Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0963

    Cinneadh (AE) 2020/963 ón gComhairle An 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    ST/6198/2013/INIT

    IO L 214, 6.7.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/963/oj

    Related international agreement

    6.7.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 214/1


    CINNEADH (AE) 2020/963 ÓN gCOMHAIRLE

    An 26 Meitheamh 2020

    maidir le tabhairt i gcrích Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) agus leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 218(8) de,

    Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 6(2) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 5 Nollaig 2004, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara a chaibidil idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht Mharacó.

    (2)

    Síníodh an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (2), (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 12 Nollaig 2006.

    (3)

    Síníodh an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach i Lucsamburg an 25 Aibreán 2005 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007.

    (4)

    Ní mór Prótacal lena leasaítear an Comhaontú a bheith ann chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh.

    (5)

    Síníodh an Prótacal an 18 Meitheamh 2012.

    (6)

    Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus i gcomharbas air.

    (7)

    Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit. (3)

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal (4), agus tabharfaidh sé an dearbhú seo a leanas:

    “Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus i gcomharbas air agus ón dáta sin amach feidhmíonn sé cearta uile agus gabhann sé chuige oibleagáidí uile an Chomhphobail Eorpaigh. Dá bhrí sin, léitear tagairtí do ‘an Comhphobal Eorpach’ nó ‘an Comhphobal’ i dtéacs an Chomhaontaithe agus an Phrótacail, i gcás inarb iomchuí, mar ‘an tAontas Eorpach’ nó ‘an tAontas’.”.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  IO L 386, 29.12.2006, lch. 57.

    (3)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 200, 27.7.2012, lch. 25, in éineacht leis an gcinneadh maidir leis an síniú agus leis an gcur i bhfeidhm sealadach.

    (4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a dtiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top