Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0560

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle an 6 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

    ST/7425/2021/INIT

    IO L 115I, 6.4.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/560/oj

    6.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 115/3


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/560 ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Aibreán 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 26 Aibreán 2010 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES.

    (2)

    An 26 Feabhra 2021 d'fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) a bunaíodh de bhun Rún 751 (1992) ó UNSC triúr a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirfear na daoine a liostaítear thíos leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:

    I.   Daoine

    “18.

    Abukar Ali Adan (ailias: a) Abukar Ali Aden; b) Ibrahim Afghan; c) Sheikh Abukar)

    Ainmniúchán: Leas-Cheannaire Al-Shabaab

    Dáta breithe: a) 1972; b) 1971; c) 1973

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021

    Faisnéis eile:

    Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Tá baint ag Abukar Ali Adan freisin le heintitis chleamhnaithe Al-Qaida, Al-Qaida i Leithinis na hAraibe (AQAP – QDe.129) agus le Al-Qaida sa Mhagraib Ioslamach (AQIM – Qde.014).

    19.

    Maalim Ayman (ailias: a) Ma’alim Ayman; b) Mo’alim Ayman; c) Nuh Ibrahim Abdi; d) Ayman Kabo; e) Abdiaziz Dubow Ali)

    Ainmniúchán: Bunaitheoir agus ceannaire Jaysh Ayman, aonad al-Shabaab a dhéanann ionsaithe agus oibríochtaí sa Chéinia agus sa tSomáil

    Dáta breithe: a) 1973; b) 1983

    Áit bhreithe: An Chéinia

    Seoladh: a) teorainn na Céinia/na Somáile; b) Badamadow, Lower Juba Region, an tSomáil

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021

    Faisnéis eile:

    Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Chuidigh Maalim Ayman le hullmhúcháin don ionsaí an 5 Eanáir 2020 ar Champa Simba in Lamu County, an Chéinia.

    20.

    Mahad Karate (ailias: a) Mahad Mohamed Ali Karate; b) Mahad Warsame Qalley Karate; c) Abdirahim Mohamed Warsame)

    Dáta breithe: Idir 1957 agus 1962

    Áit bhreithe: Xararadheere, an tSomáil

    Seoladh: An tSomáil

    Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021

    Faisnéis eile:

    Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Bhí ról lárnach ag Mahad Karate san Amniyat, sciathán al-Shabaab a bhí freagrach as an ionsaí a rinneadh le déanaí ar Choláiste Ollscoile Garissa sa Chéinia, a d’fhág go bhfuair beagnach 150 duine bás. Is é Amniyat sciathán faisnéise al-Shabaab, a bhfuil ról lárnach aige in ionsaithe féinmharaithe agus feallmharuithe sa tSomáil, sa Chéinia, agus i dtíortha eile sa réigiún, agus a sholáthraíonn lóistíocht agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta al-Shabaab.”


    Top