Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0055

Cinneadh (CBES) 2021/55 ón gComhairle an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

IO L 23, 25.1.2021, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/55/oj

25.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 23/22


CINNEADH (CBES) 2021/55 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Eanáir 2021

lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar Chinneadh 2011/72/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Eanáir 2022, agus, san Iarscríbhinn a ghabhann leis, ba cheart na hiontrálacha do cheathrar a scriosadh agus ba cheart an fhaisnéis maidir leis na cearta chun cosanta agus maidir leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a thabhairt cothrom le dáta do bheirt.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2022. Coimeádfar é faoi athbhreithniú leanúnach. Féadfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh na cuspóirí atá leis.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2011/72/CBES an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).


IARSCRÍBHINN

I gCinneadh 2011/72/CBES, leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(1)

i gCuid A (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

22.

Bouthaina Bent Moncef Ben Mohamed TRABELSI

23.

Nabil Ben Abderrazek Ben Mohamed TRABELSI

41.

Akrem Ben Hamed Ben Taher BOUAOUINA

47.

Slim Ben Tijani Ben Haj Hamda BEN ALI

(2)

leasaítear Cuid B (Cearta chun cosanta agus ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi dhlí na Túinéise) mar a leanas:

(a)

scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

22.

Bouthaina Bent Moncef Ben Mohamed TRABELSI

23.

Nabil Ben Abderrazek Ben Mohamed TRABELSI

41.

Akrem Ben Hamed Ben Taher BOUAOUINA

47.

Slim Ben Tijani Ben Haj Hamda BEN ALI

(b)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

“14.

Samira Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI

Tá an t-imscrúdú maidir le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí nó an triail fós ag dul ar aghaidh. Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin go háirithe ós rud é gur thug, an 11 Lúnasa 2011, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Samira Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI i láthair a dlíodóra.

45.

Montassar Ben Habib Ben Bouali LTAIEF

Tá an t-imscrúdú nó an triail maidir le míleithreasú cistí nó sócmhainní poiblí fós ag dul ar aghaidh. Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil sna himeachtaí breithiúnacha ar ar bhraith an Chomhairle. Is léir sin go háirithe ós rud é gur thug, in 2011 agus in 2013, breitheamh imscrúdaithe éisteacht do Montassar Ben Habib Ben Bouali LTAIEF i láthair a dhlíodóirí.”.


Top