EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2403

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

IO L 347, 28.12.2017, p. 81–104 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2403/oj

28.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

81


RIALACHÁN (AE) 2017/2403 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 (3) ón gComhairle (“FAR”) córas a bhaineann le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais agus leis an rochtain a bhíonn ag soithí tríú tír ar uiscí an Aontais.

(2)

Is páirtí conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (4) (UNCLOS) agus dhaingnigh sé Comhaontú na Náisiún Aontaithe an 4 Lúnasa 1995 maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach a chur chun feidhme (5). Leagtar amach sna forálacha idirnáisiúnta sin an prionsabal go gcaithfidh na stáit ar fad bearta iomchuí a ghlacadh chun bainistiú inbhuanaithe agus caomhnú acmhainní muirí a áirithiú agus go gcaithfidh siad comhoibriú le chéile chuige sin.

(3)

Ghlac an tAontas le Comhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn an 24 Samhain 1993 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (6). Sonraítear sa Chomhaontú sin go bhfuil páirtí conarthach le staonadh ó údarú a thabhairt i leith soitheach a úsáid le haghaidh iascaireacht ar an mórmhuir mura gcomhlíontar coinníollacha áirithe, agus go bhfuil an páirtí conarthach sin le smachtbhannaí a chur chun feidhme mura gcomhlíontar oibleagáidí áirithe maidir le tuairisciú.

(4)

D’fhormhuinigh an tAontas Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta FAO, a glacadh in 2001, maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (“PGI-NNN”). Le PGI-NNN agus Treoirlínte Deonacha FAO i ndáil le feidhmíocht stáit brataí, a formhuiníodh in 2014, leagtar béim ar fhreagracht an Stáit brataí caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe beo-acmhainní muirí agus éiceachórais mhuirí a áirithiú. Foráiltear in PGI-NNN gur cheart do Stát brataí údaruithe a eisiúint do shoithí faoi bhratach an Stáit sin atá ag iarraidh iascaireacht a dhéanamh in uiscí lasmuigh dá cheannasacht nó dá dhlinse. Moltar, freisin, sna Treoirlínte Deonacha sin go dtabharfadh an Stát brataí agus an Stát cósta údarú i gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta faoi chuimsiú comhaontú rochtana iascaigh nó, fiú, i gcás gníomhaíochtaí iascaireachta nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú den sórt sin. Ba cheart don dá Stát sin a bheith sásta nach mbainfidh gníomhaíochtaí den sórt sin d’inbhuanaitheacht na stoc in uiscí an Stáit cósta.

(5)

In 2014, ghlac comhaltaí uile FAO, lena n-áirítear an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta ar tíortha i mbéal forbartha iad, na Treoirlínte Deonacha maidir le hIascaigh Inbhuanaithe ar mhionscála a Áirithiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta. Léiríonn pointe 5.7 de na Treoirlínte sin gur cheart aird chuí a thabhairt ar an iascaigh ar mhionscála sula ndéantar comhaontuithe faoi rochtain ar acmhainní le tríú tíortha agus tríú páirtithe. Iarrtar leis na Treoirlínte sin go nglacfaí bearta maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú go fadtéarmach agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus bunús éiceolaíoch a áirithiú don táirgeadh bia, agus béim á leagan ar thábhacht caighdeán comhshaoil do ghníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais a bhfuil cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh, chomh maith le cur chuige an réamhchúraim, mar chuid díobh.

(6)

Má tá fianaise ar fáil nach bhfuil coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart don Bhallstát brataí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus, más gá, smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur. In iascaigh atá faoi eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh (“RFMO”) nó Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (“SFPA”), mura gcomhlíonfaidh bád iascaigh de chuid an Aontais na coinníollacha le haghaidh údarú iascaireachta agus má mhainníonn an Ballstát gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh leis an gcás a leigheas, fiú tar éis don Choimisiún a cheangal orthu é sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún teacht ar an tátal nach ndearnadh gníomhaíocht iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú nach ndéanfadh an soitheach lena mbaineann iascaireacht fad nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh.

(7)

Thug an tAontas gealltanas ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe ar an 25 Meán Fómhair 2015 go gcuirfí chun feidhme an rún ina bhfuil an doiciméad deiridh dar teideal “Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development”, lena n-áirítear Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14, arb é “na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh forbairt inbhuanaithe”, chomh maith le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12, arb é “patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a áirithiú” agus na fospriocanna a ghabhann leo.

(8)

Is é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI), mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an “bun-Rialachán”), a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de agus go ndéantar iad a bhainistiú sa chaoi is go mbainfear amach leasanna eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta, go ndéanfar stoic éisc a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéal inar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad leis an soláthar bia. Tá sé riachtanach freisin, agus an beartas sin á chur chun feidhme, go gcuirfí san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

(9)

Ceanglaítear leis an mbun-Rialachán go dteorannófar SFPAnna chuig barrachas gabhála, dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS.

(10)

Sa bhun-Rialachán, leagtar béim ar an ngá le cuspóirí an CBI a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais taobh amuigh d’uiscí an Aontais bunaithe ar na prionsabail agus ar na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus go mbeidh cothroime iomaíochta ann d’oibreoirí an Aontais agus d’oibreoirí tríú tír.

(11)

Ba é aidhm FAR bonn coiteann a leagan síos chun na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais a údarú d’fhonn tacú leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (“NNN”), agus rialú agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar chabhlach an Aontais ar fud an domhain agus ar na coinníollacha lena n-údaraítear soithí tríú tír a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

(12)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 (8) ón gComhairle (“Rialachán NNN”) maidir le hiascaireacht ag an am céanna le FAR agus glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (9) ón gComhairle (“an Rialachán um Rialú”) bliain ina dhiaidh sin. Is iad na trí Rialachán sin trí cholún cur chun feidhme fhorálacha an CBI maidir le rialú agus forfheidhmiú.

(13)

Mar sin féin, níor cuireadh Rialachán NNN, FAR agus an Rialachán um Rialú chun feidhme go comhleanúnach; bhí míréireachtaí ann go háirithe idir FAR agus an Rialachán um Rialú. Nuair a bhí FAR á chur chun feidhme, ba léir freisin go raibh roinnt easnamh ann sa mhéid is nár cumhdaíodh dúshláin áirithe maidir le rialú, amhail cairtfhostú, soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile agus údaruithe iascaireachta a eisíonn údarás inniúil tríú tír do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais nach dtagann faoi chuimsiú SFPA (“údaruithe díreacha”) a eisiúint. Chomh maith leis sin, bhí deacracht ann le cuid de na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus leis na róil riaracháin a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

(14)

Is é príomhphrionsabal an Rialacháin seo go mbeadh údarú faighte óna Bhallstát brataí ag aon soitheach de chuid an Aontais a théann ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí an Aontais agus go ndéanfaí faireachán cuí ar an soitheach sin dá réir, beag beann ar an áit a n-oibríonn sé agus ar an gcreat faoina n-oibríonn sé. Níor cheart an t-údarú sin a eisiúint ach ar choinníoll go bhfuil tacar bunúsach de chomhchritéir incháilitheachta á gcomhlíonadh. Maidir leis an bhfaisnéis a bhailíonn na Ballstáit agus a chuireann siad ar fáil don Choimisiún, ba cheart go ligfeadh sí don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh, tráth ar bith, san fhaireachán a dhéantar ar na hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta uile an Aontais i limistéar ar bith lasmuigh d’uiscí an Aontais.

(15)

Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le beartas seachtrach iascaigh an Aontais i dtaca le coinníollacha agus téarmaí SFPAnna agus an dúthracht a chaitear leis na forálacha a fhorfheidhmiú. Mar sin, ba cheart go mbeadh sé ina chuspóir tosaíochta i mbeartas seachtrach iascaigh an Aontais leasanna an Aontais a choimirciú i dtaca le cearta agus coinníollacha rochtana faoi chuimsiú SFPAnna agus ba cheart coinníollacha comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí an Aontais lasmuigh de raon feidhme SFPAnna.

(16)

D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag soithí tacaíochta ar an gcaoi ar féidir le soithí iascaireachta a n-oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh agus ar an méid iasc is féidir leo a ghabháil. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh sna próisis um údarú agus sna próisis maidir le tuairisciú a leagtar amach sa Rialachán seo.

(17)

Tagann fadhb chun cinn i gcás oibríochtaí maidir le soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile nuair is é is cuspóir leo teacht timpeall ar rialacha CBI nó ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta atá ann cheana. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, bheith in ann na hoibríochtaí sin a shainiú, a bhrath agus bac a chur orthu. Ba cheart a áirithiú gur féidir soitheach a rianú agus go ndéantar cúram cuí i dtaobh chomhlíonadh na rialacha ag an soitheach a áirithiú fad saolré soithigh i gcás soitheach ar le hoibreoir de chuid an Aontais é beag beann ar an mbratach nó ar na bratacha faoina n-oibríonn sé. Ba cheart go mbeadh an fheidhm chéanna ag an gceanglas go dtabharfadh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) uimhir uathúil soithigh do shoithí i gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais go ndéanfaí amhlaidh.

(18)

In uiscí tríú tír, féadfaidh soithí de chuid an Aontais oibriú faoi fhorálacha SFPAnna a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríu tíortha nó trí údaruithe díreacha iascaireachta a fháil ó thríú tíortha mura bhfuil aon SFPA i bhfeidhm. Sa dá chás sin, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe trédhearcach. Féadfaidh Ballstáit bhrataí na soithí atá faoina mbratach a údarú chun údaruithe díreacha a lorg agus a fháil ó thríú tíortha ar stáit chósta iad, de réir tacar sainithe critéar agus faoi réir faireacháin. Ba cheart an ghníomhaíocht iascaireachta a údarú a luaithe agus atá an Ballstát brataí sásta nach mbainfidh an ghníomhaíocht sin den inbhuanaitheacht agus nuair nach ndéanann an Coimisiún aon agóid a bhfuil údar cuí léi. Níor cheart cead a thabhairt don oibreoir tús a chur lena oibríocht iascaireachta go dtabharfaidh an Ballstát brataí agus an stát cósta araon údarú dó.

(19)

Níl cead ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí atá faoi dhlínse nó faoi cheannasacht tríú tíortha a bhfuil comhaontú ag an Aontas leo ach nach bhfuil aon phrótacal gníomhach ann ina leith. I gcás comhaontaithe den sórt sin a bheith ann, ach gan aon phrótacal a bheith i bhfeidhm le 3 bliana ar a laghad, ba cheart don Choimisiún na cúiseanna atá leis sin a scrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, a bhféadfaí a áireamh léi go molfaí go ndéanfaí prótacal nua a chaibidil.

(20)

Saincheist shonrach a bhaineann le SFPA is ea ath-leithdháileadh deiseanna iascaireachta tearcúsáidte a tharlaíonn nuair nach n-úsáidtear ina n-iomláine na deiseanna iascaireachta a leithdháiltear ar na Ballstáit faoi na Rialacháin ábhartha ón gComhairle. Ós rud é gur ó bhuiséad ginearálta an Aontais, den chuid is mó, a mhaoinítear na costais rochtana atá leagtha amach sna SFPAnna, tá sé tábhachtach córas sealadach um ath-leithdháileadh agus um fo-leithdháileadh a bheith ann le go bhféadfar leasanna airgeadais an Aontais a chaomhnú agus chun a áirithiú nach gcuirtear amú aon deis iascaireachta ar íocadh as. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, na córais sin um leithdháileadh a shoiléiriú agus a fheabhsú, ar sásra rogha deiridh ba cheart a bheith iontu. Níor cheart é a chur i bhfeidhm ach ar bhonn sealadach agus níor cheart difear a dhéanamh leis do chéad-leithdháileadh deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát i gcomhréir leis na prionsabail chobhsaíochta coibhneasta is infheidhme. Níor cheart ath-leithdháileadh a dhéanamh ach más rud é gur ghéill na Ballstáit ábhartha a gcearta chun deiseanna iascaireachta a mhalartú eatarthu féin, agus is i gcomhthéacs SFPAnna lena dtugtar rochtain ar iascach ilspeiceas go príomha ba cheart déileáil leis.

(21)

I gcás tríú tír nach páirtí í in RFMO, féadfaidh an tAontas iarracht a dhéanamh a fhoráil, leis an tríú tír a bhfuiltear ag breithniú SFPA a dhéanamh léi, go ndéanfaí cion den mhaoiniú tacaíochta earnála a leithdháileadh le go mbeifear in ann tríú tír sin do dhul isteach san RFMO sin a éascú.

(22)

Ba cheart oibríochtaí iascaireachta faoi choimirce RFMOnna agus ar an mórmhuir a bheith údaraithe ag an mBallstát brataí freisin, agus ba cheart go gcloífeadh na hoibríochtaí sin le rialacha sonracha RFMO nó le dlí an Aontais a rialaíonn oibríochtaí iascaireachta ar an mórmhuir.

(23)

D’fhonn gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chur i bhfeidhm in RFMOnna agus i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 28 den bhun-Rialachán, ba cheart don Aontas athbhreithnithe tréimhsiúla ar fheidhmíocht arna ndéanamh ag comhlachtaí neamhspleácha a chur chun cinn agus ba cheart ról gníomhach a bheith ag an Aontas maidir le coistí cur chun feidhme a bhunú agus a threisiú i ngach RFMO ina bhfuil sé páirteach. Ba cheart dó, go háirithe, a áirithiú go ndéanfaidh na coistí cur chun feidhme sin maoirseacht ghinearálta ar chur chun feidhme an bheartais sheachtraigh iascaigh agus na mbeart a chinntear laistigh de RFMOnna.

(24)

Tá bainistiú éifeachtach ar shocruithe maidir le cairtfhostú tábhachtach chun a áirithiú nach mbaintear an bonn d’éifeachtúlacht na mbeart caomhnaithe agus bainistithe agus chun saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní muirí a áirithiú. Is gá, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a leagan amach a chuideoidh leis an Aontas faireachán níos fearr a dhéanamh, ar bhonn a bhfuil glactha ag an RFMO ábhartha, ar ghníomhaíochtaí a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar soithí iad atá cairtfhostaithe ag tríú tír nó ag oibreoirí de chuid an Aontais.

(25)

Seachnaíonn trasloingsithe ar muir an rialú ceart ag stáit bhrataí nó ag stáit chósta agus mar sin, is bealach iad a d’fhéadfadh oibreoirí a úsáid chun gabháil neamhdhleathach a iompar. Trasloingsithe a dhéantar ar shoithí de chuid an Aontais ar an mórmhuir agus atá faoi údaruithe díreacha, ba cheart dóibh a bheith faoi réir fógra a thabhairt roimh ré nuair a dhéantar lasmuigh de chalafort iad. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe a dhéanann a gcuid soithí.

(26)

Ba cheart na nósanna imeachta a bheith trédhearcach agus intuartha d’oibreoirí an Aontais agus d’oibreoirí tríú tír, agus dá n-údaráis inniúla.

(27)

Ba cheart a áirithiú, faoi mar a fhoráiltear dó sa Rialachán um Rialú, gur go leictreonach a dhéanfaí sonraí a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí ar fad a iarrtar faoina gcabhlaigh agus faoina n-oibríochtaí iascaireachta a bhailiú, na sonraí sin a bhainistiú, agus iad a chur ar fáil don Choimisiún. Ina theannta sin, ba cheart dóibh comhoibriú le chéile, leis an gCoimisiún agus le tríú tíortha nuair is ábhartha chun na gníomhaíochtaí bailithe sonraí sin a chomhordú.

(28)

D’fhonn trédhearcacht agus inrochtaineacht na faisnéise maidir le húdaruithe iascaireachta an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach um údaruithe iascaireachta a bhunú, bunachar sonraí ina mbeadh cuid phoiblí agus cuid shlán. Áirítear sonraí pearsanta san fhaisnéis i mbunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil buanaithe ar an Rialachán seo, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh.

(29)

D’fhonn déileáil i gceart leis an rochtain a bhíonn ag soithí iascaireachta faoi bhratach tríú tír ar uiscí an Aontais, ba cheart na rialacha ábhartha a bheith ag teacht leis na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán um Rialú. Maidir le hAirteagal 33 den Rialachán sin maidir le sonraí gabhála agus sonraí a bhaineann le gabháil a thuairisciú, ba cheart feidhm a bheith aige, go háirithe, maidir le soithí tríú tír a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

(30)

Soithí iascaireachta ó thríú tíortha nach bhfuil údarú acu faoin Rialachán seo, ba cheart é a bheith de cheangal orthu agus iad ag seoladh in uiscí an Aontais a áirithiú go bhfuil an trealamh iascaireachta suiteáilte ar chaoi nach éasca é a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as rialú oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí tríú tír in uiscí an Aontais agus, i gcás sáruithe, iad a chlárú sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

(32)

I gcás soithí iascaireachta tríú tír atá ag iascaireacht faoi chomhaontuithe maidir le malartú nó comhbhainistiú, ba cheart do na soithí sin na cuótaí arna leithdháileadh orthu ag a mBallstát brataí féin a urramú in uiscí an Aontais. Nuair a dhéanann soithí tríú tír ró-iascaireacht ar na cuótaí arna leithdháileadh orthu do stoic éisc in uiscí an Aontais, ba cheart don Choimisiún asbhaint a ghearradh ar na cuótaí a leithdháileadh ar na tríú tíortha sin sna blianta ina dhiaidh sin. Sna cásanna sin, ba cheart a thuiscint gurb ionann an asbhaint a bheidh le gearradh ag an gCoimisiún ar chuótaí i gcás ró-iascaireachta, gurb ionann í agus an t-ionchur a chuireann an Coimisiún ar fáil faoi chuimsiú an chomhairliúcháin leis na stáit chósta.

(33)

Chun na nósanna imeachta um údarú a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún córas coiteann a úsáid chun sonraí a mhalartú agus a stóráil le go bhféadfar an fhaisnéis is gá agus nuashonruithe a chur ar fáil agus an t-ualach riaracháin á laghdú.

(34)

Chun dul chun cinn teicniúil agus ceanglais nua a d’fhéadfadh a theacht chun cinn amach anseo faoin dlí idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le modhnuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh, is é sin an Iarscríbhinn sin ina leagtar amach liosta den fhaisnéis atá le soláthar ag oibreoir chun údarú iascaireachta a fháil, agus i dtaca leis na coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta in Airteagal 10 a fhorlíonadh a mhéid is gá chun a léiriú a dhéanamh i ndlí an Aontais ar thorthaí na gcomhairliúchán idir an tAontas agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo, nó ar thorthaí socruithe a rinneadh le Stáit chósta a roinntear stoic éist leo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(35)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na sonraí a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a thaifeadadh, a fhormáidiú agus iad a aistriú ó na Ballstáit go dtí an Coimisiún agus go dtí bunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais, agus le cinneadh a dhéanamh maidir le deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh go sealadach faoi phrótacail atá ann cheana maidir le SFPAnna mar bheart idirthréimhseach a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha Airteagal 10 de FAR. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(36)

Chun go mbeadh bunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais oibríochtúil agus chun go bhféadfadh na Ballstáit na ceanglais theicniúla tarchurtha a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann le go mbeidh siad in ann sonraí a aistriú go leictreonach. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint freisin as cúnamh airgeadais ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bhun phointe (a) d’Airteagal 76(2) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(37)

Mar gheall ar líon agus tábhacht na leasuithe atá le déanamh, ba cheart FAR a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a mbíonn oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír, faoi choimirce RFMO a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, in uiscí an Aontais nó lasmuigh dóibh, nó ar an mórmhuir; agus

(b)

soithí iascaireachta tríú tír a mbíonn oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu in uiscí an Aontais.

Airteagal 2

An gaol idir an Rialachán seo agus an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais

Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha in SFPAnna agus i gcomhaontuithe iascaigh eile arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

forálacha arna nglacadh ag RFMOnna a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu;

(c)

forálacha atá i ndlí an Aontais lena gcuirtear chun feidhme nó lena dtrasuítear forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 den bhun-Rialachán agus i bpointe 1 go pointe 4, agus ag pointe 15, ag pointe 16 agus ag pointe 22 d’Airteagal 2 de Rialachán NNN, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach, seachas árthach a iompraítear ar bord, nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil a cheaptar chun éisc a ghabháil nó a mhealladh feistithe air agus a éascaíonn nó a ullmhaíonn oibríochtaí iascaireachta nó a chuidíonn leis na hoibríochtaí sin;

(b)

ciallaíonn “údarú iascaireachta”, i dtaca le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, údarú:

laistigh de bhrí phointe 10 d’Airteagal 4 den Rialachán um Rialú,

arna eisiúint ag tríú tír, lena dtugtar teidlíocht do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh sna huiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an tríú tír sin, le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó d’iascach ar leith faoi choinníollacha sonracha,

agus, i dtaca le soitheach iascaireachta de chuid tríú tír, údarú lena dtugtar teidlíocht dó oibríochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó d’iascach ar leith faoi choinníollacha sonracha;

(c)

ciallaíonn “údarú díreach” údarú iascaireachta arna eisiúint ag údarás inniúil tríú tír do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais nach dtagann faoi chuimsiú SFPA ná faoi chuimsiú comhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú agus maidir le speicis leasa choitinn a chomhbhainistiú;

(d)

ciallaíonn “uiscí tríú tír” uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír. Chun críocha an Rialacháin seo, meastar gur uiscí tríú tír iad uiscí Ballstáit nach uiscí an Aontais iad;

(e)

ciallaíonn “clár breathnóirí” scéim atá faoi choimirce RFMO, SFPA, tríú tír nó Ballstáit, lena gcuirtear breathnóirí ar fáil ar bord soithí iascaireachta lena n-áirítear, nuair a fhoráiltear go sonrach dó seo sa scéim breathnóirí is infheidhme, chun a fhíorú go gcomhlíonann an soitheach na rialacha arna nglacadh ag an RFMO sin nó ag an tríú tír sin, nó faoin SFPA sin;

(f)

ciallaíonn “cairtfhostú” socrú lena ndéanann oibreoir i mBallstát eile nó i dtríú tír conradh i leith soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit ar feadh tréimhse sainithe ama gan an bhratach a athrú;

(g)

ciallaíonn “oibríocht iascaireachta” na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i dtaca le cuardach éisc, le lámhach, tarraingt agus tarlú trealamh gníomhach, le socrú, maothú, baint nó athshocrú trealamh éighníomhach agus le haon ghabháil a bhaint as an trealamh, as na rí-eangacha nó as an gcaighean iompair agus a aistriú chuig caighin ramhraithe agus feirmeoireachta.

TEIDEAL II

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS LASMUIGH D’UISCÍ AN AONTAIS

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Airteagal 4

Prionsabal ginearálta

Gan dochar don cheanglas údarú a fháil ón eagraíocht inniúil nó ón tríú tír, ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais mura bhfuair sé údarú óna Bhallstát brataí, agus mura mbeidh na hoibríochtaí iascaireachta léirithe in údarú iascaireachta bailí a eisíodh i gcomhréir le Caibidil II go Caibidil V, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 5

Critéir incháilitheachta

1.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar lasmuigh d’uiscí an Aontais ach amháin más rud é:

(a)

go bhfuair sé faisnéis iomlán bheacht, i gcomhréir leis na ceanglais atá san Iarscríbhinn nó ceanglais an SFPA lena mbaineann nó an RFMO lena mbaineann, faoin soitheach iascaireachta agus faoin soitheach tacaíochta gaolmhar nó faoi na soithí tacaíochta gaolmhara, lena n-áirítear soithí tacaíochta nach soithí de chuid an Aontais iad;

(b)

go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí faoi Airteagal 6 den Rialachán um Rialú ag an soitheach iascaireachta;

(c)

go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nuair is infheidhme, go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Bhallstát brataí faoin gcomhaontú iascaigh lena mbaineann nó faoi fhorálacha ábhartha an RFMO; agus

(f)

nuair is infheidhme, go gcomhlíonann an soitheach iascaireachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn lena áirithiú go ndéanfar faireachán iomchuí ar ghníomhaíochtaí soithí iascaireachta faoin Rialachán seo, go háirithe trí cheanglais nua sonraí atá mar thoradh ar chomhaontuithe iascaigh nó ar fhorbairt teicneolaíochtaí faisnéise.

Airteagal 6

Oibríochtaí maidir le soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le soithí ar bhain an méid seo a leanas leo sna 5 bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar údarú iascaireachta:

(a)

d’fhág siad clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais agus athraíodh a mbrat i dtríú tír; agus

(b)

d’fhill siad ar chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ina dhiaidh sin.

2.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin má d’fhíoraigh sé gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an soitheach dá dtagraítear i mír 1 le linn na tréimse a raibh sé ag obair faoi bhratach tríú tír:

(a)

ní raibh sé i mbun iascaireacht NNN;

(b)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a sainaithníodh mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(c)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a liostaíodh mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 de Rialachán NNN; agus

(d)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a sainaithníodh mar thír neamh-chomhoibríoch maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac de bhun Airteagal 31 de Rialachán NNN i ndiaidh tréimhse 6 seachtaine ó glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lenar sainaithníodh an tríú tír sin mar thríú tír neamh-chomhoibríoch, seachas aon oibríochtaí a rinneadh i gcás inar dhiúltaigh an Chomhairle do thogra chun an tríú tír sin a ainmniú mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin.

3.   Chuige sin, cuirfidh an t-oibreoir ar fáil an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse ar lena linn a d’oibrigh an soitheach faoi bhrat tríú tír, ar faisnéis í a cheanglaíonn Ballstát brataí a chur ar fáil:

(a)

dearbhú ar ghabhálacha agus ar iarrachtaí iascaireachta le linn na tréimhse ábhartha, de réir mar a cheanglaíonn an stát brataí tríú tír a dhéanamh;

(b)

cóip d’aon údaruithe iascaireachta lena gceadaítear oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh le linn na tréimhse ábhartha;

(c)

ráiteas oifigiúil ón tríú tír ar inti a athraíodh brat an tsoithigh, ina liostaítear na smachtbhannaí a raibh an soitheach nó an t-oibreoir faoina réir sa tréimhse ábhartha;

(d)

stair iomlán brataí don tréimhse a raibh clár cabhlaigh an Aontais fágtha ag an soitheach lena linn.

4.   Ní eiseoidh Ballstát brataí údarú iascaireachta do shoitheach ar athraíodh a bhrat i dtríú tír a tháinig chun bheith:

(a)

liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch i ndáil le hiascaireacht NNN a chomhrac de bhun Airteagal 33 de Rialachán NNN;

(b)

sainaitheanta mar thír neamh-chomhoibríoch maidir leis an iascaireacht NNN de bhun Airteagal 31 de Rialachán NNN i ndiaidh tréimhse 6 seachtaine ó glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lenar sainaithníodh an tríú tír sin mar thír neamh-chomhoibríoch, seachas aon oibríochtaí a rinneadh i gcás inar dhiúltaigh an Chomhairle do thogra chun an tríú tír sin a ainmniú mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin; nó

(c)

sainaitheanta mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 má tá an Ballstát brataí sásta go ndearna an t-oibreoir an méid seo a leanas a luaithe a tháinig na cúinsí a gcuirtear síos orthu i bpointe (b) go pointe (d) de mhír 2 nó i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 4 chun bheith infheidhme:

(a)

scoir sé de na hoibríochtaí iascaireachta; agus

(b)

chuir sé tús láithreach leis na nósanna imeachta riaracháin ábhartha chun an soitheach a bhaint ó chlár cabhlaigh iascaireachta an tríú tír.

Airteagal 7

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   Le linn d’oibreoir iarratas a dhéanamh ar údarú iascaireachta, déanfaidh sé sonraí iomlána beachta a sholáthar don Bhallstát brataí.

2.   Cuirfidh an t-oibreoir an Ballstát brataí ar an eolas láithreach faoi aon athrú a dhéantar ar na sonraí gaolmhara.

3.   Déanfaidh Ballstát brataí faireachán ar bhonn rialta féachaint an bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn a chomhlíonadh le linn thréimhse bailíochta an údaraithe sin.

4.   Má tá fianaise ann, de dheasca thoradh deireanach na ngníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh an Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus, más gá, smachtbhannaí a fhorchur. Beidh na smachtbhannaí a chuireann an Ballstát brataí i bhfeidhm i leith sáruithe chomh dian agus go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na rialacha, go ndéanfar sáruithe a chosc agus nach bhféadfaidh na ciontóirí aon tairbhe a bhaint as sáruithe. Cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún agus an t-oibreoir ar an eolas faoin méid sin láithreach. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht an RFMO nó an tríú tír lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

5.   Ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún, déanfaidh Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí mar a fhoráiltear i mír 4, i gcás ina sáraítear bearta caomhnaithe agus bainistithe do bheo-acmhainní muirí a ghlac RFMO a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, nó faoi SFPAnna.

6.   I gcás gur páirtí conarthach é an tAontas in RFMO agus nach gcomhlíonann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 21 mar a bunaíodh sa tuarascáil chigireachta deiridh a aithníonn an RFMO, agus i gcás ina mainníonn an Ballstát brataí an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal ar an mBallstát brataí lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an soitheach iascaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais na coinníollacha sin.

I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát brataí lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí chun an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 15 lá, cuirfidh an Coimisiún sonraí cothrom le dáta na soithí iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 chuig Rúnaíocht an RFMO chun go ndéileálfar leis an soitheach lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinne sé. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don oibreoir faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin.

7.   I gcás inar thug an tAontas SFPA i gcrích le tríú tír agus nach gcomhlíonann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 10 mar a bunaíodh sa tuarascáil chigireachta deiridh a aithníonn na húdaráis inniúla, agus i gcás ina mainníonn an Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal ar an mBallstát brataí lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha sin.

I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát brataí lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí chun an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 15 lá, cuirfidh an Coimisiún sonraí cothrom le dáta na soithí iascaireachta chuig an tríú tír chun go ndéileálfar leis an soitheach iascaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát brataí faoin ngníomhaíocht a rinne sé. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don oibreoir faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin.

CAIBIDIL II

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír

Roinn 1

Oibríochtaí iascaireachta faoi sfpanna

Airteagal 8

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír faoi SFPA.

Airteagal 9

Ballraíocht RFMO

Ní fhéadfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí tríú tír ar stoic atá faoi bhainistiú RFMO ach amháin más páirtí conarthach RFMO an tríú tír sin san RFMO sin.

Airteagal 10

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag an mBallstát brataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar in uiscí tríú tír faoi SFPA ach amháin más rud é:

(a)

go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5;

(b)

go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san SFPA ábhartha;

(c)

gur íoc an t-oibreoir na táillí uile a bhí dlite faoi na comhaontuithe ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, na smachtbhannaí airgeadais gaolmhara a bunaíodh le cinneadh breithiúnach nó riaracháin a bhfuil éifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach aige; agus

(d)

go bhfuil údarú bailí iascaireachta ag an soitheach iascaireachta, ar údarú é a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith.

Airteagal 11

An nós imeachta chun údaruithe iascaireachta ón tríú tír a fháil

1.   Chun críche phointe (d) d’Airteagal 10, déanfaidh Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10 á gcomhlíonadh an t-iarratas comhfhreagrach ar údarú ón tríú tír a chur chuig an gCoimisiún.

2.   Beidh san iarratas dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoin SFPA.

3.   Cuirfidh an Ballstát brataí an t-iarratas chuig an gCoimisiún 10 lá féilire ar a laghad roimh an sprioc-am a leagtar síos san SFPA i dtaobh iarratais a chur isteach. Féadfaidh an Coimisiún iarratas a bhfuil údar cuí leis a chur chuig an mBallstát brataí chun tuilleadh faisnéise a fháil má tá sí riachtanach chun na coinníollacha a fhíorú.

4.   Ar iarratas nó ar aon fhaisnéis bhreise a iarrtar de bhun mhír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an Coimisiún réamhscrúdú chun a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10. Ansin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

an t-iarratas a chur chuig an tríú tír gan mhoill agus in aon chás roimh dhul in éag don sprioc-am chun na hiarratais a chur isteach, ar sprioc-am é a leagtar síos san SFPA, ar choinníoll gur comhlíonadh an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo; nó

(b)

fógra a thabhairt don Bhallstát gur diúltaíodh an t-iarratas.

5.   Má chuireann tríú tír an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais faoin gcomhaontú a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach, trí mheán leictreonach más féidir, dá réir sin.

Airteagal 12

Deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh go sealadach faoi chuimsiú SFPAnna

1.   Le linn bliain áirithe nó in aon tréimhse ábhartha eile a bhfuil prótacal a ghabhann le SFPA á chur chun feidhme lena linn, agus tréimhsí bailíochta na n-údaruithe iascaireachta agus na séasúir iascaireachta á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a shainaithint agus na Ballstáit a thairbhíonn de na sciaranna comhfhreagracha den leithdháileadh acu a chur ar an eolas dá réir sin.

2.   Laistigh de 10 lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an Coimisiún a chur ar an eolas go n-úsáidfidh siad a ndeiseanna iascaireachta níos déanaí sa tréimhse ábhartha cur chun feidhme trí phlean iascaireachta a sholáthar ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin líon údaruithe iascaireachta atá á iarraidh, na gabhálacha measta, limistéar agus tréimhse na hiascaireachta; nó

(b)

fógra a thabhairt don Choimisiún faoina gcuid deiseanna iascaireachta a úsáid trí dheiseanna iascaireachta a mhalartú de bhun Airteagal 16(8) den bhun-Rialachán.

3.   Má tharlaíonn sé nár chuir Ballstáit áirithe an Coimisiún ar an eolas faoi cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, nó gur chuir siad an Coimisiún ar an eolas nár bhain siad ach páirtúsáid as a ndeiseanna iascaireachta, agus, más rud é, dá thoradh sin, go bhfuil deiseanna iascaireachta ann go fóill nár úsáideadh, féadfaidh an Coimisiún glao ar léiriú spéise a sheoladh le haghaidh na ndeiseanna iascaireachta nár úsáideadh agus atá ar fáil, agus féadfaidh sé an glao sin a sheoladh i measc na mBallstát eile a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit uile ag an am céanna gur seoladh an glao ar léiriú spéise.

4.   Laistigh de 10 lá féilire ón nglao ar léiriú spéise sin dá dtagraítear i mír 3 a fháil, féadfaidh na Ballstáit a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil spéis acu sna deiseanna iascaireachta sin nár úsáideadh agus atá ar fáil. Chun tacú lena n-iarraidh, déanfaidh siad plean iascaireachta a sholáthar, ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin líon údaruithe iascaireachta atá á iarraidh acu, na gabhálacha measta, limistéar agus tréimhse na hiascaireachta.

5.   Má mheastar gur gá measúnú a dhéanamh ar an iarraidh, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát.

6.   Más rud é nach bhfuil spéis ag na Ballstáit a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh i méid iomlán na ndeiseanna iascaireachta sin nár úsáideadh agus atá ar fáil, ag deireadh na tréimhse 10 lá féilire dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún an glao ar léiriú spéise a leathnú do na Ballstáit ar fad. Féadfaidh Ballstát spéis a léiriú, faoi na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin, i ndeiseanna iascaireachta nár úsáideadh.

7.   Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 4 nó mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an Chomhairle na deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh, ar bhonn sealadach amháin, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, don tréimhse ábhartha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na Ballstáit ar a ndearnadh ath-leithdháileadh agus faoi na cainníochtaí a ath-leithdháileadh.

8.   Bunófar ath-leithdháileadh sealadach na ndeiseanna iascaireachta ar chritéir thrédhearcacha oibiachtúla lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, critéir a bhaineann leis an gcomhshaol, critéir shóisialta agus critéir eacnamaíocha. Féadfar a áireamh ar na critéir sin:

(a)

na deiseanna iascaireachta atá ar fáil lena n-ath-leithdháileadh;

(b)

an líon Ballstát a d’iarr na deiseanna iascaireachta;

(c)

an sciar a sannadh do gach Ballstát a d’iarr deiseanna iascaireachta nuair a bhí siad á ndáileadh an chéad lá;

(d)

leibhéil gabhálacha agus iarrachta gach Ballstáit a d’iarr deiseanna iascaireachta san am a chuaigh thart, i gcás inarb infheidhme;

(e)

inmharthanacht an phlean iascaireachta a sholáthair na Ballstáit iarrthacha, i bhfianaise líon, chineál agus shaintréithe na soithí agus an trealaimh atá á n-úsáid.

Airteagal 13

Fo-leithdháileadh cuóta bhliantúil arna bhriseadh síos ina theorainneacha gabhála comhleanúnacha éagsúla

1.   I gcás ina leagtar síos i bprótacal a ghabhann le SFPA teorainneacha gabhála míosúla nó ráithiúla nó go roinntear na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don bhliain ábhartha ar bhealach eile, agus i gcás nach n-úsáidtear na deiseanna iascaireachta uile a leithdháileadh le linn na tréimhse míosúla nó ráithiúla céanna nó le linn tréimhse ama eile is infheidhme, déanfaidh an Chomhairle na deiseanna comhfhreagracha iascaireachta atá ar fáil a fho-leithdháileadh i measc na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, le haghaidh na dtréimhsí ábhartha ama.

2.   Is trí chritéir thrédhearcacha, oibiachtúla a dhéanfar fo-leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil. Beidh an fo-leithdháileadh sin comhsheasmhach leis na deiseanna iascaireachta bliantúla arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin Rialachán ábhartha ón gComhairle.

Roinn 2

Oibríochtaí iascaireachta faoi chomhaontuithe maidir le malartú nó comhbhainistiú

Airteagal 14

Na forálacha is infheidhme

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 8 go hAirteagal 11 maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in uiscí tríú tír faoi chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le stoic éisc leasa choitinn a chomhbhainistiú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 11, féadfaidh Ballstát brataí sonraí a sholáthar don Choimisiún de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí tríú tír faoin gcomhaontú ábhartha. Nuair a bheidh sé suite go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10 á gcomhlíonadh, seolfaidh an Coimisiún sonraí na soithí iascaireachta ábhartha de chuid an Aontais chuig an tríú tír gan mhoill. A luaithe a chuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gur formheasadh sonraí na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas dá réir. Measfar go bhfuil údarú bailí iascaireachta ann i leith na soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cuireadh a sonraí ar fáil chun críche phointe (d) d’Airteagal 10. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas freisin, trí mheán leictreonach, gan mhoill, faoi aon fhógra a thugann an tríú tír nach bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais incháilithe chun oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh ina cuid uiscí.

Airteagal 15

Comhairliúcháin le tríú tíortha i leith soithí iascaireachta de chuid an Aontais

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, d’fhonn Airteagal 10 a fhorlíonadh trí thorthaí na gcomhairliúchán idir an tAontas agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo nó trí thorthaí socruithe a rinneadh le stáit chósta a roinntear stoic éisc leo, i dtaca leis na coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

Roinn 3

Oibríochtaí iascaireachta atá faoi údaruithe díreacha

Airteagal 16

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú dá dtagraítear i Roinn 1 nó i Roinn 2.

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

1.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar in uiscí tríú tír nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú dá dtagraítear i Roinn 1 nó i Roinn 2 ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

nach bhfuil aon SFPA ná aon chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le comhbhainistiú a dhéanamh leis an tríú tír lena mbaineann i bhfeidhm nó á chur i bhfeidhm go sealadach;

(c)

gur sholáthair an t-oibreoir gach ceann díobh seo a leanas:

cóip den reachtaíocht iascaigh is infheidhme, mar a chuir an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na gníomhaíochtaí nó a bhfuil dlínse aici ina leith ar fáil don oibreoir í, nó tagairt bheacht di,

meastóireacht eolaíoch a léiríonn inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe, lena n-áirítear comhsheasmhacht le forálacha Airteagal 62 de UNCLOS, de réir mar is infheidhme,

uimhir oifigiúil cuntais bainc phoiblí chun gur féidir na táillí ar fad a íoc isteach ann;

(d)

sa chás go ndéanfar na hoibríochtaí iascaireachta ar speicis atá faoi bhainistiú RFMO, gur páirtí conarthach san eagraíocht sin an tríú tír; agus

(e)

gur sholáthair an t-oibreoir ceann den dá rud seo:

údarú bailí iascaireachta don soitheach iascaireachta lena mbaineann, a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith; nó

dearbhú i scríbhinn a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith, tar éis plé idir an t-oibreoir agus an tríú tír sin, ar théarmaí an údaraithe dhírigh atá beartaithe chun rochtain a thabhairt don oibreoir ar a cuid acmhainní iascaireachta, lena n-áirítear fad agus coinníollacha an údaraithe, agus deiseanna iascaireachta arna sloinneadh mar iarracht nó mar theorainneacha gabhála.

2.   Ar aon chaoi, ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go n-eiseoidh an tríú tír an t-údarú bailí iascaireachta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1. Cuirfidh an Ballstát brataí a údarú ar fionraí mura mbeidh an t-údarú eisithe ag an tríú tír roimh thús na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe.

3.   An mheastóireacht eolaíoch dá dtagraítear sa dara fleasc de phointe (c) de mhír 1, cuirfidh RFMO ar fáil í, nó cuirfidh comhlacht réigiúnach iascaigh a bhfuil inniúlacht eolaíoch aige ar fáil í, nó cuirfidh an tríú tír ar fáil í, nó cuirfear ar bun i gcomhar leis an tríú tír í. Déanfaidh institiúid nó comhlacht eolaíoch de chuid Ballstáit nó de chuid an Aontais athbhreithniú ar an meastóireacht eolaíoch a chuireann an tríú tír ar fáil.

Airteagal 18

An nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta an tríú tír a fháil

1.   Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an fhaisnéis ábhartha a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chuig an gCoimisiún mar aon le faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 17(1).

2.   Má mheasann an Coimisiún nach leor an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise nó údar laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil.

3.   Más rud é, tar éis na hiarrata ar thuilleadh faisnéise nó údar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus tar éis pléití leis na Ballstáit lena mbaineann, go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17 á gcomhlíonadh, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis nó an t-údar go léir a iarradh a fháil, agóid a dhéanamh i gcoinne dheonú an údaraithe iascaireachta. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill nach bhfuil rún aige agóid a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 2. I gcás inar iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise i gcomhréir leis an mír sin, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint i gcás nach ndearna an Coimisiún aon agóid laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 nó roimh an sprioc-am sin, ar choinníoll gur chuir an Coimisiún in iúl don Bhallstát nach raibh rún aige agóidí a dhéanamh.

5.   De mhaolú ar mhír 1 go mír 4, i gcás go ndéantar údarú iascaireachta a athnuachan leis na téarmaí agus leis na coinníollacha céanna agus laistigh de 2 bhliain ón dáta ar deonaíodh an chéad údarú iascaireachta, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint tar éis fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas i ndáil leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 17(1) agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina leith sin gan mhoill.

6.   Má chuireann tríú tír an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú díreach i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas dá réir sin láithreach.

7.   Má chuireann tríú tír an Ballstát brataí ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú díreach i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach.

8.   Déanfaidh oibreoir cóip de na coinníollacha deiridh a comhaontaíodh idir an t-oibreoir sin agus an tríú tír a sholáthar don Bhallstát brataí, agus beidh cóip den údarú díreach san áireamh.

CAIBIDIL III

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais faoi choimirce RFMOnna

Airteagal 19

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus iad ag iascaireacht stoic atá faoi choimirce RFMO, laistigh d’uiscí an Aontais nó lasmuigh díobh, a mhéid atá a n-oibríochtaí faoi réir córas údaraithe a chuir an RFMO ar bun.

Airteagal 20

Údaruithe iascaireachta

1.   Soitheach de chuid an Aontais a bhfuil a chuid oibríochtaí iascaireachta faoi réir córas údaraithe a ghlac an RFMO, ní dhéanfaidh sé oibríochtaí iascaireachta faoi choimirce an RFMO ach i gcás:

(a)

gur páirtí conarthach san RFMO is ea an tAontas;

(b)

gur eisigh a Bhallstát brataí údarú iascaireachta dó;

(c)

gur áiríodh ar chlár nó ar liosta ábhartha shoithí údaraithe an RFMO é; agus

(d)

i gcás go bhfuil na hoibríochtaí iascaireachta á ndéanamh in uiscí tríú tír; gur eisigh an tríú tír ábhartha údarú iascaireachta dó i gcomhréir le Caibidil II.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht go heisiach in uiscí an Aontais agus ar eisíodh údarú iascaireachta dóibh cheana i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 21

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

go bhfuil na rialacha arna leagan síos ag an RFMO, nó i ndlí trasuite an Aontais, á gcomhlíonadh; agus

(c)

i gcás ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta in uiscí tríú tír: go bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 10 nó in Airteagal 17 á gcomhlíonadh.

Airteagal 22

Clárú soithí ag RFMOnna

1.   Déanfaidh Ballstát brataí sonraí na soithí ar thug sé údarú dóibh le haghaidh oibríochtaí iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo nó, i gcás Airteagal 20(2) den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán um Rialú.

2.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i gcomhréir leis na coinníollacha a leag an RFMO síos agus beidh an fhaisnéis a theastaíonn ón eagraíocht sin ag gabháil leis an méid sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá a iarraidh ar an mBallstát brataí laistigh de thréimhse 10 lá tar éis dó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Sonróidh sé an t-údar a bheidh ag aon iarratas den sórt sin.

4.   Nuair is deimhin leis bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21 á gcomhlíonadh, agus laistigh de thréimhse 15 lá tar éis dó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún sonraí na soithí údaraithe chuig an RFMO.

5.   Mura clár nó liosta poiblí clár RFMO nó liosta RFMO, scaipfidh an Coimisiún sonraí na soithí údaraithe chuig na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an iascach ábhartha.

CAIBIDIL IV

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir

Airteagal 23

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta, nach dtagann faoi raon feidhme Chaibidil III, agus a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir, ar soithí iad ar faide ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán.

Airteagal 24

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar ar an mórmhuir ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

go ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta atá beartaithe:

i gcomhréir le meastóireacht eolaíoch a sholáthair nó a bhailíochtaigh institiúid eolaíochta sa Bhallstát brataí, a léiríonn inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe, nó

mar chuid de chlár taighde, lena náirítear scéim maidir le sonraí a bhailiú, a d’eagraigh comhlacht eolaíochta. Déanfaidh institiúid eolaíochta sa Bhallstát brataí prótacal eolaíoch an taighde, a mbeidh gá leis in aon chor, a bhailíochtú.

Airteagal 25

An nós imeachta le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé chuig an gCoimisiún an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn, agus faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Má mheasann an Coimisiún nach leor an fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise nó údar laistigh de 10 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis sin.

3.   Más rud é, tar éis dó an fhaisnéis bhreise nó an bonn cirt a iarradh agus dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fháil, go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24 á gcomhlíonadh, féadfaidh sé, laistigh de 5 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis bhreise nó an t-údar, agóid a dhéanamh i gcoinne dheonú an údaraithe iascaireachta. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill nach bhfuil rún aige agóid a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 2. I gcás inar iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise i gcomhréir leis an mír sin, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint i gcás nach ndearna an Coimisiún aon agóid laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 nó roimh an sprioc-am sin, ar choinníoll gur chuir an Coimisiún in iúl don Bhallstát nach raibh rún aige agóidí a dhéanamh.

CAIBIDIL V

Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú

Airteagal 26

Prionsabail

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireacht faoi shocruithe maidir le cairtfhostú in uiscí ina bhfuil SFPA i bhfeidhm nó i bhfeidhm go sealadach.

2.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta faoi níos mó ná socrú amháin maidir le cairtfhostú san aon am amháin ná oibríochtaí iascaireachta a fholigean ar fostú.

3.   Ní oibreoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais faoi shocruithe maidir le cairtfhostú in uiscí atá faoi choimirce RFMO ach más páirtí conarthach san eagraíocht sin an Ballstát lena bhfuil an soitheach cairtfhostaithe.

4.   Ní úsáidfidh soitheach iascaireachta cairtfhostaithe de chuid an Aontais deiseanna iascaireachta a Bhallstáit bhrataí le linn tréimshe chur i bhfeidhm an chairtfhostaithe. Déanfar gabhálacha soithigh iascaireachta chairtfhostaithe de chuid an Aontais a chomhaireamh in aghaidh dheiseanna iascaireachta an stáit sin atá i mbun an chairtfhostaithe.

5.   Ní laghdófar le haon ní sa Rialachán seo freagrachtaí an Bhallstáit bhrataí i leith a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, faoin Rialachán um Rialú, faoi Rialachán NNN nó faoi fhorálacha eile CBI, lena n-áirítear ceanglais maidir le tuairisciú.

6.   Sealbhóir cheadúnas iascaireachta shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá le cairtfhostú, cuirfidh sé an socrú maidir le cairtfhostú in iúl don Bhallstát brataí sula gcuirfear tús leis. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Airteagal 27

Údaruithe iascaireachta atá faoi shocrú maidir le cairtfhostú a bhainistiú

Agus údarú iascaireachta i leith soithigh á n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 11, 17, 21 nó 24, agus nuair atá na hoibríochtaí iascaireachta ábhartha á ndéanamh faoi shocrú maidir le cairtfhostú, déanfaidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

gur thug údarás inniúil an stáit atá i mbun an chairtfhostaithe dearbhú oifigiúil go bhfuil an socrú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; agus

(b)

go sonraítear san údarú iascaireachta sonraí an socraithe maidir le cairtfhostú, lena n-áirítear an tréimhse ama, na deiseanna iascaireachta agus an limistéar iascaireachta.

CAIBIDIL VI

Oibrithe trasloingsithe

Airteagal 28

Oibríochtaí trasloingsithe

1.   Aon oibríocht trasloingsithe a sheolfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir nó faoi údaruithe díreacha, seolfar i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 22 den Rialachán um Rialú í. Cuirfidh an Ballstát brataí an t-eolas ar fáil don Choimisiún faoin bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú trasloingsithe, faoi dháta an trasloingsithe, agus faoin suíomh agus faoin limistéar geografach inar tharla an trasloingsiú, roimh dheireadh mhí an Mhárta gach bliain, i dtaca leis an trasloingsiú a rinneadh an bhliain roimhe sin.

2.   Tabharfaidh máistrí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais, atá faoi údaruithe díreacha nó ar an mórmhuir, fógra d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí roimh an trasloingsiú, faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm agus uimhir aitheantais sheachtrach an tsoithigh ghlactha;

(b)

am agus suíomh geografach na hoibríochta trasloingsithe atá beartaithe; agus

(c)

meastachán ar chainníochtaí na speiceas a bheidh le trasloingsiú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le trasloingsiú a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcalafoirt.

CAIBIDIL VII

Breathnóireacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

Airteagal 29

Sonraí cláir bhreathnóirí

I gcás gur faoi chlár breathnóirí a bhailítear sonraí ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, déanfar tuarascálacha gaolmhara a sheoladh, i gcomhréir leis na rialacha tarchuir a shonraítear sa chlár breathnóirí, gan mhoill, chuig údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí.

Airteagal 30

Faisnéis a chur chuig tríú tíortha

1.   Agus oibríochtaí iascaireachta á ndéanamh faoin Teideal seo, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, nó a ionadaí, na dearbhuithe gabhála ábhartha agus na dearbhuithe ábhartha maidir le gabháil a thabhairt i dtír a chur ar fáil don tríú tír, agus ina theannta sin cuirfidh sé cóip leictreonach de na sonraí sin chuig a Bhallstát brataí.

2.   Déanfaidh Ballstát brataí measúnú, trí chros-seiceáil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 109 den Rialachán um Rialú, ar a chomhsheasmhaí atá na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na sonraí a fuair sé i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha an SFPA.

3.   I gcás nár cuireadh chuig an tríú tír na dearbhuithe gabhála nó na dearbhuithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar gur sárú tromchúiseach é freisin, chun críocha Airteagal 90 den Rialachán um Rialú ag brath ar a thromchúisí atá an sárú atá i gceist, rud a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí, agus tabharfaidh sé aird ar chritéir amhail an cineál damáiste, an costas a bhaineann leis an damáiste sin, staid eacnamaíoch an chiontóra agus tromchúis an tsáraithe nó cé chomh minic agus a tharla an sárú sin.

TEIDEAL III

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA TRÍÚ TÍR IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 31

Ceanglais a bhaineann le ballraíocht RFMO

Ní fhéadfaidh soitheach iascaireachta tríú tír oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais ar stoic atá faoi bhainistiú RFMO, ach más páirtí conarthach é an tríú tír in RFMO sin.

Airteagal 32

Prionsabail ghinearálta

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta tríú tír oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an t-údarú sin ach nuair a chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú. Murab ionann agus iad na forálacha a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha iascaigh, sonrófar na forálacha sin go sainráite sa chomhaontú sin, nó trí bhíthin rialacha a comhaontaíodh leis an tríú tír a bhfuil an comhaontú á chur chun feidhme aici.

3.   Má tá soitheach iascaireachta tríú tír ag seoladh trí uiscí an Aontais gan údarú a eisíodh faoin Rialachán seo, beidh trealamh iascaireachta an tsoithigh fáiscthe síos agus stuáilte i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 47 den Rialachán um Rialú le nach éasca é a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta.

Airteagal 33

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta

1.   Ní fhéadfaidh an Coimisiún údarú a eisiúint do shoitheach iascaireachta tríú tír i leith oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais ach más rud é:

(a)

go bhfuil barrachas den ghabháil incheadaithe lena gcumhdófaí na deiseanna iascaireachta atá beartaithe mar a cheanglaítear faoi Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS;

(b)

go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú ábhartha iascaigh á gcomhlíonadh agus go bhfuil an soitheach iascaireachta incháilithe faoin gcomhaontú iascaigh leis an tríú tír lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil sé ar an liosta de na soithí atá faoin gcomhaontú sin;

(c)

gur faisnéis iomlán bheacht í an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin gcomhaontú maidir leis an soitheach iascaireachta agus leis an soitheach tacaíochta gaolmhar nó leis na soithí tacaíochta gaolmhara, agus go bhfuil uimhir IMO ag an soitheach agus ag aon soitheach tacaíochta gaolmhar nó ag aon soithí tacaíochta gaolmhara nuair a cheanglaítear sin a shonrú faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nach bhfuil an tríú tír liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le soithí iascaireachta tríú tír a dhéanann oibríochtaí iascaireachta faoi chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le stoic éisc leasa choitinn a chomhbhainistiú.

Airteagal 34

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Déanfaidh an tríú tír lena mbaineann na hiarratais a bhaineann lena cuid soithí iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún roimh an sprioc-am a shonraítear sa chomhaontú lena mbaineann nó a leagann an Coimisiún síos.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an tríú tír, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 33.

3.   Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 á gcomhlíonadh, eiseoidh an Coimisiún údarú iascaireachta agus cuirfidh sé an tríú tír agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Airteagal 35

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   I gcás nach mbeidh coinníoll atá leagtha amach in Airteagal 33 á chomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear chun an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an tríú tír agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an t-údarú a eisítear do shoitheach iascaireachta an tríú tír a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar má tháinig athrú ó bhonn ar na cúinsí nó má tá bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí, nó i gcás go bhfuil sé bunriachtanach sin a dhéanamh d’fhonn iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh, nó i gcásanna inar chinn an tAontas an caidreamh leis an tríú tír lena mbaineann a fhionraí nó deireadh a chur leis.

Cuirfidh an Coimisiún an tríú tír ar an eolas láithreach i gcás go ndéanann sé údarú a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Airteagal 36

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.   I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh do thríú tír ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don tír sin agus d’údaráis cigireachta inniúla na mBallstát. D’fhonn a áirithiú go leanfar d’oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, cuirfidh an tríú tír bearta teicniúla faoi bhráid an Choimisiúin, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.   Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach an tríú tír sin lena mbaineann, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, maidir leis na hoibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.   Measfar go bhfuil údaruithe iascaireachta tarraingthe siar más rud é, i gcás fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2, go mbaineann an fhionraí sin leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

4.   Áiritheoidh an tríú tír go gcuirfear na soithí iascaireachta lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi chur i bhfeidhm an Airteagail seo agus go gcuirfidh siad deireadh leis na hoibríochtaí iascaireachta uile lena mbaineann. Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill freisin nuair a bheidh deireadh curtha lena gcuid oibríochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta faoi bhratach na tríú tíre sin.

Airteagal 37

Ró-iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

1.   I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh tríú tír na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ar na cuótaí stoic sin nó ar na cuótaí do ghrúpa stoic a leithdháileadh ar an tír sin sna blianta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n-asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i ndálaí comhchosúla.

2.   Mura féidir cuóta stoic nó cuóta de ghrúpa stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air a asbhaint i gcomhréir le mír 1, mar nach bhfuil a dóthain den chuóta stoic sin nó den chuóta den ghrúpa stoc sin ar fáil don tríú tír lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tríú tír lena mbaineann, na cuótaí stoic nó na cuótaí de ghrúpa stoc atá ar fáil don tríú tír sin sa limistéar geografach céanna sna blianta ina dhiaidh sin a asbhaint, nó asbhaint chomhfhreagrach a dhéanamh ar an luach tráchtála.

Airteagal 38

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n-oibríonn sé.

2.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.   Déanfaidh Ballstát cósta na sáruithe uile a rinne soithí iascaireachta tríú tír, lena n-áirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

TEIDEAL IV

SONRAÍ AGUS FAISNÉIS

Airteagal 39

Bunachar sonraí an Aontais d’údaruithe iascaireachta arna n-eisiúint faoin Rialachán seo

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach um údaruithe iascaireachta an Aontais a bhunú agus a chothabháil, ina gcoinneofar na húdaruithe uile a deonaíodh i gcomhréir le Teidil II agus Teideal III, agus beidh cuid phoiblí agus cuid shlán sa bhunachar sonraí sin. Bainfear an úsáid seo a leanas as an mbunachar sonraí sin:

(a)

taifead a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a thíolacfar i gcomhréir leis an Iarscríbhinn agus ar fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn údaruithe iascaireachta a eisiúint faoi Theideal II agus Teideal III, lena n-áirítear ainm, cathair, agus tír chónaithe an úinéara agus na n-úinéirí tairbhiúla a bhféadfaí suas le cúigear acu a bheith ann, agus stádas gach údaraithe a thaispeáint a luaithe is féidir;

(b)

sonraí agus faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus Ballstát; agus

(c)

bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta agus chun críocha an rialaithe chomh maith agus chun na gcríoch sin amháin.

2.   An liosta de na húdaruithe iascaireachta uile a eisítear faoi Theideal II agus Teideal III a bheidh sa bhunachar sonraí, beidh sé ar fáil don phobal agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ar fad ann:

(a)

ainm agus bratach an tsoithigh, agus a uimhir CFR agus a uimhir IMO, nuair a cheanglaítear sin a shonrú faoi dhlí an Aontais;

(b)

an cineál údaraithe, agus na spriocspeicis nó grúpa na speiceas nó grúpaí na speiceas san áireamh; agus

(c)

am údaraithe agus limistéar údaraithe na hoibríochta iascaireachta (dátaí tosaigh agus deiridh; limistéar iascaireachta).

3.   Úsáidfidh Ballstát an bunachar sonraí chun iarratais ar údaruithe iascaireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus chun a chuid sonraí a choimeád cothrom le dáta, mar a cheanglaítear a dhéanamh faoi Airteagail 11, 18, 22 agus 26, agus úsáidfidh tríú tír an bunachar sonraí chun iarratais ar údaruithe iascaireachta a thíolacadh mar a cheanglaítear a dhéanamh faoi Airteagal 34.

Airteagal 40

Ceanglais theicniúla

1.   Is go leictreonach a dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i dTeideal II agus i dTeideal III agus sa Teideal seo a mhalartú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan dochar d’fhorálacha Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), gníomhartha lena mbunófar ceanglais oibríochtúla theicniúla maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeideal II agus i dTeideal III agus sa Teideal seo a thaifeadadh, a fhormáidiú agus a tharchur. Ní thiocfaidh na ceanglais oibríochtúla theicniúla chun bheith infheidhme níos luaithe ná 6 mhí tar éis a nglactha, ná níos déanaí ná 18 mhí tar éis a nglactha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

Airteagal 41

Rochtain ar shonraí

Gan dochar d’Airteagal 110 den Rialachán um Rialú, déanfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún rochtain ar an gcuid shlán de bhunachar sonraí an Aontais d’údaruithe iascaireachta i leith cabhlaigh iascaireachta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo a thabhairt do na seirbhísí riaracháin inniúla ábhartha a bhfuil baint acu le bainistiú na gcabhlach iascaireachta.

Airteagal 42

Bainistiú sonraí, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht

Sonraí a gheofar faoin Rialachán seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 112 agus Airteagal 113 den Rialachán um Rialú, Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Treoir 95/46/CE, agus rialacha náisiúnta cur chun feidhme na Treorach sin.

Airteagal 43

Caidreamh le tríú tíortha agus le RFMOnna

1.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát faisnéis ó thríú tír nó ó RFMO agus go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, do Bhallstáit eile lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil cead aige déanamh amhlaidh faoi chomhaontuithe déthaobhacha leis an tríú tír sin nó faoi rialacha an RFMO lena mbaineann.

2.   Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, faoi chuimsiú na gcomhaontuithe iascaigh a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, faoi choimirce RFMOnna a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu, faisnéis ábhartha maidir le neamh-chomhlíonadh rialacha an Rialacháin seo, nó maidir le sáruithe tromchúiseacha, a thabhairt do pháirtithe eile sna comhaontuithe nó sna heagraíochtaí sin, faoi réir thoiliú an Bhallstáit a thug an fhaisnéis agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

TEIDEAL V

NÓSANNA IMEACHTA, TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 g bliana ón 17 Eanáir 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú, a bunaíodh le hAirteagal 47 den bhun-Rialachán, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 46

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo FAR.

2.   Déanfar tagairtí d’fhorálacha an Rialacháin aisghairte a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 47

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh go sealadach faoi phrótacail atá ann cheana

1.   De mhaolú ar Airteagal 12, maidir leis na prótacail sin a ghabhann le SFPAnna ata i bhfeidhm nó a chuirtear i bhfeidhm go sealadach an 17 Eanáir 2018, úsáidfear an nós imeachta le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh go sealadach a leagtar amach san Airteagal seo go dtí go rachaidh an prótacal i dtrácht in éag.

2.   I gcomhthéacs SFPA más rud é, ar bhonn na n-iarratas ar iarratais a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 11, go ndealraíonn sé nach bhfuil leas iomlán á bhaint as an líon údaruithe iascaireachta nó as an méid deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar an Aontas faoi phrótacal, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas ina leith agus iarrfaidh sé orthu deimhniú nach mbainfidh siad leas as na deiseanna iascaireachta sin. Measfar gur deimhniú nach bhfuil soithigh an Bhallstáit lena mbaineann ag baint leas iomlán as a dheiseanna iascaireachta sa tréimhse áirithe mura bhfaightear freagra laistigh de na sprioc-amanna, a shocróidh an Chomhairle ar an SFPA a chur i gcríoch.

3.   Tar éis don Bhallstát lena mbaineann an deimhniú a thabhairt, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid iomlán deiseanna iascaireachta nár baineadh leas astu agus cuirfidh sé an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

4.   Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta nár baineadh leas astu dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh siad liosta na soitheach go léir a bhfuil sé ar intinn acu údarú iascaireachta a iarraidh ina dtaobh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarratas ar iarratais a tharchur do gach ceann de na soithigh sin, i gcomhréir le hAirteagal 11.

5.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ath-leithdháileadh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit i dtrácht.

Más rud é go ndéanann Ballstát lena mbaineann agóid i gcoinne an ath-leithdháilte sin, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir leis an ath-leithdháileadh agus na critéir a leagtar síos i mír 8 den Airteagal seo á gcur san áireamh, agus tabharfaidh sé fógra ina leith do na Ballstáit lena mbaineann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

6.   Ní dhéanfaidh tarchur na n-iarratas i gcomhréir leis an Airteagal seo difear ar bith do leithdháileadh deiseanna iascaireachta ná dá malartú i measc Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán.

7.   Ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún an sásra dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 a chur i bhfeidhm go dtí go socrófar na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 2.

8.   Maidir le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh faoin Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe,

(a)

dáta gach iarratas arna fháil;

(b)

na deiseanna iascaireachta atá ar fáil le haghaidh ath-leithdháilte;

(c)

líon na n-iarratas arna bhfáil;

(d)

líon na mBallstát iarrthach; agus

(e)

más rud é go bhfuil deiseanna iascaireachta bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar mhéideanna iarrachta iascaireachta nó gabhálacha, an iarracht iascaireachta a bhfuiltear ag súil go mbainfear feidhm aisti nó na gabhálacha a bhfuiltear ag súil go ngabhfaidh gach ceann de na soithigh lena mbaineann iad.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanmah in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 303, 19.8.2016, lch. 116.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2017 agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2017IO C 390, 17.11.2017, Ich. 1. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d’uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 33).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do chur i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do dhaingniú an Chomhaontaithe a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(6)  Cinneadh 96/428/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le glacadh an Chomhphobail leis an gComhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn (IO L 177, 16.7.1996, lch. 24).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lch. 34).

(16)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na sonraí atá le cur ar fáil

I

IARRATASÓIR

1

Ainm an oibreora eacnamaíoch

2

Ríomhphost

3

Seoladh

4

Facs

5

Teileafón

6

Ainm an úinéara

7

Ríomhphost

8

Seoladh

9

Facs

10

Teileafón

11

Ainm an chomhlachais nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar an oibreoir eacnamaíoch

12

Ríomhphost

13

Seoladh

14

Facs

15

Teileafón

16

Ainm (nó ainmneacha) an mháistir (nó na máistrí)

17

Ríomhphost

18

Seoladh

19

Facs

20

Teileafón


II

SOITHEACH IASCAIREACHTA

21

Ainm an tsoithigh

22

Aitheantóir an tsoithigh (uimhir IMO, uimhir CFR, srl.)

23

Modh leasaithe éisc ar bord

24

Cineál an tsoithigh, cód FAO

25

Cineál an trealaimh, cód FAO


III

CATAGÓIR IASCAIREACHTA A bhFUIL ÚDARÚ Á IARRAIDH INA LEITH

26

Cineál an údaraithe (údarú díreach; mórmhuir; tacaíocht)

27

Limistéar iascaigh (Limistéar nó Limistéir, Folimistéar nó Folimistéir, Rannán nó Rannáin, Forannán nó Forannáin FAO de réir mar is iomchuí)

28

Limistéar oibríochta (mórmhuir; an tríú tír — sonraigh)

29

Calafort nó calafoirt tabhartha i dtír

30

Cód nó cóid FAO an spriocspeicis (nó an catagóir iascaireachta SFPA)

31

Tréimhse údaraithe atá á hiarraidh (dátaí tosaigh agus deiridh)

32

Liosta de na soithí tacaíochta (ainm an tsoithigh; uimhir IMO; uimhir CFR)


IV

CAIRTFHOSTÚ

33

Soitheach atá ag oibriú faoi shocrú maidir le cairtfhostú (Is ea/Ní hea)

34

Cineál an tsocraithe maidir le cairtfhostú

35

Tréimhse an chairtfhostaithe (dátaí tosaigh agus deiridh)

36

Deiseanna iascaireachta (mt) arna leithdháileadh ar an soitheach faoi shocrú maidir le cairtfhostú

37

An tríú tír a bhfuil deiseanna iascaireachta á leithdháileadh ar an soitheach aici faoi shocrú maidir le cairtfhostú


Top