EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2188

Cinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh,a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile

IO L 435, 23.12.2020, p. 74–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2188/oj

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/74


CINNEADH (CBES) 2020/2188 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2020

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh,a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES (1) lena mbunaítear oibríocht Atalanta, oibríocht mhíleata de chuid AE.

(2)

An 30 Iúil 2018, le Cinneadh (CBES) 2018/1083 ón gComhairle (2), leasaíodh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus cuireadh síneadh le Atalanta go dtí an 31 Nollaig 2020.

(3)

Foráiltear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha, a síníodh an 20 Nollaig 1988, go bhfuil na Páirtithe le comhoibriú a oiread is féidir chun trácht aindleathach ar muir a chosc, i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta na farraige.

(4)

An 15 Samhain 2019, d’athdhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC), i Rún 2498 (2019) uaithi, go bhfuil na Stáit uile, chun críocha síocháin agus cobhsaíocht a bhunú sa tSomáil, chun an trádbhac ar airm agus ar threalamh míleata, a forchuireadh i dtosach le mír 5 de Rún 733 (1992) uaithi agus le míreanna 1 agus 2 de Rún 1425 (2002) uaithi, a chur chun feidhme.

(5)

I Rún 2498 (2019) uaithi, cháin UNSC aon onnmhairí fioghuail ón tSomáil de shárú ar an toirmeasc iomlán ar onnmhairiú fioghuail chomh maith agus d’athdhearbhaigh sí a cinneadh maidir leis an toirmeasc ar fhioghual Somálach a allmhairiú agus a onnmhairiú, mar a leagtar amach i mír 22 de Rún 2036 (2012) uaithi agus i míreanna 11 go 21 de Rún 2182 (2014) uaithi.

(6)

An 4 Nollaig 2019, i Rún 2500 (2019) uaithi, d’iarr UNSC an athuair ar Stáit agus ar eagraíochtaí réigiúnacha darb acmhainn déanamh amhlaidh páirt a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne na píoráideachta agus na robála armtha ar muir amach ó chósta na Somáile, d’iarr sí ar gach Stát comhoibriú chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar gach duine atá freagrach as gníomhartha den sórt sin nó a bhfuil baint acu leo agus d’aithin sí an t-ionchúiseamh rathúil a rinneadh sna Séiséil ar chásanna píoráideachta.

(7)

I Rún 2500 (2019) uaithi, chuir UNSC in iúl freisin gur cúis mhór imní di na tuairiscí ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Somáile agus d’aithin sí go bhféadfadh iascaireacht NNN cur leis an díchobhsú i measc na bpobal cois cósta.

(8)

An 25 Feabhra 2020, rinne Oibríocht Agénor – an chuid mhíleata den tionscnamh um Fheasacht ar Staid Mhuirí i gCaolas Hormuz faoi stiúir na hEorpa (EMASOH) – acmhainneacht iomlán oibríochtúil a bhaint amach.

(9)

An 12 Samhain 2020, rinne UNSC, i Rún 2551 (2020) uaithi, athnuachan ar na húdaruithe a deonaíodh i Rún 2182 (2014) uaithi chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go docht an trádbhac arm ar an tSomáil agus an toirmeasc ar fhioghual na Somáile a allmhairiú agus a onnmhairiú, agus spreag sé Atalanta a rannchuidiú leis an gcomhar réigiúnach a fheabhsú maidir le freagairt a thabhairt ar shreabha aindleathacha muirí agus maidir le cur isteach ar gach cineál gáinneála ar earraí dleathacha agus aindleathacha a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta sa tSomáil a mhaoiniú.

(10)

Sa chomhthéacs sin, baineadh de thátal as an Athbhreithniú Straitéiseach ar Atalanta a rinneadh in 2020 gur cheart sainordú na hoibríochta a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 agus gur cheart í a leasú chun cúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach a thabhairt isteach maidir le faireachán a dhéanamh ar an ngáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, ar an ngáinneáil ar airm, ar iascaireacht NNN agus ar an trádáil aindleathach i bhfioghual amach ó chósta na Somáile.

(11)

Baineadh de thátal as an Athbhreithniú Straitéiseach ar Atalanta a rinneadh in 2020 freisin gur cheart na cúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha lena gcuirfear i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus gáinneáil ar airm a thabhairt isteach i sainordú na hoibríochta, i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme, a luaithe a shaineofar an méid sin. Chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an 1 Nollaig 2020 go bhfeidhmeoidh Atalanta na cúraimí sin agus go ndéanfar na socruithe riachtanacha a shainiú sna doiciméid phleanála don oibríocht.

(12)

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES a leasú dá réir.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú ná i gcur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a mbíonn impleachtaí acu in ábhair cosanta. Níl an Danmhairg rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sí páirt i maoiniú oibríocht Atalanta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ina theannta sin, rannchuideoidh Atalanta, mar chúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil i gcomhréir le Rún 2182 (2014) ó UNSC agus le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an 20 Nollaig 1988.

4.   Ina theannta sin, déanfaidh Atalanta faireachán, mar chúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach, ar gháinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, ar gháinneáil ar airm, ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus ar thrádáil aindleathach fioghuail amach ó chósta na Somáile i gcomhréir le Rúin 2498 (2019) agus 2500 (2019) ó UNSC agus i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an 20 Nollaig 1988.

5.   Féadfaidh Atalanta rannchuidiú, mar chúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach, de réir acmhainne agus cumais agus arna iarraidh sin, leis an gcur chuige comhtháite de chuid AE i leith na Somáile agus le gníomhaíochtaí ábhartha an chomhphobail idirnáisiúnta, ionas go gcuideofar ar an gcaoi sin le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na píoráideachta agus a líonra.

6.   Tacóidh an Fhoireann Mhíleata de chuid an Aontais le Atalanta trí bhagairtí a shainaithint agus réamhphleanáil a dhéanamh maidir le tosca cinntitheacha a d‘fhéadfadh difear a dhéanamh don oibríocht, d’fhonn an Coiste Polaitiúil agus Míleata a choinneáil ar an eolas faoi na bagairtí agus na tosca sin.”;

(2)

cuirtear “Cur i gcoinne na píoráideachta agus na robála armtha amach ó chósta na Somáile agus loingseoireacht leochaileach a chosaint” in ionad theideal Airteagal 2;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal nua seo a leanas, arb ionann an téacs de agus Airteagal 12 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, faoi mar a scriostar é leis an gCinneadh seo:

Airteagal 2a

Aistriú daoine a ghabhtar agus a choinnítear d’fhonn iad a ionchúiseamh

1.   Ar an mbonn go nglacann an tSomáil le feidhmiú dlínse ag na Ballstáit nó ag tríú Stáit, ar thaobh amháin, agus le hAirteagal 105 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar an taobh eile, déanfar daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil sé ar intinn acu, mar a thagraítear in Airteagail 101 agus 103 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, gníomhartha píoráideachta nó robála armtha a dhéanamh, go bhfuil siad á ndéanamh acu nó go ndearna siad iad, in uiscí teorann nó inmheánacha na Somáile nó ar an mórmhuir, agus a ngabhtar agus a gcoinnítear iad, d'fhonn iad a ionchúiseamh, mar aon le cibé maoin a úsáideadh chun na gníomhartha sin a dhéanamh, déanfar iad a aistriú:

chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú Stát atá rannpháirteach san oibríocht, a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach a chuir i mbraighdeanas iad, nó

mura féidir leis an Stát sin a dhlínse a fheidhmiú, nó mura mian leis í a fheidhmiú, chuig Ballstát nó chuig aon tríú Stát ar mian leis a dhlínse a fheidhmiú ar na daoine agus ar an maoin réamhráite.

2.   Daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil sé ar intinn acu, mar a thagraítear in Airteagail 101 agus Airteagal 103 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, gníomhartha píoráideachta nó robála armtha a dhéanamh, go bhfuil siad á ndéanamh acu nó go ndearna siad iad, a ngabhann agus a gcoinníonn Atalanta iad, d'fhonn iad a ionchúiseamh, in uiscí teorann, uiscí inmheánacha, nó in uiscí oileánacha Stát eile sa réigiún i gcomhaontú leis na Stáit sin, mar aon le cibé maoin a úsáideadh chun na gníomhartha sin a dhéanamh, féadfar iad a aistriú chuig údaráis inniúla an Stáit lena mbaineann, nó, le toiliú an Stáit lena mbaineann, chuig údaráis inniúla Stáit eile.

3.   Ní fhéadfar aon daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a aistriú chuig tríú Stát murar comhaontaíodh coinníollacha an aistrithe leis an tríú Stát sin ar bhealach atá comhchuí leis an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, chun a ráthú go háirithe nach gcuirfear aon duine faoi phionós an bháis, faoi chéastóireacht ná faoi aon íde chruálach, mhídhaonna nó tháireach.”;

(4)

cuirtear isteach an t-airteagal nua seo a leanas:

“Airteagal 2b

Cuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil a chur chun feidhme agus le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile

1.   Chun rannchuidiú le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó UNSC, go háirithe Rún 2182 (2014), déanfaidh Atalanta, mar a leagtar amach sna doiciméid phleanála agus laistigh de Limistéar comhaontaithe na nOibríochtaí ar an mórmhuir amach ó chósta na Somáile, cigireachtaí ar shoithí atá faoi cheangal chun na Somáile agus uaithi, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil airm nó trealamh míleata á n-iompar ag soithí den sórt sin go dtí an tSomáil, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an tSomáil nó go bhfuil airm nó trealamh míleata ar iompar acu chuig daoine aonair nó eintitis arna n-ainmniú ag an gCoiste a bunaíodh de bhun Rúin 751 (1992) agus 1907 (2009) ó UNSC. Urghabhálfaidh Atalanta na nithe sin, déanfaidh sé iad a thaifeadadh agus a dhiúscairt, agus féadfaidh sé soithí den sórt sin agus a bhfoirne a atreorú chuig calafort oiriúnach chun an diúscairt sin a éascú, i gcomhréir le Rúin ábhartha ó UNSC, lena n-áirítear Rún 2182 (2014), agus le socruithe atá leagtha amach sa Phlean Oibríochta.

2.   Chun rannchuidiú le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, gníomhóidh Atalanta i gcomhréir leis na socruithe agus laistigh de limistéar comhaontaithe na nOibríochtaí ar an mórmhuir amach ó chósta na Somáile, mar a leagtar amach sna doiciméid phleanála:

(a)

a mhéid a bhaineann le soithí atá faoi bhratach naisiúnta, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann le creidiúint go bhfuil soitheach den sórt sin á úsáid don gháinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, rachaidh Atalanta, má údaraíonn an Stát brataí amhlaidh go sainráite, ar bord na soithí sin, déanfaidh sé cuardach ar dhrugaí támhshuanacha agus, má aimsítear fianaise go ndearnadh gáinneáil aindleathach, déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach sin agus an lastas atá ar bord. Maidir le daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha a ghabháil, a choinneáil, a aistriú chuig tríú Stát nó a ionchúiseamh, féadfaidh Ballstáit thoilteanacha déanamh amhlaidh ar bhonn a ndlí náisiúnta;

(b)

a mhéid a bhaineann le soithí nach bhfuil bratach náisiúnta acu, déanfaidh Atalanta gníomhaíocht, lena n-áirítear bordáil agus cuardach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an long idirghabhálach agus leis an dlí idirnáisiúnta, trí úsáid a bhaint as na sócmhainní sin amháin arna gcur ar fáil ag na Ballstáit sin a chuir in iúl go bhfuil siad in ann gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh. Ina gcáil náisiúnta ar bhonn a ndlí náisiúnta, féadfaidh Ballstáit thoilteanacha gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, amhail drugaí a urghabháil agus soitheach den sórt sin a atreorú, mar aon le daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha a ghabháil, a choinneáil, a aistriú chuig tríú Stát agus a ionchúiseamh.

3.   A luaithe a bheidh an Plean Oibríochta leis na socruithe riachtanacha formheasta, gníomhachtóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha nuair a thuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochta de chuid AE go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun na cúraimí sin a chomhlíonadh agus, a mhéid a bhaineann le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe, nuair a thuairisceoidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí go ndearnadh na fógraí a cheanglaítear faoi mhír 15 de Rún 2182 (2014) ó UNSC.

4.   Maidir le fianaise a fuarthas a bhaineann le hiompar ítimí a thoirmisctear faoin trádbhac arm ar an tSomáil agus drugaí támhshuanacha, go háirithe le linn cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, féadfaidh Atalanta iad a stóráil a mhéid a bhaineann le hiompar arm agus féadfaidh na Ballstáit atá toilteanach agus ábalta déanamh amhlaidh a mhéid a bhaineann le drugaí támhshuanacha a iompar. I gcomhréir leis an dlí is infheidhme, féadfar sonraí pearsanta, go háirithe, a bhailiú agus a stóráil maidir le daoine a bhfuil baint acu le hiompar arm nó drugaí támhshuanacha, ar sonraí iad a bhaineann le saintréithe ar dócha go gcabhróidís leis na daoine sin a shainaithint, lena n-áirítear méarloirg, mar aon leis na sonraí seo a leanas, cé is moite de shonraí pearsanta eile: sloinne, sloinne roimh phósadh, túsainmneacha agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige; dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, inscne, áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine atá i gceist; ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas. Féadfar sonraí den sórt sin, chomh maith le sonraí a bhaineann leis na soithí agus leis an trealamh a úsáideann na daoine sin, agus an fhaisnéis ábhartha a fuarthas agus na cúraimí faoin Airteagal seo á gcomhlíonadh acu, a chur in iúl d’údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí na mBallstát. Féadfaidh Atalanta, a mhéid a bhaineann le hairm a iompar, agus féadfaidh Ballstáit thoilteanacha, a mhéid a bhaineann le hiompar drugaí támhshuanacha, é sin a chur in iúl freisin do thríú Stáit ar mian leo a ndlínse a fheidhmiú ar na daoine agus ar an maoin sin, agus do chomhlachtaí inniúla de chuid AE i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

5.   Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú Stáit, ar bhonn údaruithe arna ndeonú cás ar chás ag an gComhairle, chun aistriú na ndaoine a ghabhtar agus a choinnítear faoina dhlí náisiúnta, as páirt a ghlacadh i sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil nó as gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, a éascú do Bhallstát, d’fhonn daoine den sórt sin a ionchúiseamh. Áireofar sna comhaontuithe sin coinníollacha maidir le daoine den sórt sin a aistriú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, chun a áirithiú go háirithe nach gcuirfear na daoine lena mbaineann faoi phionós an bháis, faoi chéastóireacht ná faoi aon íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach.”;

(5)

in Airteagal 8, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“Comhordóidh Atalanta go dlúth le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) agus le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia). Tacóidh sé, de réir acmhainne agus cumais, le cláir ábhartha de chuid AE.

Forbróidh Atalanta, de réir acmhainne agus cumais, comhar sonrach le hoibríocht Agénor.”;

(6)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Tacóidh Atalanta, de réir acmhainne agus cumais, go háirithe trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, leis an Lárionad Réigiúnach um Chomhleá Faisnéise Muirí (RMIFC) i Madagascar agus leis an Lárionad Comhordúcháin Oibríochtúil Réigiúnach (ROCC) sna Séiséil.”;

(7)

scriostar Airteagal 12;

(8)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   EUR 9 930 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríochtaí míleata an Aontais ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. Is é 0 % an céatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528.”;

(9)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

“4.   Leis seo, údaraítear do Atalanta faisnéis arna bailiú le linn a chuid oibríochtaí faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó neamhúdaraithe, seachas sonraí pearsanta, a chomhroinnt leis an bPainéal Saineolaithe maidir leis an tSomáil, le hOifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Choireacht, le CMF, le RMIFC agus le ROCC.

5.   Leis seo, údaraítear do Atalanta faisnéis ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha seachas an phíoráideacht a bhailítear le linn a chuid oibríochtaí a scaoileadh chuig INTERPOL, i gcomhréir le hAirteagal 2(h), agus chuig EUROPOL, i gcomhréir le hAirteagal 2(i).”;

(10)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tiocfaidh deireadh leis an oibríocht de chuid AE an 31 Nollaig 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 301, 12.11.2008, lch. 33).

(2)  Cinneadh 2018/1083 (CBES) ón gComhairle an 30 Iúil 2018 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 194, 31.7.2018, lch. 142).


Top