This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D2185
Council Decision (EU) 2020/2185 of 18 December 2020 on the signing, on behalf of the Union, of the Voluntary Partnership Agreement between the European Union and the Republic of Honduras on forest law enforcement, governance and trade in timber products to the European Union
Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí
Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí
IO L 435, 23.12.2020, p. 63–64
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
23.12.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 435/63 |
CINNEADH (AE) 2020/2185 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Nollaig 2020
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I mBealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): Proposal for an EU Action Plan [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE]”. Leis an bPlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (“Plean Gníomhaíochta FLEGT”), iarradh bearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Glacadh conclúidí ón gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta FLEGT i nDeireadh Fómhair 2003 agus glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar 11 Iúil 2005. |
(2) |
An 5 Nollaig 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontuithe comhpháirtíochta le tíortha táirgthe adhmaid chun Plean Gníomhaíochta FLEGT a chur chun feidhme. |
(3) |
An 20 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 (1), lenar bunaíodh scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcás allmhairí adhmaid isteach san Aontas Eorpach ó thíortha lenar thug an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí i gcrích. |
(4) |
Tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le Poblacht Hondúras i ngeall ar thabhairt i gcrích Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (“an Comhaontú”) le hinisealú an Chomhaontaithe an 14 Meitheamh 2018. |
(5) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích (2) an chomhaontaithe sin.
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).
(2) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.