This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0796
Council Decision (CFSP) 2021/796 of 17 May 2021 amending Decision (CFSP) 2019/797 concerning restrictive measures against cyber-attacks threatening the Union or its Member States
Cinneadh (CBES) 2021/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
Cinneadh (CBES) 2021/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
ST/8019/2021/INIT
IO L 174I, 18.5.2021, p. 1–1
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Extended validity | 32019D0797 | 19/05/2021 | 18/05/2022 | ||
Modifies | 32019D0797 | Athchur | airteagal 10 | 19/05/2021 |
18.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 174/1 |
CINNEADH (CBES) 2021/796 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Bealtaine 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1). |
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2021. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a fhadú go dtí an 18 Bealtaine 2022. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2019/797:
“Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2022 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129I 17.5.2019, lch. 13).