EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0539

Rialachán (AE) Uimh. 539/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle

IO L 158, 27.5.2014, p. 125–130 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/539/oj

27.5.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 158/125


RIALACHÁN (AE) Uimh. 539/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs Bhabhta Uragua, ghabh an tAontas de láimh socruithe fabhracha allmhairiúcháin a thairiscint i gcás ríse de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt. Thug an Bhanglaidéis, ceann de na tíortha ar tugadh an tairiscint sin dóibh, le fios go raibh spéis aici trádáil na ríse a fhorbairt. Chuige sin, glacadh Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle (2).

(2)

Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt de na forálacha atá ann a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar mhaithe le soiléire, is iomchuí Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(3)

Faoi mhéid áirithe ríse scilligthe tá laghdú ar na dleachtanna ar allmhairí i gceist sa socrú fabhrach allmhairiúcháin. Ba cheart na méideanna coibhéiseacha ag céimeanna eile muilleála seachas céim na ríse scilligthe a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008 ón gCoimisiún (3).

(4)

D'fhonn na dleachtanna ar allmhairí atá infheidhme maidir le rís de thionscnamh na Banglaidéise a allmhairítear faoin Rialachán seo a shocrú, ba cheart forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chur san áireamh.

(5)

D'fhonn a áirithiú nach mbainfidh buntáistí an tsocraithe fabhraigh allmhairiúcháin ach le rís de thionscnamh na Banglaidéise, ba cheart deimhniú tionscnaimh a eisiúint.

(6)

D'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha a bhunú faoina mbeadh rannpháirtíocht sa socrú faoi choinníoll urrús a thaisceadh, i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ag leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(7)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an gclár oibre a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). I gcás inar gá an socrú fabhrach allmhairiúcháin a chur ar fionraí, áfach, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

(8)

Is cuid de chomhbheartas tráchtála an Aontais é an Rialachán seo, nach mór bheith comhsheasmhach le cuspóirí bheartas an Aontais i réimse an chomhair um fhorbairt agus neartóidh sé na cuspóirí sin, cuspóirí arna leagan amach in Airteagal 208 CFAE, go háirithe deireadh a chur le bochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas i dtíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart go gcomhlíonfadh an Rialachán seo ceanglais na hEagraíochta Trádála Domhanda (ETD) freisin, go háirithe leis an gCinneadh maidir le Cóir Dhifreálach agus Níos Fabhraí, Cómhalartacht agus Rannpháirtíocht Níos Iomláine i ndáil le Tíortha i mBéal Forbartha (an ”Clásal Cumasaithe”), a glacadh faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil i 1979, faoina bhféadfaidh Comhaltaí ETD cóir dhifreálach atá níos fabhraí a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe freisin ar cheart na bhfeirmeoirí beaga agus oibrithe tuaithe a aithint ar ioncam réasúnta agus ar thimpeallacht shábháilte agus shláintiúil oibre mar bhunchuspóir d'fhabhair trádála a dheonaítear do thíortha i mbéal forbartha agus do na tíortha is lú forbairt go háirithe. Is í aidhm an Aontais comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus iad a shaothrú chun tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm deireadh a chur le bochtaineacht. Sa chomhthéacs seo, tá daingniú agus cur i bhfeidhm éifeachtach coinbhinsiún bunúsach idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus le cearta oibre, cosaint an chomhshaoil agus dea-rialachas, go háirithe iad siúd a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) riachtanach chun tacú le dul chun cinn i dtreo forbartha inbhuanaithe, mar atá léirithe ag an socrú speisialta dreasachta lena soláthraítear fabhair taraife bhreise faoin Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo socrú fabhrach allmhairiúcháin i gcomhair allmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise a thig faoi chóid AC 1006 10 (ach amháin cód AC 1006 10 10), 1006 20 agus 1006 30.

2.   Beidh teorainn 4 000 tona de rís scilligthe in aghaidh na bliana féilire, leis an socrú fabhrach allmhairiúcháin.

Déanfar na méideanna ag céimeanna eile muilleála seachas rís scilligthe a chomhshó ag úsáid na rátaí comhshó a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena bhfionraítear cur i bhfeidhm an tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a luaithe a gheobhaidh sé amach, le linn na bliana reatha, go mbeidh an teorainn atá luaite i mír 2 den Airteagal seo sroichte i gcás líon na n-allmhairí atá cáilithe faoin socrú sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fheidhmiú.

Airteagal 2

Dleacht ar allmhairí

1.   Faoin teorainn atá leagtha síos in Airteagal 1(2), beidh an dleacht ar allmhairí ríse cothrom leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ríse gan scilligeadh a thig faoi chóid AC 1006 10, ach amháin cód AC 1006 10 10, na dleachtanna custaim a socraíodh sa Chomhtharaif Chustaim, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34 breise;

(b)

i gcás ríse scilligthe a thig faoi chód AC 1006 20, an dleacht a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34 breise;

(c)

i gcás ríse leathmheilte agus meilte a thig faoi chód AC 1006 30, an dleacht a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lúide EUR 16,78, lúide 50 % agus lúide EUR 6,52 breise.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 faoi réir an choinníoll gur eisigh údarás inniúil na Banglaidéise deimhniú tionscnaimh.

Airteagal 3

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn iontaofacht agus éifeachtúlacht an tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 lena leagtar síos rialacha faoina mbeidh rannpháirtíocht sa socrú fabhrach allmhairiúcháin a bhunaítear faoi Airteagal 1 faoi choinníoll urrús a thaisceadh.

Airteagal 4

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 28 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 5

Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinnfear na bearta is gá maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an modh riaracháin ba cheart a úsáid chun an socrú fabhrach allmhairiúcháin a bhainistiú;

(b)

an modh chun tionscnamh an táirge atá cumhdaithe faoin socrú fabhrach allmhairiúcháin a chinneadh;

(c)

leagan amach agus tréimhse bhailíochta an deimhnithe tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2(2);

(d)

tréimhse bhailíochta na gceadúnas allmhairíochta, i gcás inarb iomchuí;

(e)

méid an urrúis nach foláir a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 3;

(f)

na fógraí a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 6

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta, arna bhunú le hAirteagal 229(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina mbeidh an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear i mír 1 le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sheachadadh.

Airteagal 7

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a aisghairm.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise (IO L 337, 4.12.1990, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena socraítear na rátaí comhshó, na costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí sna céimeanna éagsúla den phróiseáil ríse (IO L 344, 20.12.2008, lch. 56).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 3

Airteagal 3 go hAirteagal 6


RÁITEAS MAIDIR LE GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

I gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 539/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle (1), meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis agus doiciméadúchán iomlán a chur ar fáil don Pharlaimint maidir lena chruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


(1)  Féach leathanach 125 den Iris Oifigiúil seo.


Top