Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1191

    Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

    IO L 200, 26.7.2016, p. 1–136 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1191/oj

    26.7.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 200/1


    RIALACHÁN (AE) 2016/1191 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Iúil 2016

    maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá cuspóir leagtha amach ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, a chothú agus a fhorbairt ina n-áirithítear go mbeidh saorghluaiseacht ag daoine. Chun saorchúrsaíocht doiciméad poiblí a áirithiú laistigh den Aontas, rud a chuirfeadh le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, ba cheart don Aontas bearta nithiúla a ghlacadh leis na ceanglais riaracháin atá ann a bhaineann le doiciméid áirithe phoiblí a chur i láthair i mBallstát a shimpliú, ar doiciméid iad a d'eisigh údaráis de chuid Ballstáit eile.

    (2)

    Is páirtithe conarthacha iad na Ballstáit ar fad i gCoinbhinsiún na Háige, an 5 Deireadh Fómhair 1961, lena gCuirtear Deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche (“Coinbhinsiún Apastaile na Háige”), lenar tugadh isteach córas le haghaidh cúrsaíocht shimplithe doiciméad poiblí arna n-eisiúint ag na Stáit Chonarthacha sa Choinbhinsiún sin.

    (3)

    I gcomhréir le prionsabal na muiníne frithpháirtí agus chun saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a chur chun cinn, ba cheart leis an Rialachán seo córas a leagan amach lena ndéantar simpliú breise ar na foirmiúlachtaí riaracháin maidir le cúrsaíocht doiciméad áirithe chomh maith le cóipeanna deimhnithe díobh i gcás ina n-eisíonn údarás Ballstáit na doiciméid phoiblí sin agus cóipeanna deimhnithe díobh lena gcur i láthair i mBallstát eile.

    (4)

    An córas a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart gur gan dochar a bheadh sé do dhaoine a bheith in ann tairbhiú i gcónaí, más mian leo, de chórais eile lena ndíolmhaítear doiciméid phoiblí ó dhlisteanú nó ó fhoirmiúlacht chomhchosúil agus atá infheidhme idir na Ballstáit. Go háirithe, ba cheart féachaint ar an Rialachán seo mar ionstraim atá ar leithligh ó Choinbhinsiún Apastaile na Háige agus atá neamhspleách air.

    (5)

    Ba cheart cómhaireachtáil idir an córas a leagtar amach sa Rialachán seo agus córais eile is infheidhme idir na Ballstáit a chosaint. Maidir le Coinbhinsiún Apastaile na Háige, cé nár cheart go mbeadh sé indéanta d'údaráis na mBallstát apastail a éileamh nuair a dhéanann duine doiciméad poiblí, a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a eisíodh i mBallstát eile, a chur ina láthair, níor cheart, de bhíthin an Rialacháin seo, cosc a chur ar na Ballstáit apastail a eisiúint i gcás ina roghnaíonn duine apastail a iarraidh. Ina theannta sin, níor cheart, de bhíthin an Rialacháin seo, cosc a chur ar dhuine leanúint ar aghaidh d'apastail, a eisíodh i mBallstát amháin, a úsáid i mBallstát eile. Dá réir sin, d'fhéadfaí Coinbhinsiún Apastaile na Háige a úsáid fós, arna iarraidh sin do dhuine, sa chaidreamh idir na Ballstáit. Má iarrann duine apastail ar dhoiciméad poiblí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis náisiúnta eisiúna a chur in iúl don duine sin, ar bhealach iomchuí, nach bhfuil apastail riachtanach a thuilleadh faoin gcóras a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás ina mbeartaíonn an duine sin an doiciméad a chur i láthair i mBallstát eile. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ar aon chuma, trí aon mheán iomchuí.

    (6)

    Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo doiciméid phoiblí a eisíonn údaráis Bhallstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, agus ar doiciméid iad a bhfuil sé mar phríomhaidhm leo ceann de na fíricí seo a leanas a shuíomh: breith, deimhniú an bhfuil duine beo, bás, ainm, pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta, páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), díscaoileadh páirtnéireachta cláraithe, idirscaradh dlíthiúil páirtnéireachta cláraithe nó páirtnéireacht chláraithe a neamhniú, tuismíocht, uchtú, sainchónaí agus/nó gnáthchónaí, nó náisiúntacht. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo freisin doiciméid phoiblí a eisíonn an Ballstát do dhuine dar náisiúnach é nó í den Bhallstát sin mar chruthúnas nach bhfuil taifead coiriúil ag an duine sin. Ina theannta sin, ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo doiciméid phoiblí a bhféadfar a éileamh ar shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, iad a chur i láthair, tráth a dteastódh uathu, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, vótáil agus/nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu.

    (7)

    Níor cheart, de bhun an Rialacháin seo, a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit doiciméid phoiblí a eisiúint nach ann dóibh faoina ndlí náisiúnta féin.

    (8)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid phoiblí a rinne údarás inniúil an Bhallstáit inar eisíodh an doiciméad poiblí bunaidh. Mar sin féin, níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo cóipeanna de na cóipeanna deimhnithe.

    (9)

    Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo, freisin, leaganacha leictreonacha de dhoiciméid phoiblí agus foirmeacha caighdeánacha ilteangacha atá oiriúnach do mhalartú leictreonach. Mar sin féin, ba cheart do gach Ballstát a chinneadh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, an bhféadfar doiciméid phoiblí agus foirmeacha caighdeánacha ilteangacha atá i bhformáid leictreonach a chur i láthair agus, sa chás sin, cad iad na coinníollacha faoina bhféadfar é sin a dhéanamh.

    (10)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le pasanna nó cártaí aitheantais a eisítear i mBallstát, de bhrí nach bhfuil doiciméid den sórt sin faoi réir a ndlisteanú ná faoi réir foirmiúlacht chomhchosúil, tráth a gcuirtear i láthair i mBallstát eile iad.

    (11)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, agus go háirithe leis an sásra do chomhar riaracháin a leagtar amach ann, maidir le doiciméid i ndáil le stádas sibhialta a eisíodh ar bhonn na gCoinbhinsiún ábhartha de chuid an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Stádas Sibhialta (CISS).

    (12)

    Ba cheart a mheas, freisin, gurb ionann le doiciméid phoiblí maidir le hainm a athrú agus doiciméid phoiblí arb é is príomhaidhm leo ainm duine aonair a shuíomh.

    (13)

    Ba cheart an coincheap “stádas pósta” a léirmhíniú mar thagairt do stádas duine aonair atá pósta, scartha nó gan a bheith pósta, lena n-áirítear duine atá singil, colscartha nó ar baintreach nó baintreach fir é nó í.

    (14)

    Ba cheart an coincheap “tuismíocht” a léirmhíniú sa chaoi agus go gciallaíonn sé an gaol dlíthiúil idir leanbh agus tuismitheoirí an linbh.

    (15)

    Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an coincheap “sainchónaí”, an coincheap “cónaí” agus an coincheap “náisiúntacht” a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (16)

    Ba cheart an coincheap “taifead coiriúil” a léirmhíniú mar thagairt don chlár náisiúnta nó do na cláir náisiúnta ina ndéantar ciontuithe a thaifeadadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go dtagródh “ciontú” do chinneadh críochnaitheach ar bith ó chúirt choiriúil i gcoinne duine nádúrtha i ndáil le cion coiriúil, sa mhéid go mbreactar síos na cinntí sin i dtaifead coiriúil an Bhallstáit sin a dhéanann an ciontú.

    (17)

    Trí na ceanglais a shimpliú i ndáil le doiciméid phoiblí a eisíodh i mBallstát amháin, a chur i láthair i mBallstát eile, ba cheart go ndéanfaí tairbhí nithiúla a thoirbhirt do shaoránaigh an Aontais. Ós rud é gur de chineálacha dlítheanacha éagsúla iad doiciméid a eisíonn daoine príobháideacha, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart doiciméid phoiblí a eisíonn na húdaráis tríú tíortha a eisiamh freisin ó raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh glactha leo cheana féin mar dhoiciméid bharántúla ag údaráis Bhallstáit. Maidir le doiciméid phoiblí a eisíonn údaráis tríú tíortha a eisiamh, ba cheart amhlaidh a dhéanamh i gcás cóipeanna deimhnithe a dhéanann údaráis Bhallstáit de dhoiciméid phoiblí, a eisíonn údaráis tríú tíre.

    (18)

    Níl sé d'aidhm ag an Rialachán seo dlí substainteach na mBallstát a athrú maidir leis na nithe seo leanas: breith, deimhniú an bhfuil duine beo, bás, ainm, pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta, páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas páirtnéireachta cláraithe), díscaoileadh páirtnéireachta cláraithe, idirscaradh dlíthiúil páirtnéireachta cláraithe nó páirtnéireacht chláraithe a neamhniú, tuismíocht, uchtú, sainchónaí agus/nó gnáthchónaí, náisiúntacht, éagmais taifid choiriúil, nó na doiciméid phoiblí a bhféadfaidh Ballstát a gcur i láthair a éileamh ar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin bhardasacha nó ar vótálaí i dtoghcháin den sórt sin ar náisiúnach é den Bhallstát sin. Thairis sin, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d'aitheantas a thabhairt i mBallstát amháin do na héifeachtaí dlíthiúla a bhaineann le hábhar doiciméid phoiblí a eisíodh i mBallstát eile.

    (19)

    D'fhonn dlús a chur le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, ba cheart na doiciméid phoiblí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus cóipeanna deimhnithe díobh, a dhíolmhú ó dhlisteanú agus ó fhoirmiúlachtaí comhchosúla de gach cineál.

    (20)

    Maidir le foirmiúlachtaí eile, eadhon an ceanglas cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid phoiblí agus aistriúcháin dheimhnithe orthu a chur ar fáil i ngach cás, ba cheart iad a shimpliú, le gurbh fhusa fós doiciméid phoiblí a chur i gcúrsaíocht idir na Ballstáit.

    (21)

    Le go bhféadfar constaicí teanga a shárú agus, ar an gcaoi sin, cúrsaíocht doiciméad poiblí a éascú tuilleadh idir na Ballstáit, ba cheart foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhunú i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais i gcás doiciméid phoiblí a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), agus le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil.

    (22)

    Is í an t-aon chríoch ba cheart a bheith leis na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha aistriúchán ar na doiciméid phoiblí a bhfuil siad i gceangal leo a éascú. Dá réir sin, níor cheart foirmeacha den sórt sin a chur i gcúrsaíocht mar dhoiciméid uathrialacha idir na Ballstáit. Níor cheart an chríoch chéanna a bheith leo ná níor cheart na spriocanna céanna a shaothrú leo agus a dhéantar le sleachta nó cóipeanna verbatim de thaifid ar stádas sibhialta, sleachta ilteangacha as taifid ar stádas sibhialta, sleachta ilteangacha códaithe as taifid ar stádas sibhialta nó deimhnithe ilteangacha agus códaithe ar stádas sibhialta a bunaíodh le Coinbhinsiún CISS Uimh. 2 maidir le taifid ar stádas sibhialta a eisiúint saor in aisce agus díolmhú ó dhlisteanú cóipeanna díobh, Coinbhinsiún CISS Uimh. 16 maidir le sleachta ilteangacha ó thaifid ar stádas sibhialta a eisiúint agus Coinbhinsiún CISS Uimh. 34 maidir le sleachta ilteangacha agus códaithe as taifid ar stádas sibhialta, chomh maith le deimhnithe ilteangacha agus códaithe a eisiúint.

    (23)

    Ba cheart a léiriú leis na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha arna mbunú leis an Rialachán seo ábhar na ndoiciméad poiblí a bhfuil siad i gceangal leo agus ba cheart dá bhíthin sin deireadh a chur, a mhéid is féidir, leis an riachtanas maidir le haistriúchán a dhéanamh ar na doiciméid sin. I gcás roinnt doiciméad poiblí, áfach, a bhféadfadh sé nach léireofaí go cuí i bhfoirm chaighdeánach ilteangach an t-ábhar atá iontu, amhail catagóirí áirithe de chinntí cúirte, ní féidir an cuspóir deireadh a chur leis an riachtanas maidir le haistriúchán a chur i gcríoch go réasúnach. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na doiciméid phoiblí a bhféadfaí foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a chur i gceangal leo mar áis oiriúnach aistriúcháin. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an fhoirm chaighdeánach ilteangach a chur i gceangal leis an líon is mó is féidir de na doiciméid phoiblí a thagann faoi réim feidhme an Rialacháin seo.

    (24)

    Níor cheart a cheangal ar dhuine a thíolacann doiciméad poiblí a bhfuil foirm chaighdeánach ilteangach ag gabháil leis aistriúchán den doiciméad poiblí sin a chur ar fáil. Sa deireadh thiar, áfach, is é an t-údarás a gcuirtear an doiciméad poiblí ina láthair ba cheart a chinneadh an leor í an fhaisnéis atá ar an bhfoirm chaighdeánach ilteangach chun an doiciméad poiblí sin a phróiseáil.

    (25)

    Féadfaidh an t-údarás a gcuirtear doiciméad poiblí ina láthair a cheangal ar an duine a thíolacann an doiciméad poiblí sin a bhfuil foirm chaighdeánach ilteangach ag gabháil leis, ar bhonn eisceachtúil, i gcás inar gá sin leis an doiciméad poiblí sin a phróiseáil, aistriúchán nó traslitriú dá bhfuil san fhoirm chaighdeánach ilteangach a chur ar fáil i dteanga oifigiúil a Bhallstáit nó, más rud é go bhfuil roinnt teangacha oifigiúla ag an mBallstát, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina gcuirtear an doiciméad poiblí i láthair, ar ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais í an teanga sin freisin.

    (26)

    Ba cheart foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a eisiúint, arna iarraidh sin do dhaoine atá i dteideal na doiciméid phoiblí a bhfuil na foirmeacha caighdeánach ilteangacha le gabháil leo a fháil. Níor cheart do na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ó thaobh aithint a n-ábhair sna Ballstáit ina dtíolacfar iad.

    (27)

    Nuair a bheidh an fhoirm chaighdeánach ilteangach atá le cur i gceangal le doiciméad poiblí sonrach á hullmhú, ba cheart don údarás a eisíonn an fhoirm sin a bheith in ann na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus atá ábhartha don doiciméad poiblí lena mbaineann a roghnú ón bhfoirm chaighdeánach ilteangach eiseamláireach sin agus na ceannteidil iontrála sin amháin, d'fhonn a áirithiú nach mbeidh san fhoirm chaighdeánach ilteangach ach an fhaisnéis atá san áireamh sa doiciméad poiblí lena bhfuil an fhoirm le bheith ceangailte.

    (28)

    Ba cheart go bhféadfaí an leagan leictreonach d'fhoirm chaighdeánach ilteangach ón Tairseach Eorpach don r-Cheartas a chomhtháthú in áit éagsúil a bheadh inrochtana ar an leibhéal náisiúnta, agus é a eisiúint ón áit sin.

    (29)

    Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit leaganacha leictreonacha d'fhoirmeacha caighdeánacha ilteangacha a chruthú agus leas á bhaint acu as teicneolaíocht seachas an teicneolaíocht a úsáideann an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, ar choinníoll go dtugtar an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoin Rialachán seo ar na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a d'eisigh na Ballstáit agus leas á bhaint acu as an teicneolaiocht eile sin.

    (30)

    Ba cheart cosaintí iomchuí a bhunú i gcoinne calaois a bhaineann le doiciméid phoiblí agus i gcoinne brionnú orthu, agus ar chóipeanna deimhnithe díobh, atá i gcúrsaíocht idir na Ballstáit.

    (31)

    Le go mbeifear in ann malartú faisnéise trasteorann slána tapa a dhéanamh agus leis an gcúnamh frithpháirteach a éascú, ba cheart, leis an Rialachán seo, sásra éifeachtach a bhunú do chomhar riaracháin idir na húdaráis a ainmneoidh na Ballstáit. Trí leas a bhaint as an sásra sin do chomhar riaracháin, ba cheart an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit atá laistigh den mhargadh inmheánach a neartú agus ba cheart úsáid an tsásra a bheith bunaithe ar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (32)

    Ba cheart mar sin Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú chun forálacha áirithe den Rialachán seo maidir le comhar riaracháin i ngníomhartha Aontais a chur leis an liosta de na forálacha atá á gcur chun feidhme trí IMI mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 é.

    (33)

    D'fhonn leibhéal ard slándála agus cosanta sonraí a ráthú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis an gcalaois a chosc, ba cheart don Choimisiún a chinntiú go ráthaíonn IMI slándáil na ndoiciméad poiblí agus go gcuireann sé bealach sábháilte ar fáil leis na doiciméid sin a tharchur go leictreonach. Ba cheart don Choimisiún uirlis a chur ar fáil in IMI lena ndeimhneofar an fhaisnéis a mhalartaítear tríd an gcóras nuair a dhéantar í a easpórtáil lasmuigh den chóras. Thairis sin, ba cheart d'údaráis na mBallstát a mhalartaíonn an fhaisnéis maidir le doiciméid phoiblí na bearta riachtanacha a dhéanamh lena áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, go ndéantar na doiciméid phoiblí agus na sonraí pearsanta a mhalartaítear trí IMI a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun críocha atá i gcomhréir leis na críocha ar cuireadh iad i láthair den chéad uair. I Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 leagtar amach na forálacha is gá a ghlacadh lena áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus ardleibhéal slándála agus rúndachta a áirithiú don fhaisnéis a mhalartaítear in IMI, agus sainmhínítear freagrachtaí an Choimisiún i ndáil leis an méid sin. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 freisin gur chun na críocha a shainmhínítear i ngníomh dlí an Aontais, ar a bhfuil an mhalairt bunaithe, agus i gcomhréir leis an gcríoch dár cuireadh iad i láthair den chéad uair, atá gníomhaithe IMI leis na sonraí pearsanta a mhalartú agus a phróiseáil, agus gur chun na críche sin amháin a dhéanfar sin.

    (34)

    Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) rialófar an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi mhaoirseacht na n-údarás poiblí neamhspleách a ainmneoidh na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise agus doiciméad a dhéanfaidh údaráis na mBallstát i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Thairis sin, ba cheart gur chun críoch shonrach an fhíoraithe a dhéanann na húdaráis sin ar bharántúlacht na ndoiciméad poiblí trí IMI a dhéanfaí malartú agus tarchur den sórt sin agus ba cheart gur i réimse inniúlachtaí na n-údarás sin a dhéanfaí é agus sa réimse sin amháin. Níor cheart dó seo cosc a chur ar Bhallstáit a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid phoiblí a chur i bhfeidhm.

    (35)

    Ba cheart d'údaráis na mBallstát cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe maidir le feidhmiú an tsásra do chomhar riaracháin idir na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit, i gcás ina bhfuil amhras cuí-réasúnaithe ar údaráis Bhallstáit a gcuirtear doiciméad poiblí ina láthair nó cóip dheimhnithe de faoi bharántúlacht an doiciméid phoiblí nó faoi bharántúlacht na cóipe deimhnithe.

    (36)

    I gcás ina mbíonn amhras réasúnach ar údaráis Bhallstáit ina gcuirtear doiciméad poiblí nó cóip dheimhnithe de ina láthair maidir le barántúlacht na ndoiciméad sin, ba cheart dóibh deis a bheith acu múnlaí na ndoiciméad atá ar fáil i dtaisclann IMI a cheadú agus, má bhíonn amhras fós fúthu, iarrataí ar fhaisnéis trí IMI a chur isteach faoi bhráid údaráis ábhartha an Bhallstáit inar eisíodh na doiciméid sin, tríd an iarraidh a sheoladh go díreach chuig an údarás a d'eisigh an doiciméad poiblí nó an t-údarás a rinne an chóip dheimhnithe de, nó trí dhul i dteagmháil le húdarás lárnach an Bhallstáit sin. Ba cheart do na húdaráis iarrtha freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus, ar aon chuma, laistigh de thréimhse nach mó ná 5 lá oibre nó 10 lá oibre nuair a phróiseáiltear an iarraidh tríd an údarás lárnach. Leis an teorainn ama 10 lá oibre sin, go háirithe, féadfar cásanna nach mbeadh na húdaráis iarrtha cláraithe fós in IMI a chumhdach. I gcás nach bhféadfar cloí leis na teorainneacha ama sin, ba cheart don údarás iarrtha agus don údarás iarrthach teacht ar chomhaontú faoi shíneadh a chur leis an teorainn ama.

    (37)

    Chun críocha na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (5).

    (38)

    In imthosca eisceachtúla, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis na mBallstát in ann barántúlacht doiciméid phoiblí a fhíorú. Níor cheart dó seo tarlú ach i gcás nach bhféadfaí barántúlacht na ndoiciméad a fhíorú i ngeall ar imthosca amhail, mar shampla, scriosadh fisiciúil nó caillteanas cóipeanna de na doiciméid náisiúnta i ngeall mar shampla gur scriosadh cartlann oifige stádais sibhialta áirithe nó cúirte áirithe nó gan aon chlár a bheith ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar cheann de na roghanna in IMI a fhreagairt nach raibh na húdaráis ina ann barántúlacht an doiciméid a fhíorú.

    (39)

    Mura ndeimhníonn freagra an údaráis iarrtha barántúlacht an doiciméid phoiblí nó na cóipe deimhnithe de, nó mura bhfaightear aon fhreagra ón údarás sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar an údarás iarrthach an doiciméad poiblí sin nó an chóip dheimhnithe a phróiseáil. Ina theannta sin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás iarrthach nó don duine a thíolaic an doiciméad poiblí nó an chóip dheimhnithe a bheith in ann leas a bhaint as aon bhealach atá ar fáil chun barántúlacht an doiciméid phoiblí nó na cóipe deimhnithe de a fhíorú nó a chruthú. D'fhonn éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart gur cásanna eisceachtúla i gcónaí iad na cásanna sin nach bhfaightear freagra trí IMI.

    (40)

    I gcás inar gá sin, féadfaidh comhordaitheoir IMI nó na húdaráis lárnacha ábhartha cabhrú chun réiteach a fháil ar na deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag údaráis na mBallstát agus IMI á úsáid acu, lena n-áirítear i gcásanna nach bhfaightear freagra ar bith ar iarraidh ar fhaisnéis nó i gcás nach féidir teacht ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an teorainn ama chun freagra a thabhairt.

    (41)

    Ba cheart d'údaráis na mBallstát leas a bhaint as na feidhmiúlachtaí atá ar fáil in IMI, lena n-áirítear córas ilteangach do chumarsáid a sholáthar agus ceisteanna agus freagraí caighdeánacha, réamhaistrithe a úsáid, agus leas a bhaint as stór múnlaí de dhoiciméid phoiblí a úsáidtear laistigh den mhargadh inmheánach.

    (42)

    Ba cheart d'údaráis lárnacha na mBallstát cúnamh a chur ar fáil i ndáil le hiarrataí ar fhaisnéis, agus ba cheart dóibh go háirithe, iarrataí den sórt sin a fháil, a tharchur agus, nuair is gá, a fhreagairt agus an fhaisnéis riachtanach a sholáthar i ndáil leis na hiarrataí sin, go háirithe i gcásanna nuair nach bhfuil an t-údarás iarrthach ná an t-údarás iarrtha cláraithe in IMI.

    (43)

    Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart d'údaráis lárnacha na mBallstát a bheith i dteagmháil le chéile, agus a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú, trí IMI a úsáid. Ba cheart do chumarsáid idir údaráis an Bhallstáit chéanna tarlú i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

    (44)

    Ba cheart an gaol idir an Rialachán seo agus dlí reatha an Aontais a shoiléiriú. I ndáil leis sin, níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh d'fheidhmiú dhlí an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil, nó foirmiúlachtaí eile, amhail Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle (6). Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh ach oiread d'fheidhmiú dhlí an Aontais maidir le sínithe leictreonacha agus aitheantas leictreonach. Má tá forálacha an Rialacháin seo i gcoinbhleacht le foráil ó ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha den simpliú ar na ceanglais maidir le doiciméid phoiblí a chur i láthair, agus lena simplítear ceanglais den sórt sin tuilleadh fós, amhail Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart forlámhas a bheith ag an ngníomh eile de chuid an Aontais lena simplítear iad tuileadh.

    (45)

    Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán seo bheith gan dochar d'úsáid córas eile um chomhar riaracháin atá bunaithe ag dlí an Aontais agus lena ndéantar foráil maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit i réimsí ar leith amhail Treoir 93/109/CE ón gComhairle (10) nó Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i sineirgíocht le córais ar leith den sórt sin.

    (46)

    Maidir leis an Rialachán seo, d'fhonn a bheith i gcomhréir lena chuspóirí ginearálta, i ndáil le hábhair a mbeidh an Rialachán infheidhme maidir leo agus a mhéid a fhoráiltear ann dóibh, ba cheart tosaíocht a bheith aige, amhail idir dhá Bhallstát nó níos mó, ar chomhaontuithe nó ar shocruithe déthaobhacha nó iltaobhacha inar páirtithe iad na Ballstáit agus a bhaineann le cúrsaí a chumhdaítear leis an Rialachán.

    (47)

    Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann socruithe a choimeád ar bun nó a chur i gcrích nó le Ballstát amháin eile nó níos mó ná sin in ábhair nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo amhail luach fianaise na ndoiciméad poiblí, foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhfuil stádas dlithiúil acu, díolúine ó dhlisteanú na bhfoirmeacha sin, agus díolúine ó dhlisteanú doiciméad poiblí i réimsí seachas na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do Bhallstáit a bheith ábalta freisin socruithe a choimeád ar bun nó a chur i gcrích arb í is aidhm leo cúrsaíocht na ndoiciméad poiblí a thagann faoin Rialachán seo idir na Ballstáit a shimpliú.

    (48)

    Ní thagann doiciméid phoiblí a eisíonn údaráis tríú tíortha faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ina theannta sin, comhaontuithe agus socruithe a bhaineann le dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil i leith doiciméad poiblí maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a eiseoidh údaráis na mBallstát nó tríú tíortha agus a bheidh le húsáid sa chaidreamh idir na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann, ní fhéadfaidh siad aon éifeacht a bheith acu ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart, leis an Rialachán seo, cosc a chur ar na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le dlisteanú ná foirmiúlacht chomhchosúil i leith doiciméad poiblí a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a d'eisigh údaráis na mBallstát nó tríú tíortha le húsáid sa chaidreamh idir na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann. Níor cheart go mbeadh bac ar na Ballstáit ach an oiread, sa mhéid go bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit a chinneadh a bheith ina pháirtí i gcomhaontuithe agus i socruithe den sórt sin, cinneadh a dhéanamh maidir le glacadh le haontachas páirtithe conarthacha nua, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gceart agóidí a dhéanamh agus fógra a thabhairt faoi agóidí i gcoinne aontachais nua dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 12 de Choinbhinsiún Apastaile, ná níl bac orthu aontachais a chur i bhfeidhm, a leasú nó cinneadh á dhéanamh ina dtaobh, ar aontachais iad maidir le páirtithe conarthacha nua le Coinbhinsiún Eorpach 1968 maidir le Neamhní Dhleathú Doiciméad arna bhforghníomhú ag Gníomhairí Taidhleoireachta nó Oifigigh Chonsalacha.

    (49)

    Ós rud é nach bhfuil stádas dlíthiúil ag na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha faoin Rialachán seo agus nach bhfuil aon fhorluí idir iad agus na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha dá bhforáiltear i gCoinbhinsiúin Uimh. 16, Uimh. 33 agus Uimh. 34 de chuid CISS, ná leis na deimhnithe beatha dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Uimh. 27 CISS, níor cheart don Rialachán seo aon éifeacht a bheith aige ar chur i bhfeidhm na gCoinbhinsiún sin idir na Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír.

    (50)

    Ba cheart coiste ad hoc, ar a mbeidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus a mbeidh ionadaí de chuid an Choimisiúin ina chathaoirleach air, a bhunú d'fhonn aon bhearta riachtanacha a dhéanamh le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, agus go háirithe trí dhea-chleachtas a mhalartú maidir leis an Rialachán a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit, le calaois a bhaineann le doiciméid phoiblí, ar chóipeanna deimhnithe agus ar aistriúcháin dheimhnithe díobh a chosc, le húsáid leaganacha leictreonacha de dhoiciméid phoiblí, le húsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha ilteangacha agus maidir le doiciméid bhrionnaithe a bhraitear.

    (51)

    Le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do na Ballstáit, d'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal trí aon mheán cuí agus, go háirithe, a chur ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, an méid a leanas a chur ar fáil don Choimisiún trí IMI: sonraí teagmhála a n-údarás lárnach, na múnlaí do na doiciméid phoiblí is mó a úsáidtear faoina dhlí náisiúnta nó, i gcás nach bhfuil múnlaí den sórt sin ann do dhoiciméad, faisnéis faoi ghnéithe sonracha an doiciméid sin.

    (52)

    Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl trí IMI leaganacha gan ainmneacha de dhoiciméid bhrionnaithe a bhraitear agus a d'fhéadfadh a bheith úsáideach mar shamplaí tipiciúla le brionnú a bhrath a d'fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart seoladh na ndoiciméad brionnaithe sin a theorannú do dhoiciméid bhrionnaithe a gceadaítear a nochtadh faoin dlí náisiúnta, agus ba cheart an seoladh a dhéanamh gan dochar do rialacha na mBallstát maidir le nochtadh fianaise a bhailítear le linn imeachtaí coiriúla. Níor cheart an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit in iúl i ndáil le doiciméid a bhrionnú a chur ar fáil go poiblí.

    (53)

    D'fhonn cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do Bhallstáit, d'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, a chur in iúl don Choimisiún an teanga nó na teangacha ar féidir leo glacadh leo agus doiciméid phoiblí a d'eisigh údaráis Bhallstáit eile á gcur i láthair; liosta táscach a chur ar fáil de na doiciméid phoiblí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo; a chur in iúl don Choimisiún an liosta doiciméad poiblí a bhféadfar foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a chur i gceangal leo mar áis oiriúnach aistriúcháin; liostaí de dhaoine atá cáilithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun aistriúcháin dheimhnithe a chur ar fáil, más ann do na liostaí sin; liosta táscach a chur ar fáil de na cineálacha údarás arna chumhachtú ag an dlí náisiúnta chun cóipeanna deimhnithe a dhéanamh; faisnéis a chur ar fáil a bhaineann leis na meáin trínar féidir aistriúcháin dheimhnithe a aithint; agus faisnéis a chur ar fáil faoi na gnéithe sonracha a bhaineann le cóipeanna deimhnithe.

    (54)

    Níor cheart faisnéis maidir leis na múnlaí do na doiciméid phoiblí is mó a úsáidtear nó na gnéithe sonracha de na doiciméid sin nó cóipeanna deimhnithe díobh a chur ar fáil don phobal ach amháin a mhéid go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don phobal cheana faoin dlí sa Bhallstát arb iad a údaráis a d'eisigh an doiciméad poiblí nó a rinne an chóip dheimhnithe. Chun na críche sin, ba cheart do Bhallstáit a chur in iúl don Choimisiún cén doiciméid atá ar fáil go poiblí faoina ndlí náisiúnta. Chun críocha an Rialacháin seo, áfach, níor cheart faisnéis maidir le gnéithe sonracha slándála doiciméad poiblí nó cóipeanna deimhnithe díobh nach bhfuil ar fáil go poiblí faoi dhlí an Bhallstáit arb iad a údaráis a d'eisigh an doiciméad poiblí nó a rinne an chóip dheimhnithe, a áireamh leis an bhfaisnéis ar ghnéithe sonracha a bhaineann le doiciméid phoiblí ná le cóipeanna deimhnithe díobh ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún.

    (55)

    Maidir leis an méid a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún maidir le teanga nó teangacha eile seachas a theanga féin a bhféadfaidh sé glacadh leo agus doiciméid phoiblí a d'eisigh údaráis Bhallstáit eile á gcur i láthair, ba cheart gur gan dochar a bheadh sé do chumas a údarás aon teanga bhreise nó teangacha breise, a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina gceadaíonn an Ballstát sin amhlaidh, agus doiciméad poiblí a d'eisigh údaráis Bhallstáit eile á chur ina láthair.

    (56)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú, agus saoirse gluaiseachta agus cónaithe. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

    (57)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon saorghluaiseacht saoránach de chuid an Aontais a chur chun cinn trí shaorchúrsaíocht doiciméad poiblí áirithe laistigh den Aontas a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GLACADH:

    CAIBIDIL I

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar

    1.   Leis an Rialachán seo, déantar foráil, i dtaca le doiciméid áirithe phoiblí a eisíonn údaráis Bhallstáit, ar doiciméid iad is gá a chur i láthair údaráis Bhallstáit eile, do chóras leis na nithe seo a leanas a bhaint amach:

    a)

    dispeansáid ó dhlisteanú nó ó fhoirmiúlacht chomhchosúil; agus

    b)

    simpliú foirmiúlachtaí eile.

    Gan dochar don chéad fhomhír, ní chuirfidh an Rialachán seo cosc a chur ar dhuine úsáid a bhaint as córais eile is infheidhme i mBallstát maidir le dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil.

    2.   Bunaítear freisin leis an Rialachán seo foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bheidh le húsáid mar áis aistriúcháin agus a bheidh i gceangal le doiciméid phoiblí a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméid phoiblí a eisíonn údaráis Bhallstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, ar doiciméid iad is gá a chur i láthair údaráis Bhallstáit eile agus ar doiciméid iad a bhfuil sé mar phríomhaidhm leo ceann amháin nó níos mó de na fíricí seo a leanas a shuíomh:

    (a)

    breith;

    (b)

    an bhfuil duine beo;

    (c)

    bás;

    (d)

    ainm;

    (e)

    pósadh, lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta;

    (f)

    colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta;

    (g)

    páirtnéireacht chláraithe, lena n-áirítear an cumas dul isteach i bpáirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe;

    (h)

    díscaoileadh páirtnéireachta cláraithe, idirscaradh dlíthiúil páirtnéireachta cláraithe nó páirtnéireacht chláraithe a neamhniú;

    (i)

    tuismíocht;

    (j)

    uchtú;

    (k)

    sainchónaí agus/nó gnáthchónaí;

    (l)

    náisiúntacht;

    (m)

    nach bhfuil taifead coiriúil ag duine, ar choinníoll gurb iad údaráis an Bhallstáit sin a bhfuil náisiúntacht ag saoránach de chuid an Aontais ann a eisíonn doiciméid phoiblí a bhaineann leis an bhfíric sin le haghaidh an tsaoránaigh sin.

    2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le doiciméid phoiblí a gcaithfeadh saoránaigh de chuid an Aontais, a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad, iad a chur i láthair dá mba mhian leo vóta a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, faoi na coinníollacha a leagtar síos i dTreoir 93/109/CE agus i dTreoir 94/80/CE (11) ón gComhairle faoi seach.

    3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    doiciméid phoiblí arna n-eisiúint ag údaráis tríú tíre, nó

    (b)

    cóipeanna deimhnithe de na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) arna ndéanamh ag údaráis Bhallstáit.

    4.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le haitheantas a thabhairt i mBallstát d'éifeachtaí dhlíthiúla a bhaineann le hinneachar doiciméad poiblí arna n-eisiúint ag na húdaráis de chuid Ballstáit eile.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (1)

    ciallaíonn “doiciméid phoiblí”:

    (a)

    doiciméid a thagann ó údarás nó oifigeach a bhfuil baint aige nó aici le cúirteanna nó le binsí de chuid Ballstáit, lena n-áirítear na doiciméid sin a thagann ó ionchúisitheoir poiblí, ó chléireach de chuid cúirte nó ó oifigeach breithiúnach (huissier de justice);

    (b)

    doiciméid riaracháin;

    (c)

    gníomh nótaireachta;

    (d)

    deimhnithe oifigiúla a chuirtear ar dhoiciméid a shínigh daoine ina gcáil phríobháideach, amhail deimhnithe oifigiúla chun clárú doiciméid a thaifeadadh nó chun a thaifeadadh go raibh an doiciméad ann ar dháta áirithe, mar aon le fíordheimhnithe oifigiúla agus nótaire i leith sínithe;

    (e)

    doiciméid arna dtarraingt suas ag gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha de chuid Ballstáit agus iad ag gníomhú i gcríoch aon Stáit ina gcáil oifigiúil, nuair is gá na doiciméid sin a chur i láthair ar chríoch de chuid Ballstáit eile nó a chur i láthair gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha de chuid Ballstáit eile atá ag gníomhú i gcríoch de chuid tríú Stáit.

    (2)

    ciallaíonn “údarás” údarás poiblí de chuid Ballstáit, nó aonán atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil agus atá údaraithe faoin dlí náisiúnta doiciméad poiblí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, nó cóip dheimhnithe de, a eisiúint nó a fháil;

    (3)

    ciallaíonn “dlisteanú” an fhoirmiúlacht chun barántúlacht sínithe sealbhóra oifige poiblí, an cháil ina raibh an duine atá ag síniú an doiciméid ag gníomhú agus, nuair is iomchuí, céannacht an tséala nó an stampa atá air, a dheimhniú;

    (4)

    ciallaíonn “foirmiúlacht chomhchosúil” an deimhniú dá bhforáiltear faoi Choinbhinsiún Apastaile na Háige a chur isteach;

    (5)

    ciallaíonn “foirmiúlachtaí eile” an ceanglas cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin ar dhoiciméid phoiblí a chur ar fáil;

    (6)

    ciallaíonn “údarás lárnach” an t-údarás nó na húdaráis atá nó a bhí ainmnithe ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 15, chun feidhmeanna a bhaineann le feidhmiú an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

    (7)

    ciallaíonn “cóip dheimhnithe” cóip de dhoiciméad poiblí bunaidh a bheidh sínithe ag údarás an Bhallstáit sin a d'eisigh an doiciméad poiblí bunaidh ar dtús agus a bhfuil an chumhacht aige é sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta agus a mbeidh fianaithe aige gur atáirgeadh cruinn agus iomlán den doiciméad poiblí í.

    CAIBIDIL II

    DÍOLMHÚ Ó DHLISTEANÚ AGUS Ó FHOIRMIÚLACHT CHOMHCHOSÚIL, AGUS SIMPLIÚ FOIRMIÚLACHTAÍ EILE MAIDIR LE CÓIPEANNA DEIMHNITHE

    Airteagal 4

    Díolmhú ó dhlisteanú agus ó fhoirmiúlacht chomhchosúil

    Beidh doiciméid phoiblí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, agus na cóipeanna deimhnithe díobh díolmhaithe ó dhlisteanú agus ó fhoirmiúlachtaí comhchosúla de gach cineál.

    Airteagal 5

    Simpliú ar fhoirmiúlachtaí eile a bhaineann le cóipeanna deimhnithe

    1.   I gcás ina gceanglaíonn Ballstát go ndéanfar an bhunchóip de dhoiciméad poiblí arna eisiúint ag na húdaráis de chuid Ballstát eile a chur i láthair, ní cheanglóidh údaráis an Bhallstáit ina gcuirtear an doiciméad poiblí i láthair freisin go dtíolacfar an chóip dheimhnithe den bhunchóip sin.

    2.   I gcás ina gceadaíonn Ballstát cóip dheimhnithe de dhoiciméad poiblí a chur i láthair, glacfaidh údaráis an Bhallstáit sin le cóip dheimhnithe a rinneadh i mBallstát eile.

    CAIBIDIL III

    SIMPLIÚ AR FHOIRMIÚLACHTAÍ EILE A BHAINEANN LE HAISTRIÚCHÁIN AGUS FOIRMEACHA CAIGHDEÁNACHA ILTEANGACHA

    Airteagal 6

    Simpliu ar fhoirmiúlachtaí eile a bhaineann le haistriúcháin

    1.   Ní bheidh gá le haistriúchán i gcás

    (a)

    ina bhfuil an doiciméad poiblí i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina ndéantar é a chur i láthair nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla ag an mBallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéantar an doiciméad a chur i láthair, nó in aon teanga eile ar ghlac an Ballstát léi go sainráite; nó

    (b)

    ina mbeidh foirm chaighdeánach ilteangach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag gabháil le doiciméad poiblí a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), agus le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí, nó le héagmais taifid choiriúil, ar choinníoll go meastar don údarás sin a ndéantar an doiciméad poiblí a chur ina láthair gur leor í an fhaisnéis atá san fhoirm chaighdeánach ilteangach chun an doiciméad poiblí a phróiseáil.

    2.   Glacfar sna Ballstáit go léir le haistriúchán deimhnithe a rinne duine atá cáilithe, faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, é sin a dhéanamh.

    Airteagal 7

    Foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    1.   Arna iarraidh sin don duine atá i dteideal doiciméad poiblí a fháil a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil, ar doiciméad é ar chuir na Ballstáit in iúl é i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 24(1), beidh foirm chaighdeánach ilteangach mar a leagtar amach sa Rialachán seo ag gabháil leis.

    2.   Na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha dá dtagraítear i mír 1, eiseoidh údarás iad agus beidh a ndáta eisiúna orthu chomh maith le síniú agus, i gcás inarb infheidhme, séala nó stampa an údaráis eisiúna.

    Airteagal 8

    Úsáid foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    1.   Beidh na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ceangailte leis na doiciméid phoiblí dá dtagraítear sa mhír sin, úsáidfear iad mar áis don aistriúchán agus ní bheidh aon luach dlíthiúil acu iad féin.

    2.   Ní bheidh na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha ina sleachta as aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    taifid ar stádas sibhialta;

    (b)

    cóipeanna focal ar fhocal de thaifid ar stádas sibhialta;

    (c)

    sleachta ilteangacha as taifid ar stádas sibhialta;

    (d)

    sleachta ilteangacha agus códaithe as taifid ar stádas sibhialta; nó

    (e)

    deimhnithe ilteangacha agus códaithe ar stádas sibhialta.

    3.   Ní fhéadfar leas a bhaint as foirmeacha caighdeánacha ilteangacha ach amháin i mBallstát seachas an Ballstát inar eisíodh iad.

    Airteagal 9

    A mbeidh sna foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    1.   Beidh rannán caighdeánach i ngach foirm chaighdeánach ilteangach, ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

    (a)

    teideal na foirme caighdeánaí ilteangaí;

    (b)

    an bunús dlí chun an fhoirm chaighdeánach ilteangach a eisiúint;

    (c)

    tagairt don Bhallstát ina n-eisítear an fhoirm chaighdeánach ilteangach;

    (d)

    bosca le haghaidh “Fógra Tábhachtach”;

    (e)

    bosca ina mbeadh “Nóta don údarás eisiúna”;

    (f)

    roinnt ceannteideal iontrála caighdeánach agus na huimhreacha cóid a ghabhann leo; agus

    (g)

    bosca don “Síniú”.

    2.   Na rannáin chaighdeánacha atá le bheith sna foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh, (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta), le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil, agus gluaiseanna ilteangacha do na ceannteidil iontrála chaighdeánacha, leagtar amach iad in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn XI, faoi seach.

    3.   I gcás inarb infheidhme, beidh an méid a leanas i ngach foirm chaighdeánach ilteangach: rannán neamhchaighdeánach ina mbeidh ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith ina léireofar a bhfuil sa doiciméad poiblí lena mbeidh an fhoirm chaighdeánach ilteangach ceangailte, agus uimhreacha cóid na gceannteideal iontrála sin.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

    5.   Beidh gluais ilteangach do na ceannteidil iontrála chaighdeánacha agus na ceannteidil iontrála chaighdeánacha a bhaineann go sonrach le tír ar leith i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais i ngach foirm chaighdeánach ilteangach freisin.

    Airteagal 10

    Teangacha ina n-eisítear na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    1.   Déanfaidh an t-údarás eisiúna an fhoirm chaighdeánach ilteangacha a líonadh isteach i dteanga oifigiúil a Bhallstáit nó, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag an mBallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina n-eisítear an fhoirm chaighdeánach ilteangach.

    2.   Déanfar rannán caighdeánach na bhfoirmeacha caighdeánacha ilteangacha agus ceannteidil iontrála na bhfoirmeacha sin a bhaineann go sonrach le tír ar leith a eisiúint go comhuaineach sa dá theanga seo a leanas:

    (a)

    teanga oifigiúil an Bhallstáit ina n-eisítear an fhoirm chaighdeánach ilteangach nó, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag an mBallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina n-eisítear an fhoirm chaighdeánach ilteangach, ar ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais í an teanga sin; agus

    (b)

    teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuiltear chun an doiciméad poiblí lena bhfuil an fhoirm chaighdeánach ilteangach ceangailte a chur i láthair nó, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag an mBallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuiltear chun an doiciméad poiblí lena bhfuil an fhoirm chaighdeánach ilteangach ceangailte a chur i láthair, ar ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais í an teanga sin freisin.

    3.   An rannán caighdeánach agus na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith a eiseofar sa dá theanga dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an ghluais ilteangach dá dtagraítear in Airteagal 9(5), déanfar iad a áireamh in aon fhoirm chaighdeánach ilteangach amháin.

    Airteagal 11

    Táille chun foirm chaighdeánach ilteangach a fháil

    D'fhonn saorchúrsaíocht doiciméad poiblí laistigh den Aontas a éascú tuilleadh, áiritheoidh na Ballstáit nach mó an táille chun foirm chaighdeánach ilteangach a fháil ná costas táirgthe na foirme caighdeánaí ilteangaí nó nach mó ná costas táirgthe an doiciméid phoiblí a ghabhann léi é, cibé acu is lú.

    Airteagal 12

    Leaganacha leictreonacha d'fhoirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    Beidh foirmeacha caighdeánacha ilteangacha samplacha do gach Ballstát ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, ar foirmeacha iad maidir le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta) agus, i gcás inarb infheidhme, le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil, agus a bhunófar i gcomhréir leis an Rialachán seo i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais agus áireofar orthu an méid seo a leanas:

    (a)

    na rannáin chaighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I go XI; agus

    (b)

    na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith a chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

    CAIBIDIL IV

    IARRATAÍ AR FHAISNÉIS AGUS AR CHOMHAR RIARACHÁIN

    Airteagal 13

    Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

    Úsáidfear Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 chun críocha Airteagal 14, Airteagal 16 agus Airteagal 22 (1) agus (2) den Rialachán seo.

    Airteagal 14

    Iarrataí ar fhaisnéis i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann

    1.   I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar údaráis Bhallstáit a gcuirtear doiciméad poiblí nó cóip dheimhnithe de ina láthair maidir le barántúlacht an doiciméid phoiblí nó na cóipe deimhnithe de, déanfaidh siad an t-amhras sin a dhíbirt trí na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:

    (a)

    seiceáil a dhéanamh ar na múnlaí atá ar fáil de dhoiciméid phoiblí i dtaisclann IMI dá dtagraítear in Airteagal 22;

    (b)

    má bhíonn amhras fós orthu, iarraidh ar fhaisnéis a chur i láthair trí IMI:

    (i)

    chuig an údarás a d'eisigh an doiciméad poiblí nó, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás a rinne an chóip dheimhnithe, nó chuig an dá údarás; nó

    (ii)

    chuig an údarás lárnach ábhartha.

    2.   Féadfaidh amhras réasúnach maidir le barántúlacht doiciméid phoiblí nó na cóipe deimhnithe de dá dtagraítear i mír 1 a bheith ag baint go háirithe leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    barántúlacht an tsínithe,

    (b)

    an cháil ina raibh an duine a shínigh an doiciméad ag gníomhú,

    (c)

    céannacht an tséala nó an stampa,

    (d)

    go ndearnadh an doiciméad a bhrionnú nó go ndearnadh crioscaíl leis.

    3.   Leagfar amach sna hiarrataí ar fhaisnéis a dhéanfar faoin Airteagal seo na forais ar a bhfuil siad bunaithe.

    4.   Ag gabháil le hiarrataí ar fhaisnéis a dhéanfar faoin Airteagal seo, beidh cóip den doiciméad poiblí lena mbaineann nó cóip dheimhnithe de, a tarchuireadh go leictreonach trí bhíthinn IMI. Ní bheidh iarrataí den sórt sin ná aon fhreagra ar na hiarrataí sin faoi réir aon chánach, dleachta ná muirir.

    5.   Tabharfaidh na húdaráis freagra ar iarrataí ar fhaisnéis a dhéanfar faoin Airteagal seo laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus, ar aon chuma, laistigh de thréimhse nach mó ná cúig lá oibre nó 10 lá oibre i gcás ina bpróiseálfar an iarraidh trí údarás lárnach.

    I gcásanna eisceachtúla, i gcás nach féidir cloí leis na teorainneacha ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tiocfaidh an t-údarás iarrtha agus an t-údarás iarrthach ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an teorainn ama.

    6.   Mura ndéanfar barántúlacht an doiciméid phoiblí nó chóip dheimhnithe an doiciméid sin a dhearbhú, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an údarás iarrthach iad a phróiseáil.

    Airteagal 15

    Ainmniú údarás lárnach

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmneoidh gach Ballstát údarás lárnach amháin ar a laghad.

    2.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás lárnach amháin ainmnithe ag Ballstát, ainmneoidh sé an t-údarás lárnach a bhféadfar aon chumarsáid a sheoladh chuige le tarchur chuig an údarás iomchuí laistigh den Bhallstát sin.

    Airteagal 16

    Feidhmeanna údarás lárnach

    Cuirfidh údaráis lárnacha cúnamh ar fáil maidir le hiarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 14, agus déanfaidh siad an méid a leanas go háirithe:

    (a)

    na hiarrataí sin a tharchur, a fháil agus, i gcás inar gá, freagra a thabhairt orthu; agus

    (b)

    soláthróidh siad an fhaisnéis atá riachtanach maidir leis na hiarrataí sin.

    CAIBIDIL V

    GAOL LE FORÁLACHA EILE DE DHLÍ AN AONTAIS AGUS LE HIONSTRAIMÍ EILE

    Airteagal 17

    Gaol le forálacha eile de dhlí an Aontais

    1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú fhorálacha eile de dhlí an Aontais maidir le dlisteanú, foirmiúlacht chomhchosúil, nó foirmiúlachtaí eile, agus comhlánóidh sé forálacha den sórt sin.

    2.   Tá an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú dhlí an Aontais maidir le sínithe leictreonacha agus aitheantas leictreonach.

    3.   Tá an Rialachán seo gan dochar d'úsáid córas eile um chomhar riaracháin bunaithe ag dlí an Aontais lena ndéantar foráil maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit i réimsí ar leith.

    Airteagal 18

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “9.

    Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na […] ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (*): Airteagal 14 agus Airteagal 16 agus Airteagal 22(1) agus (2).

    Airteagal 19

    Gaol le coinbhinsiúin, comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta

    1.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta ar páirtí nó páirtithe iontu Ballstát amháin nó níos mó tráth a nglacfar an Rialachán seo agus a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    2.   D'ainneoin mhír 1, beidh forlámhas ag an Rialachán seo, i ndáil le hábhair a mbeidh sé infheidhme maidir leo, agus a mhéid a fhoráiltear ann, ar fhorálacha eile atá i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe a thabharfaidh na Ballstáit i gcrích sa chaidreamh idir na Ballstáit sin atá mar pháirtithe ann.

    3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 1(1a).

    4.   Ní chuirfear bac ar na Ballstáit, leis an Rialachán seo, comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta a chaibidliú, a thabhairt i gcrích, a aontú, a leasú nó a chur i bhfeidhm le tríú stáit maidir le dlisteanú nó foirmiúlacht chomhchosúil i ndáil le doiciméid phoiblí maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus a eisíonn údaráis na mBallstát nó tríú tíortha le hiad a úsáid i gcaidreamh idir na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann. Ní chuirfear bac ar na Ballstáit, leis an Rialachán seo, ó chinneadh a dhéanamh maidir le glacadh le haontachas páirtithe conarthacha nua i gcomhaontuithe agus socruithe den sórt sin a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin ina pháirtí ann nó a bhféadfaidís a chinneadh go mbeidís ina bpáirtithe ann.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 20

    Cuspóir a theorannú

    1.   Le malartú agus tarchur faisnéise agus doiciméad idir na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo fónfar don chuspóir sonrach go ndéanfaidh údaráis inniúla barántúlacht doiciméad poiblí a fhíorú trí IMI agus don chuspóir sin amháin.

    2.   Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid phoiblí.

    Airteagal 21

    Faisnéis maidir le hábhar an Rialacháin seo

    Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis i ndáil le hábhar an Rialacháin seo ar fáil trí mheáin iomchuí, lena n-áirítear tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas agus trí láithreáin ghréasáin údaráis na mBallstát.

    Airteagal 22

    Faisnéis maidir le húdaráis lárnacha agus sonraí teagmhála

    1.   Faoin 16 Lúnasa 2018, bainfidh na Ballstáit leas as IMI leis an méid seo a leanas a chur in iúl:

    (a)

    an t-údarás lárnach nó na húdaráis lárnacha arna ainmniú nó arna n-ainmniú de bhun Airteagal 15(2), in éineacht lena sonraí teagmhála agus, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás arna ainmniú de bhun Airteagal 15(2);

    (b)

    múnlaí do na doiciméid phoiblí is mó a úsáidtear de réir a ndlí náisiúnta faoi seach nó, i gcás nach mbeidh ann do mhúnla amháin, faisnéis faoi na gnéithe sonracha a bhaineann leis an doiciméad poiblí lena mbaineann; agus

    (c)

    leaganacha gan ainmneacha de dhoiciméid bhrionnaithe a aimsíodh.

    2.   Bainfidh na Ballstáit leas as IMI le hathruithe ar bith a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil don phobal trí mheán iomchuí ar bith:

    (a)

    an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

    (b)

    aon fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 atá ar fáil go poiblí faoi dhlí an Bhallstáit arb iad a údaráis a d'eisigh an doiciméad poiblí.

    Airteagal 23

    Malartú dea-chleachtais

    1.   Bunófar coiste ad hoc ar a mbeidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus beidh ionadaí an Choimisiúin ina chathaoirleach air.

    2.   Déanfaidh an coiste ad hoc dá dtagraítear i mír 1 aon bheart atá riachtanach chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, go háirithe trí mhalartú agus nuashonrú rialta dea-chleachtais a éascú maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    cur i bhfeidhm an Rialacháin seo idir na Ballstáit;

    (b)

    cosc ar chalaois a bhaineann le doiciméid phoiblí, cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe;

    (c)

    úsáid leaganacha leictreonacha de dhoiciméid phoiblí;

    (d)

    úsáid foirmeacha caighdeánacha ilteangacha;

    (e)

    doiciméid bhrionnaithe a bhraitear.

    Airteagal 24

    Faisnéis atá le cur in iúl ag na Ballstáit

    1.   Faoin 16 Lúnasa 2018, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

    (a)

    na teangacha a nglacfaidh siad leo le go gcuirfear na doiciméid phoiblí faoi bhráid a n-údarás de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1);

    (b)

    liosta táscach de dhoiciméid phoiblí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

    (c)

    an liosta doiciméad poiblí lenar féidir foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a cheangal mar áis chuí aistriúcháin;

    (d)

    na liostaí de na daoine atá cáilithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aistriúcháin dheimhnithe a dhéanamh, i gcás inarb ann do liostaí den sórt sin;

    (e)

    liosta táscach de na cineálacha údarás a dtugtar de chumhacht dóibh leis an dlí náisiúnta cóipeanna deimhnithe a dhéanamh;

    (f)

    faisnéis a bhaineann leis na modhanna inar féidir aistriúcháin dheimhnithe agus cóipeanna deimhnithe a shainaithint; agus

    (g)

    faisnéis faoi na gnéithe sonracha a bhaineann le cóipeanna deimhnithe.

    2.   Faoin 16 Feabhra 2017, cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún, ina theanga oifigiúil nó ina theangacha oifigiúla, ar ceann nó cinn de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais í nó iad, na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith atá le cur sna foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhaineann le breith, le deimhniú an bhfuil duine beo, le bás, le pósadh (lena n-áirítear an cumas chun pósadh agus an stádas pósta) agus, i gcás inarb infheidhme, le páirtnéireacht chláraithe (lena n-áirítear an cumas dul i mbun páirtnéireacht chláraithe agus stádas na páirtnéireachta cláraithe), le sainchónaí agus/nó gnáthchónaí agus le héagmais taifid choiriúil.

    3.   Faoin 16 Feabhra 2018, déanfaidh an Coimisiún liostaí na gceannteideal iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith a fhaightear de bhun mhír 2 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas i dteangacha oifigiúla ar fad institiúidí an Aontais.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún athruithe ar bith a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil go poiblí tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas:

    (a)

    an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go (f) de mhír 1; agus

    (b)

    an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 atá ar fáil go poiblí faoi dhlí an Bhallstáit a ndearna a údaráis an chóip dheimhnithe.

    Airteagal 25

    Leasú ar na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith sna foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

    1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon leasuithe a dhéanfar ar na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

    2.   Foilseoidh an Coimisiún leasuithe, dá dtagraítear i mír 1, ar na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún leasuithe, dá dtagraítear i mír 1, ar na ceannteidil iontrála a bhaineann go sonrach le tír ar leith ar fáil go poiblí tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas agus leasóidh sé na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha do gach Ballstát dá réir.

    Airteagal 26

    Athbhreithniú

    1.   Roimh an 16 Feabhra 2024, agus gach trí bliana ar a dhéanaí ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear meastóireacht ar aon taithí phraiticiúil a bheidh ábhartha do chomhar idir na húdaráis lárnacha. Sa tuarascáil sin beidh meastóireacht freisin ar a iomchuí is a bheidh an méid seo a leanas:

    (a)

    raon feidhme an Rialacháin seo a shíneadh chuig doiciméid phoiblí a bhaineann le hábhair seachas na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 2 agus i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo;

    (b)

    i gcás síneadh ar an raon feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, bunú na bhfoirmeacha caighdeánacha ilteangacha do dhoiciméid phoiblí a bhaineann leis na nithe a aithnítear faoi phointe (a) den mhír seo a fhéadfar a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo má chuirtear síneadh leis; agus

    (c)

    córais leictreonacha a úsáid chun doiciméid phoiblí a tharchur go díreach agus an malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát d'fhonn aon deis calaoise sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a eisiamh.

    2.   Faoin 16 Feabhra 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil mheasúnachta í maidir lena iomchuí atá sé:

    (a)

    síneadh a chur le raon feidhme an Rialacháin seo chun na nithe seo a leanas a chumhdach:

    (i)

    doiciméid phoiblí a bhaineann le stádas dlíthiúil agus le hionadaíocht cuideachta nó gnóthais eile;

    (ii)

    dioplómaí, deimhnithe agus cruthúnas eile ar cháilíochtaí foirmiúla; agus

    (iii)

    doiciméid phoiblí lena bhfianaítear míchumas a aithnítear go hoifigiúil;

    (b)

    bunú foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (i)

    na doiciméid phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus nach mbunaítear foirmeacha caighdeánacha ilteangacha lena n-aghaidh faoin Rialachán seo; agus

    (ii)

    doiciméid phoiblí a bhaineann le hábhair a shainaithnítear faoi phointe (a) den mhír seo a fhéadfar a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo má chuirtear síneadh leis;

    (c)

    úsáid córas leictreonach chun doiciméid phoiblí a tharchur go díreach agus an malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát ionas nach mbeadh aon deis ann calaois a dhéanamh i dtaca leis na hábhair a chumhdaítear faoin Rialachán.

    3.   Beidh moltaí le haghaidh oiriúnuithe ag gabháil leis na tuarascálacha sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, i gcás inarb iomchuí, go háirithe maidir le síneadh a chur le raon feidhme an Rialacháin seo ionas go gcumhdófaí doiciméid phoiblí a bhaineann le hábhair nua dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus pointe (a) de mhír 2 maidir le foirmeacha caighdeánacha ilteangacha nua a bhunú, dá dtagraítear sin i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 agus córais leictreonacha a úsáid chun doiciméid phoiblí a tharchur go díreach agus chun faisnéis a mhalartú idir údaráis na mBallstát dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus i bpointe (c) de mhír 2.

    Airteagal 27

    Teacht i bhfeidhm

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm aige ón 16 Feabhra 2019, cé is moite de:

    (a)

    Airteagal 24(2) a mbeidh feidhm aige ón 16 Feabhra 2017;

    (b)

    Airteagal 12 agus Airteagal 24(3) a mbeidh feidhm aige ón 16 Feabhra 2018; agus

    (c)

    Airteagal 22 agus Airteagal 24(1), a mbeidh feidhm acu ón 16 Lúnasa 2018;

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    I. KORČOK


    (1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 52

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Márta 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2016.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

    (4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

    (5)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama(IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1).

    (7)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

    (8)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284., 30.10.2009, lch. 1).

    (10)  Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú cheart shaoránaigh an Aontais chun vótála agus chun bheith ina n-iarrthóirí i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, ar saoránaigh iad a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad (IO L 329., 30.12.1993, lch. 34).

    (11)  Treoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vóta a chaitheamh agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a chur i bhfeidhm ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh ann iad (IO L 368, 31.12.1994, lch. 38).


    IARSCRÍBHINN I

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN II

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN III

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN IV

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN V

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN VI

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN VII

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN VIII

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN IX

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN X

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    IARSCRÍBHINN XI

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Image

    Téacs an íomhá

    Top