Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2066

    Cinneadh (AE) 2020/2066 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

    IO L 424, 15.12.2020, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2066/oj

    15.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 424/35


    CINNEADH (AE) 2020/2066 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin a ionadú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rinne an tAontas an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2000/384/CE, CEGC ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2000.

    (2)

    Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 4, prótacal a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal 4”). De bhun Airteagal 39 de Phrótacal 4, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 67 den Chomhaontú (“an Chomhairle Comhlachais”) a chinneadh forálacha Phrótacal 4 a leasú.

    (3)

    Glacfaidh an Chomhairle Comhlachais cinneadh lena leasaítear an Comhaontú trí Phrótacal 4 a ionadú (“cinneadh”) le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aici, roimh dheireadh 2023.

    (4)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí ceangailteacha dlíthiúla ag an gcinneadh san Aontas.

    (5)

    Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Leagtar síos leis forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe saorthrádála déthaobhacha ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, ar forálacha iad a mbeidh feidhm acu gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe déthaobhacha sin.

    (6)

    Foráiltear le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, tabharfaidh an cinneadh tagairt dhinimiciúil isteach sa Choinbhinsiún i bPrótacal 4, ionas go dtagraítear i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

    (7)

    Mar thoradh ar an bplé maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú, tá tacar nua rialacha tionscnaimh atá nuachóirithe agus níos solúbtha ann atá le hionchorprú sa Choinbhinsiún. Chomhaontaigh an tAontas agus Stát Iosrael tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, iad bunaithe ar na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach, mar rialacha tionscnaimh is rialacha malartacha ar na rialacha sin a leagtar síos sa Choinbhinsiún (“Rialacha idirthréimhseacha”), go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Chuige sin, déanfaidh an cinneadh foráil freisin do na Rialacha idirthréimhseacha.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú ar an gComhaontú sin trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a ionadú, bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Cinneadh 2000/384/CE, CEGC ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (IO L 147, 21.6.2000, lch. 1).

    (2)  Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).

    (3)  Féach doiciméad ST 11081/20 ar http://register.consilium.europa.eu


    Top