EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R0473

Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú)

PE/79/2018/REV/1

IO L 83, 25.3.2019, p. 18–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/473/oj

25.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


RIALACHÁN (AE) 2019/473 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

(códú)

TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ceanglaítear ar na Ballstáit rialú, cigireacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus oibriú i gcomhar le chéile agus le tríú tíortha chuige sin.

(3)

Chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, is gá do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht a chomhordú ar a gcríoch talún agus in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, oibleagáidí an Aontais sa chreat maidir le heagraíochtaí iascaigh réigiúnacha agus faoi chomhaontuithe le tríú tíortha.

(4)

Ní féidir aon scéim cigireachta a bheith costéifeachtach mura ndéantar forálacha maidir le cigireachtaí ar tír. Ar an gcúis sin, is ceart críocha talún a chumhdach le pleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

(5)

Trí bhíthin chomhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht, ba cheart go gcuirfeadh comhar den chineál sin le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha maille le cothrom iomaíochta don tionscal iascaireachta a bhaineann leis an saothrú sin agus, ar an gcaoi sin, saobhadh iomaíochta sa mhargadh a laghdú.

(6)

Meastar go bhfuil rialú agus cigireacht éifeachtach iascaigh bunriachtanach chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chomhrac.

(7)

Gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá gá le comhlacht teicniúil agus riaracháin de chuid an Aontais chun comhar agus comhordú a eagrú idir na Ballstáit i dtaca le rialú agus cigireacht ar iascaigh.

(8)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (“an Ghníomhaireacht”) a bheith in ann tacú le córas rialaithe an chomhbheartais iascaigh a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, áirithiú go ndéanfar comhar oibríochtúil a eagrú, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus aonad éigeandála a bhunú i gcás ina n-aithneofar gurb ann do riosca géar don chomhbheartas iascaigh. Ba cheart go mbeadh sí in ann an trealamh is gá a sholáthar di féin chun pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a chur ar bun agus chun comhoibriú chun Beartas Muirí Comhtháite an AE a chur chun feidhme.

(9)

Is gá don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, a bheith in ann cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit i dtaca lena gcaidreamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí iascaigh réigiúnacha nó iad araon, agus oibriú i gcomhar lena n-údaráis inniúla faoi chuimsiú oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(10)

Ina theannta sin, is gá oibriú i dtreo chur i bhfeidhm éifeachtach nósanna imeachta cigireachta an Aontais. Le himeacht ama, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a bheith ina foinse thagartha do chúnamh teicniúil agus eolaíoch le haghaidh rialú agus cigireacht iascaigh.

(11)

Chun cuspóirí coiteanna an chomhbheartais iascaigh a chomhlíonadh, is é sin foráil a dhéanamh maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe, glacann an tAontas bearta a bhaineann le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú.

(12)

Chun a áirithiú go ndéanfar bearta den chineál sin a fhorfheidhmiú go cuí, is gá do na Ballstáit modhanna rialaithe agus forfheidhmiúcháin leordhóthanacha a imlonnú. Chun go mbeidh an rialú agus an forfheidhmiú sin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, is iomchuí don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir shonracha maidir le rialú agus cigireacht a ghlacadh.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht tabhairt faoin gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú ar bhonn pleananna imlonnaithe comhpháirteacha, lena n-eagrófar úsáid na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann chun go dtabharfar éifeacht do chláir maidir le rialú agus cigireacht. Ba cheart gníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht iascaigh a dtugann na Ballstáit fúthu a dhéanamh i gcomhréir le critéir, tosaíochtaí, tagarmharcanna agus nósanna imeachta coiteanna i dtaca le gníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht ar bhonn na gclár sin.

(14)

Má ghlacann na Ballstáit clár maidir le rialú agus cigireacht, cuirfidh sin d'oibleagáid ar na Ballstáit na hacmhainní is gá chun an clár sin a fheidhmiú a chur ar fáil go héifeachtach. Is gá do na Ballstáit fógra a thabhairt go pras don Ghníomhaireacht faoi na modhanna rialaithe agus cigireachta lena bhfuil sé beartaithe acu aon chlár den chineál sin a fheidhmiú. Ní ceart go gcruthófar leis na pleananna imlonnaithe comhpháirteacha aon oibleagáidí breise ó thaobh rialú, cigireachta ná forfheidhmiú ná i dtaca leis na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil sa chomhthéacs sin.

(15)

Ba cheart nach n-ullmhódh an Ghníomhaireacht aon phlean imlonnaithe comhpháirteach ach amháin má dhéantar foráil dó sa chlár oibre.

(16)

Ba cheart don Bhord Riaracháin, a áirithíonn go dtiocfar ar chomhthoil leordhóthanach, lena n-áirítear maidir leis na cúraimí a cheaptar sa chlár oibre don Ghníomhaireacht a chomhoiriúnú leis na hacmhainní atá le fáil ag an nGníomhaireacht, bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, an clár oibre a ghlacadh.

(17)

Ba cheart go mbeadh sé de phríomhchúram ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú agus é nó í ag dul i gcomhairle le Comhaltaí an Bhoird agus na Ballstáit go gcuirfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun an clár oibre a fheidhmiú, agus go mbeidh na hacmhainní sin ag freagairt do na cuspóirí a leagtar amach sa chlár oibre le haghaidh gach bliana.

(18)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, go háirithe, pleananna imlonnaithe beachta a dhréachtú lena n-úsáidfear na hacmhainní ar thug na Ballstáit fógra ina leith chun gach clár maidir le rialú agus cigireacht a fheidhmiú agus lena n-urramófar na rialacha agus na haidhmeanna a leagtar amach sa chlár sonrach maidir le rialú agus cigireacht ar a mbunaítear an plean imlonnaithe comhpháirteach, maille le rialacha ábhartha eile, amhail na rialacha sin a bhaineann le Cigirí de chuid an Aontais.

(19)

Sa chomhthéacs sin, is gá go ndéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-uainiú a bhainistiú sa chaoi is go dtabharfar am leordhóthanach do na Ballstáit a mbarúlacha a thabhairt, agus iad ag cur lena saineolas oibríochtúil, ach, ag an am céanna, iad ag cloí le plean oibre na Gníomhaireachta agus leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Is gá don Stiúrthóir Feidhmiúcháin leas na mBallstát a bhaineann leis na hiascaigh a chumhdófar le gach plean a chur san áireamh. Chun comhordú éifeachtúil tráthúil ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le rialú agus cigireacht a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun cinntí maidir leis na pleananna a ghlacadh nuair nach féidir teacht ar chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann.

(20)

Ba cheart an nós imeachta maidir le dréachtú agus glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha lasmuigh d'uiscí an Aontais a bheith cosúil leis an nós imeachta a bhaineann le huiscí an Aontais. Ba cheart clár idirnáisiúnta maidir le rialú agus cigireacht a bheith ina bhunús do phleananna imlonnaithe comhpháirteacha den chineál sin lena dtabharfar éifeacht d'oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le rialú agus cigireacht atá ina gceangal ar an Aontas.

(21)

Maidir le cur chun feidhme pleananna imlonnaithe comhpháirteacha, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na modhanna rialaithe agus cigireachta a chuireann siad ar fáil do na pleananna sin a chomhthiomsú agus a imlonnú. Ba cheart don Ghníomhaireacht a mheasúnú an leor na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, a chur in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún nach bhfuil na modhanna leordhóthanach chun na cúraimí a cheanglaítear faoin gclár maidir le rialú agus cigireacht a fheidhmiú.

(22)

Cé gur cheart do na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le rialú agus cigireacht a urramú, go háirithe faoin gclár sonrach maidir le rialú agus cigireacht arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart nach mbeadh de chumhacht ag an nGníomhaireacht oibleagáidí breise a fhorchur trí bhíthin pleananna imlonnaithe comhpháirteacha ná smachtbhannaí a chur ar na Ballstáit.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar éifeachtacht na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

(24)

Is iomchuí foráil a dhéanamh d'fhéidearthacht rialacha sonracha cur chun feidhme a ghlacadh chun pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a ghlacadh agus a fhormheas. D'fhéadfadh sé gurbh fhóinteach leas a bhaint as an bhféidearthacht sin a luaithe a bheidh an Ghníomhaireacht ag feidhmiú agus má mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur cheart rialacha den chineál sin a leagan síos i ndlí an Aontais.

(25)

Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith i dteideal, arna iarraidh sin, seirbhísí conarthacha a bhaineann leis na modhanna rialaithe agus cigireachta a chur ar fáil lena n-úsáid le haghaidh imlonnú comhpháirteach ag na Ballstáit lena mbaineann.

(26)

Chun críche cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht, trí bhíthin líonra faisnéise, faisnéis ábhartha maidir le rialú agus cigireacht a mhalartú.

(27)

Ba cheart go mbeadh stádas agus struchtúr na Gníomhaireachta ag freagairt do charachtar oibiachtúil na dtorthaí atá beartaithe aici a bhaint amach agus, de bharr an stádais agus an struchtúir sin, go mbeadh sí in ann a feidhmeanna a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Dá bharr sin, ba cheart neamhspleáchas dlíthiúil, airgeadais agus riaracháin a thabhairt don Ghníomhaireacht agus, ag an am céanna, go mbeadh sí in ann dlúthnaisc a choinneáil le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici agus a feidhmeoidh na cumhachtaí a thugtar di leis an Rialachán seo.

(28)

Maidir le dliteanas conarthach na Gníomhaireachta, atá faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis na conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht, ba cheart dlínse a bheith ag Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun aon chlásal eadrána atá sa chonradh. Ba cheart dlínse a bheith ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i ndáil le haon damáiste a thiocfadh as dliteanas neamhchonarthach na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

(29)

Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar bhord riaracháin a gcuirfí ar a iontaoibh feidhmiú éifeachtach cuí na Gníomhaireachta a áirithiú.

(30)

Ós rud é go bhfuil ar an nGníomhaireacht oibleagáidí de chuid an Aontais a chomhlíonadh agus, arna iarraidh sin don Choimisiún, comhoibriú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh réigiúnacha faoi chuimsiú oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, is iomchuí go dtoghfaí Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin as measc ionadaithe an Choimisiúin.

(31)

Le socruithe vótála an Bhoird Riaracháin, ba cheart leasa na mBallstát agus an Choimisiúin in oibriú éifeachtach na Gníomhaireachta a chur san áireamh.

(32)

Ba cheart Bord Comhairleach a chur ar bun chun comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí a áirithiú.

(33)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht, gan cearta vótála, ionadaí an Bhoird Chomhairligh i bplé an Bhoird Riaracháin.

(34)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le ceapadh agus a bhriseadh as a phost nó as a post Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus maidir leis na rialacha lena rialaítear feidhmiú a chuid nó a cuid feidhmeanna.

(35)

Chun feidhmiú trédhearcach na Gníomhaireachta a chur chun cinn, ba cheart go mbeadh feidhm gan choinníoll ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i leith na Gníomhaireachta.

(36)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart feidhm a bheith aige maidir leis an Rialachán seo ar mhaithe le príobháideachas daoine aonair a chosaint.

(37)

Chun uathriail agus neamhspleáchas feidhmiúil na Gníomhaireachta a ráthú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt di arb as ranníocaíocht ón Aontas agus as íocaíochtaí as seirbhísí conarthacha a thiocfaidh a hioncam. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht ón Aontas agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a thabharfaidh faoi iniúchadh na gcuntas.

(38)

Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) gan choinníoll i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart di sin aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (9).

(39)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIR AGUS SAINMHÍINTHE

Airteagal 1

Cuspóir

Leis an Rialachán seo, déantar foráil do Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (“an Ghníomhaireacht”), arb é is cuspóir leis comhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta iascaigh de chuid na mBallstát a eagrú agus chun cúnamh a thabhairt dóibh cloí le rialacha an chomhbheartais iascaigh chun a chur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach a áirithiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “rialú agus cigireacht” aon bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit, go háirithe de bhun Airteagail 5, 11, 71, 91 agus 117 agus Teideal VII de Rialachán (CE) Uimh 1224/2209 ón gComhairle (11), chun gníomhaíochtaí iascaireachta a rialú agus chun cigireacht a dhéanamh orthu faoi raon feidhme an chomhbheartais iascaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faireachais agus faireacháin, amhail córais faireacháin soithí shaitilítbhunaithe agus scéimeanna breathnóra;

(b)

ciallaíonn “modhanna rialaithe agus cigireachta” soithí faireacháin, aerárthaí, feithiclí agus acmhainní ábhartha eile mar aon le cigirí, breathnóirí agus acmhainní daonna eile arna n-úsáid ag na Ballstáit ar mhaithe le rialú agus cigireacht;

(c)

ciallaíonn “plean imlonnaithe comhpháirteach” plean ina leagtar amach socruithe oibríochtúla maidir le himlonnú na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil;

(d)

ciallaíonn “clár idirnáisiúnta maidir le rialuithe agus cigireachtaí” clár ina leagtar amach cuspóirí, tosaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna do ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais i dtaca le rialú agus cigireacht a chur chun feidhme;

(e)

ciallaíonn “clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí” clár ina leagtar amach cuspóirí, tosaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna do ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(f)

ciallaíonn “iascach” gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(g)

ciallaíonn “cigirí de chuid an Aontais” na cigirí a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

CAIBIDIL II

MISEAN AGUS CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Misean

Is éard a bheidh i misean na Gníomhaireachta:

(a)

comhordú a dhéanamh ar rialú agus cigireacht arna ndéanamh ag na Ballstáit a bhaineann le hoibleagáidí rialaithe agus cigireachta an Aontais;

(b)

comhordú a dhéanamh ar imlonnú na modhanna rialaithe agus cigireachta náisiúnta arna gcomhthiomsú ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún agus do thríú páirtithe;

(d)

i réimse a hinniúlachtaí, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a gcúraimí agus n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(e)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún cur i bhfeidhm an chomhbheartais iascaigh a chomhchuibhiú ar fud an Aontais;

(f)

cur le hobair na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le taighde ar theicnící rialaithe agus cigireachta agus lena bhforbairt;

(g)

cur le comhordú oiliúna cigirí agus le malartú taithí idir na Ballstáit;

(h)

comhordú a dhéanamh ar na hoibríochtaí chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (“NNN”) a chomhrac i gcomhréir le rialacha an Aontais;

(i)

cuidiú le cur chun feidhme aonfhoirmeach chóras rialaithe an chomhbheartais iascaigh, lena n-áirítear go háirithe:

comhordú oibríochtúil ghníomhaíochtaí rialaithe na mBallstát a eagrú chun cláir shonracha maidir le rialuithe agus cigireachtaí, cláir rialaithe a bhaineann le hiascaireacht NNN, agus cláir rialaithe agus chigireachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme,

cigireachtaí de réir mar is gá chun cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 19;

(j)

comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaiodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), laistigh den sainordú atá ag gach ceann acu, chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus feidhmeanna garda cósta a dhéanamh, mar a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo, trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a sholáthar agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le rialú agus cigireacht

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid a leanas, arna iarraidh sin don Choimisiún:

(a)

cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit sa chaidreamh a bhíonn acu le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta réigiúnacha a bhfuil an tAontas ina bhall díobh;

(b)

comhoibriú le húdaráis inniúla na n-eagraíochtaí iascaigh réigiúnacha idirnáisiúnta i dtaca le hoibleagáidí rialaithe agus cigireachta an Aontais faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarraidh don Choimisiún, comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha in ábhair a bhaineann le rialú agus cigireacht faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha den sórt sin.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta, cúraimí a dhéanamh, thar ceann na mBallstát, faoi chomhaontuithe iascaigh idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu.

Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann le comhordú oibríochtúil

1.   Cumhdófar le comhordú oibríochtúil na Gníomhaireachta rialú na ngníomhaíochtaí go léir a chumhdaítear leis an gcomhbheartas iascaigh.

2.   Chun críche comhordú oibríochtúil, bunóidh an Ghníomhaireacht pleananna imlonnaithe comhpháirteacha agus eagróidh sí an comhordú oibríochtúil ar rialú agus cigireacht a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le Caibidil III.

3.   Chun críche comhordú oibríochtúil feabhsaithe idir na Ballstáit, féadfaidh an Ghníomhaireacht pleananna oibríochtúla a bhunú leis na Ballstáit lena mbaineann agus cur chun feidhme na bpleananna sin a comhordú.

Airteagal 6

Seirbhísí conarthacha a sholáthar do na Ballstáit

Féadfaidh an Ghníomhaireacht seirbhísí conarthacha a sholáthar do na Ballstáit, arna n-iarraidh sin dóibh, a bhaineann le rialú agus cigireacht i ndáil lena n-oibleagáidí a bhaineann le hiascaigh in uiscí an Aontais agus/nó in uiscí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cairtfhostú agus oibriú ardán rialaithe agus cigireachta agus foirne a sholáthar dóibh agus breathnóirí a sholáthar d'oibríochtaí comhpháirteacha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 7

Cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí ar chaighdeán ard aonfhoirmeach éifeachtach faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh, lena n-áirítear i dtaca leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN, agus tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh dóibh maidir lena gcaidreamh le tríú tíortha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid a leanas:

(a)

croíchuraclam a bhunú agus a fhorbairt chun teagascóirí chigireacht iascaigh na mBallstát a oiliúint agus seimineáir agus cúrsaí breise oiliúna a chur ar fáil do na hoifigigh sin agus do phearsanra eile atá bainteach le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta;

(b)

croíchuraclam a bhunú agus a fhorbairt chun cigirí de chuid an Aontais a oiliúint sula n-imlonnófar iad den chéad uair agus oiliúint agus seimineáir bhreise nuashonraithe a chur ar fáil ar bhonn rialta do na hoifigigh sin;

(c)

arna iarraidh sin do na Ballstáit, soláthar comhpháirteach earraí agus seirbhísí a dhéanamh a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta na mBallstát agus ullmhú do chur chun feidhme treoirthionscadal comhpháirteach ag na Ballstáit agus iad a chomhordú;

(d)

nósanna imeachta oibríochtúla comhpháirteacha a tharraingt suas maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha rialaithe agus cigireachta arna ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó;

(e)

critéir a cheapadh maidir le malartú modhanna rialaithe agus cigireachta idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, agus maidir leis na modhanna sin a chur ar fáil ag na Ballstáit;

(f)

anailís riosca a dhéanamh ar bhonn sonraí iascaigh i dtaca le gabhálacha, tabhairt i dtír agus iarrachtaí iascaigh, chomh maith le hanailís riosca ar thabhairt i dtír neamhthuairiscithe lena n-airítear, inter alia, comparáid idir sonraí maidir le gabhálacha agus allmhairithe agus sonraí maidir le honnmhairithe agus tomhaltas náisiúnta;

(g)

modheolaíochtaí agus nósanna imeachta cigireachta coiteanna a fhorbairt, arna n-iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit;

(h)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, a n-oibleagáidí i leith an Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN, agus na hoibleagáidí a thagann as creat na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascach;

(i)

forbairt modheolaíochtaí bainistíochta riosca aonfhoirmeacha i réimse a hinniúlachta a chur chun cinn agus a chomhordú;

(j)

comhar idir na Ballstáit agus caighdeáin choiteanna i gcomhair forbairt pleananna samplála dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 sin a chomhordú agus a chur chun cinn.

Airteagal 8

Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta

1.   I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus, i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal idirnáisiúnta, mar seo a leanas:

(a)

comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n-óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)

seirbhísí faireachais agus cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena n-áirítear bonneagar spásbhunaithe agus talún, chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith;

(c)

acmhainn a fhorbairt trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;

(d)

malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú, lena n-áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;

(e)

acmhainn a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, sa mhéid go ndéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus go gcomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.

2.   Is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na gníomhaireachtaí, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Déanfaidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, agus Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach socrú den sórt sin a fhormheas.

3.   Déanfaidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm moladh.

CAIBIDIL III

COMHORDÚ OIBRÍOCHTÚIL

Airteagal 9

Cur chun feidhme oibleagáidí de chuid an Aontais a bhaineann le rialú agus cigireacht

1.   Comhordóidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit ar bhonn clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí idirnáisiúnta trí phleananna imlonnaithe comhpháirteacha a bhunú.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht an trealamh is gá le haghaidh cur chun feidhme na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 a fháil, a ghlacadh ar cíos nó a chairtfhostú.

Airteagal 10

Cur chun feidhme clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí

1.   Comhordóidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 trí bhíthin pleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht an trealamh is gá le haghaidh cur chun feidhme na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 a fháil, a ghlacadh ar cíos nó a chairtfhostú.

Airteagal 11

Inneachar pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

Le gach plean imlonnaithe comhpháirteach déanfar:

(a)

ceanglais an chláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí ábhartha a chomhlíonadh;

(b)

na critéir, tagarmharcanna, tosaíochtaí agus nósanna imeachta cigireachta coiteanna arna gcinneadh ag an gCoimisiún i gcláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí a chur i bhfeidhm;

(c)

féachaint leis na modhanna rialaithe agus cigireachta náisiúnta atá ann cheana, a chuirtear in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12(2), a chur i gcomhoiriúint le riachtanais agus a n-imlonnú a eagrú;

(d)

úsáid na n-acmhainní daonna agus ábhartha a eagrú, i ndáil leis na tréimhsí agus na limistéir nach mór iad sin a imlonnú iontu, lena n-áirítear foirne cigirí de chuid an Aontais ó níos mó ná Ballstát amháin a oibriú;

(e)

oibleagáidí na mBallstát atá ann cheana lena mbaineann a chur san áireamh atá ann cheana i dtaca le pleananna imlonnaithe comhpháirteacha eile, maille le haon srianta sonracha réigiúnacha nó áitiúla;

(f)

na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadann modhanna rialaithe agus cigireachta Ballstáit dul isteach in uiscí atá faoi cheannasacht agus dliteanas Ballstáit eile.

Airteagal 12

Fógra faoi mhodhanna rialaithe agus cigireachta

1.   Faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht faoi na modhanna rialaithe agus cigireachta a bheidh ar fáil dóibh chun críche rialaithe agus cigireachta don bhliain ina dhiaidh sin.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Ghníomhaireacht faoi na modhanna lena bhfuil sé beartaithe aige an clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí idirnáisiúnta nó clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí lena mbaineann sé a fheidhmiú, tráth nach déanaí na aon mhí amháin ón uair a chuirfear fógra chuig na Ballstáit maidir leis an gCinneadh lena mbunaítear aon chlár den chineál sin.

Airteagal 13

Nós imeachta maidir le glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

1.   Ar bhonn na bhfógraí dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) agus laistigh de thrí mhí ón dáta a fuarthas na fógraí sin, bunóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta dréachtphlean imlonnaithe comhpháirteach i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann.

2.   Sainaithneofar sa dhréachtphlean imlonnaithe comhpháirteach na modhanna rialaithe agus cigireachta a d'fhéadfaí a chomhthiomsú d'fhonn an clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí lena mbaineann an plean a chur chun feidhme ar bhonn leas na mBallstát a bhaineann leis an iascach ábhartha.

Déanfar leas Ballstáit in iascach a mheasúnú trí bhíthin tagairt do na critéir seo a leanas a mbeidh a n-ualú coibhneasta ag brath ar ghnéithe sonracha de gach plean:

(a)

fairsinge coibhneasta na n-uiscí atá faoi réir a cheannasachta nó a dhliteanais, más ann dóibh, a chumhdaítear leis an bplean imlonnaithe comhpháirteach;

(b)

an méid éisc a thugtar i dtír le linn tréimhse thagartha áirithe i gcoibhneas leis an méid iomlán a thugtar i dtír ón iascach atá faoi réir an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh;

(c)

an líon coibhneasta de shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu (cumhacht innill agus olltonnáiste) agus a bhfuil baint acu leis an iascach atá faoi chuimsiú an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh i ndáil leis an líon iomlán soitheach a bhaineann leis an iascach sin;

(d)

méid coibhneasta a leithdháilte cuóta nó, in éagmais cuóta, méid a ghabhála le linn tréimhse thagartha áirithe i dtaca leis an iascach sin.

3.   Agus plean imlonnaithe comhpháirteach á ullmhú, más léir nach bhfuil na modhanna rialaithe agus cigireachta leordhóthanach chun ceanglais an chláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí a chomhlíonadh, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra go pras do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

4.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra maidir le plean imlonnaithe comhpháirteach do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún. Mura bhfuil aon agóid déanta ag na Ballstáit lena mbaineann nó ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó fhógra den sórt sin a fháil, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an plean.

5.   Má dhéanann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann nó an Coimisiún agóid, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an cheist faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an Coimisiún aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar an bplean agus é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.   Beidh gach plean imlonnaithe comhpháirteach faoi réir athbhreithniú bliantúil ag an nGníomhaireacht i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann chun aon chláir nua maidir le rialuithe agus cigireachtaí a mbeidh na Ballstáit lena mbaineann faoina réir agus aon tosaíochtaí a chinnfidh an Coimisiún maidir le cláir imlonnaithe chomhpháirteacha a chur san áireamh.

Airteagal 14

Cur chun feidhme pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

1.   Déanfar gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta comhpháirteacha ar bhonn na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean imlonnaithe comhpháirteach an méid seo:

(a)

na modhanna rialaithe agus cigireachta a gheallfar don phlean imlonnaithe comhpháirteach a chur ar fáil;

(b)

pointe teagmhála/comhordaitheoir náisiúnta aonair a cheapadh, a dtabharfar údarás leordhóthanach dó chun go mbeidh sé in ann freagairt go tráthúil d'iarratais ón nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh, agus é sin a fhógairt don Ghníomhaireacht;

(c)

a modhanna comhthiomsaithe rialaithe agus cigireachta a imlonnú i gcomhréir leis an bplean imlonnaithe comhpháirteach agus leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 4;

(d)

rochtain ar fhaisnéis ar líne is gá a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun an plean imlonnaithe comhpháirteach a chur chun feidhme;

(e)

comhoibriú leis an nGníomhaireacht i dtaca le cur chun feidhme an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh;

(f)

a áirithiú go ndéanfaidh aon mhodhanna rialaithe agus cigireachta, arna sannadh do phlean imlonnaithe comhpháirteach de chuid an Aontais, a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

3.   Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi chuimse plean imlonnaithe chomhpháirtigh a bhunaítear faoi Airteagal 13, is ar na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a bheidh freagracht as ceannas agus rialú na modhanna rialaithe agus cigireachta a gheallfar i dtaca le plean imlonnaithe comhpháirteach.

4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceanglais a leagan síos le haghaidh cur chun feidhme plean imlonnaithe chomhpháirtigh arna ghlacadh faoi Airteagal 13. Leanfaidh na ceanglais sin de bheith laistigh de theorainneacha an phlean sin.

Airteagal 15

Measúnú ar phleananna imlonnaithe comhpháirteacha

Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú bliantúil ar éifeachtacht gach plean imlonnaithe chomhpháirtigh agus anailís, ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil, ar an riosca a d'fhéadfadh a bheith ann nach mbeadh gníomhaíochtaí iascaireachta ag comhlíonadh na mbeart rialaithe is infheidhme. Cuirfear na measúnuithe sin in iúl go pras do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Airteagal 16

Iascaigh nach bhfuil faoi réir cláir rialaithe agus cigireachta

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó iarraidh ar an nGníomhaireacht imlonnú a modhanna rialaithe agus cigireachta a chomhordú i dtaca le hiascach nó limistéar nach bhfuil faoi réir clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí. Déanfar an comhordú sin i gcomhréir le critéir maidir le rialú agus cigireacht agus le tosaíochtaí a aontóidh na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 17

Gréasán faisnéise

1.   Malartóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis ábhartha a mbeidh ar fáil acu i dtaca le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí idirnáisiúnta.

2.   Déanfaidh gach údarás inniúil náisiúnta bearta, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh sé a áirithiú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 18

Rialacha mionsonraithe

Féadfar rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme na Caibidle seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Féadfar na nósanna imeachta maidir le hullmhú agus glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a chumhdach, go háirithe, leis na rialacha sin.

CAIBIDIL IV

INNIÚLACHTAÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 19

Oifigigh na Gníomhaireachta a shannadh mar chigirí de chuid an Aontais

Féadfar oifigigh na Gníomhaireachta a shannadh mar chigirí de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 20

Bearta na Gníomhaireachta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

lámhleabhair maidir le caighdeáin chomhchuibhithe chigireachta a eisiúint;

(b)

ábhar treorach a fhorbairt ina léireofar na cleachtais is fearr maidir le rialú an chomhbheartais iascaigh, lena n-áirítear maidir le hoiliúint oifigeach rialaithe, agus ábhar den sórt sin a nuashonrú ar bhonn rialta;

(c)

an tacaíocht theicniúil agus riaracháin is gá a thabhairt don Choimisiún lena thascanna a chomhlíonadh.

Airteagal 21

Comhar

1.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar leis an nGníomhaireacht, agus tabharfaidh siad aon chúnamh di a theastaíonn lena misean a chur i gcrích.

2.   Agus aird chuí á tabhairt ar na córais dlí éagsúla sna Ballstáit aonair, éascóidh an Ghníomhaireacht comhar idir na Ballstáit agus eatarthu agus an Coimisiún chun caighdeáin rialaithe chomhchuibhithe a fhorbairt, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus na cleachtais is fearr sna Ballstáit agus caighdeáin idirnáisiúnta chomhaontaithe á gcur san áireamh.

Airteagal 22

Aonad éigeandála

1.   I gcás ina n-aithníonn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do dhá Bhallstát ar a laghad, staid lena mbaineann riosca géar díreach, neamhdhíreach nó féideartha don chomhbheartas iascaigh, agus nach féidir an riosca sin a chosc, a dhíchur nó a laghdú trí bhíthin modhanna atá ann cheana nó nach féidir é a bhainistiú go leordhóthanach, tabharfar fógra ina leith don Ghníomhaireacht gan mhoill.

2.   Ag gníomhú di ar fhógra ón gCoimisiún nó ar a tionscnamh féin, bunóidh an Ghníomhaireacht aonad éigeandála gan mhoill agus cuirfidh sí sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Cúraimí an aonaid éigeandála

1.   Beidh an t-aonad éigeandála arna bhunú ag an nGníomhaireacht freagrach as an bhfaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a mheasúnú agus as sainaithint na roghanna atá ar fáil chun an riosca don chomhbheartas iascaigh a chosc, a dhíchur nó a laghdú ar bhealach chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir.

2.   Féadfaidh an t-aonad éigeandála cúnamh a iarraidh ar aon údarás poiblí nó ar aon duine príobháideach a mheasann sé ar gá a shaineolas chun freagairt go héifeachtach don éigeandáil.

3.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht an comhordú is gá chun freagairt go leordhóthanach agus go tráthúil don éigeandáil.

4.   Coinneoidh an t-aonad éigeandála an pobal ar an eolas, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na rioscaí lena mbaineann agus na bearta a rinneadh.

Airteagal 24

Clár oibre ilbhliantúil

1.   Bunófar le clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a cuspóirí foriomlána, a sainordú, a cúraimí, a táscairí feidhmíochta agus na tosaíochtaí do gach gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta thar thréimhse 5 bliana. Cuimseofar ann cur i láthair ar an bplean beartais foirne agus meastachán ar na leithreasuithe buiséadacha a chuirfear ar fáil chun na cuspóirí don tréimhse 5 bliana sin a ghnóthú.

2.   Cuirfear an clár oibre ilbhliantúil i láthair i gcomhréir leis an gcóras bainistithe de réir gníomhaíochtaí agus leis an modheolaíocht arna forbairt ag an gCoimisiún. Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad.

3.   Sa chlár oibre dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(2), déanfar tagairt don chlár oibre ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin, agus an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir oibre ilbhliantúil a bhaint amach.

Airteagal 25

Comhar i ngnóthaí muirí

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an AE, agus, go háirithe, le comhaontuithe riaracháin arna dthabhairt i gcrích le comhlachtaí eile in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi sin ag céim luath sna caibidlí.

Airteagal 26

Rialacha mionsonraithe

Glacfar rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na Caibidle seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Féadfar a chumhdach leis na rialacha sin, go háirithe, tarraingt suas pleananna maidir le freagairt d'éigeandálaí, le bunú aonaid éigeandála agus leis na nósanna imeachta praiticiúla a bheidh le cur i bhfeidhm.

CAIBIDIL V

STRUCHTÚR AGUS FEIDHMIÚ INMHEÁNACH

Airteagal 27

Stádas dlíthiúil agus príomhoifig

1.   Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith páirteach in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.

4.   Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Vigo na Spáinne.

Airteagal 28

Foireann

1.   Beidh feidhm, maidir le foireann na Gníomhaireachta, ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (14) ón gComhairle agus ag na rialacha a ghlac Institiúidí an Aontais Eorpaigh go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm. Glacfaidh an Bord Riaracháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na rialacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm.

2.   Gan dochar d'Airteagal 39, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile a fheidhmiú i ndáil lena foireann féin.

3.   Ar fhoireann na Gníomhaireachta, beidh oifigigh arna sannadh nó a thabharfaidh an Coimisiún ar iasacht ar bhonn sealadach agus seirbhísigh eile a earcóidh an Ghníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a dhéanamh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh a thabharfaidh na Ballstáit ar iasacht a fhostú ar bhonn sealadach.

Airteagal 29

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 30

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, cúiteoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste den sórt sin.

4.   Rialófar dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 31

Teangacha

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh.1 ón gComhairle (15) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh ag teastáil i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

Airteagal 32

Cruthú agus cumhachtaí an Bhoird Riaracháin

1.   Beidh Bord Riaracháin ag an nGníomhaireacht.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh nó a bhriseadh as a phost de bhun Airteagal 39;

(b)

faoin 30 Aibreán gach bliain, tuarascáil ginearálta na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ghlacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus na mBallstát. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal;

(c)

roimh an 31 Deireadh Fómhair gach bliain agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin agus na mBallstát a chur san áireamh, clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn a ghlacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na mBallstát.

Beidh tosaíochtaí na Gníomhaireachta sa chlár oibre. Tabharfar tosaíocht ann do dhualgais na Gníomhaireachta a bhaineann le cláir rialaithe agus chigireachta. Glacfar é gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais. I gcás ina gcuireann an Coimisiún in iúl, laistigh de 30 lá ón dáta a ghlacfar an clár oibre, nach n-aontaíonn sé leis an gclár sin, déanfaidh an Bord Riaracháin an clár a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, laistigh de thréimhse 2 mhí, ar an dara léamh;

(d)

buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta a ghlacadh roimh thús na bliana airgeadais, agus é a choigeartú, i gcás inar gá, de réir ranníocaíocht an Aontais agus aon ioncam eile de chuid na Gníomhaireachta;

(e)

a chuid feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta i gcomhréir le Airteagal 44, Airteagal 45 agus 47 a dhéanamh;

(f)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(g)

a rialacha nós imeachta a bhunú lena bhféadfar foráil do bhunú fochoistí den Bhord Riaracháin de réir mar is gá;

(h)

nósanna imeachta a ghlacadh is gá i ndáil le feidhmiú a cúraimí ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 33

Comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin

1.   Beidh an Bord Riaracháin comhdhéanta d'ionadaithe ó gach Ballstát agus seisear ionadaithe ón gCoimisiún. Beidh gach Ballstát i dteideal comhalta amháin a cheapadh. Ceapfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhalta malartach amháin le haghaidh gach comhalta agus déanfaidh an malartach sin ionadaíocht ar an gcomhalta agus an comhalta as láthair.

2.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird ar bhonn a dtaithí agus a saineolais ábhartha i réimse an rialaithe agus na cigireachta iascaigh.

3.   Beidh téarma oifige 5 bliana ag gach comhalta ó dháta a cheaptha. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.

Airteagal 34

Cathaoirleacht an Bhoird Riaracháin

1.   Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach as measc ionadaithe an Choimisiúin. Toghfaidh an Bord Riaracháin Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.   Beidh téarmaí oifige ag an gCathaoirleach agus ag an Leas-Chathaoirleach ar feadh 3 bliana agus rachaidh siad in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin. Féadfar na tréimhsí oifige a athnuachan aon uair amháin.

Airteagal 35

Cruinnithe

1.   Is é an Cathaoirleach a tionólfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Is é an Cathaoirleach a chinnfidh an clár oibre, agus moltaí chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóra Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an t-ionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin ar a laghad uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian de na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Riaracháin.

4.   I gcás ina mbeidh ceist rúndachta ann nó coinbhleacht leasa, féadfaidh an Bord Riaracháin cinneadh a dhéanamh míreanna sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan an comhalta arna cheapadh ag an mBord Comhairleach a bheith i láthair. Féadtar rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na forála seo i rialacha an nós imeachta.

5.   Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise freastal i gcáil breathnóra ar chruinnithe an Bhoird.

6.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

7.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht don Bhord Riaracháin.

Airteagal 36

Vótáil

1.   Glacfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí trí thromlach glan vótaí.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart chun vótáil a fheidhmiú.

3.   Bunófar leis na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon riachtanais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 37

Dearbhú leasanna

Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin dearbhú leasanna ina léireoidh siad nach bhfuil aon leasanna ann a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas nó go bhfuil leasanna díreacha nó neamhdhíreacha ann a d'fhéadfaí a mheas go ndéanfaidís dochar dá neamhspleáchas. Déanfar na dearbhuithe sin i scríbhinn uair amháin in aghaidh na bliana nó aon uair a bheidh coinbhleacht leasa ann i ndáil leis na míreanna ar an gclár oibre. Sa chás deireanach sin, ní bheidh cead vótála ag an gcomhalta lena mbaineann maidir le haon mhír den chineál sin.

Airteagal 38

Dualgais agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Gan dochar d'inniúlachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Riaracháin faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

2.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, éifeacht do phrionsabail an chomhbheartais iascaigh.

3.   Beidh na dualgais agus na cumhachtaí seo a leanas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

(a)

ullmhóidh sé nó sí an dréachtchlár oibre agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus na Ballstáit. Déanfaidh sé nó sí gach beart is gá chun an clár oibre, a rialacha cur chun feidhme agus aon dlí is infheidhme a chur chun feidhme laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo;

(b)

déanfaidh sé nó sí gach beart is gá, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun eagrú agus feidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

(c)

déanfaidh sé nó sí gach beart is gá, lena n-áirítear cinntí a ghlacadh maidir le freagrachtaí na Gníomhaireachta faoi ChaibidilII agus Caibidil III, lena n-áirítear modhanna rialaithe agus cigireachta a chairtfhostú agus a oibriú agus gréasán faisnéise a oibriú;

(d)

freagróidh sé nó sí d'iarrataí ón gCoimisiún agus d'iarrataí ar chúnamh ó Bhallstát de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 16;

(e)

eagróidh sé nó sí córas faireacháin éifeachtach chun go mbeidh sé nó sí in ann gnóthachain na Gníomhaireachta a chur i gcomparáid lena cuspóirí oibríochtúla. Ar an mbonn sin, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í. Bunóidh sé nó sí nósanna imeachta le haghaidh meastóireacht rialta a chomhlíonann caighdeáin ghairmiúla aitheanta;

(f)

feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 28(2) maidir leis an bhfoireann;

(g)

tarraingeoidh sé nó sí meastacháin suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 44, agus cuirfidh sé nó sí an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 45.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Riaracháin faoina chuid nó faoina cuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 39

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a bhriseadh as a phost nó as a post

1.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhoras fiúntais agus ar fhoras taithí doiciméadaigh ábhartha i réimse an chomhbheartais iascaigh agus an rialaithe agus na cigireachta iascaigh as liosta beirt iarrthóirí ar a laghad arna mholadh ag an gCoimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin, tar éis an post a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus glao ar léirithe spéise in áiteanna eile.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an mBord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost nó as a post. Déanfaidh an Bord an mhír sin a phlé arna iarraidh sin don Choimisiún nó d'aon trian dá chomhaltaí.

3.   Glacfaidh an Bord Riaracháin na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

4.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse oifige aon uair amháin go ceann 5 bliana eile ar bhonn togra ón gCoimisiún agus déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin an síneadh sin a fhormheas trí thromlach dhá thrian.

Airteagal 40

Bord Comhairleach

1.   Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaithe na gComhairlí Comhairleacha dá bhforáiltear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2012, ar bhonn ionadaí amháin arna ainmniú ag gach Comhairle Chomhairleach. Féadfar comhaltaí malartacha a ceapadh go comhuaineach a chur in ionad na n-ionadaithe.

2.   Ní fhéadfaidh comhaltaí den Bhord Comhairleach a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

Ceapfaidh an Bord Comhairleach duine dá chomhaltaí chun bheith rannpháirteach i bpléití an Bhoird Riaracháin ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.   Cuirfidh an Bord Riaracháin, arna iarraidh sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhairle air nó uirthi maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas faoin Rialachán seo.

4.   Gníomhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar chathaoirleach ar an mBord Comhairleach. Tiocfaidh an Bord Comhairleach le chéile ar chuireadh ón gCathaoirleach uair amháin sa bhliain ar a laghad.

5.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht an tacaíocht lóistíochta is gá don Bhord Comhairleach agus soláthróidh siad rúnaíocht dá chruinnithe.

6.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin freastal ar chruinnithe an Bhoird Chomhairligh.

Airteagal 41

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin, faoi cheann sé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, na socruithe praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid a dhéanamh ar a tionscnamh féin, sna réimsí a thagann faoina misean. Áiritheoidh sí, go háirithe, go dtabharfar go prapúil don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar faisnéis faoina cuid oibre atá oibiachtúil, iontaofa agus furasta a thuiscint.

4.   Leagfaidh an Bord Riaracháin síos na rialacha inmheánacha is gá chun mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.   D'fhéadfadh, de bharr cinntí a glacann an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 den Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, go ndéanfaí gearán leis an Ombudsman Eorpach nó go bhféadfadh na cinntí sin a bheith ina n-ábhar caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais, faoi Airteagal 228 agus Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

6.   Beidh an fhaisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 42

Rúndacht

1.   Beidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí foirne na Gníomhaireachta faoi réir na ceanglais rúndachta de bhun Airteagal 339 CFAE, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

2.   Leagfaidh an Bord Riaracháin síos rialacha inmheánacha i ndáil leis na socruithe praiticiúla chun na ceanglais rúndachta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 43

Rochtain ar fhaisnéis

1.   Beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis go léir a bhaileoidh an Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis agus meastóireacht ar an bhfaisnéis sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus san fhoirm a shonraíonn sé.

2.   Beidh rochtain ag na Ballstáit lena mbaineann ar aon oibríocht ar leith de chuid na Gníomhaireachta ar an bhfaisnéis a bhaileoidh an Ghníomhaireacht i ndáil leis an oibríocht sin faoi réir na gcoinníollacha a fhéadtar a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 44

Buiséad

1.   Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(b)

muirir ar sheirbhísí a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil.

2.   Cumhdóidh caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne agus costais riaracháin, costais bhonneagair agus costais oibríochtúla.

3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfidh sé nó sí é, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin.

4.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas i gcothromaíocht.

5.   Gach bliain soláthróidh an Bord Riaracháin ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don Ghníomhaireacht don bhliain dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta.

6.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an ráiteas ar mheastacháin dá dtagraítear i mír 5, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an gclár oibre sealadach, a chur ar aghaidh, faoin 31 Márta ar a dhéanaí, faoi bhráid an Choimisiúin.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar na meastacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (“an t-údarás buiséadach”) mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis buiséid i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

9.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe i gcomhair an fhóirdheontais arna thabhairt don Ghníomhaireacht. Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

10.   Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Beidh sé críochnaitheach tar éis dréachtbhuiséid an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

11.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt don údarás buiséadach faoi aon tionscadal a mbeidh sé ar intinn aige é a chur chun feidhme, ar tionscadal é a d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige i dtaca le cistiú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin.

12.   I gcás ina dtabharfaidh brainse den údarás buiséadach fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a sholáthar, cuirfidh an brainse sin a thuairim faoi bhráid an Bhoird Riaracháin laistigh de thréimhse 6 seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 45

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (an “Rialachán Airgeadais”).

3.   Faoin 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliain airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin.

4.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 246 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram nó ar a cúram féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Faoin 1 Iúil den bhliain ina dhiaidh sin ar a dhéanaí, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha

8.   Bunóidh an Ghníomhaireacht feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chaithfear a fheidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar a barúlacha chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Riaracháin freisin.

10.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, an fhaisnéis go léir is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, a leagtar síos in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais.

11.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 30 Aibreán den dara bliain ina dhiaidh sin, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain i dtrácht.

Airteagal 46

Calaois a chomhrac

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí do bhaill uile a foirne.

3.   Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le cistiú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a bhaineann leis na cinntí sin go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar fhaighteoirí chistiú na Gníomhaireachta agus ar na gníomhairí atá freagrach as an gcistiú sin a leithdháileadh.

Airteagal 47

Forálacha airgeadais

Glacfaidh an Bord Riaracháin, tar éis dó comhaontú a fháil ón gCoimisiún agus tuairim ón gCúirt Iniúchóirí, rialacha airgeadais na Gníomhaireachta. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (17) mura gá sin go sonrach ar mhaithe le hoibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Measúnú

1.   Laistigh de 5 bliana ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a dualgais chuici féin, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Riaracháin meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ábhartha don mheastóireacht sin a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

2.   I ngach meastóireacht, déanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin seo, inúsáidteacht, ábharthacht agus éifeachtacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre agus a mhéid a chuidíonn sí le hardchaighdeán comhlíontachta leis na rialacha arna ndéanamh faoin gcomhbheartas iascaigh a bhaint amach. Eiseoidh an Bord Riaracháin téarmaí tagartha sonracha i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe i dtrácht.

3.   Gheobhaidh an Bord Riaracháin an mheastóireacht agus eiseoidh sé moltaí chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus cuirfear iad ar fáil don phobal.

Airteagal 49

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas rialaithe is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh.1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(14)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(15)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 17, 6.10.1958, lch. 385).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe le liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh.768/2005 ón gComhairle

(IO L 128, 21.5.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle

(IO L 343, 22.11.2009, lch. 1)

Ach amháin Airteagal 120

Rialachán (AE) 2016/1626 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 251, 16.9.2016, lch. 80)

 


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 768/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1 go Airteagal 7

Airteagal 1 go Airteagal 7

Airteagal 7a

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 17a

Airteagal 19

Airteagal 17b

Airteagal 20

Airteagal 17c

Airteagal 21

Airteagal 17d

Airteagal 22

Airteagal 17e

Airteagal 23

Airteagal 17f

Airteagal 24

Airteagal 17g

Airteagal 25

Airteagal 17h

Airteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 24

Airteagal 33

Airteagal 25

Airteagal 34

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 27

Airteagal 36

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29

Airteagal 38

Airteagal 30

Airteagal 39

Airteagal 31

Airteagal 40

Airteagal 32

Airteagal 41

Airteagal 33

Airteagal 42

Airteagal 34

Airteagal 43

Airteagal 35

Airteagal 44

Airteagal 36

Airteagal 45

Airteagal 37

Airteagal 46

Airteagal 38

Airteagal 47

Airteagal 39

Airteagal 48

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 49

Airteagal 42

Airteagal 50

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top