Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0983

    Cinneadh (AE) 2020/983 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

    ST/8662/2019/REV/1

    IO L 222, 10.7.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/983/oj

    Related international agreement

    10.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 222/1


    CINNEADH (AE) 2020/983 ÓN GCOMHAIRLE

    an 7 Iúil 2020

    maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v), agus Airteagal 218(7) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 19 Nollaig 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (EC) Uimh. 2027/2006 (2), lenar tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (3) (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 30 Márta 2007, rinneadh é a athnuachan go hintuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.

    (2)

    Tar éis an mholta ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle an 4 Meitheamh 2018, tús na caibidlíochta le Poblacht Cabo Verde a údarú chun prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme a thabhairt i gcrích.

    (3)

    Chuaigh an prótacal roimhe sin a bhí ag gabháil leis an gComhaontú in éag an 22 Nollaig 2018.

    (4)

    Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, prótacal nua a chaibidil. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha leis an bprótacal nua an 12 Deireadh Fómhair 2018.

    (5)

    I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/951 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (5) (“an Prótacal”) an 20 Bealtaine 2019.

    (6)

    Tá an Prótacal á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe.

    (7)

    Is é is cuspóir an Phrótacail a chur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Cabo Verde oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí Cabo Verde a shaothrú ar bhealach fónta, agus a chur ar chumas Cabo Verde iarrachtaí a dhéanamh geilleagar gorm a fhorbairt.

    (8)

    Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

    (9)

    Le hAirteagal 9 den Chomhaontú, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Thairis sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, agus le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 7(1) agus (2) den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste modhnuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. Ionas go n-éascófaí formheas na modhnuithe sin, ba cheart a údarú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

    (10)

    Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát an seasamh ón Aontas a bhunú maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal. Glacfar leis na leasuithe atá beartaithe mura rud é go ndéanfaidh mionlach blocála de chuid na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid i gCoiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát i gcoinne na modhnuithe sin.

    (11)

    Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Phrótacal.

    Airteagal 3

    I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údarófar don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na modhnuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 den Chomhaontú.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 2027/2006 ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde a thabhairt i gcrích (IO L 414, 30.12.2006, lch. 1).

    (3)  IO L 414, 30.12.2006, lch. 3.

    (4)  Cinneadh (AE) 2019/951 ón gComhairle an an 17 Bealtaine 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (IO L 154, 12 Meitheamh 2019, lch.1).

    (5)  IO L 154, 12 Meitheamh 2019, lch. 3.


    IARSCRÍBHINN

    AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA MODHNUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

    I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 7(1) agus (2) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

    (a)

    go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh;

    (b)

    go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

    (c)

    go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

    (2)

    Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

    (3)

    Déanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú ar chomhréireacht na modhnuithe atá beartaithe leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo.

    (4)

    Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon atá ar cóimhéid le mionlach blocála de chuid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá an mionlach blocála sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

    (5)

    Más rud é, le linn cruinnithe eile, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear eilimintí nua san áireamh leis an seasamh ón Aontas.

    (6)

    Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ag éirí as cinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

    (7)

    In ábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3), le hAirteagal 7(1) agus (2) de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


    Top