This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0248
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/248 of 11 February 2021 approving Union amendments to the specification for a Protected Designation of Origin or a Protected Geographical Indication (‘Venezia’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/248 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint “Venezia” (STFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/248 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint “Venezia” (STFC)
C/2021/1032
IO L 57, 18.2.2021, p. 84–85
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/84 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/248 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint “Venezia” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas leasuithe an Aontais ar shonraíocht táirge an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Venezia” a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún (2) i dteannta Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas leasuithe an Aontais ar shonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart leasuithe an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dteannta Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheasta leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Venezia” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).