Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1706

    Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023

    IO L 385, 17.11.2020, p. 3–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 01/11/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1706/oj

    17.11.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 385/3


    RIALACHÁN (AE) 2020/1706 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Samhain 2020

    lena n‐osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021–2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Faoi láthair, bíonn soláthairtí tháirgí iascaigh áirithe an Aontais ag brath ar allmhairí ó thríú tíortha. Le scór éigin blianta anuas, tá an tAontas ag éirí níos spleáiche ar allmhairí chun a éileamh ar na táirgí iascaigh a shásamh. Chun a áirithiú nach gcuirtear táirgeadh tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol agus go bhfuil soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh ann dá thionscal próiseála, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a chur ar fionraí nó a laghdú laistigh de tharaif-chuótaí méid iomchuí. Chun iomaíocht chóir a áirithiú idir táirgí iascaigh allmhairithe agus táirgí iascaigh an Aontais ar mhargadh an Aontais, ba cheart tionchar na mbeart maidir le hiomaíochas tháirgeoirí iascaigh an Aontais a chur san áireamh freisin.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2018/1977 (1) ón gComhairle, osclaíodh bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2019–2020 agus rinneadh foráil maidir leis an mbainistiú sin. Ós rud é go rachaidh tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin in éag an 31 Nollaig 2020, ba cheart rialachán nua dá ndéantar foráil maidir le taraif-chuótaí a ghlacadh le haghaidh na tréimhse 2021-2023.

    (3)

    Ba cheart allmhairithe uile an Aontais tairbhiú de rochtain chomhionann agus neamhbhriste ar na taraif-chuótaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus ba cheart na rátaí a leagtar amach le haghaidh na dtaraif-chuótaí a chur i bhfeidhm gan bhriseadh i dtaca le hallmhairí uile na dtáirgí iascaigh lena mbaineann a thugtar isteach chuig na Ballstáit uile go dtí go mbeidh na taraif-chuótaí uile ídithe.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (2) ón gCoimisiún déantar foráil maidir le córas bainistithe taraif-chuótaí ina leantar ord cróineolaíoch na ndátaí a glacadh le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na taraif-chuótaí arna n‐oscailt ag an Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras sin.

    (5)

    Tá sé tábhachtach trédhearcacht, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na páirtithe leasmhara uile. Ós rud é go bhfuil na taraif-chuótaí sin ceaptha chun soláthar leordhóthanach táirgí iascaigh a áirithiú do thionscal próiseála an Aontais, ba cheart leibhéal íosta cóireála nó oibríochta a bheith ag teastáil le haghaidh na teidlíochta cuótaí.

    (6)

    Lena áirithiú go ndéanfar na taraif-chuótaí a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil, ba cheart a cheadú do na Ballstáit tarraingt ar mhéid an taraif-chuóta na méideanna is gá a chomhfhreagraíonn dá n‐allmhairí iarbhír. Ós rud é, leis an modh bainistithe sin, go mbíonn dlúthchomhar ag teastáil idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar an ráta lena n‐ídítear na taraif-chuótaí agus ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déanfar dleachtanna allmhairiúcháin ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a chur ar fionraí nó a laghdú chun go dtiocfaidh siad faoi na taraif-chuótaí ag na rátaí, le linn na dtréimhsí agus suas go dtí na méideanna a shonraítear iontu.

    Airteagal 2

    Bainisteofar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 3

    Beidh na taraif-chuótaí faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    Airteagal 4

    1.   Maidir le cur ar fionraí nó laghdú dleachtanna allmhairiúcháin, beidh feidhm acu maidir le táirgí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus maidir leis sin amháin.

    2.   Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí a dhéantar a phróiseáil ar an leibhéal miondíola nó lónadóireachta.

    3.   Ní bheidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí nach bhfuil ceaptha ach le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

    (a)

    glanadh, dí-inniú, an t‐eireaball a bhaint agus dícheannadh;

    (b)

    gearradh;

    (c)

    filléid mhear-reoite go leithleach atá reoite a athphacáil;

    (d)

    sampláil agus sórtáil;

    (e)

    lipéadú;

    (f)

    pacáil;

    (g)

    fuarú;

    (h)

    reo;

    (i)

    íosreo;

    (j)

    díreo

    (k)

    glónrú;

    (l)

    leá; agus

    (m)

    deighilt.

    4.   D’ainneoin mhír 3, beidh na taraif-chuótaí ar fáil le haghaidh táirgí atá ceaptha le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

    (a)

    dísliú;

    (b)

    fáinní a ghearradh de agus stiallacha a ghearradh de le haghaidh ábhar faoi chóid CN 0307 43 91, 0307 43 92 agus 0307 43 99;

    (c)

    filléadú;

    (d)

    flapaí a tháirgeadh;

    (e)

    bloic reoite a ghearradh;

    (f)

    bloic reoite d’fhilléid idirdhuillithe a scoilteadh chun filléid aonair a fháil;

    (g)

    sliseadh le haghaidh ábhair faoi chóid CN ex 0303 66 11, ex 0303 66 12, ex 0303 66 13, ex 0303 66 19, ex 0303 89 70 agus ex 0303 89 90;

    (h)

    cóireáil le gáis phacáistíochta mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (4) le haghaidh táirgí faoi chóid CN 0306 16 99 (foroinn TARIC 20 agus 30), 0306 17 92 (foroinn TARIC 20), 0306 17 99 (foroinn TARIC 10), 0306 35 90 (foranna TARIC 12, 14, 92 agus 93), 0306 36 90 (foranna TARIC 20 agus 30), 1605 21 90 (foranna TARIC 45, 55 agus 62) agus 1605 29 00 (foranna TARIC 50, 55 agus 60); agus

    (i)

    an táirge reoite a roinnt nó an táirge reoite a chur faoi réir teaschóireála ionas gur féidir dramhábhar inmheánach a bhaint le haghaidh ábhar faoi chóid CN 0306 11 10 (foroinn TARIC 10), 0306 11 90 (foroinn TARIC 20) and 0306 31 00 (foroinn TARIC 10).

    Airteagal 5

    Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhainistiú agus a rialú go cuí.

    Airteagal 6

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Samhain 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena n‐osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 317, 11.12.2018, lch. 2).

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh. an ordaithe

    Cód CN

    Cód TARIC

    Tuairisc

    Méid bliantúil an chuóta (tonnaí)  (1)

    Dleacht an chuóta

    Tréimhse an chuóta

    09.2503

    ex 0303 39 85

    80

    Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), reoite, le haghaidh próiseála

    7 500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2504

    0302 11 20

     

    Bric den speiceas Oncorhynchus mykiss, agus an ceann agus na geolbhaigh orthu, glanta, ar mó ná 1,2 kg meáchan gach ceann díobh, nó gan an ceann orthu, geolbhaithe agus glanta, ar mó ná 1 kg meáchan gach ceann díobh

    10 000

    5 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2505

    ex 0303 54 10

    95

    Ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus), iomlán, filléid agus flapaí orthu, le haghaidh próiseála

    5 000

    7,5 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 89 49

    20

    ex 0304 99 99

    12

    09.2746

    ex 0302 89 90

    30

    Sclamhairí dearga deisceartacha (Lutjanus purpureus), iad úr, fuaraithe, le haghaidh próiseála

    1 500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2748

    ex 0302 91 00

    96

    Eochraí éisc, iad úr, fuaraithe nó reoite, saillte nó faoi sháile, le haghaidh próiseála

    5 700

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0303 91 90

    96

    ex 0305 20 00

    41

    09.2750

    ex 0305 20 00

    35

    Eochraí éisc, iad nite, na horgáin ghreamaitheacha glanta agus iad saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadaigh caibheáir a mhonarú

    1 200

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2754

    ex 0303 59 10

    10

    Ainseabhaithe (Engraulis anchoita agus Engraulis capensis), reoite, le haghaidh próiseála

    500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2759

    ex 0302 51 10

    20

    Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, seachas aenna agus eochraí, iad úr, fuaraithe nó reoite le haghaidh próiseála

    110 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0302 51 90

    10

    ex 0302 59 10

    10

    ex 0303 63 10

    10

    ex 0303 63 30

    10

    ex 0303 63 90

    10

    ex 0303 69 10

    10

    09.2760

    ex 0303 66 11

    10

    Colmóirí (Merluccius spp. seachas Merluccius merluccius, Urophycis spp.) agus tusceascanna bándearga (Genypterus blacodes agus Genypterus capensis), iad reoite, le haghaidh próiseála

    10 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0303 66 12

    10

    ex 0303 66 13

    10

    ex 0303 66 19

    11

    91

    ex 0303 89 70

    10

    ex 0303 89 90

    30

    09.2761

    ex 0304 79 50

    10

    Gránádóirí gorma (Macruronus spp.), filléid reoite agus feoil eile atá reoite, le haghaidh próiseála

    17 500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 79 90

    11

     

    200

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    17

    ex 0304 95 90

    11

    17

    09.2762

    ex 0306 11 10

    10

    Gliomaigh charraige dhearga agus piardóga farraige eile (Palinurus spp., Panulirus spp., Jasus spp.), iad beo, fuaraithe, reoite, le haghaidh próiseála

    200

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0306 11 90

    20

    ex 0306 31 00

    10

    09.2765

    ex 0305 62 00

    20

    Troisc (Gadus morhua, Gadus ogac, Gadus macrocephalus) agus éisc den speiceas Boreogadus saida, saillte nó faoi sháile, ach gan iad triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála

    2 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    25

    29

    ex 0305 69 10

    10

    09.2770

    ex 0305 63 00

    10

    Ainseabhaithe (Engraulis anchoita), saillte nó faoi sháile, ach gan iad a bheith triomaithe nó deataithe, le haghaidh próiseála

    1 500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2772

    ex 0304 93 10

    10

    Suiréime, reoite, le haghaidh próiseála

    60 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 94 10

    10

    ex 0304 95 10

    10

    ex 0304 99 10

    10

    09.2774

    ex 0304 74 15

    10

    Colmóirí an Aigéin Chiúin (Merluccius productus) agus colmóirí na hAirgintíne (colmóirí an Atlantaigh Thiar Theas) (Merluccius hubbsi), filléid reoite agus feoil eile, le haghaidh próiseála

    40 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 74 19

    10

    ex 0304 95 50

    10

    20

    09.2776

    ex 0304 95 10

    10

    Troisc (Gadus morhua, Gadus macrocephalus), filléid reoite agus feoil reoite, le haghaidh próiseála

    50 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 71 90

    10

    ex 0304 95 21

    10

    ex 0304 95 25

    10

    09.2777

    ex 0303 67 00

    10

    Mangaigh Alascacha (Theragra chalcogramma), iad reoite, filléid reoite agus feoil reoite eile le haghaidh próiseála

    340 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 75 00

    10

    ex 0304 94 90

    10

    10

    09.2778

    ex 0304 83 90

    21

    Éisc leathógacha (Limanda aspera, Lepidopsetta bilineata, Pleuronectes quadrituberculatus, Limanda ferruginea, Lepidopsetta polyxystra), filléid reoite agus feoil eile éisc, le haghaidh próiseála

    10 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0304 99 99

    65

    09.2785

    ex 0307 43 91

    10

    Ráth  (2) scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., iad reoite, agus craiceann agus eití orthu, le haghaidh próiseála

    20 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0307 43 92

    10

    ex 0307 43 99

    21

    09.2786

    ex 0307 43 91

    20

    Scuideanna (Ommastrephes spp. – seachas Todarodes sagittatus (comhchiallach Ommastrephes sagittatus) -, Nototodarus spp., Sepioteuthis spp.) agus Illex spp., reoite, iomlán nó braiteoga agus eití orthu, le haghaidh próiseála

    5 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 0307 43 92

    20

    ex 0307 43 99

    29

    09.2788

    ex 0302 41 00

    10

    Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), de mheáchan is mó ná 100 g in aghaidh na coda nó flapaí de mheáchan is mó ná 80 g in aghaidh na coda, seachas aenna agus eochraí, le haghaidh próiseála

    10 000

    0 %

    1.10.2021–

    14.02.2022

    1.10.2022–

    14.02.2023

    1.10.2023–31.12.2023

    ex 0303 51 00

    10

    ex 0304 59 50

    10

    ex 0304 99 23

    10

    09.2790

    ex 1604 14 26

    10

    Filléid ar a dtugtar “luanta” tuinníní agus tuinníní aigéanacha, le haghaidh próiseála

    35 000

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    ex 1604 14 36

    10

    ex 1604 14 46

    11

    21

    92

    94

    09.2792

    ex 1604 12 99

    16

    Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, atá leasaithe i mbairillí 70 kg ar a laghad glanmheáchan agus iad díscithe, le haghaidh próiseála

    5 000

    10 %

    1.1.2021–31.12.2023

    09.2794

    ex 1605 21 90

    45

    Séaclaí agus cloicheáin den speiceas Pandalus borealis, agus Pandalus montagui, cócaráilte agus scafa, le haghaidh próiseála

    4 500

    0 %

    1.1.2021–31.12.2023

    62

    ex 1605 29 00

    50

    55


    (1)  Arna sloinneadh i nglanmheáchan, mura sonraítear a mhalairt.

    (2)  Corp ceifileapód nó scuideanna gan cheann agus gan bhraiteoga, a bhfuil craiceann agus eití orthu.


    Top