Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1852

    Cinneadh (AE) 2021/1852 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta

    ST/12251/2021/INIT

    IO L 374, 22.10.2021, p. 52–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1852/oj

    22.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 374/52


    CINNEADH (AE) 2021/1852 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Deireadh Fómhair 2021

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara, lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), síníodh é an 22 Aibreán 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2005.

    (2)

    Ghlac an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire le Cinneadh Uimh. 1/2017 ón gComhairle Comhlachais (2).

    (3)

    Trí mhalartú litreacha, chomhaontaigh an dá thaobh gur cheart síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire.

    (4)

    Faoi Airteagal 94 den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.

    (5)

    Tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn chun síneadh a chur le bailíocht na dtosaíochtaí comhpháirtíochta go dtí go nglacfaidh sí tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh na Comhairle Comhlachais.

    (7)

    Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, dá bhrí sin, ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhlachais a cuireadh ar bun leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bailíocht thosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire go dtí go nglacfaidh an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta nua atá tugtha cothrom le dáta, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 265, 10.10.2005, lch. 2.

    (2)  Cinneadh Uimh. 1/2017 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire an 13 Márta 2017 lena gcomhaontaítear tosaíochtaí comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hAilgéire (IO L 82, 29.3.2017, lch. 9).

    (3)  Féach doiciméad ST 12258/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


    Top