Este documento es un extracto de la web EUR-Lex
Documento 32020D1699
Council Decision (CFSP) 2020/1699 of 12 November 2020 amending Decision 2010/413/CFSP concerning restrictive measures against Iran
Cinneadh (CBES) 2020/1699 ón gComhairle an 12 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
Cinneadh (CBES) 2020/1699 ón gComhairle an 12 Samhain 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
IO L 381, 13.11.2020, p. 22/23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Ya no está vigente, Fecha de fin de validez: 20/09/2015
Relación | Acto | Comentario | Subdivisión de que se trata | De | a |
---|---|---|---|---|---|
modificación | 32014D0413 | Aisghairm | iarscríbhinn II cuid I roinn B pointe 47 | 14/11/2020 |
13.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 381/22 |
CINNEADH (CBES) 2020/1699 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Samhain 2020
lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1). |
(2) |
An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/849 (2). |
(3) |
Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-490/18 (3), ba cheart Neda Industrial Group a bhaint de liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/849 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 8).
(3) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Iúil 2020, Neda Industrial Group v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-490/18, ECLI:EU:T:2020:318.
IARSCRÍBHINN
I gCinneadh 2010/413/CBES, Iarscríbhinn II, cuid I, roinn B (Eintitis), scriostar an iontráil seo a leanas:
“47. |
Neda Industrial Group”. |