EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1698

Cinneadh (AE) 2020/1698 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta faoin gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, a bhaineann le Cinneadh Uimh. 0011 lena ndéantar Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh

IO L 381, 13.11.2020, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1698/oj

13.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 381/20


CINNEADH (AE) 2020/1698 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta faoin gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, a bhaineann le Cinneadh Uimh. 0011 lena ndéantar Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh an Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (1) (an “Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais le Cinneadh 2011/719/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2011.

(2)

Ar cheann de phríomhaidhmeanna an Chomhaontaithe tá feabhas a chur ar an gcaidreamh comhair atá ann le fada idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe chun ardleibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta ar fud an domhain a áirithiú agus chun ualaí eacnamaíocha ar thionscal na heitlíochta agus ar oibreoirí ó fhormhaoirseacht rialála iomarcach a íoslaghdú.

(3)

Le Leasú 1 (3) ar an gComhaontú, leathnaítear raon feidhme Airteagal 2.B den Chomhaontú chun go n‐áireofar, inter alia, ceadúnú agus oiliúint pearsanra, agus tá feidhm leis go sealadach ón 13 Nollaig 2017, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/61 ón gComhairle (4).

(4)

Le hAirteagal 5 den Chomhaontú, arna leasú, déantar foráil maidir le hIarscríbhinní nua a ghabhann leis an gComhaontú a fhorbairt i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe.

(5)

Maidir leis an dá ghníomhaire teicniúil, i.e. an Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta (EASA) don Aontas Eorpach agus an Riarachán Cónaidhme Eitlíochta (FAA) do na Stáit Aontaithe (SA), mhol siad don Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinn 4 nua a ghabhann leis an gComhaontú a fhorbairt chun go gcumhdófar glacadh cómhalartach le cinntí comhlíonta agus doiciméadacht le haghaidh Feistí Oiliúna Ionsamhalta Eitilte (“FSTD”).

(6)

Le forbairt na hIarscríbhinne nua, ginfear coigilteas don dá Ghníomhaire Teicniúil agus, ag an am céanna, laghdófar na costais don tionscal (oibreoirí FSTD) agus ina dhiaidh sin, bainfidh aeriompróirí tairbhe as rochtain mhéadaithe dá bpíolótaí ar FSTD.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 19.C den Chomhaontú go dtiocfaidh Iarscríbhinní nuafhorbartha i bhfeidhm ar chinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta arna bhunú de bhun Airteagal 3 den Chomhaontú.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Cinneadh 2011/719/AE ón gComhairle i ndáil le Cinneadh Uimh. 0011 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta lena nglactar Iarscríbhinn 4 maidir le Feistí Oiliúna Ionsamhalta Eitilte a ghabhann leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagail 3.C.7 agus 19.C den Chomhaontú.

(9)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta a bhunú dá bhrí sin ar dhréacht-Cinneadh Uimh. 0011 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta agus ar an Dearbhú Comhpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Bhord Déthaobhach Formhaoirseachta, faoi Airteagal 3 agus Airteagal 19 den Chomhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta (an “Comhaontú”) a rialáil, i dtaca le Cinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta lena nglactar Iarscríbhinn 4 den Chomhaontú a ghlacadh, beidh an seasamh sin bunaithe ar dhréacht-Chinneadh Uimh. 0011 ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta, agus ar shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh. (5)

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ón mBord Déthaobhach Formhaoirseachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 291, 9.11.2011, lch. 3.

(2)  Cinneadh 2011/719/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (IO L 291, 9.11.2011, lch. 1).

(3)  IO L 11, 16.1.2018, lgh. 3-5

(4)  Cinneadh (AE) 2018/61/AE ón gComhairle an 21 Márta 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach um chomhar maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil (IO L 11, 16.1.2018, lch. 1).

(5)  Féach doiciméad ST 11009/19 ar http://register.consilium.europa.eu.


Top