EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2076

Cinneadh (AE) 2020/2076 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

IO L 424, 15.12.2020, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2076/oj

15.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 424/55


CINNEADH (AE) 2020/2076 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Nollaig 2020

lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó rialtas na hIodáile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3) agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (5). An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (6).

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Monica MARINI.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Nicola MARINI (Sindaco del Comune di Albano Laziale (RM)),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo ceaptar na daoine a leanas ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

Nicola MARINI, Consigliere comunale di Albano Laziale (RM) (athrú ar shainordú),

Enrico ROSSI, Assessore del Comune di Signa (FI).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).


Top