Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R1128

    Rialachán (AE) 2017/1128 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    IO L 168, 30.6.2017, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/06/2017

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1128/oj

    30.6.2017   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2017/1128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Meitheamh 2017

    maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain leanúnach ar sheirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil go dleathach do thomhaltóirí ina mBallstát cónaithe chun go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach ar bhealach rianúil agus chun prionsabail na saorghluaiseachta daoine agus seirbhísí a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ós rud é gur limistéar gan teorainneacha inmheánacha atá sa mhargadh inmheánach agus go bhfuil sé ag brath, inter alia, ar shaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí, tá sé riachtanach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí seirbhísí inaistrithe ábhair ar líne a úsáid a thugann rochtain ar ábhar amhail ceol, cluichí, scannáin, cláir shiamsaíochta nó imeachtaí spóirt, ní hamháin ina mBallstát cónaithe ach, chomh maith leis sin, nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstáit eile chun críoch amhail fóillíocht, taisteal, turais ghnó nó soghluaisteacht foghlama. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar sheirbhísí ábhair ar líne den sórt sin agus ar úsáid na seirbhísí sin, i gcásanna den sórt sin.

    (2)

    Na forbairtí teicneolaíocha as a dtagann iomadú gléasanna iniompartha amhail ríomhairí glúine, táibléid agus fóin chliste, tá méadú ag teacht ar an méid a éascaíonn siad úsáid seirbhísí ábhair ar líne trí rochtain a thabhairt orthu cibé áit ina bhfuil an tomhaltóir. Tá méadú mear ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar rochtain ar sheirbhísí ábhair ar líne agus ar sheirbhísí nuálaíocha ar líne, ní hamháin ina mBallstát cónaithe ach, chomh maith leis sin, nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstát eile.

    (3)

    Tá méadú ag teacht ar an méid a dhéanann tomhaltóirí socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse chun seirbhísí ábhair ar líne a fháil. Mar sin féin, is minic nach féidir le tomhaltóirí atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe leanúint de rochtain a fháil ar na seirbhísí ábhair ar líne agus d’úsáid a bhaint astu, ar seirbhísí iad a bhfuil an ceart faighte acu go dleathach rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid ina mBallstát cónaithe.

    (4)

    Tá roinnt bacainní ann a chuireann bac ar sholáthar na seirbhísí ábhair ar líne do thomhaltóirí atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Áirítear ar sheirbhísí áirithe ar líne ábhar amhail ceol, cluichí, scannáin nó cláir shiamsaíochta atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoi dhlí an Aontais. Faoi láthair, tá na bacainní ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne éagsúil ó earnáil amháin go hearnáil eile. Is ann do na bacainní sin mar gheall ar na cearta maidir le tarchur ábhair atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara, amhail saothair chlosamhairc, a bheith á gceadúnú go minic ar bhonn críochach, agus mar go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a roghnú freastal ar mhargaí ar leith amháin.

    (5)

    Is amhlaidh atá i gcás ábhar, amhail imeachtaí spóirt, nach bhfuil cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoi dhlí an Aontais ach a d’fhéadfadh a bheith cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoin dlí náisiúnta nó de bhun reachtaíocht shonrach náisiúnta eile agus ar minic freisin a cheadúnaíonn lucht eagraithe imeachtaí den sórt sin nó a thairgeann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne ar bhonn críochach. Tá tarchur ábhair den sórt sin a dhéanann eagraíochtaí craolacháin cosanta ag cearta gaolmhara atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, áirítear go minic ar tharchur ábhair den sórt sin eilimintí atá cosanta ag cóipcheart amhail ceol, fís-seichimh thosaigh nó dheiridh nó grafaic. Chomh maith leis sin, gnéithe áirithe de tharchur ábhair den sórt sin, go háirithe na cinn sin a bhaineann le himeachtaí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí a chraoladh chomh maith le tuairiscí gearra nuachta maidir le himeachtaí a bhfuil an-suim ag an bpobal iontu, rinneadh iad a chomhchuibhiú le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ar deireadh, áirítear ar sheirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Threoir 2010/13/AE seirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar ábhar amhail imeachtaí spóirt, nuacht nó cúrsaí reatha.

    (6)

    Tá méadú ag teacht ar an méid a mhargaítear seirbhísí ábhair ar líne i bpacáiste nach féidir an t-ábhar atá ann nach bhfuil cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a scaradh ón ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara gan luach na seirbhíse a sholáthraítear do thomhaltóirí a laghdú go suntasach. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás ábhar a bhfuil costas breise leis amhail imeachtaí spóirt nó imeachtaí eile a bhfuil an-suim ag tomhaltóirí iontu. Chun gur féidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne rochtain iomlán ar a seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar do thomhaltóirí nuair a bhíonn tomhaltóirí go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, tá sé fíor-riachtanach go gcumhdaítear leis an Rialachán seo freisin ábhar den sórt sin a úsáideann seirbhísí ábhair ar líne agus, dá bhrí sin, go bhfuil feidhm aige maidir le seirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Threoir 2010/13/AE chomh maith le tarchur na n-eagraíochtaí craolacháin ina n-iomláine.

    (7)

    Tá na cearta a bhaineann le saothair atá cosanta ag cóipcheart agus le hábhar atá cosanta ag cearta gaolmhara (“saothair agus ábhar cosanta eile”) comhchuibhithe, inter alia, i dTreoracha 96/9/CE (5), 2001/29/CE (6), 2006/115/CE (7) agus 2009/24/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is cuid dhílis de dhlíchóras an Aontais iad forálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, ar comhaontuithe iad arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, go háirithe an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú an 15 Aibreán 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Conradh WIPO um Chóipcheart an 20 Nollaig 1996, agus Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim an 20 Nollaig 1996, arna leasú. Ba cheart dlí an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta.

    (8)

    Maidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a bhaineann úsáid as saothair nó ábhar cosanta eile, amhail leabhair, saothair chlosamhairc, ceol ar taifead nó craoltaí, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an ceart acu ábhar den sórt sin a úsáid i gcás na gcríoch ábhartha.

    (9)

    I gcás ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a tharchuireann soláthraithe seirbhíse ábhair ar líne, is gá údarú a fháil ó na sealbhóirí ábhartha cirt, amhail údair, taibheoirí, léiritheoirí nó eagraíochtaí craolacháin, maidir leis an ábhar a áirítear sa tarchur. Tá sin fíor chomh maith céanna nuair a dhéantar tarchur den sórt sin chun lamháil do thomhaltóir íoslódáil a dhéanamh d’fhonn seirbhís ábhair ar líne a úsáid.

    (10)

    Ní féidir ceadúnas a fháil i leith na gceart ábhartha i gcónaí, go háirithe nuair a dhéantar cearta ó thaobh ábhair a cheadúnú ar bhonn eisiach. D’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar go héifeachtach eisiachas críochach, is minic a ghabhann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne de láimh, ina gconarthaí ceadúnais le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear eagraíochtaí craolacháin nó eagraithe imeachtaí, a gcuid rannpháirtithe a chosc ar rochtain a fháil ar a seirbhísí agus úsáid a bhaint astu lasmuigh den chríoch arb ina leith a shealbhaíonn na soláthraithe an ceadúnas. Le srianta conarthacha den sórt sin a fhorchuirtear ar sholáthraithe, ceanglaítear orthu bearta a dhéanamh amhail toirmeasc a chur ar rochtain ar a seirbhísí ó sheoltaí prótacal idirlín (IP) atá lonnaithe lasmuigh den chríoch lena mbaineann. Dá bhrí sin, is sna conarthaí a tugadh i gcrích idir na soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus a gcuid rannpháirtithe atá ceann de na constaicí ar inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne, rud a léiríonn na clásail maidir le srian críochach atá sna conarthaí a tugadh i gcrích idir na soláthraithe sin agus na sealbhóirí cirt.

    (11)

    Ba cheart cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh agus meá á dhéanamh idir an cuspóir cearta maoine intleachtúla a chosaint agus na saoirsí bunúsacha arna ráthú ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (12)

    Dá bhrí sin, is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil comhchuibhithe maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a oiriúnú agus cur chuige coiteann a chur ar fáil maidir le soláthar seirbhísí ábhair ar líne do rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe trí bhacainní ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil go dleathach a bhaint. Ba cheart inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú leis an Rialachán seo sna hearnálacha go léir lena mbaineann agus ar an tslí sin modhanna breise a sholáthar do thomhaltóirí rochtain dhleathach a bheith acu ar ábhar ar líne, gan difear a dhéanamh don ardleibhéal cosanta arna ráthú ag cóipcheart agus ag cearta gaolmhara san Aontas, gan na múnlaí ceadúnaithe atá ann cheana féin, amhail ceadúnú críochach, a athrú, agus gan difear a dhéanamh do na sásraí airgeadais atá ann cheana. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir coincheap inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne ó choincheap na rochtaine trasteorann a bheith ag tomhaltóirí ar sheirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, rud nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (13)

    I bhfianaise ionstraimí an Aontais atá ann i réimse an chánachais, tá sé riachtanach réimse an chánachais a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm aon fhorála a bhaineann le cánachas.

    (14)

    Sainmhínítear sa Rialachán seo roinnt coincheapa atá riachtanach lena chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an Ballstát cónaithe. Ba cheart an Ballstát cónaithe a chinneadh agus cuspóirí an Rialacháin seo agus an gá lena chur i bhfeidhm aonfhoirmeach san Aontas a áirithiú á gcur san áireamh. Tugtar le tuiscint sa sainmhíniú ar an mBallstát cónaithe go bhfuil cónaí iarbhír agus seasmhach sa Bhallstát sin ag an rannpháirtí. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí ábhair ar líne a d’fhíoraigh an Ballstát cónaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith in ann glacadh leis, chun críocha an Rialacháin seo, gurbh é an t-aon Bhallstát cónaithe atá ag an rannpháirtí an Ballstát cónaithe mar atá fíoraithe. Níor cheart a chur d’oibleagáid ar sholáthraithe a fhíorú an bhfuil a gcuid rannpháirtithe ina rannpháirtithe freisin ar sheirbhís ábhair ar líne i mBallstát eile.

    (15)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraíonn soláthraithe, tar éis dóibh na cearta ábhartha a fháil ó shealbhóirí cirt i gcríoch ar leith, dá rannpháirtithe ar bhonn conartha, ar aon mhodh lena n-áirítear sruthú, íoslódáil, trí fheidhmchláir nó trí aon teicníc eile lenar féidir an t-ábhar sin a úsáid. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcumhdaítear leis an téarma “conradh” aon chomhaontú idir soláthróir agus rannpháirtí, lena n-áirítear aon socrú arb ina leith a ghlacann an rannpháirtí le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí chun seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar, cibé acu ar íocaíocht airgid nó gan íocaíocht den sórt sin. Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart a mheas go bhfuil conradh chun seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar i gceist nuair a chláraítear chun foláirimh ábhair a fháil nó nach ndéantar ach glacadh le fianáin HTML.

    (16)

    Seirbhís ar líne nach seirbhís meán closamhairc í de réir bhrí Threoir 2010/13/AE agus a úsáideann saothair, ábhar cosanta eile nó tarchur na n-eagraíochtaí craolacháin ar bhealach coimhdeachta amháin, níor cheart í a chumhdach faoin Rialachán seo. Áirítear ar sheirbhísí den sórt sin suíomhanna gréasáin a úsáideann saothair nó ábhar cosanta eile ar bhealach coimhdeachta amháin amhail mar eilimintí grafacha nó mar cheol a úsáidtear mar chúlra, más é príomhchuspóir an tsuímh gréasáin sin earraí a dhíol, mar shampla.

    (17)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach maidir le seirbhísí ábhair ar líne ar féidir le rannpháirtithe rochtain a fháil orthu go héifeachtach agus iad a úsáid ina mBallstát cónaithe gan a bheith teoranta do shuíomh ar leith, ós rud é nach iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne nach dtairgeann seirbhísí inaistrithe ábhair ar líne i mBallstát cónaithe rannpháirtí na seirbhísí sin a thairiscint thar theorainneacha.

    (18)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid. Tá soláthraithe seirbhísí den sórt sin in ann a fhíorú cén Ballstát cónaithe atá ag a gcuid rannpháirtithe. Ba cheart a mheas go bhfuil an ceart seirbhís ábhair ar líne a úsáid faighte ar íocaíocht airgid má tugadh íocaíocht den sórt sin go díreach do sholáthraí na seirbhíse ábhair ar líne, nó do pháirtí eile amhail soláthraí a thairgeann pacáiste ina bhfuil seirbhís cumarsáide leictreonaí maille le seirbhís ábhair ar líne a oibríonn soláthraí eile. Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart íocaíocht táille éigeantaigh le haghaidh seirbhísí craolacháin phoiblí a mheas mar íocaíocht airgid le haghaidh seirbhís ábhair ar líne.

    (19)

    Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a rannpháirtithe a chur faoi réir aon mhuirir bhreise ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne agus iad a úsáid i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe, d’fhéadfadh sé, áfach, go bhféadfadh rannpháirtithe a bheith faoi réir táillí is iníoctha le hoibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí den sórt sin.

    (20)

    Go ginearálta, ní dhéanann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc Ballstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe a fhíorú. Dá gcuirfí seirbhísí ábhair ar líne den sórt sin san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, bheadh athrú mór ar an gcaoi a seachadtar na seirbhísí sin agus bheadh costais dhíréireacha i gceist. Mar sin féin, mar gheall ar eisiamh na seirbhísí sin ó raon feidhme an Rialacháin seo, ní bheadh soláthraithe na seirbhísí sin in ann leas a bhaint as an sásra dlíthiúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus a chumasaíonn do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne inaistritheacht trasteorann seirbhísí den sórt sin a thairiscint, fiú nuair a chinneann siad infheistíocht a dhéanamh i modhanna lena ligtear dóibh Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. Dá réir sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc a bheith in ann roghnú a bheith san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le Ballstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe a fhíorú. Má fheidhmíonn soláthraithe den sórt sin an rogha sin, ba cheart dóibh na hoibleagáidí céanna a fhorchuirtear faoin Rialachán seo ar na soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil ar íocaíocht airgid a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a gcinneadh maidir leis an rogha sin a fheidhmiú a chur in iúl ar bhealach tráthúil do na rannpháirtithe, do shealbhóirí ábhartha cóipchirt agus ceart gaolmhar agus do shealbhóirí ábhartha aon cheart eile in ábhar na seirbhíse ábhair ar líne. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a sholáthar ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí.

    (21)

    Chun inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú, is gá a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar chumas a gcuid rannpháirtithe seirbhísí den sórt sin a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil siad go sealadach ar an gcaoi chéanna a n-úsáidtear iad ina mBallstát cónaithe. Ba cheart rochtain a bheith ag rannpháirtithe ar sheirbhísí ábhair ar líne a thairgeann an t-ábhar céanna ar an raon céanna agus ar an líon céanna gléasanna, don mhéid céanna úsáideoirí agus leis an raon céanna feidhmiúlachtaí a thairgtear ina mBallstát cónaithe. Tá sé riachtanach go mbeadh an oibleagáid inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar éigeantach agus níor cheart do na páirtithe bheith in ann, dá bhrí sin, an oibleagáid sin a eisiamh, maolú uirthi nó a héifeacht a athrú. Aon ghníomhaíocht a dhéanann soláthraí a choiscfeadh rannpháirtithe ar rochtain ar an tseirbhís nó úsáid a bhaint aisti le linn dó nó di a bheith go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, mar shampla srianta ar fheidhmiúlachtaí na seirbhíse nó ar cháilíocht a seachadta, ba cheart sin a mheas mar theacht timpeall ar an oibleagáid inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar agus dá bhrí sin ba cheart a mheas go bhfuil an ghníomhaíocht sin contrártha don Rialachán seo.

    (22)

    Le ceanglas a bheith ann go mbeadh seachadadh seirbhísí ábhair ar líne do rannpháirtithe a bheadh go sealadach i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe ar aon chaighdeán leis an tseirbhís sa Bhallstát cónaithe, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sin costais mhóra ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus dá bhrí sin ar deireadh thiar ar rannpháirtithe. Dá bhrí sin, ní hiomchuí i gcás an Rialacháin seo ceanglas a chur ar sholáthraithe cáilíocht seachadta seirbhísí den sórt sin a áirithiú a bheadh thar an gcaighdeán atá le fáil tríd an rochtain ar líne áitiúil a roghnaíonn rannpháirtí le linn dó nó di bheith go sealadach i mBallstát eile. I gcásanna den sórt sin, níor cheart don soláthraí a bheith faoi dhliteanas más rud é go bhfuil cáilíocht seachadta na seirbhíse níos ísle. Mar sin féin, má ráthaíonn an soláthraí go sainráite cáilíocht áirithe seachadta do rannpháirtithe le linn dóibh bheith go sealadach i mBallstáit eile, ba cheart dó bheith faoi cheangal ag an ráthaíocht sin. Ba cheart don soláthraí, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, faisnéis a thabhairt dá rannpháirtithe roimh ré maidir le cáilíocht seachadta seirbhíse ábhair ar líne a chuirtear ar fáil i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, go háirithe faisnéis go bhféadfadh an cháilíocht seachadta a bheith éagsúil leis an gcáilíocht is infheidhme ina mBallstát cónaithe. Níor cheart don soláthraí a bheith faoi oibleagáid faisnéis a lorg go gníomhach maidir le cáilíocht seachadta seirbhíse i mBallstáit seachas Ballstát cónaithe an rannpháirtí. D’fhéadfaí an fhaisnéis ábhartha a sholáthar ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí.

    (23)

    Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo, an oibleagáid inaistritheacht trasteorann a gcuid seirbhísí a sholáthar gan na cearta ábhartha i mBallstát eile a fháil, tá sé riachtanach a leagan síos gur cheart na soláthraithe seirbhíse sin a bheith i gcónaí i dteideal na seirbhísí a sholáthar do rannpháirtithe nuair a bheidh siad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Ba cheart é sin a bhaint amach trína leagan síos gur cheart a mheas gur i mBallstát cónaithe an rannpháirtí a tharlaíonn soláthar seirbhísí ábhair ar líne den sórt sin, rochtain orthu agus an úsáid a bhaintear astu. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra dlíthiúil sin chun críche inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart a mheas go gcuirtear seirbhís ábhair ar líne ar fáil go dleathach má chuirtear an tseirbhís agus an t-ábhar araon ar fáil ar bhealach dleathach sa Bhallstát cónaithe. Leis an Rialachán seo, agus go háirithe leis an sásra dlíthiúil lena meastar go dtarlaíonn soláthar na seirbhíse ábhair ar líne, rochtain uirthi agus úsáid a bhaintear aisti i mBallstát cónaithe an rannpháirtí, ní chuirtear bac ar sholáthraí a chumasú don rannpháirtí rochtain bhreise agus úsáid bhreise a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne a thairgeann an soláthraí go dleathach sa Bhallstát ina bhfuil an rannpháirtí go sealadach.

    (24)

    I gcás ceadúnú cóipchirt nó ceart gaolmhar, ciallaíonn an sásra dlíthiúil a leagtar síos sa Rialachán seo gur cheart a mheas gur i mBallstát cónaithe an rannpháirtí a dhéantar gníomhartha ábhartha atáirgthe, cumarsáide leis an bpobal agus chur ar fáil saothar agus ábhair chosanta eile, chomh maith leis na gníomhartha asbhainte nó ath-úsáide i ndáil le bunachair sonraí atá cosanta ag cearta sui generis, gníomhaíochtaí a tharlaíonn i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil do rannpháirtithe nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go ndéanann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo gníomhartha den sórt sin ar bhonn na n-údaruithe faoi seach a fuair siad ó na sealbhóirí cirt lena mbaineann le haghaidh Bhallstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe. Aon uair a bhíonn an ceart ag soláthraithe gníomhartha cur in iúl don phobal nó gníomhartha atáirgthe a dhéanamh i mBallstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe ar bhonn údarú ó na sealbhóirí cirt lena mbaineann, ba cheart é a bheith ar chumas rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe an tseirbhís a rochtain agus úsáid a bhaint aisti agus nuair is gá aon ghníomhartha ábhartha atáirgthe, amhail íoslódáil a dhéanamh, a bheidís i dteideal a dhéanamh ina mBallstáit cónaithe. Má sholáthraíonn soláthraithe seirbhís ábhair ar líne do rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBhallstáit cónaithe agus má bhaineann na rannpháirtithe sin úsáid as an tseirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart an soláthar sin agus an úsáid sin a bheith ina sárú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara ná ar aon chearta eile atá ábhartha maidir leis an tseirbhís ábhair ar líne a sholáthar, a rochtain agus a úsáid.

    (25)

    Níor cheart soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheith faoi dhliteanas i leith an tsáraithe ar aon fhorálacha conarthacha nach bhfuil i gcomhréir leis an oibleagáid é a chur ar chumas a gcuid rannpháirtithe seirbhísí den sórt sin a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil siad go sealadach. Dá bhrí sin, ba cheart aon chlásail i gconarthaí atá ceaptha inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a thoirmeasc nó a theorannú a bheith neamh-infheidhmithe. Níor cheart ligean do sholáthraithe ná do shealbhóirí ceart atá ábhartha i ndáil le soláthar seirbhísí ábhair ar líne teacht timpeall ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí dhlí tríú tíre a roghnú mar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí eatarthu. Ba cheart feidhm a bheith ag an rud céanna maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir soláthraithe agus rannpháirtithe.

    (26)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart a chur ar chumas rannpháirtithe seirbhísí ábhair ar líne, lenar shuibscríobh siad ina mBallstát cónaithe a theachtadh agus iad go sealadach i mBallstát eile. Níor cheart rannpháirtithe a bheith incháilithe d’inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne ach amháin má tá cónaí orthu i mBallstát de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne leis an Rialachán seo úsáid a bhaint as modhanna réasúnacha, comhréireacha agus éifeachtacha chun Ballstát cónaithe a rannpháirtithe a fhíorú. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe úsáid a bhaint as na modhanna fíoraithe a liostaítear sa Rialachán seo. Ní choisceann sé seo comhaontú idir soláthraithe agus sealbhóirí cirt maidir leis na modhanna fíoraithe sin laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo. Is é cuspóir an liosta deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na modhanna fíoraithe a bheidh le húsáid ag soláthraithe chomh maith le cur isteach ar phríobháideacht rannpháirtithe a theorannú. I ngach cás, ba cheart éifeachtacht agus comhréireacht modha fíoraithe áirithe i mBallstát ar leith agus maidir leis an tseirbhís ábhair ar líne ar leith a chur san áireamh. Mura bhféadfar Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú le leibhéal leordhóthanach cinnteachta ar bhonn modh aonair fíoraithe, ba cheart do sholáthraithe brath ar dhá mhodh fíoraithe. I gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le Ballstát cónaithe an rannpháirtí, ba cheart don soláthraí bheith in ann fíorú Bhallstát cónaithe an rannpháirtí a dhéanamh arís. Ba cheart don soláthraí na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme, ar bearta iad a éilítear faoi rialacha cosanta sonraí is infheidhme chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta arna mbailiú chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú faoin Rialachán seo. Ar na samplaí de na bearta sin, áirítear faisnéis thrédhearcach a sholáthar do na daoine aonair faoi na modhanna a úsáidtear le haghaidh an fhíoraithe, agus chun críche an fhíoraithe, agus bearta slándála iomchuí.

    (27)

    Chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, ba cheart do sholáthraí seirbhíse ábhair ar líne brath, más féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí, amhail faisnéis bhilleála. Maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus i ndáil leis an bhfíorú arna dhéanamh ar athnuachan conartha, níor cheart cead a bheith ag an soláthraí iarraidh ar an rannpháirtí an fhaisnéis ba ghá a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú ach amháin nuair nach féidir é sin a chinneadh ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an tsoláthraí cheana féin.

    (28)

    Ba cheart seiceálacha sheoltaí IP arna bhfeidhmiú faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ina theannta sin, chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, an rud is tábhachtaí ná an Ballstát ina bhfuil rochtain á fáil ag an rannpháirtí ar an tseirbhís seachas suíomh beacht an rannpháirtí. Dá réir sin, níor cheart sonraí maidir le suíomh beacht an rannpháirtí ná aon sonraí pearsanta eile a bhailiú ná a phróiseáil chun na críche sin. I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an soláthraí maidir le Ballstát cónaithe an rannpháirtí agus go ndéanann sé seiceáil sheoladh IP chun an Ballstát cónaithe a fhíorú, le seiceálacha den sórt sin, ba cheart a shuíomh an bhfuil rochtain á fáil ag an rannpháirtí ar an tseirbhís ábhair ar líne nó an bhfuil sí á húsáid laistigh nó lasmuigh den Bhallstát cónaithe, agus é sin amháin. Dá bhrí sin, níor cheart na sonraí a thiocfaidh as seiceáil sheoltaí IP a bhailiú ach amháin i bhformáid dhénártha agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Níor cheart don soláthraí dul thar an leibhéal mionsonraí sin.

    (29)

    Ba cheart do shealbhóir cóipchirt, cearta gaolmhara, nó aon cheart eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne a bheith in ann i gcónaí saoirse chonarthach a fheidhmiú chun údarú a thabhairt ábhar den sórt sin a sholáthar, a rochtain agus a úsáid faoin Rialachán seo gan an Ballstát cónaithe a fhíorú. Is féidir leis an méid sin a bheith ábhartha go háirithe in earnálacha amhail ceol agus ríomhleabhair go háirithe. Ba cheart do gach sealbhóir cirt bheith in ann cinntí den sórt sin a dhéanamh go héasca agus iad ag dul i mbun conarthaí le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne. Le conarthaí idir soláthraithe agus sealbhóirí cirt, níor cheart srian a chur ar an deis atá ag sealbhóirí cirt an t-údarú sin a tharraingt siar faoi réir fógra réasúnach a thabhairt don soláthraí. Mar sin, ní scaoileann an t-údarú a thugann sealbhóir aonair cirt an soláthraí ón oibleagáid chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. Is i gcásanna ina gcinnfidh na sealbhóirí uile cóipchirt, ceart gaolmhar nó aon cheart eile san ábhar a úsáideann an soláthraí údarú a thabhairt a n-ábhar a sholáthar, a rochtain agus a úsáid gan Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, agus sna cásanna sin amháin, nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun fíorú a dhéanamh, agus ba cheart úsáid a bhaint as an gconradh idir an soláthraí agus an rannpháirtí chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gach gné eile den Rialachán seo leanúint de bheith infheidhme.

    (30)

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saoirse nochtaithe tuairimí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil. Le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, ba cheart na cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, agus tá sé riachtanach go mbeidh próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú go mbeidh aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo riachtanach, réasúnach agus comhréireach d’fhonn an cuspóir ábhartha a bhaint amach. I gcás inar leor rannpháirtí a fhíordheimhniú chun an tseirbhís a sholáthar, níor cheart é a bheith ina cheanglas an rannpháirtí a shainaithint. Maidir leis na sonraí arna mbailiú de bhun an Rialacháin seo chun an Ballstát cónaithe a fhíorú, níor cheart don soláthraí iad a stóráil níos faide ná mar is gá chun fíorú den sórt sin a chur i gcrích. Ba cheart sonraí den sórt sin a scriosadh láithreach agus ar bhealach do-athraithe tar éis an fíorú a chur i gcrích. Ní dochar é sin, áfach, do stóráil sonraí a bailíodh le haghaidh críoch dhlisteanach eile, faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, lena n-áirítear na rialacha maidir le stóráil na sonraí sin.

    (31)

    Maireann conarthaí faoina gceadúnaítear ábhar ar feadh tréimhse sách fada, de ghnáth. Dá bhrí sin, agus d’fhonn a áirithiú gur féidir le gach tomhaltóir atá ina chónaí san Aontas úsáid a bhaint as inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne ar bhonn cothrom ó thaobh ama de agus gan aon mhoill mhíchuí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích agus cearta a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm má tá na conarthaí sin agus na cearta sin ábhartha d’inaistritheacht trasteorann seirbhíse ábhair ar líne a cuireadh ar fáil tar éis an dáta sin. Tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo riachtanach freisin chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach, go háirithe do FBManna, trína chumasú do sholáthraithe a thug i gcrích conarthaí le sealbhóirí cirt a bhí le maireachtáil ar feadh tréimhse fhada chun inaistritheacht trasteorann a thairiscint dá gcuid rannpháirtithe, is cuma cén deis a bheidh ag soláthraí conarthaí den sórt sin a athchaibidliú. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás ina ndéanann soláthraithe na socruithe is gá chun inaistritheacht trasteorann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil, go mbeidh siad in ann an inaistritheacht sin a thairiscint i dtaca lena n-ábhar iomlán ar líne. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a thairgeann pacáistí lena nasctar seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí ábhair ar líne. Ar deireadh, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart a lamháil do shealbhóirí cirt gan é a bheith d’iallach orthu na conarthaí ceadúnaithe atá acu faoi láthair a athrú trí idirbheartaíocht chun a chumasú do sholáthraithe inaistritheacht trasteorann a seirbhísí a thairiscint.

    (32)

    Dá réir sin, ós rud é go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le roinnt conarthaí a tugadh i gcrích agus ceart a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus dáta a chur i bhfeidhm, le gur féidir le sealbhóirí cirt agus le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo na socruithe is gá a dhéanamh chun cúrsaí a chur in oiriúint don staid nua, agus le gur féidir le soláthraithe seirbhíse téarmaí úsáide a gcuid seirbhísí a leasú. Maidir le hathruithe ar théarmaí úsáide seirbhísí ábhair ar líne a thairgtear i bpacáistí ina gcuirtear le chéile seirbhís cumarsáide leictreonaí agus seirbhís ábhair ar líne, arb athruithe iad a dhéantar d’aontoisc d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go spreagfaidís aon cheart do rannpháirtithe faoi dhlíthe náisiúnta lena dtrasuítear an creat rialúcháin le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí conarthaí maidir le soláthar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin a tharraingt siar.

    (33)

    Leis an Rialachán seo, dírítear ar an iomaíochas a fheabhsú trí nuálaíocht a chothú i seirbhísí ábhair ar líne agus trí níos mó tomhaltóirí a mhealladh. Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Níor cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a úsáid chun iomaíocht a shrianadh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le CFAE.

    (34)

    Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Threoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ná, go háirithe, Teideal III di. Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis an gcuspóir rochtain dhleathach a éascú ar ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara, chomh maith leis na seirbhísí a bhaineann leis sin.

    (35)

    Chun an cuspóir inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú san Aontas a bhaint amach, is iomchuí rialachán a ghlacadh, rialachán atá infheidhme go díreach sna Ballstáit. Tá gá leis sin chun a ráthú go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha maidir le hinaistritheacht trasteorann go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ag an am céanna maidir le gach seirbhís ábhair ar líne. Is le Rialachán amháin is féidir a áirithiú go mbeidh an méid deimhneachta dlíthiúla ann atá riachtanach chun é a chur ar chumas tomhaltóirí tairbhe a bhaint as inaistritheacht trasteorann ar fud an Aontais.

    (36)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an creat dlí a oiriúnú sa chaoi go soláthraítear inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne san Aontas, a ghnóthú agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Go háirithe, ní dhéanann an Rialachán seo difear suntasach don chaoi a gceadúnaítear na cirt agus ní chuirtear iallach leis ar shealbhóirí cirt agus soláthraithe conarthaí a athchaibidliú. Ina theannta sin, níl ceanglas sa Rialachán seo go nglacfaidh soláthraithe bearta chun cáilíocht seachadta na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú lasmuigh de Bhallstát cónaithe na rannpháirtithe. Ar deireadh, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe a thairgeann seirbhísí ábhair ar líne gan airgead a íoc agus nach bhfeidhmíonn an rogha inaistritheacht trasteorann a seirbhísí a chumasú. Dá bhrí sin, níl aon chostais dhíréireacha i gceist leis dá bharr,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann san Aontas maidir le hinaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne, trína áirithiú gur féidir le rannpháirtithe ar sheirbhísí inaistrithe ábhair ar líne a sholáthraítear go dleathach ina mBallstát cónaithe rochtain a fháil ar na seirbhísí sin agus iad a úsáid agus iad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimse an chánachais.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “rannpháirtí” aon tomhaltóir atá i dteideal, ar bhonn conradh le haghaidh soláthar seirbhíse ábhair ar líne le soláthraí, bíodh sé ar íocaíocht airgid nó gan an íocaíocht sin, rochtain ar sheirbhís den sórt sin agus í a úsáid sa Bhallstát cónaithe;

    (2)

    ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, de bhun conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

    (3)

    ciallaíonn “Ballstát cónaithe” an Ballstát, arna chinneadh ar bhonn Airteagal 5, ina bhfuil a áit nó a háit chónaithe iarbhír agus sheasta ag an rannpháirtí;

    (4)

    ciallaíonn “bheith go sealadach i mBallstát” bheith i mBallstát seachas an Bhallstát cónaithe ar feadh tréimhse theoranta ama;

    (5)

    ciallaíonn “seirbhís abhair ar líne” seirbhís a shainmhínítear le hAirteagal 56 agus le hAirteagal 57 CFAE agus a chuireann soláthraí ar fáil go dleathach do rannpháirtithe ina mBallstát cónaithe, ar théarmaí comhaontaithe agus ar líne, ar seirbhís inaistrithe í agus arb é atá inti an méid seo a leanas:

    (i)

    seirbhís meán closamhairc mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Threoir 2010/13/AE, nó

    (ii)

    seirbhís arb é a príomhghné rochtain a chur ar fáil ar shaothair, ar ábhar cosanta eile nó ar tharchur eagraíochtaí craolacháin, agus iad a úsáid, bíodh sin ar bhealach líneach nó ar éileamh;

    (6)

    ciallaíonn “inaistrithe” gné seirbhíse ábhair ar líne trínar féidir le rannpháirtithe rochtain go héifeachtach ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ina mBallstát cónaithe gan a bheith teoranta do shuíomh ar leith.

    Airteagal 3

    An oibleagáid chun inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a chumasú

    1.   Cuirfidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid ar cumas rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ar an gcaoi chéanna a ndéantar é sa Bhallstát cónaithe, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar ar an ábhar céanna, ar an réimse céanna gléasanna agus ar an líon gléasanna céanna, don líon céanna úsáideoirí agus leis an líon feidhmiúlachtaí céanna.

    2.   Ní dhéanfaidh an soláthraí aon táillí breise a fhorchur ar an rannpháirtí chun rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus chun í a úsáid de bhun mhír 1.

    3.   Ní chumhdófar leis an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 aon cheanglais chaighdeáin is infheidhme maidir le seachadadh seirbhíse ábhair ar líne a bhfuil an soláthraí faoina réir nuair a sholáthraíonn sé an tseirbhís sin sa Bhallstát cónaithe, murar toilíodh a mhalairt idir an soláthraí agus an rannpháirtí.

    Ní dhéanfaidh an soláthraí aon ghníomhaíocht chun cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne a laghdú agus inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne á cumasú aige i gcomhréir le mír 1.

    4.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, faisnéis a sholáthar don rannpháirtí maidir le cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne sin a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1. Soláthrófar an fhaisnéis don rannpháirtí sula soláthrófar an tseirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1 agus trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

    Airteagal 4

    Logánú sholáthar na seirbhísí ábhair ar líne, na rochtana orthu agus a n-úsáide

    Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthar faoin Rialachán seo do rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát, agus maidir le rochtain a bheith ag an rannpháirtí sin ar an tseirbhís sin agus í á húsáid aige nó aici, measfar go ndéantar iad i mBallstát cónaithe an rannpháirtí, agus sa Bhallstát sin amháin.

    Airteagal 5

    Fíorú an Bhallstáit chónaithe

    1.   Tráth a dtabharfar i gcrích conradh chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid a sholáthar agus a ndéanfar athnuachan air, déanfaidh soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú agus gan níos mó ná dhá cheann de na modhanna fíoraithe seo a leanas a úsáid le linn dó agus áiritheoidh sé go bhfuil na modhanna a úsáidtear réasúnach, comhréireach agus éifeachtach:

    (a)

    cárta aitheantais, modh leictreonach sainaitheantais, go háirithe iad siúd a thagann faoi na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó aon doiciméad aitheantais bailí eile lena ndeimhnítear Ballstát cónaithe an rannpháirtí;

    (b)

    sonraí íocaíochta, amhail cuntas bainc, nó uimhir chárta creidmheasa nó chárta dochair an rannpháirtí;

    (c)

    an áit ina suiteáiltear bosca bairr, díchódóir nó feiste comhchosúil chun seirbhísí a sholáthar don rannpháirtí;

    (d)

    táille cheadúnais a bheith á híoc le haghaidh seirbhísí eile a chuirtear ar fáil sa Bhallstát, amhail craolachán seirbhíse poiblí;

    (e)

    conradh soláthar seirbhíse idirlín nó teileafóin nó aon chonradh dá shamhail lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

    (f)

    clárú ar rollaí áitiúla toghthóirí, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

    (g)

    cánacha áitiúla a bheith á n-íoc, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

    (h)

    bille fóntais de chuid an rannpháirtí lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

    (i)

    seoladh billeála nó seoladh poist an rannpháirtí;

    (j)

    dearbhú ón rannpháirtí lena ndeimhnítear go bhfuil seoladh an rannpháirtí sa Bhallstát;

    (k)

    seoladh prótacal idirlín (IP) a sheiceáil, chun an Ballstát ina ndéanann an rannpháirtí rochtain ar an tseirbhís ábhair ar líne a shainaithint.

    Ní dhéanfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (i) go pointe (k) a úsáid ach amhain in éineacht le ceann amháin de na modhanna fíoraithe faoi phointe (a) go pointe (h) ach amháin mura n-áirítear an seoladh poist faoi phointe (i) i gclár oifigiúil atá ar fáil go poiblí.

    2.   Má bhíonn amhras réasúnach ag an soláthraí faoi Bhallstát cónaithe an rannpháirtí le linn thréimhse an chonartha chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, féadfaidh an soláthraí fíorú Bhallstáit cónaithe an rannpháirtí a dhéanamh arís, i gcomhréir le mír 1. I gcás den sórt sin, áfach, féadfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a úsáid agus na modhanna sin amháin. Ní dhéanfar sonraí a eascraíonn as úsáid na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a bhailiú ach amháin i bhformáid dhénártha.

    3.   Beidh soláthraí i dteideal a iarraidh ar an rannpháirtí an fhaisnéis is gá a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2. I gcás ina mainníonn an rannpháirtí an fhaisnéis sin a sholáthar agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil an soláthraí in ann an Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, ní dhéanfaidh an soláthraí, ar bhonn an Rialacháin seo, a chur ar chumas an rannpháirtí rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ná í a úsáid agus é nó í go sealadach i mBallstát.

    4.   Maidir leis na sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar nó maidir leo siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne, féadfaidh siad soláthar a n-ábhair, rochtain ar an ábhar sin agus úsáid an ábhair sin a údarú faoin Rialachán seo gan an Ballstát cónaithe a fhíorú. I gcásanna den sórt sin, maidir leis an gconradh idir an soláthraí agus an rannpháirtí chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, is leor é chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh.

    Beidh sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn cearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne i dteideal an t-údarú a thugtar de bhun na chéad fhomhíre a tharraingt siar faoi réir fógra réasúnach a thabhairt don soláthraí.

    5.   Ní chuirfidh an conradh idir an soláthraí agus na sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne srian leis an bhféidearthacht do shealbhóirí ceart den sórt an t-údarú dá dtagraítear i mír 4 a tharraingt siar.

    Airteagal 6

    Inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar gan airgead a íoc

    1.   Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc, féadfaidh soláthraí na seirbhíse sin a chinneadh é a chur ar chumas na rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ar choinníoll go ndéanfaidh an soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Sula ndéanfaidh sé an tseirbhís ábhair ar líne a sholáthar, déanfaidh an soláthraí a rannpháirtithe, na sealbhóirí ábhartha cóipchirt agus ceart gaolmhar agus sealbhóirí ábhartha aon cheart eile in ábhar na seirbhíse ábhair ar líne, a chur ar aon eolas maidir lena chinneadh an tseirbhís sin a sholáthar i gcomhréir le mír 1. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

    3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1.

    Airteagal 7

    Forálacha conarthacha

    1.   Maidir le haon fhorálacha conarthacha, lena n-áirítear forálacha conarthacha idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus maidir leis na forálacha conarthacha idir soláthraithe den sórt sin agus a rannpháirtithe, nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha conarthacha sin lena gcuirtear toirmeasc ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne nó lena gcuirtear srian ar inaistritheacht den sórt sin go dtí tréimhse shonrach, beidh siad neamh-infheidhmithe.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir na soláthraithe sin agus a rannpháirtithe.

    Airteagal 8

    Sonraí pearsanta a chosaint

    1.   Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo lena n-áirítear, go háirithe, próiseáil a dhéantar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú faoi Airteagal 5, déanfar i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE í. Go háirithe, beidh úsáid na modhanna fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 agus aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán teoranta don mhéid is gá agus comhréireach chun an cuspóir ábhartha a bhaint amach.

    2.   Úsáidfear sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal 5 chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, agus chuige sin amháin. Ní dhéanfar iad a chur in iúl, a aistriú, a roinnt, a cheadúnú ná a tharchur ná a nochtadh ar shlí eile do shealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar ná dóibh siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, ná d’aon tríú páirtithe eile.

    3.   Ní dhéanfaidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal5 a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun fíorú Bhallstát cónaithe an rannpháirtí de bhun Airteagal 5(1) nó (2) a chur i gcrích. Tar éis gach fíorú a chur i gcrích, déanfar na sonraí a scriosadh láithreach agus ar bhealach do-athraithe.

    Airteagal 9

    Feidhmiú maidir le conarthaí atá ann cheana agus cearta a fuarthas cheana

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le conarthaí a tugadh i gcrích agus le cearta a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm má tá siad ábhartha le soláthar seirbhíse ábhair ar líne, le rochtain uirthi agus lena húsáid i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 6, tar éis an dáta sin.

    2.   Faoin 21 Bealtaine 2018 , fíoróidh soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin, a mbeidh conarthaí tugtha i gcrích acu chun an seirbhís ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

    Laistigh de dhá mhí ón dáta a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne a soláthraíodh gan airgead a íoc an tseirbhís don chéad uair i gcomhréir le hAirteagal 6, fíoróidh an soláthraí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin a thug conarthaí i gcrích chun seirbhíse ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

    Airteagal 10

    Athbhreithniú

    Faoin 21 Márta 2021, agus mar a éilítear ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bhfianaise na bhforbairtí dlíthiúla, teicniúla agus eacnamaíocha, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi.

    Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír, inter alia, measúnú ar chur i bhfeidhm mhodhanna fíoraithe an Bhallstáit chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, agus teicneolaíochtaí nuafhorbartha agus caighdeáin agus cleachtais tionsclaíochta á gcur san áireamh, agus, más gá, measfar inti an bhfuil gá le hathbhreithniú. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar thionchar an Rialacháin seo ar FBManna agus ar chosaint sonraí pearsanta. Gabhfaidh togra reachtach leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

    Airteagal 11

    Forálacha críochnaitheacha

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm aige ón 20 Márta 2018.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. DALLI


    (1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 86.

    (2)  IO C 240, 1.7.2016, lch. 72.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017.

    (4)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

    (5)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

    (6)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

    (7)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

    (8)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).

    (9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IOL 281, 23.11.1995, lch. 31). Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm agus a ionadú, le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (10)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (tá an teideal seo foilsithe cúpla uair san IO) (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IOL 201, 31.7.2002, lch 37).

    (11)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


    Top