Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2305

    Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

    IO L 335, 15.12.2017, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2305/oj

    15.12.2017   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2017/2305 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 12 Nollaig 2017

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Is é a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3) agus le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, rinne an Coimisiún athbhreithniú in 2016 ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post do na blianta 2017 go 2020.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 agus le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, thíolaic an Coimisiún torthaí an athbhreithnithe sin i dteachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 30 Meitheamh 2016 maidir leis an gcoigeartú teicniúil ar an gcreat airgeadais do 2017 i gcomhréir le gluaiseachtaí in ollioncam náisiúnta (OIN) agus le coigeartú ar imchlúdaigh beartais chomhtháthaithe. Dúirt an Coimisiún sa teachtaireacht sin go bhfuil éagsúlacht charnach de níos mó ná +/- 5 % ann idir na leithdháiltí iomlána agus na leithdháiltí athbhreithnithe sa Bheilg, i bPoblacht na Seice, sa Danmhairg, san Eastóin, in Éirinn, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, san Ísiltír, sa tSlóivéin, sa tSlóvaic, san Fhionlainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe. Lena chois sin, dúirt an Coimisiún go mbeadh an Chipir, i bhfianaise fhigiúirí OIN per capita na tíre sin don tréimhse 2012-2014, lán-incháilithe do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ón 1 Eanáir 2017 amach.

    (4)

    De réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 agus le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tá leithdháiltí na mBallstát sin le coigeartú dá réir sin, ar choinníoll nach mó ná EUR 4 billiún glanéifeacht iomlán na gcoigeartuithe sin.

    (5)

    Sa mhéid gur imir an t-athbhreithniú tionchar ar mhiondealú bliantúil leithdháiltí na n-acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus gur imir sé tionchar ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (“TFAO”) chomh maith, cuireadh an t-athbhreithniú sin chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1941 ón gCoimisiún (4).

    (6)

    Is é glanéifeacht iomlán na gcoigeartuithe sin EUR 4 billiún a chur leis na hacmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Ba cheart an méadú sin a léiriú in Airteagal 91(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus ba cheart an tAirteagal sin a choigeartú dá réir sin.

    (7)

    Ba cheart na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus leithdháileadh na n-acmhainní sin ar réigiúin bheagfhorbartha, ar réigiúin trasdula, ar réigiúin níos forbartha, ar Bhallstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe, agus ar na réigiúin is forimeallaí, faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a choigeartú dá réir sin.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, tá na corrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi na huasteorainneacha do leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí sa chreat airgeadais ilbhliantúil (“CAI”) le bheith ina gCorrlach Foriomlán CAI le haghaidh oibleagáidí, a bheidh le cur ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha a bhunaítear in CAI do na blianta 2016 go 2020 le haghaidh cuspóirí beartais a bhaineann leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht, go háirithe an fhostaíocht don aos óg. Baineadh teorannú na gcorrlach a bhí fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí do na blianta 2014 go 2017 le Rialachán (AE, Euratom) 2017/1123 ón gComhairle (5), rud a fhágann go bhféadfar TFAO a shíneadh leis sin go dtí 2020 agus go bhféadfar EUR 1,2 billiún i bpraghsanna reatha a chur leis an leithdháileadh sonrach do TFAO don tréimhse 2017-2020. Ba cheart, dá bhrí sin, an leithdháileadh sonrach do TFAO arna leagan amach in Airteagal 91(1) agus in Airteagal 92(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a choigeartú dá réir sin.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagal 94(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ghlac an Coimisiún togra a thíolaic an Danmhairg maidir le cuid dá leithreasuithe le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a aistriú chuig sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. Ba cheart an t-aistriú sin a léiriú i gcoigeartú ar na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh faoi Airteagal 92(9) den Rialachán sin.

    (10)

    I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, rinneadh EUR 11 216 187 326 i bpraghsanna reatha den leithdháileadh a cuireadh ar fáil do na Cistí Struchtúracha agus don Chiste Comhtháthaithe a aistriú, le Rialachán (AE, Euratom) 2015/623 ón gComhairle (6), chuig blianta ina dhiaidh sin. Ba cheart an t-aistriú sin a léiriú in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ina leagtar amach an miondealú bliantúil foriomlán ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí do na blianta 2014 go 2020. Ina theannta sin, rinneadh EUR 9 446 050 652 i bpraghsanna reatha den leithdháileadh a cuireadh ar fáil don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, ar suim í nach bhféadfaí a ghealladh in 2014 ná a thabhairt anonn chuig 2015, a aistriú chuig blianta ina dhiaidh sin.

    (11)

    I bhfianaise an ghá atá lena áirithiú go ndéanfar na leithdháiltí breise a cuireadh ar fáil do bhliain buiséid 2017 a ghealladh ó thaobh an airgeadais de, lena n-áirítear trí leasuithe a dhéanamh ar chláir a bhfuil difear á dhéanamh dóibh, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

    (12)

    I bhfianaise na práinne a bhaineann le síneadh na gclár a thacaíonn le TFAO, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (13)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is EUR 329 978 401 458, i bpraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2014-2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 325 938 694 233 de agus na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe, agus arb ionann EUR 4 039 707 225 de agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Ar mhaithe lena gcláreagrú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is é a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,09 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., EUR 317 103 114 309 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:

    (a)

    48,64 % (i.e., EUR 160 498 028 177 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;

    (b)

    10,19 % (i.e., EUR 33 621 675 154 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;

    (c)

    15,43 % (i.e., EUR 50 914 723 304 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;

    (d)

    20,01 % (i.e., EUR 66 029 882 135 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

    (e)

    0,42 % (i.e., EUR 1 378 882 914 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Is é EUR 4 039 707 225 a bheidh sna hacmhainní do TFAO ón leithdháileadh sonrach i leith TFAO agus EUR 4 039 707 225 ar a laghad ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    “9.   Is 2,69 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2014-2020 (i.e., EUR 8 865 148 841 ar an iomlán) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.”;

    (3)

    cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 12 Nollaig 2017.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MAASIKAS


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1941 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/190/AE lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus miondealú bliantúil na n-acmhainní ón leithdháileadh sonrach don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg de réir an Bhallstáit, mar aon le liosta na réigiún atá incháilithe, agus na méideanna atá le haistriú as leithdháiltí gach Ballstáit ón gCiste Comhtháthaithe agus ó na Cistí Struchtúracha chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus chuig cabhair do na daoine is díothaí don tréimhse 2014 -2020 (IO L 299, 5.11.2016, lch. 61).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) 2017/1123 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 163, 24.6.2017, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/623 ón gComhairle an 21 Aibreán 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 103, 22.4.2015, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    IARSCRÍBHINN VI

    MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ DO NA BLIANTA 2014 GO 2020

    Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear breisiú TFAO)

     

    2014

    2015

    2016

    2017

    2018

    2019

    2020

    Total

    EUR, praghasanna 2011

    34 108 069 924

    55 725 174 682

    46 044 910 736

    48 027 317 164

    48 240 419 297

    48 712 359 314

    49 120 150 341

    329 978 401 458


    Top