Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R2132

    Rialachán (AE) 2020/2132 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach in 2020

    IO L 430, 18.12.2020, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2132/oj

    18.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 430/5


    RIALACHÁN (AE) 2020/2132 ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Nollaig 2020

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach in 2020

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Socraítear le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (1) le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe éisc agus le haghaidh grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Shocraigh an Rialachán sin deiseanna iascaireachta go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a d’uiscí na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) agus uiscí an Aontais de roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle (2), leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 chun deiseanna iascaireachta tosaigh lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí i roinn 3a d’uiscí ICES agus uiscí an Aontais de roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES a shocrú (“deiseanna iascaireachta tosaigh”).

    (3)

    De dheasca nach gcumhdaíonn na deiseanna iascaireachta ach 2 mhí den bhliain iascaireachta, a mhaireann ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair, socraíodh iad i bhfad faoi bhun chomhairle bhliantiúil na ngabhálacha arna soláthar ag ICES.

    (4)

    Is iondúil a mhaireann an séasúr iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí Eanáir, séasúr a mbíonn buaicphointe aige ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí mí na Nollag. Léirítear sna sonraí is déanaí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin gur gabhadh os cionn 21 000 tona trosc Ioruach i mí Dheireadh Fómhair 2020. Trí na huimhreacha sin a eachtarshuí de réir na bpátrún gabhála stairiúil san iascach trosc Ioruach, léirítear gurb é is dóichí go n-ídeofar na deiseanna iascaireachta agus, dá bhrí sin, nach mbeidh siad leordhóthanach chun an ghníomhaíocht iascaireachta a chumhdach go dtí deireadh na bliana. D’fhonn cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta don stoc seo a sheachaint roimh dheireadh 2020, is iomchuí, dá bhrí sin, na deiseanna iascaireachta tosaigh a choigeartú de réir na meastachán is déanaí, agus fanacht go hiomlán i gcomhréir le comhairle ICES ag an am céanna.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/123 a leasú dá réir.

    (6)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na deiseanna iascaireachta coigeartaithe tosaigh ón 1 Samhain. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist.

    (7)

    De bharr go gcumhdaíonn na deiseanna iascaireachta tosaigh an tréimhse ón 1 Samhain go dtí an 31 Nollaig 2020, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe.

    (8)

    Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123

    Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus tréimhse chur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    S. SCHULZE


    (1)  Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear do 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 362, 30.10.2020, lch. 3).

    (3)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123, cuirtear an méid seo a leanas in ionad tábla na ndeiseanna iascaireachta do throsc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES agus uiscí an Aontais i roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES:

    “Speiceas:

    trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

    Limistéar:

    3a; Uiscí an Aontais in 2a agus 4

     

    Trisopterus esmarki

    (NOP/2A3A4.)

    Tréimhse ama

    1 Samhain 2019 – 31 Deireadh Fómhair 2020

     

    1 Samhain 2020 – 31 Nollaig 2020

     

     

    TAC Anailíseach

    an Danmhairg

    72 433

     ((*))  ((***))

    49 953

     ((*))  ((******))

     

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

    an Ghearmáin

    14

     ((*))  ((**))  ((***))

    10

     ((*))  ((**))  ((******))

     

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

    An Ísiltír

    53

     ((*))  ((**))  ((***))

    37

     ((*))  ((**))  ((******))

     

     

    an tAontas

    72 500

     ((*))  ((***))

    50 000

     ((*))  ((******))

     

     

    an Iorua

    14 500

     ((****))

    pm

     

     

     

    Oileáin Fharó

    5 000

     ((*****))

    pm

     

     

     

    TAC

    Ní bhaineann sé le hábhar

     

    Ní bhaineann sé le hábhar

     

     

     


    ((*))  Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

    ((**))  Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.

    ((***))  Ní fhéadfar cuóta an Aontais a iascach ach ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.

    ((****))  Bainfear úsáid as greille shórtála.

    ((*****))  Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.

    ((******))  Féadfar cuóta an Aontais a iascach ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020.”


    Top