Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1075

    Cinneadh (AE) 2020/1075 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne

    ST/14185/2019/INIT

    IO L 240, 24.7.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1075/oj

    Related international agreement

    24.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 240/1


    CINNEADH (AE) 2020/1075 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Meitheamh 2020

    maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thar ceann an Aontais, rinne an Coimisiún Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (an “Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2016 lena n‐údaraítear don Choimisiún tús a chur lei an gcaibidlíocht.

    (2)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/1153 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú an 20 Bealtaine 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (3)

    Is gá socruithe nós imeachta a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an Aontais sna comhchomhlachtaí arna mbunú leis an gComhaontú agus maidir le glacadh beart coimirce, iarrataí ar chomhairliúcháin agus beart chun oibleagáidí glactha a chur ar fionraí.

    (4)

    I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) agus le hAirteagal 17(6) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 11(1) den Chomhaontú (‘an Comhchoiste’) in ann leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh.

    (5)

    D’fhonn formheas na leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a éascú, ar leasuithe iad atá le glacadh ag an gComhchoiste, agus d’fhonn an baol nach mbeadh seasamh ag an Aontas maidir le leasuithe beartaithe a sheachaint, ba cheart a údarú don Choimisiún na leasuithe beartaithe sin a fhormheas thar ceann an Aontais faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta.

    (6)

    Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú atá le glacadh ag an gComhchoiste a fhormheas i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart don Choimisiún na leasuithe beartaithe a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh comhairliúcháin in am tráth sula mbeidh an cruinniú den Chomhchoiste ann ag a nglacfaí na leasuithe sin. Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na leasuithe arna gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún.

    (7)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (an “Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) den Chomhaontú (3).

    Airteagal 3

    1.   Is é an Coimisiún Eorpach, a mbeidh cabhair aige ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 11(1) den Chomhaontú agus beidh na húdaráis eitlíochta, mar ionadaithe de chuid na mBallstát, ina theannta.

    2.   Is í EASA, le cabhair ó na húdaráis eitlíochta sin a bhfuil baint dhíreach acu le clár oibre gach cruinnithe, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais ar an mBord Formhaoirseachta um Dheimhniúchán arna bhunú le Mír 3.1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú.

    Airteagal 4

    Beidh údarás ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh ag an gComhchoiste i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 17(6) den Chomhaontú a fhormheas, a mhéid atá leasuithe den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha ábhartha dhlí an Aontais, agus nach mbeidh aon mhodhnú ar na gníomhartha sin i gceist leo, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    Áiritheoidh an Coimisiún,, an méid seo a leanas maidir leis an bhformheas thar ceann an Aontais:

    gur chun leasanna an Aontais é;

    go gcomhlíonann sé na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas faoina bheartas um shábháilteacht eitlíochta agus a bheartas trádála;

    go gcuireann sé leasanna mhonaróirí, thrádálaithe agus thomhaltóirí an Aontais san áireamh;

    nach nbhfuil sé contrártha do dhlí an Aontais ná an dlí idirnáisiúnta;

    i gcás inarb infheidhme, go dtacaíonn sé le feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí aerloingseoireachta trí fheabhas a chur ar bhrath cleachtais chalaoiseacha agus mhíthreoracha;

    i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé mar aidhm aige na caighdeáin a bhaineann le táirgí aerloingseoireachta a chomhfhogasú;

    i gcás inarb infheidhme, nach gcruthaíonn sé bacainní ar an nuálaíocht; agus

    i gcás inarb infheidhme, go n‐éascaíonn sé an trádáil i dtáirgí aerloingseoireachta.

    (b)

    Cuireann an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe faoi bhráid na Comhairle in am tráth sula bhformheasfar iad.

    Déanfaidh Coreper measúnú le féachaint an gcomhlíonann na leasuithe atá beartaithe na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a).

    Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais ach amháin i gcás ina ndéanann roinnt Ballstát, arb ionann a líon agus mionlach blocála den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid ina n‐aghaidh. I gcás ina bhfuil mionlach blocála den sórt sin ann, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe atá beartaithe a dhiúltú.

    Airteagal 5

    1.   Féadfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bearta coimirce a ghlacadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 5(1) den Chomhaontú,

    (b)

    comhairliúcháin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chomhaontú,

    (c)

    bearta a ghlacadh chun oibleagáidí cómhalartacha maidir le glacadh a chur ar fionraí agus chun fionraí den sórt sin a chealú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Chomhaontú.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle, luath go leor roimh ré, go bhfuil sé ar intinn aige gníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo.

    Airteagal 6

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2018/1153 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 210, 21.8.2018, lch. 2).

    (3)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top