This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D0713
Commission Implementing Decision (EU) 2021/713 of 29 April 2021 postponing the expiry date of approval of sulfuryl fluoride for use in biocidal products of product-types 8 and 18 (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/2877
IO L 147, 30.4.2021, p. 21–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/21 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/713 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Aibreán 2021
lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Áiríodh an tsubstaint ghníomhach fluairíd sulfairile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar dá bhrí sin go bhfuil sí formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
(2) |
An 28 Meitheamh 2017, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun formheas fluairíde sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18. |
(3) |
An 14 Feabhra 2018, chuir údarás inniúil meastóireachta na Sualainne in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
(4) |
Ós rud é go bhfuil meastóireacht iomlán á déanamh ag an údarás inniúil ar an iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) le tuairim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan laistigh de 270 lá ón uair a gheofar an moladh ón údarás inniúil meastóireachta. |
(5) |
De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2021 an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, rud a chomhfhreagraíonn do dháta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi Threoir 2009/84/CE ón gCoimisiún (4), ionas go mbeidh an t-am ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Níl an scrúdú tugtha chun críche fós ag an údarás inniúil meastóireachta, ná níl a thuarascáil mheasúnaithe ná conclúidí a mheastóireachta curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta fós. |
(6) |
D’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir an 18 Feabhra 2020 faisnéis bhreise a chur isteach chun an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus leag sé síos an 31 Márta 2022 mar sprioc leis an bhfaisnéis seo a chur isteach. |
(7) |
Dá bhrí sin, is dócha go n-éagfaidh formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 sula ndéanfar cinneadh maidir lena hathnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 a chur ar atráth go ceann tréimhse a bheidh fada go leor chun go bhféadfar an scrúdú ar an iarratas a thabhairt chun críche. |
(8) |
I bhfianaise an ama is gá le go gcuirfeadh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht i gcrích agus le go n-ullmhódh agus go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht an tuairim isteach, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023. |
(9) |
Seachas dáta éaga an fhormheasa, leanfar den fhormheas ar fhluairíd sulfairile de bheith formheasta le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2018 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíd sulfairile lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 249, 4.10.2018, lch. 16).
(4) Treoir 2009/84/CE ón gCoimisiún an 28 Iúil 2009 lena leasaítear Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun fluairíd sulfairile a áireamh ina substaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (IO L 197, 29.7.2009, lgh. 67-69)