Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R0827

Rialachán (AE) 2017/827 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE )

IO L 129, 19.5.2017, pp. 24–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/827/oj

19.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

24


RIALACHÁN (AE) 2017/827 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), téann cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair d'Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (“Fondúireacht IFRS”), atá ina comharba dlíthiúil ar Fhondúireacht an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, agus don Bhord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go dtí an 31 Nollaig 2020.

(2)

Ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 258/2014, chuaigh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) go dtí an 31 Nollaig 2016.

(3)

An 12 Samhain 2013, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil Philippe Maystadt, comhairleoir speisialta don Choimisinéir a bhfuil an margadh agus seirbhísí inmheánacha de chúram air (“tuarascáil an chomhairleora speisialta”), inar leag sé amach athchóirithe féideartha ar rialachas EFRAG agus é mar aidhm leo rannchuidiú an Aontais le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta a threisiú.

(4)

Rinne an Coimisiún grinnfhaireachán ar chur chun feidhme an athchóirithe ar rialachas EFRAG agus chuir sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoin dul chun cinn i dtaca leis sin. Ar an mbonn sin, is cuí leanúint de EFRAG a mhaoiniú le linn na tréimhse 2017 go 2020 chun cuspóirí fadtéarmacha chlár an Aontais a bhaint amach, eadhon tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta.

(5)

Ba cheart do Bhord EFRAG, agus ionadaíocht chothrom idir leasanna poiblí agus leasanna príobháideacha á léiriú aige, a áirithiú go ngeallann comhaltaí an Bhoird gníomhú ar mhaithe le leas an phobail Eorpaigh. Iarrtar ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ar an Údarás Baincéireachta Eorpach, ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus ar an mBanc Ceannais Eorpach rannchuidiú go gníomhach le hobair Bhord EFRAG, a mhéid is féidir.

(6)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go bliantúil maidir le gnóthachtálacha agus gníomhaíochtaí móra EFRAG sa bhliain roimhe sin. Ba cheart, freisin, forbairtí i dtaca le critéar leathnaithe leas an phobail a scrúdú sa tuarascáil sin agus forléargas mionsonraithe ar na forbairtí i réimse na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a thabhairt. Níor cheart cobhsaíocht airgeadais a chur i gcontúirt san Aontas ná bac a chur ar fhorbairt eacnamaíoch an Aontais mar thoradh ar chaighdeáin chuntasaíochta.

(7)

Maidir le forbairt IFRS, PIOB agus EFRAG, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin, i dtuarascáil bhliantúil an Choimisiúin, don obair leantach ar na moltaí ó Pharlaimint na hEorpa agus dá gcur chun feidhme. Ina theannta sin, spreagtar Fondúireacht IFRS, PIOB agus EFRAG páirt a ghlacadh go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, in éisteachtaí arna n-eagrú ag Parlaimint na hEorpa d'fhonn cuntas iomlán a thabhairt maidir le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais.

(8)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn níos rialta maidir le hiarrachtaí comhpháirteacha Fhondúireacht IFRS, PIOB agus EFRAG, ós rud é go bhfuil na trí chomhlacht comhchistithe ag an Aontas agus go bhfuil siad ag obair chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.

(9)

Ba cheart don Choimisiún freisin machnamh a dhéanamh ar athruithe féideartha ar fheidhmiú agus ar stádas dlíthiúil príobháideach EFRAG san fhadtéarma.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 a leasú dá réir.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an buiséad atá ag clár Aontais a mhéadú don tréimhse 2017 go 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí EFRAG, ar gníomhaíochtaí iad a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí beartais an Aontais maidir le tuairisciú airgeadais, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

Chun leanúnachas cistiúcháin a áirithiú do EFRAG, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2017,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

EFRAG;”;

(2)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é EUR 57 007 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014 go 2020.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

le haghaidh EFRAG: EUR 23 134 000;”.

(3)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Maidir le Fondúireacht IFRS agus IASB, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3, déanfar freisin measúnú ar a rialachas, go háirithe i dtéarmaí trédhearcachta, coinbhleachtaí leasa a chosc agus éagsúlacht na saineolaithe, agus ar na bearta a rinneadh chun ionadaíocht leathan leas agus cuntasacht phoiblí a áirithiú.

Ina theannta sin, d'fhonn ardchaighdeáin chuntasaíochta agus ardchaighdeáin trédhearcachta, chuntasachta agus ionraicis a áirithiú, déanfar gníomhaíochtaí arna ndéanamh laistigh d'Fhondúireacht IFRS a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu sa tuarascáil a bhaineann, inter alia, le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, plé oscailte le hinstitiúidí Eorpacha agus geallsealbhóirí éagsúla, rialacha maidir le trédhearcacht cruinnithe geallsealbhóirí, agus bunú clár trédhearcachta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Maidir le PIOB agus a eagraíocht chomharba, cumhdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 forbairtí in éagsúlú cistiúcháin agus déanfar measúnú inti ar rannchuidiú obair PIOB le feabhsú cáilíochta iniúchóireachta, lena n-áirítear ionraiceas i ngairm na hiniúchóireachta. Má shroicheann an cistiúchán ó IFAC i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiúchán bliantúil iomlán PIOB, molfaidh an Coimisiún a ranníocaíocht bhliantúil don bhliain sin a theorannú go dtí uasmhéid EUR 300 000.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6a.   Maidir le EFRAG, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 déanfar measúnú ar an méid seo a leanas ó 2018 ar aghaidh:

(a)

cé acu ar urramaíodh critéar an leasa phoiblí leathnaithe faoi mar a moladh i dtuarascáil an chomhairleora speisialta le linn phróiseas an fhormhuinithe a glacadh ar láimh le linn na bliana roimhe;

(b)

cé acu an raibh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rannpháirteach ag céim luath agus caighdeáin um thuairisciú airgeadais á bhforbairt, go ginearálta, agus i bpróiseas an fhormhuinithe go háirithe;

(c)

cé acu an bhfuil struchtúr maoiniúcháin EFRAG éagsúlaithe agus cothromaithe go leor ionas go bhfuil sé ar a chumas a mhisean maidir le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil; agus

(d)

rialachas EFRAG, go háirithe i dtéarmaí trédhearcachta, agus na bearta a rinneadh chun ionadaíocht leathan leas agus cuntasacht phoiblí a áirithiú.

Ina theannta sin, sainaithneofar agus déanfar measúnú inti na gníomhaíochtaí arna ndéanamh laistigh de EFRAG d'fhonn ardchaighdeáin cuntasachta daonlathaí, trédhearcachta agus ionraicis a áirithiú a bhaineann, inter alia, rochtain phoiblí ar dhoiciméid, plé oscailte le hinstitiúidí Eorpacha agus geallsealbhóirí éagsúla, cláir éigeantacha thrédhearcachta agus rialacha maidir le trédhearcacht cruinnithe geallsealbhóirí a bhunú mar aon le rialacha inmheánacha, go háirithe coinbhleacht leasanna a chosc.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)   IO C 303, 19.8.2016, lch. 147.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE, (IO L 105, 8.4.2014, lch. 1).


Top