Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0434

    Cinneadh (CBES) 2020/434 ón gComhairle an 23 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)

    ST/6343/2020/INIT

    IO L 89, 24.3.2020, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/434/oj

    24.3.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 89/1


    CINNEADH (CBES) 2020/434 ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Márta 2020

    lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Eanáir 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/34/CBES (1) maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali).

    (2)

    An 14 Bealtaine 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/716 (2), lenar oiriúnaigh sí agus lenar chuir sí síneadh le sainordú EUTM Mali agus lenar leag sí méid tagartha don sainordú sin síos don tréimhse ón 19 Bealtaine 2018 go dtí an 18 Bealtaine 2020.

    (3)

    I Rúin 2391 (2017) agus 2480 (2019) uaithi, dhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a tiomantas láidir do cheannasacht, do neamhspleáchas agus d’iomláine chríochach thíortha an Ghrúpa de Chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile), eadhon Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir; mhol an Chomhairle Slándála rannchuidiú na gcomhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha in acmhainneachtaí slándála sa tSaiheil a neartú, go háirithe an ról a bhíonn ag misin de chuid an Aontais Eorpaigh (EUTM Mali, EUCAP Sahel Mali agus EUCAP Sahel Niger) maidir leis an oiliúint agus leis an gcomhairle straitéiseach atá á gcur ar fáil d'fhórsaí slándála náisiúnta sa tSaiheil; ba dhíol sásaimh don Chomhairle Slándála na hiarrachtaí atá ar bun ag fórsaí na Fraince chun tacú le hoibríochtaí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus d'iarr sí comhordú leordhóthanach, malartú faisnéise agus, nuair is infheidhme, tacaíocht a bheith ann idir MINUSMA, Fórsaí Armtha Mhailí, Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, Fórsaí na Fraince agus misin de chuid an Aontais Eorpaigh i Mailí.

    (4)

    Mar thoradh ar an Athscrúdú Straitéiseach ar an Misean, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go leasófaí sainordú EUTM Mali agus go gcuirfí síneadh leis go dtí an 18 Bealtaine 2024 agus go ndéanfaí Athscrúdú Straitéiseach Eatramhach tráth nach déanaí ná tar éis dhá bhliain.

    (5)

    Is gá a leagan síos freisin an mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUTM Mhailí a chlúdach don tréimhse ón 19 Bealtaine 2020 go dtí an 18 Bealtaine 2024.

    (6)

    Ba cheart Cinneadh 2013/34/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    "Airteagal 1

    Misean

    1.   Stiúrfaidh an tAontas misean le haghaidh oiliúint mhíleata i Mailí (EUTM Mali) chun cuidiú le Fórsaí Armtha Mhailí (MAF) a n-acmhainn mhíleata a athbhunú d'fhonn iad a chur ar a gcumas oibríocht mhíleata a stiúradh lena ndíreofar ar iomláine chríochach Mhailí a athbhunú agus an bhagairt a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta a laghdú agus d'fhonn cúnamh míleata a chur ar fáil do Fhórsaí Comhpháirteacha G5 na Saiheile chomh maith le fórsaí armtha náisiúnta i gCúig thír na Saiheile. Ní ghlacfaidh EUTM Mali páirt in oibríochtaí comhraic.

    2.   Ar chuspóirí straitéiseacha EUTM Mali beidh:

    (a)

    cuidiú le hacmhainneacht oibríochtúil MAF faoi rialú údarás dlisteanach sibhialtach Mhailí;

    (b)

    tacú le G5 na Saiheile trí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus fórsaí armtha náisiúnta i gcúig thír na Saiheile a oibríochtú.

    3.   Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe a) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle agus oiliúint mhíleata, lena n-áirítear oiliúint réamh-mhisin, oideachas agus meantóireacht ar fáil do MAF, trí thionlacan neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta ionas go mbeidh EUTM Mali in ann obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí MAF agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar a iompar, lena n-áirítear i ndáil leis an urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    4.   Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe b) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle mhíleata, oiliúint agus meantóireacht ar fáil d’Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus do na fórsaí armtha náisiúnta, trí ghníomhaíocht neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta.

    5.   Chun tacú le G5 na Saiheile, leanfaidh EUTM Mali de chur chuige comhleanúnach modúlach maidir le gníomhaíochtaí lasmuigh de Mhailí.

    6.   Déanfar gníomhaíochtaí EUTM Mali a dhéanamh i ndlúthchomhar agus i ndlúthcomhoibriú le Ballstáit agus institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an AE, agus le gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le tacaíocht a thabhairt do MAF, go háirithe na Náisiúin Aontaithe (NA), oibríocht Barkhane agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) chun comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí a fheabhsú, chun an díchoinbhleachtú a áirithiú agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus aird chuí á tabhairt ar chreat institiúideach an Aontais.. Leis na gníomhaíochtaí sin, tacóidh an tAonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú in EUCAP Sahel Mali.".

    (2)

    In Airteagal 10, cuirtear an mhír seo leis:

    "3.   133 711 059 EUR a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais do chostais choiteanna EUTM Mali don tréimhse ón 19 Bealtaine 2020 go dtí an 18 Bealtaine 2024. 15 % a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528 agus 0 % a bheidh sa chéatadán d'íocaíochtaí.".

    (3)

    In Airteagal 12, cuirtear an méid seo in ionad mhír 2:

    "2.   Tiocfaidh deireadh le sainordú EUTM Mali an 18 Bealtaine 2024.".

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha an Mhailí (EUTM Mailí) (IO L 14, 18.1.2013, lch 19).

    (2)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 120, 16.5.2018, lch 8).


    Top