Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0760

    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    IO L 123, 19.5.2015, p. 98–121 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 10/01/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/760/oj

    19.5.2015   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    98


    RIALACHÁN (AE) 2015/760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Aibreán 2015

    maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Is uirlis chumasúcháin ríthábhachtach é an maoiniú fadtéarmach chun an geilleagar Eorpach a chur ar bhealach fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh, i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020, ar bhealach ardfhostaíochta, agus ar bhealach na hiomaíochta chun an geilleagar amach anseo a thógáil ar dhóigh nach mbeidh rioscaí sistéamacha ag cur isteach air chomh furasta sin agus go mbeidh sé níos athléimní. Soláthraíonn cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) maoiniú a bhfuil gné mharthanach ag roinnt leis do thionscadail bhonneagair éagsúla, do ghnólachtaí neamhliostaithe nó d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) liostaithe a eisíonn ionstraimí cothromais nó fiachais nach bhfuil aon cheannaitheoir so-aitheanta ann dóibh. Trí mhaoiniú a sholáthar do thionscadail den sórt sin, rannchuidíonn ELTIFanna le fíorgheilleagar an Aontais a mhaoiniú agus lena chuid beartas a chur chun feidhme.

    (2)

    Ó thaobh an éilimh de, is féidir le hELTIFanna sruth ioncaim foisteaneach a sholáthar do riarthóirí pinsin, do chuideachtaí árachais, d'fhondúireachtaí, do bhardais agus d'eintitis eile a mbíonn dliteanais rialta agus athfhillteacha rompu agus a mbíonn fáltais fhadtéarmacha á lorg acu laistigh de struchtúir dhea-rialáilte. Cé go gcuireann siad níos lú leachtachta ar fáil ná infheistíochtaí in urrúis inaistrithe, is féidir le hELTIFanna sruth ioncaim foisteaneach a sholáthar d'infheisteoirí aonair atá ag brath ar an sreabhadh airgid rialta is féidir le hELTIF a tháirgeadh. Is féidir le hELTIFanna freisin deiseanna maithe maidir le luachmhéadú caipitil thar am athairiscint do na hinfheisteoirí sin nach bhfuil sruth ioncaim foisteaneach á fháil acu.

    (3)

    Is féidir maoiniú le haghaidh tionscadal amhail bonneagar iompair, giniúint nó dáileadh fuinnimh inbhuanaithe, bonneagar sóisialta (tithíocht nó ospidéil), leathadh céimneach nuatheicneolaíochtaí agus córas lena laghdaítear úsáid acmhainní agus fuinnimh, nó fás breise ar FBManna, a bheith gann. Mar a léirigh an ghéarchéim airgeadais, trí mhaoiniú ó na bainc a chomhlánú le rogha níos leithne d'fhoinsí maoinithe a dhéanann margaí caipitil a shlógadh níos fearr is féidir cabhrú le dul i ngleic le bearnaí sa mhaoiniú. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag ELTIFanna ina leith sin, agus is féidir leo caipiteal a shlógadh freisin trí infheisteoirí tríú tír a mhealladh.

    (4)

    Is é fócas an Rialacháin seo ná borradh a chur faoi infheistíochtaí fadtéarmacha Eorpacha san fhíorgheilleagar. Is féidir le hinfheistíochtaí fadtéarmacha i dtionscadail, i ngnóthais, agus i mbonneagar i dtríú tíortha freisin caipiteal a ghnóthú d'ELTIFanna agus ar an gcaoi sin is féidir leo tairbhiú don gheilleagar Eorpach. Dá bhrí sin, níor cheart infheistíochtaí den sórt sin a chosc.

    (5)

    In éagmais rialachán a leagfadh amach rialacha maidir le hELTIFanna, d'fhéadfadh sé go nglacfaí bearta dibhéirsithe ar an leibhéal náisiúnta, rud is dealraitheach a dtiocfadh saobhadh iomaíochta as i ngeall ar éagsúlachtaí a bheith sna bearta maidir le cosaint infheistíochtaí. Le ceanglais náisiúnta dhibhéirsithe ar chomhdhéanamh punann, ar éagsúlú, agus ar shócmhainní incháilithe, go háirithe infheistíocht i dtráchtearraí, cruthaítear bacainní ar mhargú trasteorann cistí infheistíochta atá dírithe ar ghnóthais neamhliostaithe agus sócmhainní réadacha ós rud é nach bhfuil sé éasca d'infheisteoirí tairiscintí infheistíochta éagsúla a thairgtear dóibh a chur i gcomparáid le chéile. Bíonn leibhéil éagsúla cosanta infheisteora ann freisin de thoradh na gceanglas náisiúnta dibhéirsithe. Thairis sin, is é an toradh atá ar cheanglais náisiúnta dhibhéirsithe a bhaineann le teicnící infheistíochta, amhail leibhéil cheadaithe iasachtaíochta, úsáid ionstraimí díorthacha airgeadais, rialacha is infheidhme maidir le hidirbhearta díola fholaimh nó le hidirbhearta maoinithe urrús, ná go mbíonn neamhréitigh ann sa leibhéal cosanta infheisteora. Sa bhreis air sin, cuirtear bac ar dhíol trasteorann cistí lena n — infheistítear i sócmhainní neamhliostaithe mar gheall ar cheanglais náisiúnta dhibhéirsithe ar thréimhsí fuascailte nó sealbhaíochta. Trí éiginnteacht dhlíthiúil a mhéadú, is féidir go mbainfear an bonn de mhuinín infheisteoirí le linn infheistíochtaí i gcistí den sórt sin a bhreithniú, agus go laghdófar an raon a bheidh ag infheisteoirí roghnú go héifeachtach idir deiseanna infheistíochta fadtéarmaí éagsúla mar gheall ar na dibhéirseachtaí sin. Dá thoradh sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo, arna léirmhíniú ag cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    (6)

    Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha chun a áirithiú gur léir próifíl táirge chomhleanúnach agus chobhsaí a bheith ag ELTIFanna ar fud an Aontais. Ar bhonn níos sonraí, d'fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta infheisteora a áirithiú, is gá rialacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le hELTIFanna a oibriú, go háirithe maidir le comhdhéanamh a bpunainne agus maidir leis na hionstraimí infheistíochta is ceadmhach dóibh a úsáid chun nochtadh a fháil ar shócmhainní fadtéarmacha, amhail ionstraimí cothromais nó fiachais arna n-eisiúint ag FBManna liostaithe agus ag gnóthais neamhliostaithe, chomh maith le sócmhainní réadacha. Tá gá freisin le rialacha aonfhoirmeacha maidir le punann ELTIF chun a áirithiú go ndéanfaidh ELTIFanna atá dírithe ar ioncam rialta a ghiniúint punann dhibhéirsithe de shócmhainní infheistíochta a choinneáil ar bun atá oiriúnach chun sreabhadh airgid rialta a choinneáil ar bun. Is céadchéim ionsar mhargadh inmheánach comhtháite a chruthú chun caipiteal a ghnóthú is féidir a stiúradh ionsar infheistíochtaí fadtéarmacha sa gheilleagar Eorpach ELTIFanna. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha a bhaint amach, ceanglaítear ar an gCoimisiún leanúint dá mheasúnú ar bhacainní féideartha a d'fhéadfadh a bheith sa bhealach ar chaipiteal fadtéarmach a ghnóthú trasna teorainneacha, lena n-áirítear bacainní a eascraíonn as an gcaoi a ndéileáiltear go fioscach leis na hinfheistíochtaí sin.

    (7)

    Tá sé sár-riachtanach go n-áiritheofar go mbeidh na rialacha ar oibriú ELTIFanna, go háirithe maidir le comhdhéanamh a bpunainne agus na hionstraimí infheistíochta is ceadmhach dóibh a úsáid, infheidhme go díreach maidir le bainisteoirí ELTIFanna agus, dá bhrí sin, ní mór na rialacha nua seo a ghlacadh mar Rialachán. Áirithítear leis seo freisin go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le húsáid an ainmniúcháin “ELTIF”, trí chosc a chur ar theacht chun cinn ceanglas náisiúnta dibhéirsithe. Ba cheart do bhainisteoirí ELTIFanna na rialacha céanna a leanúint ar fud an Aontais ionas go gcothófar muinín infheisteoirí in ELTIFanna agus go n — áiritheofar iontaofacht sheasmhach an ainmniúcháin “ELTIF”. Ag an am céanna, trí rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh, laghdaítear a chasta atá na ceanglais rialála is infheidhme maidir le hELTIFanna. Trí bhíthin rialacha aonfhoirmeacha, laghdaítear freisin an costas atá ar na bainisteoirí chun ceanglais náisiúnta dhibhéirsithe a chomhlíonadh lena rialaítear cistí a infheistíonn i ngnóthais liostaithe agus neamhliostaithe agus i gcatagóirí sócmhainní réadacha is inchomparáide leo. Is fíor é seo go háirithe i gcás bainisteoirí ELTIFanna ar mian leo caipiteal a thiomsú ar bhonn trasteorann. Le rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh, rannchuidítear freisin le saobhadh iomaíoch a dhíchur.

    (8)

    Tá na rialacha nua maidir le hELTIFanna nasctha go dlúth le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ós í an Treoir sin an creat dlí lena rialaítear cistí infheistíochta malartacha (AIFanna) a bhainistiú agus a mhargú san Aontas. De réir sainmhíniú, tá ELTIFanna ina AIFanna AE arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFManna) atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.

    (9)

    Cé go bhforáiltear i dTreoir 2011/61/AE freisin do chóras céimnithe tríú tír lena rialáiltear AIFManna neamh-AE agus AIFanna neamh-AE, tá raon feidhme níos teoranta ag na rialacha nua maidir le hELTIFanna lena gcuirtear béim ar an ngné Eorpach den táirge infheistíochta fadtéarmaí nua. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh incháilithe chun bheith ina ELTIF ach AIF AE de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/61/AE agus níl sin amhlaidh ach ar choinníoll go bhfuil sé á bhainistiú ag AIFM AE atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.

    (10)

    Ba cheart go dtógfadh na rialacha nua is infheidhme maidir le hELTIFanna ar an gcreat rialála atá ann cheana agus a bunaíodh trí Threoir 2011/61/AE agus ar na gníomhartha a ghlactar chun an Treoir sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhaineann le hELTIFanna sa bhreis ar na rialacha a leagtar síos i ndlí an Aontais atá ann cheana. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha bainistithe agus margaíochta a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE maidir le hELTIFanna. Ar an gcuma chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus le saoirse bunaíochta a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE dá réir sin maidir le gníomhaíochtaí trasteorann ELTIFanna. Ba cheart iad sin a chomhlánú le rialacha margaíochta sonracha arna gceapadh i leith mhargú trasteorann ELTIFanna le hinfheisteoirí miondíola agus gairmiúla araon ar fud an Aontais.

    (11)

    Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha aonfhoirmeacha maidir le hAIFanna AE uile ar mian leo iad féin a chur ar an margadh mar ELTIFanna. Níor cheart na rialacha sin a bheith ina gceangal ar AIFanna AE nach mian leo iad féin a chur ar an margadh mar ELTIFanna, rud a chiallaíonn go nglacann siad freisin, ar an gcaoi sin, nach mbaineann siad tairbhe as na buntáistí a leanann. Níor cheart go mbeadh gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) agus AIFanna neamh — AE incháilithe le bheith ar an margadh mar ELTIFanna.

    (12)

    Chun a áirithiú go gcomhlíonann ELTIFanna na rialacha comhchuibhithe maidir le gníomhaíocht na gcistí sin, is gá a cheangal ar údaráis inniúla ELTIFanna a údarú. Ba cheart, dá bhrí sin, na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le húdarú AIFManna agus maidir le faireachán orthu faoi Threoir 2011/61/AE a fhorlíonadh le nós imeachta údarúcháin speisialta maidir le hELTIFanna. Ba cheart nósanna imeachta a chur ar bun chun a áirithiú gurb iad AIFManna AE arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE agus ar féidir leo ELTIF a bhainistiú, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh ELTIFanna a bhainistiú. Ba cheart na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh sé ar chumas ELTIF na rialacha comhchuibhithe lena rialaítear gníomhaíocht na gcistí sin a chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta údaraithe i gcás ina ndéantar ELTIF a bhainistiú go hinmheánach agus nach bhfuil aon AIFM seachtrach ceaptha.

    (13)

    Ós rud é go bhféadann foirmeacha éagsúla dlí a bheith ar AIFanna AE nach dtugann dóibh pearsantacht dhlítheanach i gcónaí, ba cheart a mheas, maidir leis na forálacha a cheanglaíonn ar ELTIFanna gníomhú, gur ag tagairt do bhainisteoir an ELTIF atáthar i gcásanna ina bhfuil an tELTIF comhdhéanta mar AIF AE nach bhfuil ar a chumas gníomhú as a stuaim féin toisc nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach dá chuid féin aige.

    (14)

    Chun a áirithiú go ndíríonn ELTIFanna ar infheistíochtaí fadtéarmacha agus go rannchuidíonn siad le fás inbhuanaithe gheilleagar an Aontais a mhaoiniú, ba cheart é bheith ina cheanglas i rialacha maidir le punann ELTIFanna go sainaithneofar go soiléir catagóirí na sócmhainní atá incháilithe d'infheistíocht ag ELTIFanna agus na coinníollacha faoinar cheart iad a bheith incháilithe. Ba cheart d'ELTIF 70 % ar a laghad dá chaipiteal a infheistiú i sócmhainní infheistíochta incháilithe. D'fhonn sláine ELTIFanna a áirithiú, is inmhianaithe freisin toirmeasc a chur ar ELTIF idirbhearta airgeadais áirithe a dhéanamh a d'fhéadfadh a straitéis infheistíochta agus a chuspóirí infheistíochta a chur i mbaol trí rioscaí a thabhairt isteach nach ionann iad agus na rioscaí arbh fhéidir a bheith ag súil leo i gcás ciste atá spriocdhírithe ar infheistíochtaí fadtéarmacha. Chun a áirithiú go ndírítear go soiléir ar infheistíochtaí fadtéarmacha, a fhéadfaidh a bheith úsáideach d'infheisteoirí miondíola nach bhfuil eolach ar straitéisí infheistíochta ar lú comhghnás iad, níor cheart go gceadófaí d'ELTIF infheistiú in ionstraimí díorthacha airgeadais ach amháin chun na rioscaí is gné dhílis dá chuid infheistíochtaí féin a fhálú. I bhfianaise gur de chineál leachtach iad tráchtearraí agus na hionstraimí díorthacha airgeadais a thugann nochtadh indíreach orthu, níl gealltanas infheisteora fadtéarmach riachtanach le haghaidh infheistíochtaí i dtráchtearraí agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó shócmhainní infheistíochta incháilithe. Níl feidhm ag an réasúnaíocht sin maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar nó i gcuideachtaí atá gaolmhar le tráchtearraí nó a bhfuil a bhfeidhmíocht nasctha go hindíreach le feidhmíocht tráchtearraí, amhail feirmeacha i gcás tráchtearraí talmhaíochta nó gléasraí cumhachta i gcás tráchtearraí fuinnimh.

    (15)

    Is leathan an sainmhíniú ar cad is infheistíocht fhadtéarmach ann. Bíonn sócmhainní infheistíochta incháilithe neamhleachtach de ghnáth, bíonn gealltanais a mhaireann tréimhse ama áirithe de dhíth orthu, agus bíonn próifíl eacnamaíoch de chineál fadtéarmach acu. Is urrúis do-aistrithe iad sócmhainní infheistíochta incháilithe agus, dá bhrí sin, ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht na margaí tánaisteacha. Is minic a bhíonn gealltanais téarma sheasta de dhíth orthu, rud a chuireann srian lena n-indíoltacht. Dá ainneoin sin, ós rud é go bhféadfadh fadhbanna a bhaineann le leachtacht agus le rochtain ar an margadh tánaisteach a bheith ag FBManna liostaithe, ba cheart iad a mheas mar ghnóthais phunainne cháilitheacha. Tá timthriall eacnamaíoch na hinfheistíochta atá á lorg ag ELTIFanna de chineál atá fadtéarmach go bunúsach mar gheall ar na gealltanais arda chaipitil agus an fad ama is gá chun fáltais a tháirgeadh.

    (16)

    Ba cheart go mbeadh cead ag ELTIF infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní seachas sócmhainní infheistíochta incháilithe de réir mar is gá chun a shreabhadh airgid a bhainistiú go héifeachtúil, ach fad atá sé sin comhsheasmhach le straitéis infheistíochta fadtéarmaí an ELTIF amháin.

    (17)

    Ba cheart go mbeadh rannpháirtíochtaí, amhail ionstraimí cothromais nó cuasachothromais, ionstraimí fiachais i ngnóthais phunainne cháilitheacha, agus iasachtaí a thugtar dóibh, san áireamh sa chiall atá le sócmhainní infheistíochta incháilithe. Ba cheart rannpháirtíochtaí i gcistí eile atá dírithe ar shócmhainní amhail infheistíochtaí i ngnóthais neamhliostaithe a eisíonn ionstraimí cothromais nó fiachais nach mbíonn ceannaitheoir so-aitheanta ann dóibh i gcónaí a chur san áireamh iontu freisin. Ba cheart sealúchais dhíreacha sócmhainní réadacha, mura rud é go bhfuil siad urrúsaithe, a bheith ina chatagóir de shócmhainní incháilithe freisin, ar choinníoll go dtugann siad sreabhadh airgid intuartha, bíodh sin rialta nó mírialta, sa mhéid agus gur féidir iad a mhúnlú agus a luacháil bunaithe ar mhodh luachála lascainithe sreabhaidh airgid. D'fhéadfadh na sócmhainní sin bonneagar sóisialta a chur san áireamh, ar bhonn táscach, ar bonneagar é a thugann fáltas intuartha, amhail bonneagar fuinnimh, iompair agus cumarsáide, chomh maith le saoráidí oideachais, sláinte, tacaíochta leasa nó tionsclaíochta. Os a choinne sin, níor cheart go mbeadh sócmhainní amhail ealaín, lámhscríbhinní, stoic fíona nó seodra incháilithe mar nach gnách go dtugann siad sreabhadh airgid intuartha.

    (18)

    Maidir le sócmhainní infheistíochta incháilithe, ba cheart go mbeadh ar áireamh iontu sócmhainní réadacha ag a bhfuil luach atá os cionn EUR 10 000 000 agus a ghineann sochar eacnamaíoch agus sóisialta. Áirítear i sócmhainní den sórt sin bonneagar, maoin intleachtúil, soithí, trealamh, innealra, aerárthaí nó stoc rollta, agus maoin dhochorraithe. Ba cheart infheistíochtaí i maoin tráchtála nó i dtithíocht a cheadú a mhéid go bhfónann siad don chuspóir rannchuidiú le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach nó le beartais fuinnimh, réigiúnacha agus comhtháthaithe an Aontais. Ba cheart go mbeadh infheistíochtaí i maoin dhochorraithe den sórt sin doiciméadaithe go soiléir ionas go léireodh sí an gealltanas fadtéarmach infheistíocht a dhéanamh sa mhaoin. Ní fhéachann an Rialachán seo le hinfheistíochtaí amhantraíochta a chur chun cinn.

    (19)

    Ciallaíonn an scála a ghabhann le tionscadail bhonneagair go bhfuil suimeanna móra caipitil de dhíth orthu ionas go bhfanann siad infheistithe ar feadh tréimhsí fada. Folaíonn tionscadail bhonneagair den sórt sin bonneagar foirgníochta poiblí amhail scoileanna, ospidéil nó príosúin, bonneagar sóisialta amhail tithíocht shóisialta, bonneagar iompair amhail bóithre, mórchórais iompair phoiblí nó aerfoirt, bonneagar fuinnimh amhail eangacha fuinnimh, tionscadail oiriúnaithe agus maolaithe aeráide, gléasraí cumhachta nó píblínte, bonneagar bainistithe uisce amhail córais soláthair uisce, córais séarachais nó uisciúcháin, bonneagar cumarsáide amhail gréasáin, agus bonneagar bainistithe dramhaíola amhail córais athchúrsála nó bailithe.

    (20)

    Maidir le hionstraimí cuasachothromais, ba cheart a thuiscint leo go gcuimsíonn siad cineál ionstraime maoinithe ar teaglaim é de chothromas agus d'fhiachas, sa chás ina mbeidh an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó le caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus i gcás nach mbeidh aisíoc na hionstraime i gcás mainneachtana lánurraithe. Áirítear le hionstraimí den sórt sin réimse ionstraimí maoinithe amhail fo-iasachtaí, rannpháirtíochtaí ciúine, iasachtaí rannpháirtíochta, cearta rannpháirtíochta brabúis, bannaí in-chomhshóite agus bannaí le barántais.

    (21)

    Chun freagairt do chleachtais ghnó atá ann cheana, ba cheart a lamháil d'ELTIF scaireanna láithreacha ó ghnóthas punainne cáilitheach a cheannach ó scairshealbhóirí atá ann cheana den ghnóthas sin. Sa bhreis air sin, chun críocha an oiread deiseanna agus is féidir a áirithiú maidir le tiomsú airgid, ba cheart infheistíochtaí in ELTIFanna eile, i gCistí Caipitil Fiontair Eorpacha (EuVECAnna), arna rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus i gCistí Fiontraíochta Sóisialta Eorpacha (EuSEFanna), arna rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a cheadú. Chun nach gcaolófar na hinfheistíochtaí i ngnóthais phunainne cháilitheacha, níor cheart cead a bheith ag ELTIFanna infheistiú in ELTIFanna eile, in EuVECAnna agus in EuSEFanna ach ar choinníoll nár infheistigh na hELTIFanna sin iad féin níos mó ná 10 % dá gcaipiteal in ELTIFanna eile.

    (22)

    D'fhéadfadh sé go mbeadh úsáid gnóthas airgeadais riachtanach d'fhonn rannchuidithe infheisteoirí éagsúla, lena n-áirítear infheistíochtaí de chineál poiblí, a chomhthiomsú agus a eagrú i dtionscadail bhonneagair. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith ag ELTIFanna infheistiú i sócmhainní infheistíochta incháilithe trí bhíthin gnóthais airgeadais, ar choinníoll go mbeidh na gnóthais sin tiomnaithe do thionscadail fhadtéarmacha a mhaoiniú, agus d'fhorás FBManna chomh maith.

    (23)

    Is féidir le gnóthais neamhliostaithe deacrachtaí a bheith acu maidir le rochtain a fháil ar mhargaí caipitil agus fás agus leathnú breise a mhaoiniú. Modhanna tipiciúla chun maoiniú a thiomsú ná maoiniú príobháideach trí bhunanna cothromais nó trí iasachtaí. Ós rud é gur buntréith de na hionstraimí sin a bheith ina n-infheistíochtaí fadtéarmacha, bíonn caipiteal foighneach de dhíth orthu, caipiteal is féidir le hELTIFanna a sholáthar. Thairis sin, is minic go mbíonn bacainní suntasacha le sárú ag FBManna agus maoiniú fadtéarmach á fháil acu agus féadfaidh ELTIFanna foinsí maoinithe malartacha luachmhara a sholáthar.

    (24)

    Ba cheart, dá bhrí sin, catagóirí sócmhainní fadtéarmacha de réir bhrí an Rialacháin seo a bheith comhdhéanta de ghnóthais neamhliostaithe a eisíonn ionstraimí cothramais nó fiachais a bhféadfadh sé nach bhfuil ceannaitheoir so-aitheanta ann dóibh agus de ghnóthais liostaithe ag a bhfuil caipitliú uasta de EUR 500 000 000.

    (25)

    I gcás ina bhfuil bun ag bainisteoir ELTIF i ngnóthas punainne, tá baol ann go dtugann an bainisteoir tús áite dá leasanna féin thar leasanna na n — infheisteoirí in ELTIF. Chun coinbhleachtaí leasa den sórt sin a sheachaint, agus chun rialachas corparáideach fónta a áirithiú, níor cheart d'ELTIF infheistíocht a dhéanamh ach i sócmhainní nach bhfuil baint acu le bainisteoir an ELTIF, agus iadsan amháin, mura rud é go n-infheistíonn an tELTIF in aonaid nó scaireanna ELTIFanna, EuVECAnna nó EuSEFanna eile atá á mbainistiú ag bainisteoir an ELTIF.

    (26)

    Chun go mbeidh méid áirithe solúbthachta ag bainisteoirí ELTIFanna le linn a gcistí a infheistiú, ba cheart trádáil i sócmhainní seachas infheistíochtaí fadtéarmacha a cheadú go dtí tairseach uasta de 30 % de chaipiteal an ELTIF.

    (27)

    Chun teorainn a chur le dul i riosca ag ELTIFanna, tá sé bunriachtanach riosca contrapháirtí a laghdú trí phunann ELTIFanna a chur faoi réir ceanglas soiléir dibhéirsithe. Ba cheart gach díorthach thar an gcuntar a bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (28)

    Chun nach n-imreoidh ELTIF atá ag infheistiú tionchar suntasach ar bhainistiú ELTIF eile nó ar chomhlacht eisiúna, is gá comhchruinniú iomarcach ag ELTIF san infheistíocht chéanna a sheachaint.

    (29)

    Chun a lamháil do bhainisteoirí ELTIFanna caipiteal breise a thiomsú le linn shaolré an chiste, ba cheart cead a thabhairt dóibh suimeanna airgid go dtí 30 % de luach chaipiteal an ELTIF a fháil ar iasacht. Ba cheart go bhfónfadh sé sin chun fáltas breise a sholáthar do na hinfheisteoirí. Chun an baol atá ann go mbeidh neamhréir airgeadra ann a dhíchur, níor cheart don ELTIF iasacht a fháil ach san airgeadra a mbeidh bainisteoir an ELTIF ag súil leis go bhfaighidh sé an tsócmhainn ann. Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta, níor cheart an t-airgead tirim a fhaigheann an tELTIF ar iasacht a úsáid chun iasachtaí a dheonú do ghnóthais phunainne cháilitheacha.

    (30)

    Ós rud é gur de chineál fadtéarmach agus neamhleachtach iad infheistíochtaí ELTIF, ba cheart dóthain ama a bheith ag bainisteoirí an ELTIF chun na teorainneacha infheistíochta a chur i bhfeidhm. Ba cheart sainghnéithe agus saintréithe na n-infheistíochtaí a chur san áireamh agus an tréimhse ama is gá chun na teorainneacha sin á cur chun feidhme, ach níor cheart an tréimhse sin a bheith os cionn cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF nó leathré an ELTIF, cibé acu is luaithe.

    (31)

    Mar gheall ar a bpróifíl punainne agus a bhfócas ar chatagóirí sócmhainní fadtéarmacha, tá ELTIFanna ceaptha chun coigealtas príobháideach a sheoladh ionsar an ngeilleagar Eorpach. Coincheaptar ELTIFanna freisin mar mhodh infheistíochta trínar féidir le grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a bhonneagar Eorpach nó a mhaoiniú FBM a sheoladh. De bhua an Rialacháin seo, déantar ETLIFanna a struchtúrú mar ghléas infheistíochta comhthiomsaithe a fhreagraíonn d'fhócas Ghrúpa BEI ar rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus fhoisteanach ar mhargadh inmheánach le haghaidh infheistíochtaí fadtéarmacha ar mhaithe leis an Aontas. I bhfianaise a bhfócais ar chatagóirí sócmhainní fadtéarmacha, is féidir le hELTIFanna an ról atá ceaptha dóibh a chomhlíonadh, eadhon a bheith mar uirlis tosaíochta chun an Plean Infheistíochta don Eoraip a leagadh amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 a thabhairt i gcrích.

    (32)

    Ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt dá chuid próiseas le haghaidh na n-iarratas uile ó ELTIFanna ar mhaoiniú ó BEI agus sruthlíniú a dhéanamh orthu. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, sruthlíniú a dhéanamh ar an gcaoi a seachadann sé aon tuairimí nó rannchuidithe maidir le haon iarratais ag ELTIFanna ar mhaoiniú ó BEI.

    (33)

    Thairis sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh leas ag Ballstáit, agus ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla freisin, eolas a thabhairt d'infheisteoirí féideartha agus don phobal maidir le hELTIFanna.

    (34)

    In ainneoin nach bhfuil sé de cheangal ar ELTIF cearta fuascailte a thairgeadh roimh dheireadh a saolré, níor cheart aon bhac a bheith ar ELTIF féachaint lena aonaid nó lena scaireanna a ligean isteach i margadh rialáilte nó i saoráid trádála iltaobhach, rud a thabharfadh deis d'infheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a dhíol roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Níor cheart go mbeadh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF ina gcosc ar aonaid nó scaireanna ELTIF a ligean isteach i margaí rialáilte nó i saoráid trádála iltaobhach, ná níor cheart go mbeidís ina gcosc ar infheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a aistriú go héasca chuig tríú páirtithe ar mian leo na haonaid nó na scaireanna sin a cheannach. Beartaítear leis seo margaí tánaisteacha a chur chun cinn mar ionad tábhachtach d'infheisteoirí miondíola chun scaireanna nó aonaid ELTIFanna a cheannach.

    (35)

    Cé go bhféadfadh sé go mbeadh spéis ag infheisteoirí aonair infheistiú in ELTIF, fágann cineál neamhleachtach fhormhór na n-infheistíochtaí i dtionscadail fhadtéarmacha go gcoisctear ELTIF fuascailtí rialta a thairisicnt dá infheisteoirí. Maidir le gealltanas an infheisteora aonair d'infheistíocht i sócmhainní den sórt sin, déantar é de réir chineál an ghealltanais go dtí deireadh théarma na hinfheistíochta. Ba cheart, dá réir sin, ELTIFanna a struchtúrú i bprionsabal ar dhóigh nach dtairgfear fuascailtí rialta roimh dheireadh shaolré an ELTIF.

    (36)

    Chun dreasacht a thabhairt d'infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola, a bhféadfadh sé nach mbeidís toilteanach a gcaipiteal a theanntú ar feadh tréimhse fhada ama, ba cheart go mbeadh ELTIF in ann, faoi choinníollacha áirithe, cearta luathfhuascailte a thairiscint dá chuid infheisteoirí. Dá bhrí sin, ba cheart an lánrogha a thabhairt do bhainisteoir an ELTIF a chinneadh an ndéanfaidh sé ELTIFanna le cearta fuascailte nó gan chearta fuascailte, de réir straitéis infheistíochta an ELTIF, a bhunú. Nuair is ann do chóras de chearta fuascailte, ba cheart go ndéanfaí na cearta sin agus a bpríomhghnéithe a réamhshainiú go soiléir agus a nochtadh i rialacha agus in ionstraimí corpraithe an ELTIF.

    (37)

    Chun gur féidir le hinfheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a fhuascailt go héifeachtach tráth a bheidh deireadh le saolré an ELTIF, ba cheart do bhainisteoir an ELTIF tosú ar phunann sócmhainní an ELTIF a dhíol luath go maith chun a áirithiú go réadófar a luach mar is cuí. Agus sceideal ordúil dí-infheistithe á chinneadh aige, ba cheart do bhainisteoir an ELTIF próifílí aibíochta éagsúla na n-infheistíochtaí agus an fad ama is gá chun ceannaitheoir a fháil do na sócmhainní ina bhfuil an tELTIF infheistithe a chur san áireamh. Ós rud é nach praiticiúil na teorainneacha infheistíochta a choinneáil ar bun le linn na tréimhse leachtaithe sin, ba cheart go scoirfidís d'fheidhm a bheith acu nuair a thosóidh an tréimhse leachtaithe.

    (38)

    Chun rochtain infheisteoirí miondíola ar ELTIFanna a leathnú, tá GCUI in ann infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó i scaireanna arna n-eisiúint ag ELTIF sa mhéid agus go bhfuil scaireanna nó aonaid an ELTIF incháilithe faoi Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (39)

    Ba cheart go mbeadh sé indéanta ag ELTIF a chaipiteal a laghdú ar bhonn pro rata sa chás ina mbeidh ceann dá chuid sócmhainní dídhílsithe aige, go háirithe i gcás infheistíocht bhonneagair.

    (40)

    Féadfaidh na sócmhainní neamhliostaithe ina bhfuil ELTIF infheistithe liostú ar mhargadh rialáilte a fháil le linn shaolré an chiste. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, ní fhéadfaidh na sócmhainní ceanglas neamhliostaithe an Rialacháin seo a chomhlíonadh a thuilleadh. Ionas gur féidir le bainisteoir an ELTIF dí-infheistiú ar mhodh ordúil ó shócmhainní den sórt sin nach mbeadh incháilithe a thuilleadh, d'fhéadfadh na sócmhainní leanúint de bheith san áireamh ionsar an teorainn 70 % de shócmhainní infheistíochta incháilithe go ceann suas le trí bliana.

    (41)

    I bhfianaise shaintréithe sonracha ELTIFanna, chomh maith le saintréithe na n-infheisteoirí miondíola agus gairmiúla ar a bhfuil siad dírithe, tá sé tábhachtach go gcuirfear ceanglais trédhearcachta fhónta ar bun lenar féidir le hinfheisteoirí ionchasacha cinneadh eolasach a dhéanamh agus go mbeidh feasacht iomlán acu ar na rioscaí lena mbaineann. De bhreis ar na ceanglais trédhearcachta atá i dTreoir 2011/61/AE a chomhlíonadh, ba cheart d'ELTIFanna réamheolaire a fhoilsiú inar cheart go bhfolódh a inneachar an fhaisnéis uile a cheanglaítear ar ghnóthais chomhinfheistíochta den chineál dúnta a nochtadh i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (10). I gcás ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, ba cheart é a bheith éigeantach go bhfoilseofaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Thairis sin, ba cheart aird a tharraingt in aon doiciméid mhargaíochta ar phróifíl riosca an ELTIF.

    (42)

    Féadfaidh ELTIFanna a bheith tarraingteach d'infheisteoirí, amhail bardais, eaglaisí, carthanachtaí agus fondúireachtaí, ar cheart go mbeadh na hinfheisteoirí seo in ann a iarraidh go ndéileálfaí leo mar chliaint ghairmiúla i gcásanna ina gcomhlíonann siad coinníollacha Roinn II d'Iarscríbhinn II de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

    (43)

    Ós rud é go ndíríonn ELTIFanna ní hamháin ar infheisteoirí gairmiúla ar fud an Aontais ach ar infheisteoirí miondíola ar fud an Aontais freisin, is gá ceanglais bhreise áirithe a chur leis na ceanglais mhargaíochta a leagtar síos cheana i dTreoir 2011/61/AE, chun a áirithiú go mbeidh leibhéal iomchuí cosanta d'infheisteoirí miondíola ann. Dá bhrí sin, ba cheart saoráidí a chur ar fáil chun suibscríbhinní a dhéanamh, íocaíochtaí a thabhairt do shealbhóirí aonad nó do scairshealbhóirí, aonaid nó scaireanna a athcheannach nó a fhuascailt, agus an fhaisnéis a chur ar fáil a cheanglaítear ar an ELTIF agus ar bhainisteoir an ELTIF a sholáthar. Thairis sin, chun a áirithiú nach bhfuil infheisteoirí miondíola faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hinfheisteoirí gairmiúla, ba cheart coimircí áirithe a chur ar bun nuair a mhargaítear ELTIFanna d'infheisteoirí miondíola. I gcás gur trí dháileoir a dhéantar ELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó a chur chuig infheisteoirí miondíola, ba cheart go gcomhlíonfadh dáileoir den sórt sin ceanglais ábhartha Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    (44)

    Ba cheart go bhfaigheadh bainisteoir an ELTIF nó an dáileoir an fhaisnéis riachtanach go léir maidir le heolas agus taithí an infheisteora miondíola, leis an staid airgeadais, leis an dúil sa riosca, le cuspóirí infheistíochta agus leis an tréimhse ionchais ama chun a mheasúnú an bhfuil an tELTIF oiriúnach lena mhargú leis an infheisteoir miondíola sin, á chur i gcuntas dóibh, inter alia, saolré an ELTIF mar aon lena straitéis infheistíochta bheartaithe. Sa bhreis air sin, i gcás inar mó ná 10 mbliana saolré an ELTIF a thairgtear d'infheisteoirí miondíola, nó a chuirtear chucu, ba cheart do bhainisteoir an ELTIF nó don dáileoir a léiriú go soiléir agus i scríbhinn go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge sin oiriúnach do na hinfheisteoirí miondíola sin nach bhfuil ar a gcumas gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a chothabháil.

    (45)

    Nuair a dhéantar ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, ba cheart go gcomhlíonfadh taisceoir an ELTIF forálacha Threoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le heintitis incháilithe a bhfuil cead acu gníomhú mar thaiscithe, leis an riail “gan dliteanas a urscaoileadh”, agus le hathúsáid sócmhainní.

    (46)

    D'fhonn an chosaint atá ar fáil d'infheisteoirí miondíola a neartú, foráiltear leis an Rialachán seo freisin i dtaca le hinfheisteoirí miondíola nach mó a bpunann, atá comhdhéanta de thaiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais ach gan ionstraimí airgeadais a tugadh mar chomhthaobhacht a chur san áireamh, ná EUR 500 000, gur cheart do bhainisteoir an ELTIF nó d'aon dáileoir, tar éis dóibh tástáil oiriúnachta a dhéanamh agus tar éis dóibh comhairle infheistíochta iomchuí a sholáthar, a áirithiú nach ndéanfaidh an t-infheisteoir miondíola méid comhiomlán is mó ná 10 % de phunann an infheisteora a infheistiú in ELTIFanna ar choinníoll nach lú ná EUR 10 000 an méid tosaigh a infheistíodh i gceann amháin nó níos mó de na hELTIFanna.

    (47)

    In imthosca eisceachtúla arna sonrú i rialacha nó in ionstraimí corpraithe ELITIF, d'fhéadfaí saolré an ELTIF a fhadú nó a laghdú chun tuilleadh solúbthachta a lamháil sa chás, mar shampla, go dtugtar tionscadal chun críche níos déanaí nó níos túisce ná mar a bhíothas ag súil leis, d'fhonn é a thabhairt i gcomhréir lena straitéis infheistíochta fadtéarmaí.

    (48)

    Ba cheart d'údarás inniúil an ELTIF a fhíorú ar bhonn leanúnach an gcomhlíonann an ELTIF an Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil cumhachtaí leathana á soláthar do na húdaráis inniúla cheana faoi Threoir 2011/61/AE, is gá na cumhachtaí sin a leathnú ag féachaint don Rialachán seo.

    (49)

    Ba cheart go mbeadh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), in ann na cumhachtaí uile arna dtabhairt dó faoi Threoir 2011/61/AE a fheidhmiú maidir leis an Rialachán seo agus ba cheart na hacmhainní go léir is gá a sholáthar dó chuige sin, go háirithe acmhainní daonna.

    (50)

    Ba cheart ról lárnach a bheith ag ÚEUM i gcur i bhfeidhm na rialacha maidir le hELTIFanna trína áirithiú go gcuirfidh údaráis inniúla náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach. Ós rud é gur comhlacht é ag a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe maidir le hurrúis agus margaí urrús, is éifeachtúil agus is iomchuí é tarraingt suas dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach bhfuil baint acu le roghanna beartais agus a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin, a chur ar iontaoibh ÚEUM. Ba cheart go mbainfeadh na caighdeáin theicniúla rialála seo leis na himthosca ina bhfónann úsáid na n-ionstraimí díorthacha airgeadais don chuspóir na rioscaí is gné dhílis de na hinfheistíochtaí a fhálú, agus don chuspóir sin amháin, leis na himthosca ina mbeidh saolré ELTIF fada a dhóthain chun cumhdach a dhéanamh ar shaolré gach ceann de shócmhainní aonair an ELTIF, leis na gnéithe den sceideal maidir le sócmhainní ELTIF a dhiúscairt go hordúil, leis na sainmhínithe ar chostais a iompraíonn infheisteoirí, agus leis na mhodhanna ríofa do na costais a iompraíonn infheisteoirí, le tíolacadh nochta costais, agus le tréithe na saoráidí atá le bunú ag ELTIFanna i ngach Ballstát ina bhfuil sé beartaithe acu aonaid nó scaireanna a mhargú.

    (51)

    Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart go mbeidís infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a bheith á malartú, á dtarchur agus á bpróiseáil chun críocha an Rialacháin seo.

    (52)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, a áirithiú go mbeidh na ceanglais maidir le hinfheistíochtaí agus coinníollacha oibríochta ELTIFanna ar fud an Aontais aonfhoirmeach, agus á chur san áireamh go hiomlán an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir sábháilteacht agus iontaofacht ELTIFanna, ar an taobh amháin, agus le hoibríocht éifeachtúil an mhargaidh do mhaoiniú fadtéarmach agus leis an gcostas i gcás a gheallsealbhóirí éagsúla, ar an taobh eile, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (53)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe cosaint tomhaltóirí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas agus triail chóir a fháil, agus cosaint sonraí pearsanta chomh maith le rochtain ar sheirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta. Ní mór an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóir

    1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le húdarú, beartais infheistíochta, agus coinníollacha oibríochta cistí infheistíochta malartacha de chuid AE (AIFanna AE) nó urranna AIFanna AE a mhargaítear san Aontas mar chistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna).

    2.   Is é cuspóir an Rialacháin seo caipiteal a chruinniú agus caipiteal a dhíriú i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha Eorpacha san fhíorgheilleagar, i gcomhréir le cuspóir an Aontais i leith fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

    3.   Ní chuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise leis an réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “caipiteal” ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus caipiteal geallta neamhghlaoite, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na costais uile a iompraíonn na hinfheisteoirí go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

    (2)

    ciallaíonn “infheisteoir gairmiúil” infheisteoir a mheastar gur cliant gairmiúil é, nó a fhéadfar, ar iarraidh uaidh, déileáil leis mar chliant gairmiúil i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

    (3)

    ciallaíonn “infheisteoir miondíola” infheisteoir nach infheisteoir gairmiúil é;

    (4)

    ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas punainne cáilitheach, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile rannpháirtíochta i gcaipiteal an ghnóthais phunainne cháilithigh arna n-eisiúint chuig a infheisteoirí;

    (5)

    ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime maoinithe i gcás ina bhfuil an fáltas ar an ionstraim nasctha le brabús nó caillteanas an ghnóthais phunainne cháilithigh agus i gcás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime i gcás mainneachtana urraithe go hiomlán;

    (6)

    ciallaíonn “sócmhainn réadach” sócmhainn a bhfuil luach aici de bharr a substainte agus a hairíonna agus a fhéadfaidh fáltais a thabhairt, lena n-áirítear bonneagar agus sócmhainní eile as a n-eascraíonn sochar eacnamaíoch agus sóisialta, amhail oideachas, comhairleoireacht, taighde agus forbairt, agus lena n-áirítear maoin tráchtála sa chás gur cuid dhílis iad nó eilimint choimhdeach iad de thionscadal infheistíochta fadtéarmach a chuidíonn le cuspóir an Aontais i leith fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, agus sa chás sin amháin;

    (7)

    ciallaíonn “gnóthas airgeadais” aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

    (b)

    gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (c)

    gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

    (d)

    cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (e)

    cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe 22 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (f)

    cuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE;

    (g)

    AIFM mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

    (8)

    ciallaíonn “AIF AE” AIF AE mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

    (9)

    ciallaíonn “AIFM AE” AIFM AE mar a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

    (10)

    ciallaíonn “údarás inniúil an ELTIF” údarás inniúil AIF AE de réir bhrí phointe (h) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

    (11)

    ciallaíonn “Ballstát baile an ELTIF” an Ballstát ina bhfuil an tELTIF údaraithe;

    (12)

    ciallaíonn “bainisteoir an ELTIF” AIFM AE údaraithe atá formheasta chun ELTIF, nó an tELTIF a bhainistítear go hinmheánach, a bhainistiú i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an ELTIF bainistíocht inmheánach agus i gcás nach bhfuil aon AIFM seachtrach ceaptha;

    (13)

    ciallaíonn “údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF” údarás inniúil Bhallstát baile an AIFM de réir bhrí phointe (q) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;

    (14)

    ciallaíonn “urrúis a thabhairt ar iasacht” agus “urrúis a fháil ar iasacht” aon idirbheart ina n-aistríonn contrapháirtí urrúis faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha ar ais ar dháta níos déanaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir sin air, agus an t-idirbheart sin a bheith measta mar urrúis a thabhairt ar iasacht i gcás an chomhpháirtí a bheidh ag aistriú na n-urrús agus a bheith measta mar urrúis a fháil ar iasacht i gcás an chomhpháirtí a mbeidh siad á n-aistriú chuige;

    (15)

    ciallaíonn “beart athcheannaigh” beart athcheannaigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (16)

    ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shonraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

    (17)

    ciallaíonn “díol folamh” gníomhaíocht mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

    (18)

    ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (19)

    ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” saoráid trádála ilthaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

    Airteagal 3

    Údarú agus clár poiblí lárnach

    1.   Ní fhéadfar ELTIF a mhargú san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh sé údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh údarú mar ELTIF bailí do na Ballstáit uile.

    2.   Is iad AIFanna AE amháin a bheidh incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar údarú mar ELTIF agus chun go dtabahrfar údarú mar ELTIF dóibh.

    3.   Cuirfidh údaráis inniúla ELTIFanna ÚEUM ar an eolas, ar bhonn ráithiúil, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo.

    Coinneoidh ÚEUM clár poiblí lárnach ina sainaithneofar gach ELTIF arna údarú faoin Rialachán seo, bainisteoir an ELTIF agus údarás inniúil an ELTIF. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.

    Airteagal 4

    Ainmniúchán agus toirmeasc ar chlaochlú

    1.   Ní fhéadfar an t-ainmniúchán “ELTIF” nó “ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach” i dtaca le gnóthas comhinfheistíochta, nó leis na haonaid nó na scaireanna a eisíonn sé, a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an gnóthas comhinfheistíochta údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Déanfar ELTIFanna a thoirmeasc ar iad féin a chlaochlú ina ngnóthais chomhinfheistíochta nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Iarratas ar údarú mar ELTIF

    1.   Déanfar iarratas ar údarú mar ELTIF chuig údarás inniúil an ELTIF.

    San iarratas ar údarú mar ELTIF beidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;

    (b)

    faisnéis maidir le céannacht bhainisteoir molta an ELTIF agus a thaithí bainistíochta ciste reatha agus roimhe seo agus a stair;

    (c)

    faisnéis ar chéannacht an taiscí;

    (d)

    cur síos ar an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil d'infheisteoirí, lena n-áirítear cur síos ar shocruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola.

    Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléireacht agus faisnéis a iarraidh maidir leis an doiciméadacht agus leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin dara fomhír.

    2.   Ní fhéadfaidh ach AIFM AE arna údarú faoi Threoir 2011/61/AE iarratas a chur chuig údarás inniúil an ELTIF ar fhormheas chun bainistiú a dhéanamh ar ELTIF a mbeidh údarú iarrtha ina leith i gcomhréir le mír 1. I gcás gurb ionann údarás inniúil an ELTIF agus údarás inniúil AIFM AE, déanfaidh iarratas den sórt sin ar fhormheas tagairt don doiciméadacht arna tíolacadh i gcomhair údarú faoi Threoir 2011/61/AE.

    In iarratas ar fhormheas chun ELTIF a bhainistiú beidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;

    (b)

    faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú agus le riar punainne agus riosca maidir leis an ELTIF;

    (c)

    faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile AIFanna a údaraítear don AIFM AE a bhainistiú.

    Féadfaidh údarás inniúil an ELTIF soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil AIFM AE chomh maith le faisnéis faoin doiciméadacht dá dtagraítear sa dara fomhír nó fianú i dtaobh an dtagann ELTIFanna faoi réim údarú AIFM AE chun AIFanna a bhainistiú. Tabharfaidh údarás inniúil AIFM AE freagra laistigh de 10 lá oibre ón dáta a bheidh an iarraidh arna cur isteach ag údarás inniúil an ELTIF faighte aige.

    3.   Cuirfear in iúl d'iarratasóirí laistigh de dhá mhí ón dáta a chuirtear isteach iarratas iomlán i dtaobh an mbeidh údarú mar ELTIF, lena n-áirítear formheas le haghaidh AIFM AE chun an tELTIF a bhainistiú, tugtha.

    4.   Tabharfar fógra láithreach d'údarás inniúil an ELTIF faoi aon mhodhnuithe dá éis sin ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

    5.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, maidir le hAIF AE a gceadaíonn a fhoirm dhlíthiúil bainistíocht inmheánach agus i gcás ina roghnóidh a chomhlacht rialaithe gan AIFM seachtrach a cheapadh, déanfaidh sé iarratas comhuaineach ar údarú mar ELTIF faoin Rialachán seo agus mar AIFM faoi Threoir 2011/61/AE.

    Gan dochar d'Airteagal 7 de Threoir 2011/61/AE, áireofar san iarratas ar údarú mar bhainisteoir inmheánach ELTIF an méid seo a leanas:

    (a)

    rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste;

    (b)

    cur síos ar an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil d'infheisteoirí, lena n-áirítear cur síos ar shocruithe chun déileáil le gearáin arna dtíolacadh ag infheisteoirí miondíola.

    De mhaolú ar mhír 3, cuirfear in iúl d'AIF AE arna bhainistiú go hinmheánach agus laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear isteach iarratas iomlán i dtaobh an mbeidh údarú mar ELTIF tugtha.

    Airteagal 6

    Coinníollacha maidir le húdarú mar ELTIF a thabhairt

    1.   Ní údarófar AIF AE mar ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith a údaráis inniúil:

    (a)

    is deimhin leis go bhfuil AIF AE in ann ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

    (b)

    tá sé tar éis iarratas ó AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a fhormheas chun an tELTIF, rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste, agus rogha an taiscí a bhainistiú.

    2.   I gcás ina ndéanann AIF AE iarratas de bhun Airteagal 5(5) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil AIF AE a údarú ach amháin i gcás gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE seo ceanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2011/61/AE maidir le húdarú AIFM AE.

    3.   Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ELTIF formheas a dhiúltú maidir le hiarratas AIFM AE ar ELTIF a bhainistiú ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an AIFM AE:

    (a)

    ní chomhlíonann sé an Rialachán seo;

    (b)

    ní chomhlíonann sé Treoir 2011/61/AE;

    (c)

    níl sé údaraithe ag a údarás inniúil chun AIFanna a leanann straitéisí infheistíochta den chineál atá cumhdaithe ag an Rialachán seo a bhainistiú; nó

    (d)

    níl an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 5(2), ná aon soiléireacht nó faisnéis a iarrtar fúithi, curtha ar fáil aige.

    Sula ndiúltóidh sé iarratas a fhormheas, rachaidh údarás inniúil an ELTIF i gcomhairle le húdarás inniúil AIFM AE.

    4.   Ní thabharfaidh údarás inniúil an ELTIF údarú mar ELTIF don AIF AE a rinne an t-iarratas ar údarú más rud é go bhfuil cosc dlíthiúil air a aonaid nó a scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile.

    5.   Cuirfidh údarás inniúil an ELTIF in iúl d'AIF AE an chúis leis an diúltú údarú mar ELTIF a thabhairt.

    6.   Maidir le hiarratas dá mbeidh diúltaithe faoin gCaibidil seo, ní atíolacfar é d'údarás inniúil Ballstát eile.

    7.   Ní bheidh údarú mar ELTIF faoi réir ceanglais go mbainisteoidh AIFM AE arna údarú i mBallstát baile an ELTIF an tELTIF, nó go saothróidh nó go dtarmligfidh AIFM AE aon ghníomhaíochtaí i mBallstát baile an ELTIF.

    Airteagal 7

    Rialacha is infheidhme agus dliteanas

    1.   Comhlíonfaidh ELTIF forálacha an Rialacháin seo i gcónaí.

    2.   Comhlíonfaidh ELTIF agus bainisteoir an ELTIF Treoir 2011/61/AE i gcónaí.

    3.   Beidh bainisteoir an ELTIF freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus beidh sé faoi dhliteanas freisin i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE maidir le haon sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh bainisteoir an ELTIF faoi dhliteanas freisin i gcás caillteanais nó damáistí a thig as neamh-chomhlíonadh an Rialacháin seo.

    CAIBIDIL II

    OIBLEAGÁIDÍ MAIDIR LE BEARTAIS INFHEISTÍOCHTA ELTIFanna

    ROINN 1

    Rialacha ginearálta agus sócmhainní incháilithe

    Airteagal 8

    Ranna infheistíochta

    I gcás ina mbeidh níos mó ná roinn infheistíochta amháin in ELTIF, measfar gur ELTIF ar leith gach roinn chun críocha na Caibidle seo.

    Airteagal 9

    Infheistíochtaí incháilithe

    1.   I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ní infheisteoidh ELTIF ach sna catagóirí sócmhainní seo a leanas agus ní dhéanfaidh siad sin ach faoi na coinníollacha a shonraítear sa Rialachán seo:

    (a)

    sócmhainní infheistíochta incháilithe;

    (b)

    sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE.

    2.   Ní ghabhfaidh ELTIF air féin aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní a dhíol go folamh;

    (b)

    nochtadh díreach nó indíreach ar thráchtearraí a ghlacadh, lena n-áirítear ionstraimí díorthacha airgeadais, deimhniúcháin ina n-ionannas, innéacsanna bunaithe orthu, nó aon mhodh nó ionstraim eile a thabharfadh nochtadh orthu;

    (c)

    dul i mbun urrúis a thabhairt ar iasacht, urrúis a fháil ar iasacht, idirbhearta athcheannaigh nó aon chomhaontú a bhfuil éifeacht choibhéiseach eacnamaíoch aige agus a bhfuil rioscaí comhchosúla ag gabháil leis, más rud é go ndéanfar difear de os cionn 10 % de shócmhainní an ELTIF;

    (d)

    ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid, ach amháin i gcás nach bhfuil de chuspóir ag úsáid ionstraimí den sórt sin ach na rioscaí ar gné dhílis iad d'infheistíochtaí eile an ELTIF a fhálú.

    3.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhleanúnach an Airteagail seo a áirithiú, tar éis comhairliúchán poiblí a dhéanamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt lena sonraítear critéir chun na tosca a shuíomh ina bhfónann úsáid ionstraimí díorthacha airgeadais don chuspóir na rioscaí ar gné dhílis iad de na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 a fhálú agus don chuspóir sin amháin.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 10

    Sócmhainní infheistíochta incháilithe

    Ní bheidh sócmhainn dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) incháilithe d'infheistíocht ag ELTIF ach amháin i gcás ina mbeidh sé i gceann de na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    ionstraimí cothromais nó cuasachothromais a bheidh:

    (i)

    eisithe ag gnóthas punainne cáilitheach agus faighte ag an ELTIF ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

    (ii)

    eisithe ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó cuasachothromais a fuair an tELTIF roimhe sin ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

    (iii)

    eisithe ag gnóthas ar fochuideachta faoi úinéireacht thromlaigh atá sa ghnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais nó cuasachothromais a bheidh faighte i gcomhréir le pointe (i) nó pointe (ii) ag an ELTIF ón ngnóthas punainne cáilitheach nó ó thríú páirtí tríd an margadh tánaisteach;

    (b)

    ionstraimí fiachais a bheidh eisithe ag gnóthas punainne cáilitheach;

    (c)

    iasachtaí arna ndeonú ag an ELTIF do ghnóthas punainne cáilitheach le haibíocht nach faide ná saolré an ELTIF;

    (d)

    aonaid nó scaireanna ELTIF, EuVEC agus EuSEF amháin nó roinnt ELTIFanna, EuVECAnna agus EuSEFanna eile ar choinníoll nach mbeidh na hELTIFanna, na hEuVECAnna agus na hEuSEFanna sin tar éis níos mó ná 10 % dá gcaipiteal a infheistiú in ELTIFanna;

    (e)

    sealúchais dhíreacha nó sealúchais indíreacha trí ghnóthais phunainne cháilitheacha sócmhainní réadacha aonair ag a bhfuil luach EUR 10 000 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra ina dtabhaítear an caiteachas agus tráth a dtabhaítear an caiteachas.

    Airteagal 11

    Gnóthas punainne cáilitheach

    1.   Beidh gnóthas punainne cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 10 ina ghnóthas punainne seachas gnóthas comhinfheistíochta a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    ní gnóthas airgeadais é;

    (b)

    is gnóthas é a bhfuil na nithe seo a leanas fíor ina leith:

    (i)

    ní dhéantar é a ligean isteach i dtrádáil ar mhargadh rialáilte ar shaoráid trádála iltaobhach;

    (ii)

    déantar é a ligean isteach i dtrádáil ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach agus ag an am céanna tá caipitliú margaidh nach mó ná EUR 500 000 000 aige;

    (c)

    tá sé bunaithe i mBallstát, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:

    (i)

    nach dlínse ardriosca agus neamh-chomhoibríoch arna sainaithint ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais í;

    (ii)

    go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile bhainisteoir an ELTIF agus le gach Ballstát eile ina mbeartaítear aonaid agus scaireanna an ELTIF a mhargú, ionas go ndéantar a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE maidir le hIoncam agus le Caipiteal á gcomhlíonadh go hiomlán ag an tríú tír agus go n-áirithítear malartú éifeachtach faisnéise in ábhair chánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha.

    2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé go mbeidh gnóthas punainne cáilitheach ina ghnóthas airgeadais nach maoiníonn ach gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó sócmhainní réadacha dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 10.

    Airteagal 12

    Coinbhleachtaí leasa

    Ní infheisteoidh ELTIF i sócmhainn infheistíochta incháilithe ina bhfuil leas ag bainisteoir an ELTIF, go díreach nó go hindíreach, seachas trí aonaid nó scaireanna de chuid ELTIFanna, EuSEFanna nó EuVECAnna a bhainistíonn sé a shealbhú.

    ROINN 2

    Forálacha maidir le beartais infheistíochta

    Airteagal 13

    Comhdhéanamh agus éagsúlú punainne

    1.   Infheisteoidh ELTIF 70 % ar a laghad dá chaipiteal i sócmhainní infheistíochta incháilithe.

    2.   Ní infheisteoidh ELTIF níos mó ná:

    (a)

    10 % dá chaipiteal in ionstraimí arna n-eisiúint ag aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair nó iasachtaí arna ndeonú d'aon ghnóthas punainne cáilitheach aonair;

    (b)

    10 % dá chaipiteal go díreach nó go hindíreach i sócmhainn réadach aonair;

    (c)

    10 % dá chaipiteal in aonaid nó i scaireanna aon ELTIF, EuVECA nó EuSEF aonair;

    (d)

    5 % dá chaipiteal i sócmhainní dá dtagraítear i pointe (b) d'Airteagal 9(1) i gcás inar eisigh comhlacht aonair na sócmhainní sin.

    3.   Ní bheidh luach carnach aonaid ná scaireanna ELTIFanna, EuVECAnna agus EuSEFanna i bpunann ELTIF os cionn 20 % de luach chaipiteal an ELTIF.

    4.   Ní bheidh an nochtadh comhiomlán riosca le contrapháirtí de chuid an ELTIF a thagann as idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, comhaontuithe athcheannaigh, ná comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais os cionn 5 % de luach chaipiteal an ELTIF.

    5.   De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh an tELTIF an teorainn 10 % dá dtagraítear ann a ardú go dtí 20 % ar choinníoll nach mbeidh luach comhiomlán na sócmhainní i seilbh an ELTIF i ngnóthais phunainne cháilitheacha agus i sócmhainní réadacha aonair ina n-infheistíonn sé os cionn 10 % dá chaipiteal os cionn 40 % de luach chaipiteal an ELTIF.

    6.   De mhaolú ar phointe (d) de mhír 2, féadfaidh ELTIF an teorainn 5 % dá dtagraítear sa phointe sin a ardú chuig 25 % i gcás bannaí a bheith eisithe ag institiúid creidmheasa a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát agus atá faoi réir maoirseacht speisialta phoiblí de réir an dlí chun sealbhóirí bannaí a chosaint. Déanfar, go háirithe, suimeanna a thagann ó eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní a bheidh in ann, le linn thréimhse bailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a bhaineann leis na bannaí sin a chlúdach agus, i gcás dhócmhainneacht an eisitheora, a úsáidfí ar bhonn tosaíochta d'aisíoc an phrionsabail agus íocaíocht an úis fhabhraithe.

    7.   Measfar gur gnóthas punainne cáilitheach aonair nó comhlacht aonair cuideachtaí a áirítear sa ghrúpa céanna chun críocha cuntas comhdhlúite, arna rialáil le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), nó i gcomhréir le rialacha cuntasóireachta idirnáisiúnta aitheanta, chun na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 go mír 6 a ríomh.

    Airteagal 14

    Staideanna infheistíochta a cheartú

    Sa chás go sáraíonn ELTIF ceanglais éagsúlaithe a leagtar amach in Airteagal 13(2) go hAirteagal 13(6) agus gur sárú é nach bhfuil neart ag bainisteoir an ELTIF air, glacfaidh bainisteoir an ELTIF, laistigh de thréimhse ama iomchuí, na bearta is gá chun an staid a cheartú, agus leasanna na n-infheisteoirí san ELTIF á cur i gcuntas go cuí.

    Airteagal 15

    Comhchruinniú

    1.   Ní fhéadfaidh ELTIF níos mó ná 25 % d'aonaid nó de scaireanna ELTIF, EuVECA, nó EuSEF aonair a fháil.

    2.   Beidh feidhm ag na teorainneacha comhchruinnithe a leagtar síos in Airteagal 56(2) de Threoir 2009/65/CE maidir le hinfheistíochtaí sna sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

    Airteagal 16

    Airgead a fháil ar iasacht

    1.   Féadfaidh ELTIF airgead a fháil ar iasacht ar choinníoll go gcomhlíontar le hiasacht den sórt sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    nach mó é ná 30 % de luach chaipiteal an ELTIF;

    (b)

    go bhfónann sé don chuspóir infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní infheistíochta incháilithe, seachas iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 10, ar choinníoll nach leor na sealúchais in airgead tirim nó i gcomhluach airgead tirim an ELTIF chun an infheistíocht lena mbaineann a dhéanamh;

    (c)

    go gconraítear é in airgeadra na sócmhainní atá le fáil leis an airgead a fuarthas ar iasacht;

    (d)

    go bhfuil aibíocht nach faide ná saolré an ELTIF aige;

    (e)

    go ndéanann sé sócmhainní nach mó iad ná 30 % de luach chaipiteal an ELTIF a ualú;

    2.   Sonróidh bainisteoir an ELTIF i réamheolaire an ELTIF cé acu an bhfuil sé beartaithe aige nó nach bhfuil sé beartaithe aige airgead tirim a fháil ar iasacht mar chuid dá straitéis infheistíochta.

    Airteagal 17

    Comhdhéanamh punainne agus rialacha um éagsúlú a chur i bhfeidhm

    1.   Maidir leis an teorainn infheistíochta a leagtar síos in Airteagal 13(1):

    (a)

    beidh feidhm aici faoin dáta a shonraítear i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an ELTIF;

    (b)

    ní bheidh feidhm aici a luaithe agus a thosóidh an tELTIF ag díol sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré an ELTIF;

    (c)

    fionrófar í go sealadach i gcás ina dtiomsóidh an tELTIF caipiteal breise nó ina laghdóidh sé an caipiteal atá aige, fad agus nach mairfidh an fhionraí sin níos mó ná 12 mhí.

    Maidir leis an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear i gcuntas sainghnéithe agus saintréithe na sócmhainní atá le hinfheistiú ag an ELTIF, agus ní bheidh sé níos déanaí ná cúig bliana tar éis dháta an údaraithe mar ELTIF, nó leathré an ELTIF mar a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 18(3), cibé acu is luaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh údarás inniúil an ELTIF, ar chur isteach plean infheistíochta a bhfuil údar cuí leis, fadú ar an teorainn ama seo nach mó ná aon bhliain bhreise amháin a fhormheas.

    2.   I gcás ina n-eisíonn gnóthas punainne cáilitheach nach gcomhlíonann pointe (b) d'Airteagal 11(1) a thuilleadh sócmhainn fhadtéarmach inar infheistigh ELTIF, féadfar leanúint den tsócmhainn fhadtéarmach a áireamh chun an teorainn infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a ríomh ar feadh trí bliana ar a mhéad amhail ón dáta nach gcomhlíonann an gnóthas punainne cáilitheach ceanglais phointe (b) d'Airteagal 11(1) a thuilleadh.

    CAIBIDIL III

    AONAID NÓ SCAIREANNA ELTIF A FHUASCAILT, A THRÁDÁIL AGUS A EISIÚINT AGUS FÁLTAIS AGUS CAIPITEAL A DHÁILEADH

    Airteagal 18

    Beartas fuascailte agus saolré ELTIFanna

    1.   Ní bheidh infheisteoirí in ELTIF in ann fuascailt a n-aonad ná a scaireanna a iarraidh roimh dheireadh shaolré an ELTIF. Féadfar fuascailtí a dhéanamh d'infheisteoirí ón lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF.

    Léireofar go soiléir le rialacha nó le hionstraimí corpraithe an ELTIF dáta sonrach mar dheireadh shaolré an ELTIF agus féadfar a fhoráil leo freisin an ceart saolré an ELTIF a fhadú go sealadach agus na coinníollacha chun ceart den sórt sin a fheidhmiú.

    Le rialacha nó le hionstraimí corpraithe an ELTIF agus le nochtaí d'infheisteoirí, leagfar síos na nósanna imeachta maidir le fuascailt aonad nó scaireanna agus diúscairt sócmhainní, agus luafar go soiléir leo go gcuirfear tús le fuascailtí d'infheisteoirí an lá tar éis dháta dheireadh shaolré an ELTIF.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar a fhoráil le rialacha nó le honstraimí corpraithe an ELTIF go bhféadfaí fuascailtí a dhéanamh roimh dheireadh shaolré an ELTIF, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a)

    nach ndeonaítear fuascailtí roimh an dáta a shonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 17(1);

    (b)

    go bhfuil bainisteoir an ELTIF, tráth an údaraithe agus ar feadh shaolré an ELTIF, in ann a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil córas iomchuí bainistithe leachtachta agus nósanna imeachta éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar riosca leachtachta an ELTIF i bhfeidhm, ar córas agus nósanna imeachta iad atá comhoiriúnach le straitéis infheistíochta fadtéarmaí an ELTIF agus leis an mbeartas fuascailte molta.

    (c)

    go leagann bainisteoir an ELTIF amach beartas fuascailte sainithe, ar beartas é a léiríonn go soiléir na tréimhsí ama ina bhféadfaidh na hinfheisteoirí fuascailtí a iarraidh.

    (d)

    go n-áirithíonn beartas fuascailte an ELTIF go bhfuil méid iomlán na bhfuascailtí laistigh d'aon tréimhse ama ar leith teoranta do chéatadán de shócmhainní an ELTIF dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1). Déanfar an céatadán seo a ailíniú leis an mbainistiú leachtachta agus leis an straitéis infheistíochta arna nochtadh ag bainisteoir an ELTIF;

    (e)

    go n-áirithíonn beartas fuascailte an ELTIF go ndéileáiltear go cothrom le hinfheisteoirí agus go ndeonaítear fuascailtí ar bhonn pro rata más rud é go dtéann líon iomlán na n-iarrataí ar fhuascailtí laistigh d'aon tréimhse ama ar leith thar an gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo.

    3.   Beidh saolré ELTIF i gcomhréir le cineál fadtéarmach an ELTIF agus beidh sé fada a dhóthain chun saolré gach sócmhainn ar leith den ELTIF a chumhdach, arna thomhas de réir phróifíl neamhleachtach agus shaolré eacnamaíoch na sócmhainne agus de réir chuspóir infheistíochta sonraithe an ELTIF.

    4.   Féadfaidh infheisteoirí foirceannadh ELTIF a iarraidh más rud é maidir lena n-iarrataí fuascailte, arna ndéanamh i gcomhréir le beartas fuascailte an ELTIF, nár tugadh sásamh dóibh laistigh de bhliain amháin ón dáta a ndearnadh iad.

    5.   Beidh an rogha i gcónaí ag infheisteoirí aisíocaíocht in airgead tirim a fháil.

    6.   Ní fhéadfar aisíocaíocht chomhchineáil as sócmhainní ELTIF a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)

    foráiltear don fhéidearthacht seo i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an ELTIF, ar choinníoll go ndéileáiltear go cothrom leis na hinfheisteoirí uile;

    (b)

    iarrann an t-infheisteoir i scríbhinn go n-aisíocfar é trí sciar de shócmhainní an ELTIF;

    (c)

    ní chuireann aon rialacha sonracha srian ar aistriú na sócmhainní sin.

    7.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na cúinsí ina meastar go bhfuil saolré ELTIF fada a dhóthain chun saolré gach sócmhainn ar leith den ELTIF a chumhdach, mar a thagraítear i mír 3.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 19

    Margadh tánaisteach

    1.   Ní chuirfidh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF cosc ar aonaid nó scaireanna an ELTIF a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach.

    2.   Ní chuirfidh rialacha ná ionstraimí corpraithe ELTIF cosc ar infheisteoirí a n-aonaid nó a scaireanna a aistriú go neamhshrianta go tríú páirtithe seachas bainisteoir an ELTIF.

    3.   Foilseoidh ELTIF ina thuarascálacha tréimhsiúla margadhluach a aonad liostaithe nó a scaireanna liostaithe le cois an ghlanluacha sócmhainne in aghaidh an aonaid nó na scaire.

    4.   I gcás ina mbeidh athrú ábhartha ar luach sócmhainne, déanfaidh bainisteoir an ELTIF é sin a nochtadh d'infheisteoirí ina thuarascálacha tréimhsiúla.

    Airteagal 20

    Aonaid nua nó scaireanna nua a eisiúint

    1.   Féadfaidh ELTIF eisiúintí nua aonad nó scaireanna a thairiscint i gcomhréir lena rialacha nó lena ionstraimí corpraithe.

    2.   Ní eiseoidh ELTIF aonaid nua nó scaireanna nua ar phraghas níos ísle ná a nglanluach sócmhainne gan na haonaid nó na scaireanna sin a thairiscint roimh ré ar an bpraghas sin do na hinfheisteoirí atá ann cheana san ELTIF.

    Airteagal 21

    Sócmhainní ELTIF a dhiúscairt

    1.   Glacfaidh ELTIF sceideal mionsonraithe le haghaidh diúscairt ordúil a chuid sócmhainní chun aonaid nó scaireanna infheisteoirí a fhuascailt tar éis dheireadh shaolré ELTIF, agus déanfaidh sé é sin a nochtadh d'údarás inniúil an ELTIF bliain amháin ar a laghad roimh dháta dheireadh shaolré an ELTIF.

    2.   Áireofar sa sceideal dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    measúnú ar an margadh do cheannaitheoirí ionchasacha;

    (b)

    measúnú ar phraghsanna díolta ionchasacha agus comparáid eatarthu;

    (c)

    luacháil ar na sócmhainní atá le dídhílsiú;

    (d)

    creat ama don sceideal diúscartha.

    3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na critéir atá le húsáid sna measúnuithe i bpointe (a) agus sa luacháil i bpointe (c) de mhír 2.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 22

    Fáltais agus caipiteal a dháileadh

    1.   Féadfaidh ELTIF na fáltais arna nginiúint ag na sócmhainní sa phunann a dháileadh go rialta ar infheisteoirí. Is éard a bheidh sna fáltais sin:

    (a)

    fáltais atá á dtáirgeadh go rialta ag na sócmhainní;

    (b)

    luachmhéadú caipitil a réadaíodh tar éis sócmhainn a dhiúscairt.

    2.   Ní dháilfear na fáltais a mhéid a bheidh siad ag teastáil do ghealltanais an ELTIF amach anseo.

    3.   Féadfaidh ELTIF a chaipiteal a laghdú ar bhonn pro rata i gcás sócmhainn a dhiúscairt roimh dheireadh shaolré an ELTIF, ar choinníoll go measann bainisteoir an ELTIF go cuí diúscairt den sórt sin a bheith chun leasanna na n-infheisteoirí.

    4.   Sonrófar i rialacha nó in ionstraimí corpraithe ELTIF an beartas dáilte a chuirfidh an ELTIF i bhfeidhm le linn a shaolré.

    CAIBIDIL IV

    CEANGLAIS TRÉDHEARCACHTA

    Airteagal 23

    Trédhearcacht

    1.   Ní dhéanfar aonaid ná scaireanna ELTIF a mhargú san Aontas gan réamheolaire a fhoilsiú roimh ré.

    Ní dhéanfar aonaid ná scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola san Aontas gan doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fhoilsiú roimh ré i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

    2.   Beidh ar áireamh sa réamheolaire an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun infheisteoirí a chumasú measúnú feasach a dhéanamh maidir leis an infheistíocht atá á moladh dóibh agus, go háirithe, maidir leis na rioscaí a ghabhann léi.

    3.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa réamheolaire:

    (a)

    ráiteas ina leagfar amach conas a cháilítear an ciste mar chiste de chineál fadtéarmach i bhfianaise chuspóirí infheistíochta ELTIF agus na straitéise chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

    (b)

    faisnéis atá le nochtadh ag gnóthais chomhinfheistíochta den chineál iata i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 809/2004;

    (c)

    faisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí de bhun Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, mura bhfuil sé cumhdaithe cheana féin faoi phointe (b) den mhír seo;

    (d)

    sonrú suntasach ar na catagóirí sócmhainní a bhfuil an tELTIF údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

    (e)

    sonrú suntasach ar na dlínsí ina gceadaítear don ELTIF infheistíocht a dhéanamh iontu;

    (f)

    aon fhaisnéis eile a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha chun críocha mhír 2.

    4.   Sa réamheolaire agus in aon doiciméid mhargaíochta eile, cuirfear cineál neamhleachtach an ELTIF in iúl go feiceálach d'infheisteoirí.

    Go háirithe, sa réamheolaire agus in aon doiciméid mhargaíochta eile agus ar bhealach soiléir:

    (a)

    cuirfear gach infheisteoir ar an eolas faoi chineál fadtéarmach infheistíochtaí an ELTIF;

    (b)

    cuirfear infheisteoirí ar an eolas faoi dheireadh shaolré an ELTIF chomh maith leis an rogha saolré an ELTIF a fhadú, i gcás in bhforáiltear dó sin, agus na coinníollacha lena mbaineann;

    (c)

    sonrófar an bhfuil sé beartaithe an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola;

    (d)

    míneofar cearta infheisteoirí a n-infheistíocht a fhuascailt i gcomhréir le hAirteagal 18 agus leis rialacha nó leis na hionstraimí maidir le corprú an ELTIF;

    (e)

    luafar minicíocht agus amchlár dáiltí fáltas, más ann dóibh, le hinfheisteoirí le linn shaolré an ELTIF;

    (f)

    cuirfear comhairle ar infheisteoirí nach ceart ach cion beag dá bpunann fhoriomlán a infheistiú in ELTIF;

    (g)

    déanfar beartas fálaithe an ELTIF a thuairisciú, lena n-áirítear sonrú feiceálach nach bhféadfar ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid ach amháin chun rioscaí ar gné dhílis iad d'infheistíochtaí eile an ELTIF, agus sonrú faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le hionstraimí díorthacha airgeadais a úsáid i ndáil le próifíl riosca an ELTIF;

    (h)

    cuirfear infheisteoirí ar an eolas faoi rioscaí a bhaineann le hinfheistiú i sócmhainní réadacha, lena n-áirítear bonneagar;

    (i)

    cuirfear infheisteoirí ar an eolas go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi na dlínsí ina mbeidh infheistíocht déanta ag an ELTIF.

    5.   Beidh i dtuarascáil bhliantúil an ELTIF, i dteannta na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, an méid seo a leanas:

    (a)

    ráiteas ar shreabhadh airgid;

    (b)

    faisnéis maidir le rannpháirtíocht in ionstraimí a bhaineann le cistí buiséadacha an Aontais;

    (c)

    faisnéis maidir le luach na ngnóthas punainne cáilitheach aonair agus maidir le luach sócmhainní eile ina bhfuil an tELTIF infheistithe, lena n-áirítear luach na n-ionstraimí díorthacha airgeadais a úsáidtear.

    (d)

    faisnéis maidir leis na dlínsí ina bhfuil sócmhainní an ELTIF.

    6.   Arna iarraidh sin d'infheisteoir miondíola, soláthróidh bainisteoir an ELITF faisnéis bhreise maidir leis na teorainneacha cainníochta a bhfuil feidhm acu maidir le bainistiú riosca an ELTIF, na modhanna a roghnaítear chuige sin, agus an fhorbairt a bheidh déanta le tamall roimhe sin ar phríomhrioscaí agus ar phríomhthorthaí na gcatagóirí sócmhainní.

    Airteagal 24

    Ceanglais bhreise an réamheolaire

    1.   Seolfaidh ELTIF a réamheolaire agus aon leasuithe air, chomh maith lena thuarascáil bhliantúil, chuig údaráis inniúla an ELTIF. Arna iarraidh sin dó, soláthróidh ELTIF an doiciméadacht sin d'údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF. Soláthróidh an ELTIF an doiciméadacht seo laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe ag na húdaráis inniúla seo.

    2.   Beidh rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF ina gcuid dhílis den réamheolaire agus beidh siad i gceangal leis.

    Maidir leis na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní cheanglaítear iad a chur i gceangal leis an réamheolaire i gcás go gcuirfear an t-infheisteoir ar an eolas, arna n-iarraidh sin dó nó di, go seolfar na doiciméid sin chuig an infheisteoir nó go gcuirfear in iúl dó nó di an áit, i ngach Ballstát ina ndéanfar na haonaid nó na scaireanna a mhargú, ina bhféadfaidh an t-infheisteoir féachaint orthu.

    3.   Sonrófar sa réamheolaire an tslí ina mbeidh an tuarascáil bhliantúil ar fáil do na hinfheisteoirí. Forálfar ann go ndéanfar cóip pháipéir, arna hiarraidh sin agus saor in aisce, a sheachadadh ar na hinfheisteoirí.

    4.   Soláthrófar do na hinfheisteoirí an réamheolaire agus an tuarascáil bhliantúil is deireanaí a bheidh foilsithe arna iarraidh sin nó arna hiarraidh sin agus é nó í saor in aisce.

    Féadfar an réamheolaire a sholáthar i meán buanfasach trí bhíthin láithreán gréasáin. Seachadfar cóip pháipéir arna iarraidh sin agus saor in aisce do na hinfheisteoirí.

    5.   Coimeádfar eilimintí riachtanacha an réamheolaire cothrom le dáta.

    Airteagal 25

    Nochtadh costais

    1.   Leis an réamheolaire cuirfear in iúl go feiceálach d'infheisteoirí leibhéal na gcostas éagsúil a bheidh le híoc go díreach nó go hindíreach ag na hinfheisteoirí. Cuirfear na costais éagsúla i ngrúpaí de réir na gceannteideal seo a leanas:

    (a)

    costais chur ar bun an ELTIF;

    (b)

    costais a bhaineann le sócmhainní a fháil;

    (c)

    táillí bainistíochta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht;

    (d)

    costais dáiliúcháin;

    (e)

    costais eile, lena n-áirítear costais riaracháin, costais rialála, costais taisce, costais coinneála costais seirbhíse gairmiúla agus costais iniúchta.

    2.   Nochtfar sa réamheolaire cóimheas foriomlán na gcostas in aghaidh chaipiteal an ELTIF.

    3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainmhínithe, modheolaíochtaí ríofa agus formáidí láithreoireachta comhchoiteanna na gcostas dá dtagraítear i mír 1 agus an cóimheas foriomlán dá dtagraítear i mír 2 a shonrú.

    Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt, cuirfidh ÚEUM i gcuntas na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL V

    MARGÚ AONAD AGUS SCAIREANNA ELTIFanna

    Airteagal 26

    Saoráidí a bheith ar fáil d'infheisteoirí

    1.   Déanfaidh bainisteoir ELTIF a bhfuil sé beartaithe a aonaid nó a scaireanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, i ngach Ballstát ina bhfuil sé beartaithe aonaid nó scaireanna den sórt sin a mhargú, saoráidí a chur isteach a bheidh ar fáil chun síntiúis a dhéanamh, chun íocaíochtaí a dhéanamh le sealbhóirí aonad nó le scairshealbhóirí, chun aonaid nó scaireanna a athcheannach nó a fhuascailt agus chun an fhaisnéis a bhfuil sé de cheangal ar an ELTIF agus ar bhainisteoir an ELTIF a sholáthar a chur ar fáil.

    2.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cineálacha agus saintréithe na saoráidí dá dtagraítear i mír 1, a mbonneagar teicniúil agus inneachar a gcúraimí i leith na n-infheisteoirí miondíola a shonrú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Meán Fómhair 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27

    Próiseas measúnaithe inmheánach d'ELTIFanna arna margú le hinfheisteoirí miondíola

    1.   Maidir le bainisteoir ELTIF a bhfuil sé beartaithe a aonaid nó a scaireanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, bunóidh sé próiseas inmheánach chun an tELTIF sin a mheasúnú sula ndéanfar é a mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó a dháileadh orthu, agus cuirfear i bhfeidhm an próiseas sin.

    2.   Mar chuid den phróiseas inmheánach dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh bainisteoir an ELTIF a mheasúnú an bhfuil an tELTIF oiriúnach lena mhargú le hinfheisteoirí miondíola, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur i gcuntas:

    (a)

    saolré an ELTIF; agus

    (b)

    straitéis infheistíochta bheartaithe an ELTIF.

    3.   Déanfaidh bainisteoir an ELTIF an fhaisnéis iomchuí go léir ar ELTIF a dhéantar a mhargú le hinfheisteoirí miondíola a chur ar fáil d'aon dáileoir, lena n-áirítear an fhaisnéis go léir maidir lena shaolré agus lena straitéis infheistíochta, chomh maith leis an bpróiseas measúnaithe inmheánach agus na dlínsí ina gceadaítear don ELTIF infheistíocht a dhéanamh iontu.

    Airteagal 28

    Ceanglais shonracha maidir le dáileadh ELTIFanna ar infheisteoirí miondíola

    1.   Nuair a bheidh bainisteoir an ELTIF ag tairiscint aonaid nó scaireanna ELTIF go díreach d'infheisteoir miondíola nó nuair a bheidh ELTIF á chur aige chuige, gheobhaidh bainisteoir an ELTIF faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    faisnéis agus taithí an infheisteora miondíola sa réimse infheistíochta atá ábhartha don ELTIF,

    (b)

    staid airgeadais an infheisteora miondíola, lena n-áirítear cumas an infheisteora sin chun caillteanais a sheasamh;

    (c)

    cuspóirí infheistíochta an infheisteora miondíola, lena n-áirítear tréimhse ionchais ama an infheisteora sin.

    Bunaithe ar an eolas a gheofar faoin gcéad fhomhír, ní mholfaidh bainisteoir an ELTIF an tELTIF ach amháin má tá sé oiriúnach don infheisteoir miondíola áirithe sin.

    2.   I gcás inar mó saolré ELTIF a thairgtear d'infheisteoirí miondíola nó a chuirtear chucu ná 10 mbliana, eiseoidh bainisteoir an ELTIF nó an dáileoir rabhadh soiléir i scríbhinn go bhféadfadh sé nach mbeadh an táirge ELTIF oiriúnach d'infheisteoirí miondíola nach bhfuil in ann gealltanas fadtéarmach agus neamhleachtach den sórt sin a choimeád ar bun.

    Airteagal 29

    Forálacha sonracha maidir le taiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola

    1.   De mhaolú ar Airteagal 21(3) de Threoir 2011/61/AE, eintiteas den chineál dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Threoir 2009/65/CE a bheidh i dtaiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola.

    2.   De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 21(13) agus Airteagal 21(14) de Threoir 2011/61/AE, ní bheidh taiscí ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola in ann é féin a urscaoileadh ó dhliteanas i gcás caillteanas ionstraimí airgeadais atá faoi choimeád ag tríú páirtí.

    3.   Ní dhéanfar dliteanas an taiscí dá dtagraítear in Airteagal 21(12) de Threoir 2011/61/AE a eisiamh nó a theorannú trí chomhaontú i gcás ina ndéanfar an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola.

    4.   Beidh aon chomhaontú a sháraíonn mír 3 ar neamhní.

    5.   Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní dhéanfaidh an taiscí, ná aon tríú páirtí a mbeidh feidhm an choimeádta tarmligthe dó, iad a athúsáid dá gcuntas féin. Is é atá in athúsáid ná aon idirbheart a bhaineann le sócmhainní atá faoi choimeád lena n-áirítear aistriú, ráthú, díol agus tabhairt ar iasacht, ach gan a bheith teoranta don méid sin.

    Maidir leis na sócmhainní a bheidh faoi choimeád ag taiscí ELTIF, ní cheadófar iad a athúsáid ach amháin ar choinníoll:

    (a)

    go ndéantar athúsáid na sócmhainní a fhorghníomhú do chuntas an ELTIF;

    (b)

    go bhfuil treoracha bhainisteoir an ELTIF á gcur i gcrích ag an taiscí thar ceann an ELTIF;

    (c)

    gur chun sochair an ELTIF agus chun leasanna an aonaid nó na scairshealbhóirí atá an athúsáid; agus

    (d)

    go bhfuil an t-idirbheart cumhdaithe ag comhthaobhacht ardcháilíochta agus leachtach arna fáil ag an ELTIF faoi shocrú aistrithe teidil.

    Margadhluach na sócmhainní athúsáidte móide préimh ar a laghad a bheidh i gcónaí i margadhluach na comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír.

    Airteagal 30

    Ceanglais bhreise maidir le hELTIFanna a mhargú le hinfheisteoirí miondíola

    1.   Féadfar aonaid nó scaireanna ELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola ar choinníoll go ndéantar comhairle infheistíochta iomchuí ó bhainisteoir an ELTIF nó ón dáileoir a sholáthar d'infheisteoirí miondíola.

    2.   Ní fhéadfaidh bainisteoir ELTIF aonaid nó scaireanna an ELTIF a thairiscint go díreach d'infheisteoirí miondíola nó iad a chur chucu ach amháin más rud é go bhfuil an bainisteoir sin údaraithe chun na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b)(i) d'Airteagal 6(4) de Threoir 2011/61/AE a sholáthar agus ach amháin go bhfuil an tástáil oiriúnachta dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán seo déanta ag an mbainisteoir sin.

    3.   I gcás nach mó ná EUR 500 000 punann ionstraime airgeadais infheisteora miondíola ionchasaigh, déanfaidh bainisteoir an ELTIF nó aon dáileoir, tar éis an tástáil oiriúnachta dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a dhéanamh agus tar éis comhairle infheistíochta iomchuí a sholáthar, a áirithiú ar bhonn na faisnéise a bheidh curtha isteach ag an infheisteoir miondíola ionchasach nach ndéanfaidh an t-infheisteoir miondíola ionchasach méid comhiomlán is mó ná 10 % de phunann ionstraime airgeadais an infheisteora sin a infheistiú in ELTIFanna agus gurb ionann an t-íosmhéid tosaigh a dhéantar a infheistiú in ELTIF amháin nó níos mó agus EUR 10 000.

    Beidh an t-infheisteoir miondíola ionchasach freagrach as faisnéis chruinn a thabhairt do bhainisteoir an ELTIF nó don dáileoir i ndáil le punann ionstraime airgeadais agus infheistíochtaí an infheisteora miondíola ionchasaigh in ELTIFanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    Chun críche na míre seo, tabharfar le fios le punann ionstraime airgeadais go n-áireofar taiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais, ach ní áireofar ann aon ionstraimí airgeadais a bheidh tugtha mar chomhthaobhacht.

    4.   Déanfar foráil i rialacha nó ionstraimí corpraithe ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola go ndéileáiltear go comhionann le gach infheisteoir agus nach ndéileáiltear go fabhrach le hinfheisteoirí aonair nó le grúpaí infheisteoirí ná nach dtugtar sochair eacnamaíochta shonracha dóibh.

    5.   Ní bheidh tuilleadh dliteanais don infheisteoir miondíola de thoradh fhoirm dhlíthiúil ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola nó ní éileofar aon ghealltanais bhreise thar ceann infheisteora den sórt sin seachas an gealltanas caipitil bunaidh.

    6.   Beidh infheisteoirí miondíola in ann, i rith na tréimhse suibscríbhinne agus dhá sheachtain ar a laghad tar éis dháta a suibscríbhinne d'aonaid nó scaireanna an ELTIF, a suibscríbhinn a chur ar ceal agus an t-airgead a fháil ar ais gan aon phionós.

    7.   Déanfaidh bainisteoir ELTIF arna mhargú le hinfheisteoirí miondíola nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a bhunú chun déileáil le gearáin infheisteoirí miondíola, rud a cheadóidh d'infheisteoirí gearáin a dhéanamh i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla a mBallstáit.

    Airteagal 31

    Aonaid agus scaireanna ELTIFanna a mhargú

    1.   Beidh bainisteoir an ELTIF in ann aonaid nó scaireanna an ELTIF sin a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla agus miondíola ina Bhallstát baile tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le hAirteagal 31 de Threoir 2011/61/AE.

    2.   Beidh bainisteoir ELTIF in ann aonaid nó scaireanna an ELTIF sin a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla agus le hinfheisteoirí miondíola i mBallstáit seachas i mBallstát baile bhainisteoir an ELTIF tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2011/61/AE.

    3.   I leith gach ELTIF a bhainistíonn sé, sonróidh bainisteoir an ELTIF d'údaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige an tELTIF a mhargú le hinfheisteoirí miondíola.

    4.   I dteannta na ndoiciméad agus na faisnéise a cheanglaítear de bhun Airteagal 31 agus Airteagal 32 de Threoir 2011/61/AE, cuirfidh bainisteoir an ELTIF na nithe seo a leanas ar fáil d'údaráis inniúla:

    (a)

    réamheolaire an ELTIF;

    (b)

    doiciméad faisnéise bunriachtanaí an ELTIF i gcás go ndéantar é a mhargú le hinfheisteoirí miondíola; agus

    (c)

    faisnéis faoi na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 26.

    5.   Le hinniúlachtaí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 31 agus Airteagal 32 de Threoir 2011/61/AE, tabharfar le fios go dtagraíonn siad freisin do mhargú ELTIFanna le hinfheisteoirí miondíola agus go gcumhdaíonn siad na ceanglais bhreise a leagtar síos sa Rialachán seo.

    6.   I dteannta a chumhachtaí a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 31(3) de Threoir 2011/61/AE, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát baile bhainisteoir an ELTIF cosc freisin ar mhargú ELTIF mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF an Rialachán seo.

    7.   I dteannta a chumhachta a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 32(3) de Threoir 2011/61/AE, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile bhainisteoir an ELTIF a dhiúltú freisin comhad iomlán fógra a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe an tELTIF a mhargú mura gcomhlíonann nó mura gcomhlíonfaidh bainisteoir an ELTIF an Rialachán seo.

    CAIBIDIL VI

    MAOIRSEACHT

    Airteagal 32

    Maoirseacht ag na húdaráis inniúla

    1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach.

    2.   Beidh údarás inniúil an ELTIF freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus IV.

    3.   Beidh údarás inniúil an ELTIF freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an ELTIF, agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, ar oibleagaidí iad a chomhlíonfaidh an Rialachán seo.

    4.   Beidh údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht shocruithe agus eagrúchán bhainisteoir an ELTIF ionas go mbeidh bainisteoir an ELTIF in ann na hoibleagáidí agus na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh agus feidhmiú ELTIFanna go léir a bhainistíonn sé a chomhlíonadh.

    Beidh údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag bainisteoir an ELTIF.

    5.   Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar ghnóthais chomhinfheistíochta arna mbunú nó arna margú ina gcríocha chun a fhíorú nach n-úsáidfidh siad an t-ainmniúchán “ELTIF” ná nach dtabharfaidh siad le tuiscint gur ELTIF atá iontu mura mbeidh siad údaraithe faoin Rialachán seo agus mura gcomhlíonann siad an Rialachán seo.

    Airteagal 33

    Cumhachtaí údarás inniúil

    1.   Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile ag údaráis inniúla atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo.

    2.   Na cumhachtaí arna dtabhairt d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, lena n-áirítear na cumhachtaí sin a bhaineann le pionóis, feidhmeofar iad freisin i ndáil leis an Rialachán seo.

    3.   Déanfaidh údarás inniúil an ELTIF úsáid an ainmniúcháin “ELTIF” nó “Ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach” a thoirmeasc i gcás nach gcomhlíonann bainisteoir an ELTIF an Rialachán seo a thuilleadh.

    Airteagal 34

    Cumhachtaí agus inniúlachtaí ÚEUM

    1.   Beidh ag ÚEUM na cumhachtaí is gá chun na cúraimí a shanntar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh.

    2.   Déanfar na cumhachtaí atá ag ÚEUM i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a fheidhmiú freisin i ndáil leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

    3.   Chun críocha Rialachán (AE) Uimh.1095/2010, tuigfear gurb é atá sa Rialachán seo ná gníomh breise de chuid an Aontais atá ceangailteach de réir dlí agus lena dtugtar cúraimí d'ÚEUM dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 35

    Comhar idir údaráis inniúla

    1.   Murab ionann údarás inniúil an ELTIF agus údarás inniúil bhainisteoir an ELTIF, comhoibreoidh siad le chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a dhéanamh.

    2.   Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.

    3.   Comhoibreoidh údaráis inniúla agus ÚEUM le chéile chun a gcuid dualgas faoi seach a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.   Malartóidh údaráis inniúla agus ÚEUM gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas faoi seach faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 36

    Iarratais a phróiseáil ag an gCoimisiún

    Déanfaidh an Coimisiún tús áite a thabhairt dá chuid próiseas le haghaidh na n-iarratas uile ó ELTIFanna ar mhaoiniú ó BEI agus déanfaidh sé sruthlíniú orthu. Déanfaidh an Coimisiún sruthlíniú ar an gcaoi a seachadtar aon tuairimí nó rannchuidithe ar aon iarratais ag ELTIFanna ar mhaoiniú ó BEI.

    Airteagal 37

    Athbhreithniú

    1.   Tráth nach déanaí ná an 9 Meitheamh 2019, cuirfidh an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar anailís san athbhreithniú ar an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    tionchar Airteagal 18;

    (b)

    an tionchar ar éagsúlú sócmhainní a bheidh ag cur i bhfeidhm íosmhéid 70 % de shócmhainní infheistíochta incháilithe a leagtar síos in Airteagal 13(1);

    (c)

    a mhéid a mhargaítear ELTIFanna san Aontas, lena n-áirítear an spéis a d'fhéadfadh a bheith ag AIFManna a thagann faoi réim Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE i margú ELTIFanna;

    (d)

    a mhéid ar cheart an liosta de shócmhainní agus d'infheistíochtaí incháilithe a nuashonrú, mar aon leis na rialacha um éagsúlú, comhdhéanamh na punainne agus teorainneacha maidir le hairgead a thógáil ar iasacht.

    2.   I ndiaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus tar éis dul i gcomhairle le hÚEUM, tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil lena ndéantar measúnú ar rannchuidiú an Rialacháin seo agus ELTIFanna le hAontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích agus leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

    Airteagal 38

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige amhail ón 9 Nollaig 2015.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


    (1)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 71.

    (2)  IO C 126, 26.4.2014, lch. 8.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015

    (4)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (8)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    (9)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis atá i réamheolairí chomh maith le formáid, le corprú de réir tagairtí agus le foilsiú na réamheolairí sin agus scaipeadh fógraíochtaí (IO L 149, 30.4.2004, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

    (12)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (14)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (15)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

    (16)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (17)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (18)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

    (19)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

    (20)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


    Top