go cianda.”


    (1)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013, leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).”;’


    (1)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar na hítimí seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (2)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

    (3)  ‘-‘ : neamhbhainteach;

    ‘tá’: ní fhéadfar maíomh coibhéise a bhaineann le Cumhacht atá i gcineál foinse solais arna ionadú a thabhairt ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    i gcás foinsí treosholais, má liostaítear cineál na foinse solais i dTábla 4 agus mura bhfuil flosc lonrúil na foinse solais i gcónán 90 ° (Φ90°) níos ísle ná an flosc lonrúil tagartha comhfhreagrach i dTábla 4. Déanfar an flosc lonrúil tagartha a iolrú faoin bhfachtóir ceartúcháin i dTábla 5. I gcás foinsí solais LED, déanfar é a iolrú freisin faoin bhfachtóir ceartúcháin i dTábla 6;

    i gcás foinsí solais neamhthreocha, is í an chumhacht choibhéiseach a mhaítear i leith na foinse solais ghealbhruthaigh (i vata, slánaithe go dtí an tslánuimhir is gaire) an chumhacht a chomhfhreagraíonn d’fhlosc lonrúil na foinse solais i dTábla 7.

    Déanfar luachanna idirmheánacha an fhlosca lonrúla agus luachanna idirmheánacha na cumhachta coibhéisí a mhaítear i leith na foinse solais araon (i vata, slánaithe go dtí an tslánuimhir) a ríomh trí idirshuíomh líneach idir an dá luach chóngaracha.

    (4)  ‘-‘: neamhbhainteach;

    ‘tá’: Maíomh go dtagann foinse solais LED in ionad foinse solais fhluaraisigh gan ballasta comhtháite de vatacht ar leith. Ní féidir an méid sin a mhaíomh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    an dlús lonrúil i dtreo ar bith timpeall ais an fheadáin, mura n-imíonn sé de mhéid nach mó ná 25 % ón meándhlús lonrúil timpeall an fheadáin; agus

    mura bhfuil flosc lonrúil na foinse solais LED níos ísle ná flosc lonrúil na foinse solais fhluaraisigh na vatachta a mhaítear a bheith ann. Gheofar flosc lonrúil na foinse solais fhluaraisigh tríd an vatacht a mhaítear a iolrú le luach íosta na héifeachtúlachta lonrúla a chomhfhreagraíonn don fhoinse solais fhluaraisigh i dTábla 8; agus

    mura bhfuil vatacht na foinse solais LED níos airde ná vatacht na foinse solais fhluaraisigh a mhaítear a chuirtear ina hionad.

    Cuirfidh an comhad doiciméadachta teicniúla na sonraí ar fáil chun tacú leis an méid a bhí á mhaíomh.

    (5)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críoch Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.”

    (2)  Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 (féach leathanach 209 den Iris Oifigiúil seo).


    IARSCRÍBHINN IV

    Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, V, VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2016 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (42) seo a leanas léi:

    “(42)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú.”;

    (2)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

    “Tábla 1

    Aicme éifeachtúlachta breosla fearas cuisniúcháin

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    Innéacs éifeachtúlachta fuinnimh (EEI)

    A

    EEI ≤ 41

    B

    41 < EEI ≤ 51

    C

    51 < EEI ≤ 64

    D

    64 < EEI ≤ 80

    E

    80 < EEI ≤ 100

    F

    100 < EEI ≤ 125

    G

    EEI > 125”

    (3)

    in Iarscríbhinn IV, leasaítear pointe 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas isteach tar éis na chéad mhíre:

    “I gcás ina ndearbhaítear paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le Tábla 7 d’Iarscríbhinn VI, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna (h) agus (i):

    “(h)

    déantar acmhainneacht reo urrainne a ríomh mar 24 oiread mheáchan an ualaigh éadroim de chuid na hurrainne sin, arna roinnt ar an am reo chun teocht an ualaigh éadroim a thabhairt ó + 25 go – 18 °C ag teocht chomhthimpeallach de 25 °C arna sloinneadh in kg/24h agus arna slánú go dtí ionad deachúlach amháin;

    (i)

    gcás urranna 4-réalta, maidir leis an am reo chun teocht an ualaigh éadroim a thabhairt ó + 25 go – 18 °C ag teocht chomhthimpeallach de 25 °C, beidh san am reo sin am lena n-áirithítear go gcomhlíonann an acmhainn reo an ceanglas in Iarscríbhinn I, pointe 4.”;

    (c)

    cuirtear an pointe (k) seo a leanas leis:

    “(k)

    is é seo a leanas an meáchan ualaigh éadroim do gach urrann 4-réalta:

    3,5 kg/100 l de thoirt na hurrainne 4-réalta a ndearnadh meastóireacht uirthi, arna cothromú suas go dtí an 0,5 kg is gaire; agus,

    2 kg i gcás urrann 4-réalta ina bhfuil toirt a n-eascraíonn luach níos lú ná 2 kg as 3,5 kg/100 l ina leith;

    sa chás go n-áirítear meascán de urranna 3-réalta agus 4-réalta san fhearas cuisniúcháin, méadófar suim na meáchan ualaigh éadroim ionas gurb é seo a leanas suim na meáchan ualaigh éadroim do gach urrann 4-réalta:

    3,5 kg/100 l de thoirt iomlán na n-urrann 3-réalta agus 4-réalta uile, arna gcothromú suas go dtí an 0,5 kg is gaire; agus,

    2 kg i gcás toirt iomlán na n-urrann 3-réalta agus 4-réalta uile a n-eascraíonn luach níos lú ná 2 kg as 3,5 kg/100 l ina leith.”;

    (4)

    in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 6:

    “Tábla 6

    Bileog faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthraí  (2),  (4):

    Seoladh an tsoláthraí  (2),  (4):

    Aitheantóir múnla  (4):

    Cineál an fhearais cuisniúcháin:

    Fearas ísealtorainn:

    [tá/níl]

    Cineál deartha:

    [ionsuite/saorsheasaimh]

    Fearas stórála fíona:

    [tá/níl]

    Fearas cuisniúcháin eile:

    [tá/níl]

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Toisí foriomlána (milliméadar)  (2),  (4)

    Airde

    x

    Toirt iomlán (dm3 nó l)

    x

    Leithead

    x

    Doimhneacht

    x

    EEI

    x

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    [A/B/C/D/E/F/G] (3)

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha (dB(A) re 1 pW)

    x

    Aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha

    [A/B/C/D] (4)

    Ídiú fuinnimh bliantúil (kWh/a)

    x

    Aicme aeráide:

    [measartha sínte/ measartha/ fothrópaiceach/ trópaiceach]

    Íosteocht chomhthimpeallach (°C), a bhfuil an fearas cuisniúcháin oiriúnach di

    xc

    Uasteocht chomhthimpeallach (°C), a bhfuil an fearas cuisniúcháin oiriúnach di

    x (3)

    Socrú geimhridh

    [tá/níl]

     

    Paraiméadair Urrainne:

    Cineál urrainne

    Paraiméadair agus luachanna urrainne

    Toirt urrainne (dm3 nó l)

    An teocht a mholtar le haghaidh stóráil optamaithe bia (°C)

    Ní thiocfaidh na socruithe sin salach ar na dálaí stórála a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Tábla 3

    Acmhainneacht reo (kg/24 uair an chloig)

    Cineál dí-reoite

    (dí-reo uathoibríoch=A,

    dí-reo de láimh=M)

    Pantrach

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    Stóráil fíona

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    Siléar

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    Bia úr

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    Fuarú

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    0-réalta nó déanamh oighir

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    1-réalta

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    2-réalta

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    3-réalta

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    4-réalta

    [tá/níl]

    x,x

    x

    x,x

    [A/M]

    roinn 2-réalta

    [tá/níl]

    x,x

    x

    -

    [A/M]

    Urrann teochta inathraithe

    Cineálacha urrainne

    x,x

    x

    x,x (i gcás urranna 4 réalta) nó -

    [A/M]

    I gcás urranna 4-réalta

    Saoráid mhear-reo

    [tá/níl]

    I gcás fearas stórála fíona

    An líon buidéal caighdeánach fíona

    x

    Paraiméadair foinse solais  (1),  (2):

    Cineál na foinse solais

    [Teicneolaíocht soilsithe]

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    [A/B/C/D/E/F/G]

    Fad íosta na ráthaíochta a chuireann an soláthróir ar fáil  (2),  (4):

    Tuilleadh faisnéise  (2),  (4):

    Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún (2):

    (5)

    in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    Áireofar na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Airteagal 3:

    (a)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (b)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (c)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (d)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 7; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (e)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (f)

    coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b);

    (g)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    Tábla 7

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha le haghaidh fearais chuisniúcháin

    Cur síos ginearálta ar mhúnla an fhearais cuisniúcháin, ar leor é chun an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca:

    Sonraíochtaí táirge:

     

    Sonraíochtaí ginearálta táirge:

     

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Ídiú fuinnimh bliantúil (kWh/a)

    x,xx

    EEI (%)

    x,x

    Ídiú fuinnimh bliantúil caighdeánach (kWh/a)

    x,xx

    Comhpharaiméadar

    x,xx

    Am chun teocht a ardú (uair an chloig)

    x,xx

    Fachtóir ualaigh

    x,x

    Fachtóir chaillteanais teasa an dorais

    x,xxx

    Aicme aeráide

    [measartha sínte/ measartha/ fothrópaiceach/ trópaiceach]

    Cineál téitheora frith-chomhdhlúthaithe

    [ann-as láimhe/comhthimpeallach/eile/gan téitheoir]

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha (dB(A) re 1 pW)

    x

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le fearais chuisniúcháin, seachas maidir le fearais chuisniúcháin ísealtorainn:

    Paraiméadar

    Luach

     

    Ídiú fuinnimh laethúil ag 32 °C (kWh/24 uair an chloig)

    x,xxx

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le fearais chuisniúcháin ísealtorainn:

    Paraiméadar

    Luach

     

    Ídiú fuinnimh laethúil ag 25°C (kWh/24 uair an chloig)

    x,xxx

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le fearais stórála fíona

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Bogthaise inmheánach (%)

    [raon]

    Líon buidéal

    X

    Má tá iliomad urrann den chineál céanna san fhearas cuisniúcháin, déanfar na línte le haghaidh n-urrann sin arís. Mura bhfuil cineál áirithe urrainne i láthair, is é ‘-‘ a bheidh i luachanna paraiméadar na hurrainne.

    Sonraíochtaí urrainne:

     

    Paraiméadair agus luachanna urrainne

    Cineál urrainne

    Sprioc-theocht (°C)

    Toirt urrainne (dm3 nó l)

    Acmhainneacht reo (kg/24 uair an chloig)

    Paraiméadar teirmidinimiciúil (rc)

    Nc

    M c

    Fachtóir dí-reoite (Ac )

    Fachtóir ionsuite (Bc )

    Pantrach

    +17

    x,x

    -

    0,35

    75

    0,12

    1,00

    x,xx

    Stóráil fíona

    +12

    x,x

    -

    0,60

    75

    0,12

    1,00

    x,xx

    Siléar

    +12

    x,x

    -

    0,60

    75

    0,12

    1,00

    x,xx

    Bia úr

    +4

    x,x

    -

    1,00

    75

    0,12

    1,00

    x,xx

    Fuarú

    +2

    x,x

    -

    1,10

    138

    0,12

    1,00

    x,xx

    0-réalta nó déanamh oighir

    0

    x,x

    -

    1,20

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    1-réalta

    -6

    x,x

    -

    1,50

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    2-réalta

    -12

    x,x

    -

    1,80

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    3-réalta

    -18

    x,x

    -

    2,10

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    4-réalta

    -18

    x,x

    x,x

    2,10

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    roinn 2-réalta

    -12

    x,x

    -

    2,10

    138

    0,15

    x,xx

    x,xx

    Urrann teochta inathraithe

    X

    x,x

    x,x (le haghaidh urranna 4-réalta) nó -

    x,xx

    x

    x,xx

    x,xx

    x,xx

    Suim thoirteanna na hurrainne/na n-urrann fuaraithe agus na hurrainne/na n-urrann neamhreoite

    [l nó dm3]

     

    x

     

     

     

     

     

     

    Suim thoirteanna na hurrainne/na n-urrann reoite [l nó dm3]

     

    X”

     

     

     

     

     

     

    (6)

    leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith. Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a dhearbhaítear sa doiciméadacht theicniúil.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d’fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí 3 agus 6 nó leis an dara mír den Iarscríbhinn seo.”;

    (d)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 8:

    Tábla 8

    Lamháltais fíorúcháin le haghaidh paraiméadair thomhaiste

    Paraiméadair

    Lamháltais fíorúcháin

    Toirt iomlán agus toirt na n-urrann

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos mó ná 3 % ná 1 lítear níos ísle — cibé acu luach is mó — ná an luach fógartha.

    Acmhainneacht reo

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos nó ná 10 % níos ísle ná an luach dearbhaithe.

    E32

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos nó ná 10 % níos airde ná an luach dearbhaithe.

    Ídiú Fuinnimh Bliantúil

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos nó ná 10 % níos airde ná an luach dearbhaithe.

    Bogthaise inmheánach na bhfearas stórála fíona (%)

    Ní bheidh difear níos mó ná 10 % idir an luach cinntithe (a) agus an raon dearbhaithe.

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos mó ná 2 dB(A) re 1 pW níos mó ná an luach fógartha.

    Am chun teocht a ardú

    Ní bheidh an luach cinntithe (a) níos nó ná 15 % níos ísle ná an luach dearbhaithe.



    (1)  mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún (1)

    (2)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha phointe 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (3)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

    (4)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críoch Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (a)  I gcás trí aonad bhreise arna dtástáil de réir mar a fhorordaítear i bpointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear le haghaidh na dtrí aonad bhreise.”


    IARSCRÍBHINN V

    Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, V, VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (24) seo a leanas léi:

    “(24)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú.”;

    (2)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal Thábla 1: “Aicmí éifeachtúlachta fuinnimh miasniteoirí tí”;

    (3)

    Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre:

    “I gcás ina ndearbhaítear paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le Tábla 4 d’Iarscríbhinn VI, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2, 3 agus 4:

    “2.   INNÉACS FEIDHMÍOCHTA GLANTACHÁIN

    Chun innéacs feidhmíochta glantacháin (IC) múnla miasniteora tí a ríomh, déantar feidhmíocht ghlantacháin an éiceachláir a chur i gcomparáid le feidhmíocht ghlantacháin miasniteora tagartha.

    Ríomhtar an IC mar a leanas agus slánaítear é go dtí an tríú deachúil:

    IC = exp (ln IC)

    agus

    ln IC = (1/n) × Σn i=1 ln (CT,i/CR,i)

    áit arb é:

    CT,i feidhmíocht ghlantacháin éiceachlár an mhiasniteora tí atá á thástáil ar feadh aon tástáil amháin (i), slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil;

    CR,i feidhmíocht ghlantacháin an mhiasniteora tagartha ar feadh aon tástáil amháin (i), slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil;

    seasann n do líon na dtástálacha.

    3.   INNÉACS FEIDHMÍOCHTA TRIOMÚCHÁIN

    Chun innéacs feidhmíochta triomúcháin (IC) múnla miasniteora tí a ríomh, déantar feidhmíocht triomúcháin an éiceachláir a chur i gcomparáid le feidhmíocht triomúcháin an mhiasniteora tagartha.

    Ríomhtar an ID mar a leanas agus slánaítear é go dtí an tríú hionad deachúil:

    ID = exp (ln ID)

    agus

    ln ID = (1/n) × Σn i=1 ln(ID,i)

    áit arb é:

    ID,i innéacs feidhmíochta triomúcháin éiceachlár an mhiasniteora tí atá á thástáil ar feadh aon tástáil amháin (i);

    seasann n do líon na dtástálacha glantacháin agus triomúcháin le chéile.

    Ríomhtar an ID,imar a leanas agus slánaítear é go dtí an tríú hionad deachúil:

    ln ID,i = ln (DT,i / DR,t)

    áit arb é:

    DT,i feidhmíocht triomúcháin éiceachlár an mhiasniteora tí atá á thástáil ar feadh aon tástáil amháin (i), slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil;

    DR,tspriocscór triomúcháin an mhiasniteora tagartha, slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil.

    4.   MÓID ÍSEALCHUMHACHTA

    I gcás inarb infheidhme, déantar ídiú cumhachta an mhóid ‘as’ (Po), an mhóid fuireachais (Psm) agus an túis mhoillithe (Pds) a shloinneadh i W, agus a shlánú go dtí an dara hionad deachúil.

    Le linn an t-ídiú cumhachta i móid ísealchumhachta a thomhas, déanfar na nithe seo a leanas a sheiceáil agus a thaifeadadh:

    an dtaispeántar faisnéis nó nach dtaispeántar;

    an ngníomhaítear nasc líonra nó nach ngníomhaítear”;

    (4)

    in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 3:

    “Tábla 3

    Inneachar, ord agus formáid na bileoige faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthraí  (1), (3):

    Seoladh an tsoláthraí  (1), (3):

    Aitheantóir múnla  (1):

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Toilleadh rátaithe  (2) (ps)

    x

    Toisí i cm (1), (3)

    Airde

    x

    Leithead

    x

    Doimhneacht

    x

    EEI (2)

    x,x

    Aicme éifeachtúlachta breosla (2)

    [A/B/C/D/E/F/G] (4)

    Innéacs feidhmíochta glantacháin (2)

    x,xxx

    Innéacs feidhmíochta triomúcháin (2)

    x,xxx

    Ídiú fuinnimh i kWh [in aghaidh an timthrialla], bunaithe ar an éiceachlár a úsáideann uisce fuar chun meaisín a líonadh. Braithfidh ídiú fuinnimh iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas.

    x,xxx

    Ídiú uisce i lítir [in aghaidh an timthrialla], bunaithe ar an éiceachlár. Braithfidh ídiú uisce iarbhír ar an gcaoi a n-úsáidtear an fearas agus ar chruas an uisce.

    x,x

    Fad an chláir (2) (uair an chloig:nóiméad)

    x:xx

    Cineál

    [ionsuite/saorsheasaimh]

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha (2) (dB(A) re 1 pW)

    x

    Aicme astaíochta fuaimthorainn aeriompartha (2)

    [A/B/C/D] (4)

    Mód ‘as’ (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Mód fuireachais (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Tús moillithe (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Fuireachas líonraithe (W) (más infheidhme)

    x,xx

    Fad íosta na ráthaíochta a chuireann an soláthróir ar fáil  (1) ,  (3):

    Tuilleadh faisnéise  (1) ,  (3):

    Nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún (1):

    (5)

    in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    Áireofar na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Airteagal 3:

    (a)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (b)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (c)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (d)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 4; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (e)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (f)

    coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b);

    (g)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun phointe 5 d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    Tábla 4

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha le haghaidh miasniteoirí tí

    PARAIMÉADAR

    LUACH FÓGARTHA

    AONAD

    Toilleadh rátaithe i gcóirithe ionaid

    X

    -

    Ídiú fuinnimh an éiceachláir (EPEC) slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Ídiú fuinnimh an chláir chaighdeánaigh (SPEC) slánaithe go dtí an tríú hionad deachúil

    X,XXX

    kWh/timthriall

    Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI)

    X,X

    -

    Ídiú uisce (EPWC) an éiceachláir, slánaithe go dtí an chéad ionad deachúil

    X,X

    l/timthriall

    Innéacs feidhmíochta glantacháin (IC)

    X,XXX

    -

    Innéacs feidhmíochta triomúcháin (ID)

    X,XXX

    -

    Fad an éiceachláir (Tt) slánaithe go dtí an nóiméad is gaire

    X:XX

    uair an chloig:nóiméad

    Ídiú cumhachta sa mhód “as” (Po) slánaithe go dtí an dara hionad deachúil (más infheidhme)

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais (Psm ) slánaithe go dtí an dara hionad deachúil (más infheidhme)

    X,XX

    W

    An bhfuil taispeáint faisnéise san áireamh sa mhód fuireachais?

    Tá/Níl

    -

    Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais (Psm) i staid fuireachais líonraithe (más infheidhme), slánaithe go dtí an dara hionad deachúil

    X,XX

    W

    Ídiú cumhachta sa tús moillithe (Pds ) (más infheidhme) slánaithe go dtí an dara hionad deachúil

    X,XX

    W

    Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

    X

    dB(A) re 1 pW”

    (6)

    leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith. Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a dhearbhaítear sa doiciméadacht theicniúil.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d'fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí 3 agus 6 nó leis an dara mír den Iarscríbhinn seo.”.



    (1)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (2)  i gcas an éiceachláir.

    (3)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1369.

    (4)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.


    IARSCRÍBHINN VI

    Leasaítear Iarscríbhinní I, III, IV, V, VI agus IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (18):

    “(18)

    ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú.”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre:

    “I gcás ina ndearbhaítear paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le Tábla 11 d’Iarscríbhinn VI, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.”;

    (b)

    i dTábla 4, cuid (a), cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    “Caibinéid chuisniúcháin ingearacha agus chumasctha ollmhargaidh

    M0

    ≤ + 4

    ≥ - 1

    neamhbhainteach

    1,30

    Caibinéid chuisniúcháin cothrománacha ollmhargaidh

    M0

    ≤ + 4

    ≥ - 1

    neamhbhainteach

    1,13”

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad nóta ag deireadh Thábla 4:

    “(*)

    Maidir le meaisíní díola il-teochta, is é TV a bheidh i meán TV1 (uasteocht an táirge arna tomhas san urrann is teo) agus TV2 (uasteocht an táirge arna tomhas san urrann is fuaire), slánaithe go dtí an chéad ionad deachúil.”;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 10 d’Iarscríbhinn V:

    “Tábla 10

    Bileog faisnéise faoin táirge

    Ainm nó trádmharc an tsoláthraí  (2) ,  (5):

    Seoladh an tsoláthraí  (2) ,  (5):

    Aitheantóir múnla  (5):

    Úsáid:

    Taispeáint agus díol

    Cineál fearais cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh:

    [Cuisneoirí le haghaidh deochanna/reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite/caibinéid gelato/caibinéid ollmhargaidh/meaisíní díola cuisniúcháin]

    Cód tacair caibinéad gaolmhar, de réir na gcaighdeán chomhchuibhithe nó de réir modhanna iontaofa cruinne in-athsholáthraithe eile i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

    Mar shampla: [HC1/…/HC8], [VC1/…/VC4]

    Paraiméadair tháirgeshonracha

    (Cuisneoirí le haghaidh deochanna: líon isteach pointe 1, reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite: líon isteach pointe 2, caibinéad gelato: líon isteach pointe 3, caibinéad ollmhargaidh: líon isteach pointe 4, meaisíní díola cuisniúcháin: líon isteach pointe 5. I gcás ina bhfuil urranna a oibríonn ag teochtaí éagsúla, nó urrann is féidir a shocrú ag teochtaí éagsúla, san fhearas cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, déanfar na línte arís le haghaidh gach urrainne nó le haghaidh gach socraithe teochta):

    1.

    Cuisneoirí le haghaidh deochanna:

    Olltoirt (dm3 nó L)

    Dálaí comhthimpeallacha a bhfuil an fearas oiriúnach dóibh (de réir Thábla 6)

    Teocht is teo (°C)

    Bogthaise choibhneasta (%)

    x

    x

    x

    2.

    Reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite le [claibín trédhearcach/claibín neamh-thrédhearcach]:

    Glantoirt (dm3 nó L)

    Dálaí comhthimpeallacha a bhfuil an fearas oiriúnach dóibh (de réir Thábla 8)

    Raon teochta (°C)

    Raon na bogthaise coibhneasta (%)

    íosmhéid

    uasmhéid

    íosmhéid

    uasmhéid

    x

    x

    x

    x

    x

    3.

    Caibinéad gelato

    Limistéar iomlán taispeána (m2)

    Aicme teochta (de réir Thábla 4(b))

    x,xx

    [G1/G2/G3/L1/L2/L3/S]

    4.

    Caibinéad ollmhargaidh [Suimeálach/Cianda] [cothrománach/ingearach (seachas leath-ingearach)/cumasctha], rolladh isteach: [tá/níl]:

    Limistéar iomlán taispeána (m2)

    Aicme teochta (de réir Thábla 4(a))

    x,xx

    [cuisneoir: [M2/H1/H2/M1]/reoiteoir: [L1/L2/L3]]

    5

    Meaisíní díola cuisniúcháin, [cuisnithe le héadan dúnta le haghaidh cannaí agus buidéal i gcás ina gcoimeádtar na táirgí i gcruacha/cuisnithe le héadan gloine le haghaidh [cannaí agus buidéal, milseogra & sneaiceanna/go hiomlán le haghaidh earraí meatacha]/il-teochta le haghaidh [líon isteach an cineál earraí bia a bhfuil sé beartaithe é a úsáid ina leith]/meaisíní cumaisc ina bhfuil catagóirí éagsúla meaisín sa chásáil chéanna agus atá á gcumhachtú ag aon fhuaraitheoir amháin le haghaidh [líon isteach an cineál earraí bia a bhfuil sé beartaithe é a úsáid ina leith]]:

    Toirt (dm3 nó L)

    Aicme teochta (de réir Thábla 4(c))

    x

    catagóir [1/2/3/4/6]

    Paraiméadair ghinearálta tháirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Ídiú fuinnimh bliantúil (kWh/a) (4)

    x,xx

    An teocht/na teochtaí a mholtar le haghaidh stóráil optamaithe bia (°C) (Ní bheidh na socruithe sin ag teacht salach ar na dálaí teochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Tábla 4, 5 nó 6, de réir mar is infheidhme)

    x

    EEI

    x,x

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    [A/B/C/D/E/F/G] (3)

    Paraiméadair foinse solais  (1) ,  (2):

    Cineál na foinse solais

    [Teicneolaíocht soilsithe]

    Aicme éifeachtúlachta breosla

    [A/B/C/D/E/F/G]

    Fad íosta na ráthaíochta a chuireann an soláthróir ar fáil  (2) ,  (5)

    Tuilleadh faisnéise  (2) ,  (5):

    An nasc gréasáin chuig suíomh gréasáin an tsoláthróra, áit a bhfuil an fhaisnéis i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún (2):

    (3)

    in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1

    “1.

    Áireofar na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Airteagal 3:

    (a)

    cur síos ginearálta ar an múnla, a fhágann gur féidir an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

    (b)

    tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

    (c)

    réamhchúraimí sonracha atá le glacadh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

    (d)

    luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 11; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críocha an nós imeachta fíorúcháin in Iarscríbhinn IX;

    (e)

    sonraí agus torthaí na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn IV;

    (f)

    coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b);

    (g)

    múnlaí coibhéiseacha, más ann dóibh, lena n-áirítear aitheantóirí múnla;

    Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.

    Tábla 11

    Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh

    Cur síos ginearálta ar an bhfearas cuisniúcháin le múnla ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, ar leor é chun an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca:

    Sonraíochtaí táirge

    Sonraíochtaí ginearálta táirge:

    Paraiméadar

    Luach

    Paraiméadar

    Luach

    Ídiú fuinnimh bliantúil (kWh/a)

    x,xx

    Ídiú fuinnimh bliantúil caighdeánach (kWh/a)

    x,xx

    Ídiú fuinnimh laethúil (kWh/24h)

    x,xxx

    Dálaí comhthimpeallacha

    [Tacar 1/Tacar 2]

    M

    x,x

    N

    x,xxx

    Comhéifeacht teochta (C)

    x,xx

    Y

    x,xx

    P

    x,xx

    Sprioc-theocht (Tc) (°C)*

    x,x

    Fachtóir aicme aeráide (CC)*

    x,xx

     

     

    Tuilleadh faisnéise:

    Tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe nó modhanna iontaofa cruinne agus in-athsholáthraithe eile arna gcur i bhfeidhm:

    I gcás inarb iomchuí, céannacht agus síniú an duine a bhfuil sé de chumhacht aige ceangal a chur ar an soláthróir:

    Liosta de mhúnlaí coibhéiseacha, lena n-áirítear aitheantóirí múnla:

    * Ach amháin maidir le cuisneoirí le haghaidh deochanna agus reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le cuisneoirí le haghaidh deochanna:

    Paraiméadar

    Luach

    Olltoirt (dm3 nó L)

    x

    Dálaí comhthimpeallacha a bhfuil an fearas oiriúnach dóibh (de réir Thábla 6)

    Teocht is teo (°C)

    x

    Bogthaise choibhneasta (%)

    x

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le reoiteoirí le haghaidh uachtar reoite le [claibín trédhearcach/claibín neamh-thrédhearcach]:

    Paraiméadar

    Luach

    Glantoirt (dm3 nó L)

    x

    Dálaí comhthimpeallacha a bhfuil an fearas oiriúnach dóibh (de réir Thábla 8)

    Raon teochta (°C)

    Íosmhéid

    x

    Uasmhéid

    x

    Raon na bogthaise coibhneasta (%)

    Íosmhéid

    x

    Uasmhéid

    x

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le caibinéad gelato

    Paraiméadar

    Luach

    Limistéar iomlán taispeána (m2)

    x,xx

    Aicme teochta

    XY

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le caibinéad ollmhargaidh

    Paraiméadar

    Luach

    Limistéar iomlán taispeána (m2)

    x,xx

    Aicme teochta

    XY

    Sonraíochtaí breise táirge maidir le meaisíní díola cuisniúcháin:

    Paraiméadar

    Luach

    Aicme teochta

    XY

    Toirt (dm3 nó L)

    X”

    (4)

    Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d'fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith. Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a dhearbhaítear sa doiciméadacht theicniúil.”;

    (b)

    sa tríú mír, cuirtear na focail “Mar chuid d'fhíorú ar” in ionad “Agus fíorú á dhéanamh ar”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    Cuirfidh údaráis Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí 3 agus 6 nó leis an dara mír den Iarscríbhinn seo.”.



    (1)  mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún. (1)

    (1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún, (féach leathanach 68 den Iris Oifigiúil seo).”

    (2)  ní mheasfar go mbeidh athruithe ar an ítim seo ábhartha chun críocha mhír 4 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 22017/1369..

    (3)  más sa bhunachar sonraí táirgí a ghintear ábhar deiridh na cille sin go huathoibríoch, ní iontrálfaidh an soláthróir na sonraí sin.

    (4)  má tá urranna éagsúla a oibríonn ag teochtaí éagsúla ag an bhfearas cuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, soláthrófar ídiú fuinnimh bliantúil an aonaid chomhtháite. Má sholáthraíonn córais chuisniúcháin ar leith fuarú le haghaidh urranna ar leith den aonad céanna, cuirfear an t-ídiú fuinnimh a bhaineann le gach fochóras ar fáil freisin i gcás inar féidir.

    (5)  ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369..


    Top