This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0253
Council Decision (CFSP) 2020/253 of 25 February 2020 amending Decision (CFSP) 2018/906 extending the mandate of the European Union Special Representative for the Sahel
Cinneadh (CBES) 2020/253 ón gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil
Cinneadh (CBES) 2020/253 ón gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil
ST/5913/2020/INIT
IO L 54I, 26.2.2020, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2021
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32018D0906 | Cur le | airteagal 14 mír neamhuimhrithe | 01/03/2020 | 28/02/2021 |
Modifies | 32018D0906 | Athchur | airteagal 1 mír 1 | 01/03/2020 | 28/02/2021 |
Modifies | 32018D0906 | Cur le | airteagal 5 mír 1 mír neamhuimhrithe | 01/03/2020 | 28/02/2021 |
26.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 54/9 |
CINNEADH (CBES) 2020/253 ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Feabhra 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2274 (1) lena gceaptar Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil. |
(2) |
An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/906 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don tSaiheil. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 29 Feabhra 2020. |
(3) |
Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don tSaiheil agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021. |
(4) |
Cuirfidh ISAE don tSaiheil an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "1. Cuirtear síneadh le sainordú Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.". |
(2) |
In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: "Is é EUR 1 600 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.". |
(3) |
In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: "Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair faoin 30 Samhain 2020.". |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) 2015/2274 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 322, 8.12.2015, lch. 44).
(2) Cinneadh (CBES) 2018/906 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 161, 26.6.2018, lch. 22).