Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0479

    Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (códú)

    IO L 83, 27.3.2015, p. 34–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/479/oj

    27.3.2015   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    L 83/34


    RIALACHÁN (AE) 2015/479 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Márta 2015

    maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí

    (códú)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 (3) a leasú go suntasach (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

    (2)

    Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

    (3)

    Ba cheart comhrialacha a leagan síos le haghaidh onnmhairithe ón Aontas.

    (4)

    Tá onnmhairí nach mór léirscaoilte go hiomlán sna Ballstáit go léir. Is féidir, dá bhrí sin, glacadh leis mar phrionsabal de chuid an Aontais nach bhfuil onnmhairithe go tríú tíortha faoi réir aon sriain chainníochtúil, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus gan dochar do bhearta den sórt sin a d'fhéadfadh Ballstáit a ghlacadh i gcomhréir leis an gConradh.

    (5)

    Ba cheart a chur in iúl don Choimisiún más rud é go measann Ballstát go bhféadfadh bearta cosanta a bheith riachtanach mar thoradh ar fhorbairtí neamhghnácha ar an margadh.

    (6)

    Ní mór scrúdú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, go háirithe ar bhonn aon fhaisnéise den sórt sin, ar théarmaí agus coinníollacha onnmhairithe, ar threochtaí onnmhairithe, ar ghnéithe éagsúla na staide eacnamaíche agus tráchtála, agus ar na bearta a bheidh le glacadh, más ann dóibh.

    (7)

    D'fhéadfadh an scrúdú sin a léiriú gur cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar onnmhairí áirithe, nó gur cheart bearta cosanta eatramhacha a thabhairt isteach mar chosaint in éadan cleachtas nach raibh súil leo.

    (8)

    Aon bhearta cosanta ar gá iad chun leasa an Aontais, ba cheart iad a ghlacadh agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

    (9)

    I gcásanna lena mbaineann deacrachtaí soláthair iarbhír nó féideartha, is gá a údarú do na Ballstáit atá faoi cheangal ag gealltanais idirnáisiúnta agus iad ag bunú córais chun táirgí ola a leithdháileadh idir páirtithe conarthacha, cloí leis na hoibleagáidí a éiríonn maidir le tríú tíortha, gan dochar d'fhorálacha an Aontais arna nglacadh chun na críche céanna. Ba cheart go mbeadh an t-údarú sin i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta iomchuí de bhun gealltanas arna ndéanamh ag an Aontas nó ag na Ballstáit uile.

    (10)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach táirge, cibé a mbaineadh sé le tionsclaíocht nó le talmhaíocht. Ba cheart dá fheidhmiú a bheith ina chomhlánú ar fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta, agus le feidhmiú na n-ionstraimí speisialta arna nglacadh faoi Airteagal 352 den Chonradh maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte. Ní mór aon fhorluí idir forálacha an Rialacháin seo agus forálacha na n-ionstraimí sin, go háirithe sna clásail chosanta, a sheachaint, áfach.

    (11)

    Éilíonn cur chun feidhme an Rialacháin seo dálaí aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    BUNPHRIONSABAL

    Airteagal 1

    Beidh onnmhairiú táirgí ón Aontas go dtí tríú tíortha saor, is é sin le rá, ní bheidh siad faoi réir aon sriain chainníochtúil, cé is moite de na srianta sin a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    CAIBIDIL II

    NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

    Airteagal 2

    Más rud é, mar thoradh ar aon fhorbairtí neamhghnácha ar an margadh, go measann Ballstát go bhféadfadh bearta cosanta de réir bhrí Chaibidil III a bheith de dhíth, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún, a chuirfidh na Ballstáit eile ar an eolas.

    Airteagal 3

    1.   Beidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

    Airteagal 4

    Chun críche measúnú a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch agus tráchtála maidir le táirge áirithe, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit sonraí staidrimh a sholáthar maidir le treochtaí sa mhargadh don táirge sin agus, chun na críche sin, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus le nós imeachta a shonróidh an Coimisiún, faireachas a fheidhmiú ar onnmhairí táirgí den sórt sin. Déanfaidh na Ballstáit cibé céimeanna is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí ón gCoimisiún agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún na sonraí a iarrtar. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.

    CAIBIDIL III

    BEARTA COSANTA

    Airteagal 5

    1.   I dtreo is go seachnófar cás géibheannach mar gheall ar easpa táirgí riachtanacha, nó d'fhonn cás den sórt sin a leigheas, agus nuair is gá idirghabháil a dhéanamh láithreach chun leasa an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, agus ag cur cineál na dtáirgí agus gnéithe áirithe eile na n-idirbheart i dtrácht san áireamh, féadfaidh sé onnmhairiú táirge a chur faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird, agus rialófar deonú an údaraithe sin leis na forálacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2), nó i gcásanna éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 3(3).

    2.   Tabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit faoi na bearta a glacadh. Beidh éifeacht ag bearta den sórt sin láithreach.

    3.   Féadfar na bearta a theorannú d'onnmhairithe go tíortha áirithe nó d'onnmhairí ó réigiúin áirithe san Aontas. Ní dhéanfaidh siad difear do tháirgí atá ar an tslí cheana féin chuig teorainn an Aontais.

    4.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 1, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ó iarraidh den sórt sin a fháil.

    5.   I gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis gníomhú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cinnfidh sé, tráth nach déanaí ná 12 lá oibre tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt a bheidh glactha aige, ar cheart bearta iomchuí a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 6. Más rud é, ag deireadh na sé seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt, nach bhfuil aon bheart glactha, measfar an beart atá i gceist a bheith cúlghairthe.

    Airteagal 6

    1.   Nuair is gá sin chun leasa an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2):

    (a)

    chun cosc a chur ar chás géibheannach teacht chun cinn mar gheall ar easpa táirgí riachtanacha, nó chun cás den sórt sin a leigheas;

    (b)

    chun a cheadú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta arna dtabhairt ag an Aontas nó na Ballstáit uile, go háirithe na cinn a bhaineann le trádáil i dtáirgí príomhúla.

    2.   Féadfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 a theorannú d'onnmhairithe go tíortha áirithe nó d'onnmhairí ó réigiúin áirithe de chuid an Aontas. Ní dhéanfaidh siad difear do tháirgí atá ar an tslí cheana féin chuig teorainn an Aontais.

    3.   Nuair a thabharfar isteach srianta cainníochtúla ar onnmhairí, cuirfear an méid seo go háirithe san áireamh:

    (a)

    méid na n-earraí a onnmhairítear faoi chonarthaí arna dtabhairt i gcrích ar ghnáth-théarmaí agus ar ghnáthchoinníollacha roimh bheart cosanta de réir bhrí na Caibidle seo a theacht i bhfeidhm, beart cosanta a chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún i gcomhréir lena dhlíthe náisiúnta; agus

    (b)

    an gá gan baint amach na haidhme dar tugadh srianta cainníochtúla isteach a chur i gcontúirt.

    Airteagal 7

    1.   Fad a bhíonn aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, na nithe a leanas a dhéanamh:

    (a)

    éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

    (b)

    a fhionnadh an gá an beart a chur i bhfeidhm fós.

    I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an beart a chur i bhfeidhm fós, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

    2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a chúlghairm nó a leasú, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 8

    Maidir leis na tairgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta iomchuí de bhun na ngealltanas idirnáisiúnta a rinne an tAontas nó na Ballstáit uile, údarófar do na Ballstáit, gan dochar do rialacha arna nglacadh ag an Aontas sa réimse sin, an córas comhroinnte práinneach a chur chun feidhme lena dtugtar isteach oibleagáid maidir le leithdháileadh i gcás tríú tíortha dá bhforáiltear i ngealltanais idirnáisiúnta a bheidh déanta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi na bearta a bhfuil sé de rún acu a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh in iúl don Chomhairle agus do na Ballstáit eile.

    Airteagal 9

    Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7).

    Airteagal 10

    Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo Ballstát ó shrianta cainníochtúla a ghlacadh nó a fhorghníomhú ar onnmhairí ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail, ná ó cosaint sláinte agus beatha daoine nó ainmhithe agus plandaí, seoda náisiúnta atá luachmhar nó a mbaineann luach ealaíne, staire nó seandálaíoch leo, nó maoin tionscail agus trádála.

    Airteagal 11

    Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta, agus d'fheidhmiú na n-ionstraimí speisialta arna nglacadh faoi Airteagal 352 den Chonradh do tháirgí talmhaíochta próiseáilte. Feidhmeoidh sé mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

    I gcás táirgí atá cumhdaithe ag ionstraimí den sórt sin, ámh, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 den Rialachán seo maidir leis na táirgí sin a ndéanann rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha foráil i dtaobh srianta cainníochtúla ar onnmhairithe a chur i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis na táirgí sin a n-éilíonn rialacha den sórt sin ceadúnas nó aon doiciméad eile onnmhairiúcháin i ndáil leo.

    Airteagal 12

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 13

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


    (1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1).

    (4)  Féach Iarscríbhinn II.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (6)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (féach leathanach 16 san Iris Oifigiúil seo).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


    IARSCRÍBHINN I

    Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 8

    Cód AC

    Tuairisc

    2709 00

    Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, amh

    2710

    Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, seachas olaí atá amh; ullmhóidí nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile, ina bhfuil 70 % nó níos mó d'olaí peitriliam nó d'olaí as mianraí biotúmanacha de réir meáchain, nuair is iad na holaí sin is bun-chomhábhar do na hullmhóidí; olaí dramhaíola:

    2710 11 11 to 2710 11 90

    Olaí éadroma

    2710 19 11 to 2710 19 29

    Meánolaí

    2710 19 31 to 2710 19 99

    Olaí troma, ach amháin olaí bealaithe, a úsáidtear i gcloig agus in uaireadóirí agus a leithéidí, arna gcoinneáil i ngabhdáin bheaga nach bhfuil níos mó ná 250g glan d'ola iontu

    2711

    Gáis pheitriliam agus hidreacarbóin ghásacha eile:

    Leachtaithe:

    2711 12

    – –

    Própán:

    – – –

    Própán d'íonacht nach lú ná 99 %

    – – –

    Eile

    2711 13

    – –

    Bútáin

    I staid ghásach:

    ex 2711 29 00

    – –

    Eile:

    – – –

    Própán

    – – –

    Bútáin


    IARSCRÍBHINN II

    Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

    Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle,

    (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1)

     

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

    An Iarscríbhinn, Pointe 21 sin amháin


    IARSCRÍBHINN III

    Tábla Comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2

    Airteagal 2

    Airteagal 4

    Airteagal 3

    Airteagal 5

    Airteagal 4

    Airteagal 6

    Airteagal 5

    Airteagal 7

    Airteagal 6

    Airteagal 8

    Airteagal 7

    Airteagal 9

    Airteagal 8

    Airteagal 9a

    Airteagal 9

    Airteagal 10

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 11

    Airteagal 12

    Airteagal 12

    Airteagal 13

    Airteagal 13

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn III


    Top