EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1156

Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

PE/54/2019/REV/1

IO L 188, 12.7.2019, p. 55–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1156/oj

12.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

55


RIALACHÁN (AE) 2019/1156 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar chineálacha éagsúla cur chuige rialála agus maoirseachta i ndáil le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta malartacha (CIManna) mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-áirítear cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna) mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna) mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus i ndáil le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) de réir bhrí Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cothaítear ilroinnt agus bacainní ar mhargaíocht trasteorann agus ar rochtain ar CIManna agus GCUInna, rud a d'fhéadfadh bac a chur ar a margaíocht i mBallstáit eile. D'fhéadfaí GCUI a bhainistiú go seachtrach nó go hinmheánach, ag brath ar a fhoirm dlí. Ba cheart feidhm a bheith ag aon fhorálacha den Rialachán seo a bhaineann le cuideachtaí bainistíochta GCUI maidir le cuideachtaí, arb é a ngáthghnó bainistiú a dhéanamh ar GCUI, agus d'aon GCUI nár ainmnigh cuideachta bhainistíochta GCUI.

(2)

Chun an creat rialála is infheidhme do ghnóthais chomhinfheistíochta a fheabhsú agus chun cosaint níos fearr a thabhairt d'infheisteoirí, ba cheart cumarsáid mhargaíochta atá dírithe ar infheisteoirí in CIManna agus in GCUInna a bheith so-aitheanta mar chumarsáid mhargaíochta, agus ba cheart cur síos chomh feiceálach céanna a bheith inti ar na rioscaí agus ar na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó GCUI a cheannach. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis ar fad atá san áireamh i gcumarsáid mhargaíochta a chur i láthair ar bhealach atá cothrom agus soiléir agus níor cheart di a bheith míthreorach. Chun cosaint d'infheisteoirí a chaomhnú agus cothrom iomaíochta a bhaint amach idir CIManna agus GCUInna, ba cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin le haghaidh cumarsáid mhargaíochta maidir le cumarsáid mhargaíochta CIManna agus GCUInna.

(3)

I gcumarsáid mhargaíochta atá dírithe ar infheisteoirí in CIManna agus in GCUInna ba cheart a shonrú an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis achomair a fháil faoi chearta infheisteoirí agus ba cheart a shonrú go soiléir inti go bhfuil an ceart ag an BCIM, ag an mbainisteoir EuVECA, ag an mbainisteoir EuSEF nó ag an gcuideachta bhainistíochta GCUI (dá ngairtear lena chéile, “bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta”), socruithe a fhoirceannadh, ar socruithe iad a rinneadh ar mhaithe le margaíocht.

(4)

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chosaint tomhaltóirí agus chun éascaíocht a dhéanamh ar an rochtain ar fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme i leith cumarsáid mhargaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta na téacsanna sin a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-achoimrí neamhoifigiúla a chuirfeadh ar chumas bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta forléargas leathan a fháil ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sin. Níor cheart ach gur chun críocha faisnéise amháin an foilseachán sin agus níor cheart go gcruthódh sé aon oibleagáidí dlí. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (ESMA) bunachar sonraí lárnach a bhunú ina mbeadh achoimrí ar na ceanglais náisiúnta le haghaidh cumarsáid mhargaíochta agus hipearnaisc chuig an bhfaisnéis arna foilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil.

(5)

Chun dea-chleachtais maidir le cosaint infheisteoirí a chur chun cinn, ar cosaint í atá cumhdaithe sna ceanglais náisiúnta maidir le cumarsáid mhargaíochta atá cóir agus soiléir, lena n-áirítear gnéithe ar líne de chumarsáid mhargaíochta den sórt sin, ba cheart do ESMA treoirlínte a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas sin le haghaidh cumarsáid mhargaíochta.

(6)

Ba cheart d'údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go dtabharfaí réamhfhógra maidir le cumarsáid mhargaíochta a dhéanamh chun fíorú ex ante a dhéanamh an bhfuil an chumarsáid sin ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus aon cheanglas eile is infheidhme, amhail an bhfuil an chumarsáid mhargaíochta so-aitheanta mar chumarsáid mhargaíochta, an gcuireann siad síos ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid in GCUInna a cheannach, agus, i gcás ina gceadaíonn Ballstát margaíocht a dhéanamh ar CIManna d'infheisteoirí miondíola, an gcuireann siad síos ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna CIM ar bhealach atá chomh feiceálach céanna agus an gcuirtear an fhaisnéis ar fad sa chumarsáid mhargaíochta i láthair ar bhealach atá cothrom, soiléir agus gan a bheith míthreorach. Ba cheart an fíorú sin a dhéanamh laistigh de thréimhse theoranta ama. I gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla fógra roimh ré, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc orthu fíorú ex post a dhéanamh ar chumarsáid mhargaíochta.

(7)

Ba cheart do na húdaráis inniúla tuairisc a chur ar fáil do ESMA ina mbeadh torthaí an fhíoraithe sin, maille le hiarrataí ar leasuithe agus le haon smachtbhannaí arna bhforchur ar bhainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta. D'fhonn cur leis an bhfeasacht agus le trédhearcacht na rialacha is infheidhme maidir le cumarsáid mhargaíochta, ar thaobh amháin, agus chun a áirithiú go gcosnaítear an t-infheisteoir, ar an taobh eile, ba cheart do ESMA, gach dara bliain, tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir leis na rialacha sin agus lena gcur i bhfeidhm praiticiúil ar bhonn fíorú ex ante agus ex post na cumarsáide margaíochta a rinne údaráis inniúla.

(8)

Chun cóireáil chothrom na mbainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a áirithiú agus cinnteoireacht a éascú i ndáil lenar cheart dóibh dul i mbun cistí infheistíochta a dháileadh go trasteorann, tá sé tábhachtach táillí agus muirir arna ngearradh ag údaráis inniúla don mhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí trasteorann a bheith comhréireach leis na cúraimí maoirseachta a chuirtear i gcrích agus a nochtar go poiblí, agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht go ndéanfaí na táillí agus na muirir sin a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart faisnéis ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil i ndáil leis na táillí agus na muirir a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ESMA chun pointe lárnach faisnéise a bheith ann. Ba cheart do ESMA freisin uirlis idirghníomhach a áireamh ar a shuíomh gréasáin lena bhféadfaí ríomh táscach a dhéanamh ar na táillí agus ar na muirir sin arna ngearradh ag údaráis inniúla.

(9)

Chun a áirithiú gur fearr is féidir táillí nó muirir a aisghnóthú agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar shoiléire struchtúr na dtáillí agus na muirear, i gcás ina ngearrann údaráis inniúla na táillí nó na muirir sin, ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta sonrasc, ráiteas maidir le híocaíocht indibhidiúil nó treoir íocaíochta ina leagtar amach go soiléir méid na dtáillí nó na muirear atá dlite agus na modhanna íocaíochta a fháil.

(10)

Ós rud é gur cheart do ESMA, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh i réimse a inniúlachta féin, tá sé iomchuí agus riachtanach eolas ESMA a fheabhsú trí bhunachair sonraí de chuid ESMA atá ann cheana a mhéadú le go n-áireofaí bunachar sonraí lárnach ina liostaítear gach CIM agus GCUI a ndéantar margaíocht orthu ar bhonn trasteorann, bainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta sin agus na Ballstáit ina dtarlaíonn an mhargaíocht. Chun na críche sin, agus chun é a chur ar chumas ESMA bunachar sonraí lárnach a chothabháil ar bhealach cothrom le dáta, ba cheart d'údaráis inniúla fáisnéis maidir le fógraí, maidir le litreacha fógartha agus faisnéis a fuair siad faoi Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE i ndáil le gníomhaíocht mhargaíochta trasteorann a tharchur chuig ESMA, chomh maith le faisnéis faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sin ar cheart é a dhéanamh sa bhunachar sonraí sin. I ndáil leis sin, ba cheart do ESMA tairseach fógartha a bhunú ar a bhféadfadh údaráis inniúla gach doiciméad a uaslódáil, ar doiciméid iad i ndáil le dáileadh trasteorann GCUInna agus CIManna.

(11)

Chun cothrom iomaíochta a bhaint amach idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, nó cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ar lámh amháin, agus CIManna eile, ar an lámh eile, tá sé riachtanach rialacha maidir le réamh-mhargaíocht atá comhionann leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE maidir le réamh-mhargaíocht a chur san áireamh leis na Rialacháin sin. Le rialacha den sórt sin, ba cheart a chur ar chumas bainisteoirí arna gclárú i gcomhréir leis na Rialacháin sin díriú ar infheisteoirí trí thástáil a dhéanamh ar a spéis i ndeiseanna nó i straitéisí infheistíochta atá ar na bacáin trí bhíthin cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

(12)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá cuideachtaí áirithe agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin díolmhaithe ó na hoibleagáidí faoin Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2019. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin go bhfuil an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh air faoin 31 Nollaig 2018, chun measúnú a dhéanamh, inter alia, ar cheart an díolúine idirthréimhseach a fhadú, nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a shainaithint, ar cheart na forálacha maidir le príomhinfheisteoirí i dTreoir 2009/65/CE a ionadú nó a mheas a bheith comhionann leis an bpríomhdhoiciméad faisnéise a leagtar síos sa Rialachán sin.

(13)

Ionas go bhféadfadh an Coimisiún an t-athbhreithniú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 dá bhforáiltear ar dtús, ba cheart an spriocdháta don athbhreithniú sin a fhadú 12 mhí. Ba cheart don údarás inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa tacú le próiseas athbhreithnithe an Choimisiúin trí éisteacht a eagrú ar an ábhar leis na geallsealbhóirí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an tionscail agus leasanna tomhaltóiri.

(14)

Chun nach bhfaigheadh infheisteoirí dhá dhoiciméad éagsúla réamhnochta, eadhon doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir (KIID) mar a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE agus doiciméid faisnéise bunriachtanaí (KID) mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, don ghnóthas comhinfheistíochta céanna fad is atá na gníomhartha reachtacha a eascraíonn ó athbhreithniú an Choimisiúin i gcomhréir leis an Rialachán sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme, ba cheart síneadh 24 mhí a chur leis an díolúine idirthréimhseach ó oibleagáidí faoin Rialachán sin. Gan dochar don síneadh ama sin, ba cheart do gach institiúid agus údarás maoirseachta rannpháirteach gníomhú chomh gasta agus is féidir leo chun éascaíocht a dhéanamh ar fhoirceannadh na díolúine idirthréimhsí sin.

(15)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ESMA, i ndáil leis na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha trínar féidir le húdaráis inniúla na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta agus a gcuid achoimrí maidir le ceanglais mhargaíochta is infheidhme ina gcríocha, leibhéil na dtáillí nó na muirear a ghearrann siad le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann, agus, i gcás inarb infheidhme, modheolaíochtaí ríomha ábhartha a fhoilsiú agus fógra a thabhairt ina leith. Ina theannta sin, chun feabhas a chur ar tharchur faisnéise chuig ESMA, ba cheart caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh freisin i ndáil le fógraí, litreacha fógartha agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí margaíochta trasteorann a cheanglaítear le Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE agus na socruithe teicniúla is gá d'fheidhmiú na tairsí fógartha atá le bunú ag ESMA. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(16)

Is gá an fhaisnéis atá le cur ar fáil gach ráithe do ESMA a shonrú chun bunachair sonraí na ngnóthas comhinfheistíochta uile agus a mbainisteoirí a choinneáil cothrom le dáta.

(17)

Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus ba cheart an malartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag ESMA a bheith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(18)

Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil na feidhmeanna a thugtar dóibh leis an Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cumhachtaí riachtanacha maoirseachta agus iniúchóireachta ag na húdaráis sin.

(19)

Faoin 2 Lúnasa 2024, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart forbairtí margaidh a chur san áireamh sa mheastóireacht agus ba cheart a mheasúnú inti ar chuir na bearta arna dtabhairt isteach feabhas ar dháileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.

(20)

Faoin 2 Lúnasa 2021, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir le sirtheoireacht droim ar ais agus éileamh ar fhéintionscnamh an infheisteora, ina sonrófaí méid na suibscríbhinne sin i gcistí, a dháileadh geografach, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus a thionchar ar an gcóras pas.

(21)

Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé ríthábhachtach sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus an Rialachán seo chun feidhme maidir le forálacha maidir le cumarsáid mhargaíochta agus réamh-mhargaíocht.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú agus Aontas na Margaí Caipitil á bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le forálacha náisiúnta a fhoilsiú i dtaca le ceanglais mhargaíochta le haghaidh gnóthais comhinfheistíochta agus maidir le cumarsáid mhargaíochta atá dírithe ar infheisteoirí, chomh maith le prionsabail chomhchoiteanna i ndáil le táillí agus muirir arna ngearradh ar bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta maidir lena ngníomhaíochtaí trasteorann. Foráiltear leis freisin do bhunachar sonraí lárnach a bhunú maidir le margaíocht trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha;

(b)

cuideachtaí bainistíochta GCUI, lena n-áirítear aon GCUI nár ainmnigh cuideachta bhainistíochta GCUI;

(c)

bainisteoirí EuVECA; agus

(d)

bainisteoirí EuSEF.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “cistí infheistíochta malartacha” nó “CIManna” CIManna mar a shainmhínítear iad i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, agus áirítear ina measc EuVECAnna, EuSEFanna agus ELTIFanna;

(b)

ciallaíonn “bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha” nó “BCIManna” BCIManna mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

(c)

ciallaíonn “bainisteoir EuVECA” bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 é agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

(d)

ciallaíonn “bainisteoir EuSEF” bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 é agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin;

(e)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE nó i bpointe (f) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad nó údaráis inniúla CIM AE mar a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad;

(f)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe BCIM, an bhainisteora EuVECA, an bhainisteora EuSEF nó na cuideachta bainistíochta GCUI;

(g)

ciallaíonn “GCUI” GCUI arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(h)

ciallaíonn “cuideachta bhainistíochta GCUI” cuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE í.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le cumarsáid mhargaíochta

1.   Áiritheoidh BCIManna, bainisteoirí EuVECAnna, bainisteoirí EuSEFanna agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna go mbeidh an chumarsáid mhargaíochta go léir atá dírithe ar infheisteoirí so-aitheanta mar mhargaíocht agus go gcuirfear síos inti ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó le haonaid GCUI a cheannach ar bhealach atá chomh feiceálach céanna, agus go bhfuil an fhaisnéis go léir atá san áireamh i gcumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach.

2.   Maidir le cumarsáid mhargaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach maidir le GCUInna, áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI nach ndéanfaidh sí cur in aghaidh nó baint ó thábhacht na faisnéise atá sa réamheolaire ar faisnéis í dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó san fhaisnéis bhunriachtanach d'infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 den Treoir sin. Áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI go léireofar i ngach cumarsáid mhargaíochta go bhfuil réamheolaire ann agus go bhfuil an fhaisnéis bhunriachtanach d'infheisteoirí ar fáil. Sonrófar i gcumarsáid mhargaíochta den sórt sin an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó infheisteoirí féideartha an réamheolaire agus an fhaisnéis bhunriachtanach d'infheisteoirí a fháil agus soláthrófar inti hipearnaisc nó seoltaí suíomhanna gréasáin le haghaidh na ndoiciméad sin.

3.   Sonrófar i gcumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear i mír 2 an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó le hinfheisteoirí féideartha achoimre a fháil ar chearta infheisteoirí agus cuirfear ar fáil inti hipearnaisc chuig an achoimre sin, ina n-áireofar, de réir mar is iomchuí, fáisnéis faoi rochtain ar shásraí comhshásaimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcás dlíthíochta.

Ba cheart a áireamh i gcumarsáid mhargaíochta freisin faisnéis shoiléir a thabharfadh le fios go bhféadfaidh an bainisteoir nó an chuideachta bhainistíochta amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh na socruithe le haghaidh mhargaíocht a ngnóthas comhinfheistíochta a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 93a de Threoir 2009/65/CE agus le hAirteagal 32a de Threoir 2011/61/AE.

4.   Maidir le cumarsáid mhargaíochta ina gcuimsítear cuireadh chun aonaid nó scaireanna in CIM a cheannach ina bhfuil faisnéis shonrach maidir le CIM, áiritheoidh BCIManna bainisteoirí EuVECAnna agus bainisteoirí EuSEFanna nach dtiocfaidh sí salach ar an bhfaisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 nó le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ná go laghdóidh sí a suntas.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 den Airteagal seo maidir le CIManna a fhoilsíonn réamheolaire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó a chuireann i bhfeidhm rialacha maidir le formáid agus inneachar na faisnéise bunriachtanaí d'infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 de Threoir 2009/65/CE.

6.   Faoin 2 Lúnasa 2021, eiseoidh ESMA treoirlínte, agus, ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé na treoirlínte sin cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil, maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cumarsáid mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1, agus gnéithe ar líne na cumarsáide margaíochta sin á gcur san áireamh.

Airteagal 5

Forálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú

1.   Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis iomlán atá cothrom le dáta maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta go léir is infheidhme lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna, a fhoilsiú agus a choinneáil ar a suíomhanna gréasáin, mar aon le hachoimrí orthu, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA maidir leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil áit a bhfoilsítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar faoin gcéad fhomhír den mhír seo gan aon moill mhíchuí.

3.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Feabhra 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Bunachar sonraí lárnach ESMA maidir le forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta

Faoin 2 Feabhra 2022, foilseoidh agus coinneoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin bunachar sonraí lárnach ina bhfuil na hachoimrí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 7

Fíorú ex ante ar chumarsáid mhargaíochta

1.   Chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus na bhforálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhíorú, agus chun na críche sin amháin, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar chuideachtaí bainistíochta GCUI réamhfhógra a thabhairt faoi chumarsáid mhargaíochta a bhfuil sé ar intinn acu í a úsáid go díreach nó go hindíreach ina ngnóthaíocht le hinfheisteoirí.

Is éard a bheidh sa cheanglas maidir le réamhfhógra a thabhairt dá dtagraítear sa chéad fhomhír ná réamhchoinníoll le haghaidh mhargaíocht aonaid GCUI agus ní bheidh sé ina chuid den nós imeachta fógartha dá dtagraítear in Airteagal 93 de Threoir 2009/65/CE.

I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla réamhfhógra a thabhairt amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad iarraidh ar bith chun leasú a dhéanamh ar a gcumarsáid mhargaíochta in iúl do chuideachta bhainistíochta GCUI laistigh de 10 lá oibre ón gcumarsáid mhargaíochta a fháil.

Féadtar an réamhfhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éileamh ar bhonn córasach nó i gcomhréir le haon chleachtais fíorúcháin eile agus is gan dochar é d'aon chumhacht mhaoirseachta chun fíorú ex post a dhéanamh ar chumarsáid mhargaíochta.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla a cheanglaíonn réamhfhógra a thabhairt maidir le cumarsáid mhargaíochta a dhéanamh nósanna imeachta a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin le haghaidh réamhfhógra den sórt sin a thabhairt. Áiritheoidh na rialacha agus na nósanna imeachta inmheánacha cóireáil thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach le haghaidh gach GCUI, gan beann ar na Ballstáit ina bhfuil na GCUInna údaraithe.

3.   I gcás ina ndéanann BCIManna, bainisteoirí EuVECAnna nó bainisteoirí EuSEFanna aonaid nó scaireanna a CIManna a mhargú d'infheisteoirí miondíola, beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 i leith na BCIManna, na mbainisteoirí EuVECAnna nó na mbainisteoirí EuSEFanna sin.

Airteagal 8

Tuairisciú ESMA maidir le cumarsáid mhargaíochta

1.   Faoin 31 Márta 2021 agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú do ESMA:

(a)

an líon iarrataí ar leasuithe ar chumarsáid mhargaíochta arna ndéanamh ar bhonn fíorú ex ante, i gcás inarb infheidhme;

(b)

an líon iarrataí ar leasuithe agus cinntí a glacadh ar bhonn fíorú ex post, a idirdhealaíonn go sonrach idir na sáruithe is minice, lena n-áirítear cur síos ar na sáruithe agus cineál na sáruithe sin;

(c)

cur síos ar na sáruithe is minice ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4; agus

(d)

sampla amháin de gach ceann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c).

2.   Faoin 30 Meitheamh 2021 agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ina gcuirtear i láthair forléargas ar na ceanglais mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) i ngach Ballstát agus beidh ann anailís ar éifeachtaí na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena rialaítear cumarsáid mhargaíochta atá bunaithe freisin ar an bhfaisnéis arna fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Prionsabail chomhchoiteanna maidir le táillí nó muirir

1.   Sa chás go bhfuil táillí nó muirir á ngearradh ag údaráis inniúla i leith a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECAnna, bhainisteoirí EuSEFanna agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna, beidh na táillí nó na muirir sin comhsheasmhach leis an gcostas iomlán a bhaineann le feidhmiú fheidhmeanna an údaráis inniúil.

2.   Le haghaidh na dtáillí nó na muirear dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla sonrasc, ráiteas maidir le híocaíocht indibhidiúil nó treoir íocaíochta, ina leagfar amach go soiléir an modh íocaíochta agus an dáta atá an íocaíocht dlite, a chur chuig an seoladh dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE nó i bpointe (i) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/61/AE.

Airteagal 10

Forálacha náisiúnta maidir le táillí agus muirir a fhoilsiú

1.   Faoin 2 Feabhra 2020, déanfaidh na húdaráis inniúla bunachair sonraí a fhoilsiú agus faisnéis atá cothrom le dáta a choinneáil ar a suíomhanna gréasáin ina liostófar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó i gcás inarb infheidhme, na modheolaíochtaí ríomha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA maidir leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil áit a bhfoilsítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Feabhra 2021.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Foilseachán ESMA maidir le táillí agus muirir

1.   Faoin 2 Feabhra 2022 foilseoidh ESMA hipearnaisc ar a shuíomh gréasáin chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Déanfar na hipearnaisc sin a choinneáil cothrom le dáta.

2.   Faoin 2 Feabhra 2022, déanfaidh ESMA uirlis idirghníomhach a fhorbairt agus a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin, a thabharfaidh ríomh táscach ar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Coinneofar an uirlis sin cothrom le dáta.

Airteagal 12

Bunachar sonraí lárnach ESMA maidir le margaíocht trasteorann ar CIManna agus GCUInna

1.   Faoin 2 Feabhra 2022, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna, a bheidh ar fáil don phobal i dteanga amháin is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, ina liostófar:

(a)

gach CIM a ndéantar margaíocht air i mBallstát eile seachas an Ballstát baile, a BCIM, a bhainisteoir EuSEF agus a bhainisteoir EuVECA, agus an Ballstát ina bhfuil margaíocht ar siúl air; agus

(b)

gach CIM a ndéantar margaíocht air i mBallstát eile seachas Ballstát baile an GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (e) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE, a gcuideachta bhainistíochta GCUI gus na Ballstáit ina bhfuil margaíocht ar siúl air.

Déanfar an bunachar sonraí lárnach sin a choinneáil cothrom le dáta.

2.   Beidh na hoibleagáidí san Airteagal seo agus in Airteagal 13 a bhaineann leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí a bhaineann leis an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 6(1) de Threoir 2009/65/CE, don chlár poiblí lárnach dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 7(5) de Threoir 2011/61/AE, don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 346/2013.

Airteagal 13

Caighdeánú fógraí chuig ESMA

1.   Gach ráithe, cuirfidh Ballstáit bhaile na n-údarás inniúil ESMA ar an eolas faoin bhfaisnéis is gá le haghaidh chruthú agus chothabháil an bhunachair sonraí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo i ndáil le haon fhógra, litir fógartha nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 93(1) agus Airteagal 93a(2) de Threoir 2009/65/CE agus in Airteagal 31(2), Airteagal 32(2) agus in Airteagal 32a(2) de Threoir 2011/61/AE, agus aon athruithe ar an bhfaisnéis sin, i gcás ina mbeadh mar thoradh ar na hathruithe sin go dtiocfadh athrú ar an bhfaisnéis sa bhunachar sonraí lárnach.

2.   Déanfaidh ESMA tairseach fógartha a bhunú ar a ndéanfaidh gach údarás inniúil doiciméid a uaslódáil, ar doiciméid iad dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar an fhaisnéis atá le cur in iúl, chomh maith le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta do chumarsáid na faisnéise sin ag na húdaráis inniúla chun críocha mhír 1, agus na socruithe teicniúla is gá d'fheidhmiú na tairsí fógartha dá dtagraítear i mír 2.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Feabhra 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Beidh ag na húdaráis inniúla gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo.

2.   Beidh na cumhachtaí a thugtar d'údaráis inniúla de bhun Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE, Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 2015/760, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le pionóis nó le bearta eile, beidh feidhm acu maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 15

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(o)

ciallaíonn ‘réamh-mhargaíocht’ faisnéis faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a bheith á soláthar nó iad a bheith á gcur in iúl, go díreach nó go hindíreach, ag bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach, nó thar a cheann, d'infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste caipitil fiontair cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste caipitil fiontraíochta cáilitheach atá ar bun ach nár tugadh fógra ina leith go fóill maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh sin.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

1.   Féadfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí ionchasacha:

(a)

cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach áirithe a fháil;

(b)

is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó

(c)

is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste caipitil fiontair cáilitheach nár bunaíodh fós.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

(a)

ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh le haonaid ná le scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach; agus

(b)

níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.

2.   Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach fógra a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.

3.   Áiritheoidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach trí réamh-mhargaíocht agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste caipitil fiontair cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 15.

Aon suibscríbhinn a ghlacfaidh infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí ón tráth a rinne bainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach tús a chur leis an réamh-mhargaíocht, d'aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis arna soláthar sa chomhthéacs réamh-mhargaíochta, nó ciste caipitil fiontair cáilitheach mar thoradh ar réamh-mhargaíocht, measfar é a bheidh mar thoradh ar mhargaíocht agus beidh sé faoi féir na nósanna imeachta fógartha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15.

4.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí caipitil fiontair cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste caipitil fiontair cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina chríoch.

5.   Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann bainisteoir údaraithe ar chiste caipitil fiontair cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó gníomhartha mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

6.   Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.

(*1)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(*2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).”."

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(o)

ciallaíonn ‘réamh-mhargaíocht’ faisnéis faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a bheith á soláthar nó iad a bheith á gcur in iúl, go díreach nó go hindíreach, ag bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, nó thar a cheann, d'infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá ar bun ach nár tugadh fógra ina leith go fóill maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 16, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta sin.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:

“Airteagal 4a

1.   Féadfaidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin sa chás go mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d'infheisteoirí féideartha:

(a)

cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áirithe a fháil;

(b)

is ionann í agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm dheiridh; nó

(c)

is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nár bunaíodh fós.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, nach gcuimsítear iontu faisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

(a)

ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh in aonaid ná i scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach; agus

(b)

níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.

2.   Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach fógra a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.

3.   Áiritheoidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach trí ghníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 16.

Ba cheart a mheas gur de thoradh na margaíochta ar aon suibscríbhinn ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tús a chur le réamh-mhargaíocht, le haonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs na réamh-mhargaíochta, nó ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhunú de thoradh na réamh-mhargaíochta agus ba cheart iad a bheith faoi réir nósanna imeachta fógartha dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Laistigh de 2 sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina gcríoch.

5.   Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann an bhainisteora údaraithe ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó ní ghníomhóidh sé mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

6.   Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.

(*3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(*4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).”."

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 32(1), cuirtear “31 Nollaig 2021” in ionad “31 Nollaig 2019”.

(2)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír de mhír 1, cuirtear “31 Nollaig 2019” in ionad “31 Nollaig 2018”;

(b)

sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear “31 Nollaig 2019” in ionad “31 Nollaig 2018”;

(c)

sa chéad fhomhír de mhír 4, cuirtear “31 Nollaig 2019” in ionad “31 Nollaig 2018”.

Airteagal 18

Meastóireacht

Faoin 2 Lúnasa 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphlé le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Faoin 2 Lúnasa déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairliúchán le húdaráis inniúla, le ESMA agus le geallsealbhóirí eile, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le sirtheoireacht droim ar ais agus éileamh ar fhéintionscnamh an infheisteora, ina sonrófar méid an chineáil suibscríbhinne i gcistí, a dháileadh geografach, lena n-áirítear tríú tíortha, agus a thionchar ar an gcóras pas. Déanfar iniúchadh sa tuarascáil freisin ar cheart an tairseach fógartha arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 13(2) a fhorbairt ionas go dtarlódh gach aistriú doiciméad idir na húdaráis inniúla tríd mheán na tairsí sin.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2019.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 4(1) go (5), ag Airteagal 5(1) agus (2), ag Airteagal 15 agus ag Airteagal 16 ón 2 Lúnasa 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(7)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna)(IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE ( An Rialachán maidir le Consaint Sonraí Ginearálta (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta (Féach leathanach 106 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).


Top