Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1583

    Cinneadh (AE) 2020/1583 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide a ionadú

    IO L 362, 30.10.2020, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1583/oj

    30.10.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 362/23


    CINNEADH (AE) 2020/1583 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Deireadh Fómhair 2020

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide a ionadú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4) de, an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle (2) agus tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Meitheamh 2018.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 339(1) den Chomhaontú, bhunaigh an Coiste Comhpháirtíochta liosta 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe (“an liosta eadránaithe”) ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Deireadh Fómhair 2019.

    (3)

    Chuir an Airméin in iúl don Aontas nach gcomhlíonann duine de na daoine aonair a bhí molta aici na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 339(2) den Chomhaontú a thuilleadh agus ba cheart dá bhrí sin an duine sin a ionadú.

    (4)

    Chun a áirithiú go ndéanfar forálacha an Chomhaontaithe atá á gcur i bhfeidhm go sealadach a oibriú, tá an Coiste Comhpháirtíochta chun cinneadh a ghlacadh liosta leasaithe a chur in ionad liosta na n‐eadránaithe.

    (5)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bhunú mar go mbeidh an cinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta ina cheangal ar an Aontas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na n‐eadránaithe, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 339 den Chomhaontú sin (3), a ionadú, is ar dhréacht-Chinneadh comhfhreagrach an Choiste Comhpháirtíochta a bhunófar é.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    S. SCHULZE


    (1)  IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 1).

    (3)  Féach doiciméad ST 11524/20 ag http://register.consilium.europa.eu.


    Top