Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2059

    Cinneadh (AE) 2020/2059 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de Phrótacal II a leasú maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin

    IO L 424, 15.12.2020, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2059/oj

    15.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 424/21


    CINNEADH (AE) 2020/2059 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de Phrótacal II a leasú maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), a síníodh an 30 Iúil 2009, bunaíodh creat maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche. Tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ag Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua agus ag Poblacht Fhidsí ón 20 Nollaig 2009 i leith agus ón 28 Iúil 2014 i leith faoi seach. Tar éis aontachas Stát Neamhspleách Shamó agus Oileáin Sholomón leis an gComhaontú, tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm acu go sealadach ón 31 Nollaig 2018 i leith agus ón 17 Bealtaine 2020 i leith faoi seach.

    (2)

    De bhun Airteagal 68 den Chomhaontú agus Airteagal 41 de Phrótacal II maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin (“Prótacal II”), féadfaidh an Coiste um Thrádáil, arna bhunú faoin gComhaontú (“Coiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin”) cinneadh a dheánamh na forálacha Phrótacál II a leasú,

    (3)

    Tá an Coiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin, le linn an ochtú cruinniú, chun glacadh le cinneadh lena leasófar forálacha áirithe de Phrótacal II.

    (4)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú, toisc go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas.

    (5)

    Is gá forálacha áirithe de Phrótacál II a leasú chun an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le rialacha tionscnaimh a léiriú, chun rialacha tionscnaimh níos solúbtha agus níos simplí a chur ar fáil arb aidhm dóibh trádáil a éascú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus chun ráta úsáide na córa fabhraí a bharrfheabhsú.

    (6)

    Is gá ceannteidil agus tuairiscithe le haghaidh táirgí áirithe atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal II chun iad a ailíniú leis na nuashonruithe a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim sna leaganacha 2012 agus 2017 den Ainmníocht Córais Comhchuibhithe (CC) agus chun tuairiscithe táirgí a bheith comhsheasmhach le haicmiú CC.

    (7)

    Síníodh an conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach an 9 Nollaig 2011 agus tháinig se i bhfeidhm an 1 Iúil 2013. Tá feidhm ag an gComhaontú seo, ar thaobh amháin, maidir leis na críocha ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin agus, ar an taobh eile, maidir le críocha Stáit Shínithe an Aigéin Chiúin. Ba cheart téacs Iarscríbhinn IV a ghabhann le Prótacal II den Chomhaontú a leasú dá réir chun leagan Cróitise an dearbhaithe sonraisc a chur san áireamh.

    (8)

    Liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Prótacal II tíortha agus críocha thar lear an Aontais. De réir bhrí Phrótacal II ciallaíonn “tíortha agus críocha thar lear” na tíortha agus críocha dá dtagraítear i gCuid a Ceathair den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ba cheart an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe stádais chuid na tíortha agus críocha thar lear a tharla le déanaí a chur san áireamh.

    (9)

    Ag leanúint as aontachas Stát Neamhspleách Shamó agus Oileáin Sholomón leis an gComhaontú, ba cheart an dá Stát sin a bhaint den liosta “Stáit ACC eile” a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Prótacal II,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san ochtú cruinniú den Choiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil idir an tAontas agus Stáit an Aigéin Chiúin (2).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 272, 16.10.2009, lch. 2.

    (2)  Féach doiciméad ST 10899/20 ar http://register.consilium.europa.eu


    Top