Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0474

    Rialachán (AE) 2019/474 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

    PE/80/2018/REV/1

    IO L 83, 25.3.2019, p. 38–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/474/oj

    25.3.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    38


    RIALACHÁN (AE) 2019/474 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Márta 2019

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaítear Cód Custaim an Aontais (an Cód) agus leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta ginearálta is infheidhme maidir le hearraí a thugtar isteach i gcríoch custaim an Aontais agus a thugtar amach aisti.

    (2)

    Maidir le bardas Iodálach Campione d'Italia, eachtarchríoch Iodálach i gcríoch na hEilvéise, agus uiscí Iodálacha Loch Lugano, ba cheart glacadh leo mar chuid de chríoch custaim an Aontais ar an ábhar nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna stairiúla a bhí leis na críocha sin a eisiamh, amhail a n-iargúltacht agus a míbhuntáistí eacnamaíocha. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart na críocha sin a chur san áireamh sna socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil ach iad a eisiamh go fóill ón gcóras comhchoiteann cánach breisluacha. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm gach leasú go comhleanúnach ón bpointe céanna ama, ba cheart go mbeadh glacadh leis na críocha sin mar chuid de chríoch custaim an Aontais ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh.

    (3)

    Ba cheart an Cód a leasú chun a shoiléiriú gur féidir le sealbhóir chinneadh fhaisnéise taraife ceangailtí (FTC) an cinneadh sin a úsáid suas le sémhí ón am a cúlghaireadh an cinneadh FTC más rud é gur tharla an chúlghairm mar gheall nach gcomhlíonann an cinneadh sin le reachtaíocht chustaim nó más rud é nár comhlíonadh na coinníollacha arna leagan síos i dtaobh glacadh an chinnidh FTC nó nach gcomhlíontar iad a thuilleadh.

    (4)

    Ba cheart stóráil shealadach a chur le liosta foirmiúlachtaí custaim a chumhdaítear faoin bhforáil den Chód a fhorálann d'fhiacha custaim a mhúchadh de thoradh neamhchomhlíonta i gcás nach raibh aon tionchar suntasach iontu ar oibriú ceart an nós imeachta lena mbaineann, nach ndearnadh aon iarracht ar mheabhlaireacht, agus gur tugadh an scéal chun rialtachta ina dhiaidh sin. Chun críocha fiacha custaim a mhúchadh sna cásanna sin, níor cheart déileáil le stóráil shealadach ar bhealach difriúil ó nós imeachta custaim. An tarmligean cumhachta a thabharfar don Choimisiún chun an fhoráil sin den Chód a fhorlíonadh, ba cheart é a leasú chun stóráil shealadach a chur san áireamh.

    (5)

    I gcásanna ina gceanglaítear ar údaráis chustaim dearbhú iontrála achomair a chur ó bhail ar an ábhar nár tugadh isteach sa chríoch chustaim na hearraí a chumhdaítear faoin dearbhú, ba cheart an dearbhú iontrála achomair a chur ó bhail gan mhoill 200 lá ón am a taisceadh an dearbhú seachas laistigh de thréimhse 200 lá óir is le linn na tréimhse sin is gá earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

    (6)

    Chun gur féidir le húdaráis chustaim anailís riosca cheart agus rialuithe rioscabhunaithe iomchuí a dhéanamh, is gá a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha sonraí réamhtheachta agus faisnéis réamhtheachta i dtaobh earraí nach de chuid an Aontais iad ar fáil dóibh i bhfoirm dearbhaithe iontrála achomair. I gcásanna nár taisceadh dearbhú iontrála achomair roimh theacht isteach na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais ná nár tarscaoileadh an oibleagáid é sin a thaisceadh, ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha na sonraí agus an fhaisnéis, a chuirfí de ghnáth le dearbhuithe iontrála achoimre, a chur isteach mar chuid dá ndearbhuithe custaim nó mar chuid dá ndearbhuithe stórála sealadaí. Chun na críocha sin, ba cheart nach bhféadfaí dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh in ionad dearbhú iontrála achomair ach amháin dá gceadódh na húdaráis chustaim amhlaidh san áit ina mbeadh na hearraí á dtíolacadh. I gcásanna ina gceanglaítear ar údaráis chustaim dearbhú stórála shealadaí a chur ó bhail ar an ábhar nár tíolacadh do na húdaráis chustaim na hearraí a chumhdaítear faoin dearbhú, ba cheart an dearbhú sin a chur ó bhail gan mhoill tar éis 30 lá a bheith caite ón am a taisceadh an dearbhú seachas laistigh de thréimhse 30 lá, óir is le linn na tréimhse sin gur gá earraí a thíolacadh do na húdaráis chustaim.

    (7)

    Ba cheart faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí a sholáthar d'earraí ar deisíodh nó ar athraíodh iad faoin nós imeachta próiseála amach i dtír nó i gcríoch lenar thug an tAontas comhaontú idirnáisiúnta i gcrích lena bhforáiltear an faoiseamh sin, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a ghealltanais idirnáisiúnta i ndáil leis an méid sin. Ós rud é go bhfuil raon feidhme an fhaoisimh sin teoranta d'allmhairiú na dtáirgí ar deisíodh nó ar athraíodh iarbhír iad sa tír nó sa chríoch lena mbaineann, níor cheart é a leathnú go hallmhairiú earraí deisithe nó athraithe a fuarthas as earraí comhionanna nó as táirgí athsholáthair faoin gcóras malartaithe caighdeánach. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an bhfaoiseamh ó dhleacht ar allmhairí na n-earraí agus na dtáirgí sin.

    (8)

    I gcásanna ina gceanglaítear ar údaráis chustaim dearbhú imeachta achomair nó fógra áth-onnmhairithe a chur ó bhail ar an ábhar nár tugadh amach as críoch chustaim an Aontais na hearraí ábhartha, ba cheart an dearbhú iontrála achomair a chur ó bhail gan mhoill tar éis 150 lá a bheith caite ón am a taisceadh é seachas laistigh de thréimhse 150 lá, óir is le linn na tréimhse sin gur gá earraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais.

    (9)

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí chun na cuspóirí bunúsacha a bhaint amach le gur féidir leis an aontas custaim feidhmiú go héifeachtach agus le go gcuirfear an comhbheartas tráchtála i bhfeidhm, tá sé riachtanach agus is iomchuí dul i ngleic le roinnt saincheisteanna teicniúla a braitheadh i gcur chun feidhme an Chóid ó tháinig sé i bhfeidhm, chun dhá chríoch de chuid Ballstáit a thabhairt laistigh de raon feidhme chríoch chustaim an Aontais agus chun an Cód a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta nach raibh i bhfeidhm tráth a glacadh é. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fleisce déag:

    “—

    críoch Phoblacht na hIodáile, cé is moite de bhardas Livigno,”;

    (2)

    in Airteagal 34(9), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “9.   I gcásanna ina scoirfidh cinneadh FTC nó cinneadh FCT de bheith bailí i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 nó le mír 2, nó ina ndéanfar an cinneadh a chúlghairm i gcomhréir le mír 5, mír 7 nó mír 8, féadfar cinneadh FTC nó cinneadh FCT a úsáid fós maidir le conarthaí ceangailteacha a bhí bunaithe ar an gcinneadh sin agus a tugadh i gcrích sula scoirfidh sé de bheith bailí nó sula ndéanfar é a chúlghairm. Ní bheidh feidhm ag an úsáid bhreisithe sin i gcás ina ndéanfar cinneadh FCT maidir le hearraí atá le honnmhairiú.”;

    (3)

    in Airteagal 124(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h)(i):

    “(i)

    ní raibh éifeacht shuntasach ag an teip as ar eascair tabhú an fhéich custaim ar oibriú ceart na stórála shealadaí nó an nós imeachta custaim lena mbaineann agus ní iarracht ar mheabhlaireacht a bhí inti;”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 126:

    “Airteagal 126

    Tarmligean cumhachta

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 284, chun liosta na dteipeanna nach raibh éifeacht shuntasach acu ar oibriú ceart na stórála sealadaí nó ar an nós imeachta custaim lena mbaineann agus chun pointe (h)(i) d'Airteagal 124(1) a fhorlíonadh.”;

    (5)

    in Airteagal 129, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach dtabharfar na hearraí ar taisceadh dearbhú iontrála achomair ina leith isteach i gcríoch chustaim an Aontais, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhú sin ó bhail gan mhoill in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    arna iarraidh sin don dearbhóir; nó

    (b)

    tar éis do 200 lá a bheith caite ón am a taisceadh an dearbhú.”;

    (6)

    in Airteagal 139, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   I gcás nach mbeidh earraí a thíolacfar do lucht custaim, nach earraí de chuid an Aontais iad, cumhdaithe ag dearbhú iontrála achomair, agus cé is moite de chás inar tarscaoileadh an oibleagáid dearbhú den sórt sin a thaisceadh, taiscfidh duine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 127(4), gan dochar d'Airteagal 127(6), an dearbhú sin nó le cead ó na húdaráis chustaim, dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí ina ionad láithreach. Sna himthosca sin, i gcás ina ndéanfar dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh, áireofar sa dearbhú ar a laghad na sonraí atá ag teastáil don dearbhú iontrála achomair.”;

    (7)

    in Airteagal 146, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach dtíolacfar na hearraí ar taisceadh dearbhú stórála sealadaí ina leith do chustaim, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhú sin ó bhail gan mhoill in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    arna iarraidh sin don dearbhóir; nó

    (b)

    tar éis do 30 lá a bheith caite ón am a taisceadh an dearbhú.”;

    (8)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 260a

    Earraí arna ndeisiú nó arna n-athrú i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta

    1.   Deonófar faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí do tháirgí próiseáilte de thoradh ar earraí atá faoin nós imeachta próiseála amach i gcás ina ndeimhneofar an méid seo a leanas chun sástacht na n-údarás custaim:

    (a)

    deisíodh nó athraíodh na hearraí i dtír nó i gcríoch lasmuigh de chríoch custaim an Aontais a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas léi lena bhforáiltear an faoiseamh sin; agus

    (b)

    tá na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh ó dhleacht ar allmhairí a leagtar síos sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) comhlíonta.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le táirgí próiseáilte de thoradh ar earraí comhionanna dá dtagraítear in Airteagal 223 ná maidir le táirgí athsholáthair dá dtagraítear in Airteagal 261 agus Airteagal 262.”;

    (9)

    in Airteagal 272, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach dtabharfar na hearraí ar taisceadh dearbhú imeachta achomair ina leith amach as críoch chustaim an Aontais, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhú sin ó bhail gan mhoill in aon cheann de na cásanna a leanas:

    (a)

    arna iarraidh sin don dearbhóir; nó

    (b)

    tar éis 150 lá a bheith caite ón am a taisceadh an dearbhú.”;

    (10)

    in Airteagal 275, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   I gcás nach dtabharfar na hearraí ar taisceadh fógra athonnmhairithe ina leith amach as críoch chustaim an Aontais, cuirfidh na húdaráis chustaim an fógra sin ó bhail gan mhoill in aon cheann de na cásanna a leanas:

    (a)

    arna iarraidh sin don dearbhóir; nó

    (b)

    tar éis 150 lá a bheith caite ón am a taisceadh an fógra.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. CIAMBA


    (1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 39.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2019.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    Top