Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1052

    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

    IO L 295, 6.11.2013, p. 11–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/05/2021; Arna aisghairm le 32019R1896 Airt. 123 Féach 32021R0581

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1052/oj

    6.11.2013   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/11


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1052/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Deireadh Fómhair 2013

    lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(d) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá sé riachtanach Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (“EUROSUR”) a bhunú chun an malartú faisnéise agus an comhar oibríochtúil idir údaráis náisiúnta na mBallstát a neartú maille le malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a bhunú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (2) (“an Ghníomhaireacht”). Soláthróidh EUROSUR an bonneagar agus na huirlisí is gá do na húdaráis sin agus don Ghníomhaireacht chun a bhfeasacht ar dhálaí agus a n-acmhainn freagartha ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais (“teorainneacha seachtracha”) a fheabhsú chun inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac, agus chun cuidiú lena chinntiú go ndéanfar beatha inimirceach a chosaint agus a shábháil.

    (2)

    De bhrí go mbítear ag cur chun farraige in árthaí beaga nach bhfuil muiracmhainneach, tá méadú suaithní tagtha ar an líon inimirceach a bháitear ag teorainneacha seachtracha mara ó dheas. Ba cheart do EUROSUR cumas teicniúil agus oibríochtúil na Gníomhaireachta agus na mBallstát a fheabhsú go mór chun gur féidir leo na hárthaí beaga sin a bhrath agus chun cumas freagartha na mBallstát a fheabhsú agus cuidiú, ar an gcuma sin, laghdú a dhéanamh ar líon na n-inimirceach a bhásaíonn.

    (3)

    Aithnítear leis an Rialachán seo go ngabhann daoine bealaí inimirceacha freisin agus cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

    (4)

    Ba cheart do Bhallstáit lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a bhunú d'fhonn an malartú faisnéise agus an comhar le haghaidh faireachais ar theorainneacha a fheabhsú eatarthu, agus an méid sin a fheabhsú leis an nGníomhaireacht chomh maith. Tá sé fíorthábhachtach, chun go bhfeidhmeoidh EUROSUR mar is cuí, go rachadh na húdaráis náisiúnta ar fad atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha faoin dlí náisiúnta i gcomhar le chéile trí bhíthin na lárionad náisiúnta comhordúcháin.

    (5)

    Níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar Bhallstáit freagracht a chur ar a lárionaid náisiúnta chomhordúcháin freisin as comhar agus malartú faisnéise a chomhordú i ndáil le faireachas ar theorainneacha aeir agus seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann.

    (6)

    Ba cheart go bhfeabhsófaí leis an nGníomhaireacht an malartú faisnéise agus an comhar le comhlachtaí, le hoifigí agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, mar atá an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, chun go bhféadfar an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis, as na hacmhainní agus as na córais atá ann agus atá ar fáil cheana féin ar leibhéal na hEorpa de amhail an clár Eorpach um fhaire na Cruinne.

    (7)

    Is cuid den tsamhail Eorpach um bainistíocht chomhtháite ar na teorainneacha seachtracha agus de Straitéis Slándála Inmheánaí an Aontais Eorpaigh an Rialachán seo. Cuideoidh EUROSUR freisin le forbairt an Chomhéadain Choitinn chun Faisnéis a Mhalartú (CISE) chun faireachas a dhéanamh ar réimse muirí an Aontais, agus soláthraíonn sé creat níos leithne d'fheasacht ar dhálaí muirí trí fhaisnéis a mhalartú i measc údarás poiblí in earnálacha éagsúla san Aontas.

    (8)

    D'fhonn a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá in EUROSUR chomh hiomlán agus chomh nuashonraithe agus is féidir, go háirithe maidir leis na dálaí i dtríú tíortha, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Chun na gcríoch sin, ba cheart go soláthródh toscaireachtaí agus oifigí an Aontais an fhaisnéis uile a fhéadfaidh a bheith ábhartha le haghaidh EUROSUR.

    (9)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a sholáthar chun EUROSUR a fhorbairt agus a oibriú agus, de réir mar is iomchuí, chun CISE a fhorbairt, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras, go háirithe trí chreat EUROSUR a bhunú, a choimeád ar bun agus a chomhordú.

    (10)

    Ba cheart go dtabharfaí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna don Ghníomhaireacht, ionas go bhféadfaidh sí na cúraimí breise a shanntar di faoin Rialachán seo a chomhall go leordhóthanach.

    (11)

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe urraim do dhínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, an ceart chun tearmainn agus chun cosanta i gcás ina dtarlaíonn aistriú nó díbirt, non-refoulement, an neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

    (12)

    I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, ba cheart go mbeadh rochtain ag an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus ag an bhFóram Comhairliúcháin a bunaíodh leis an Rialachán sin ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha i ndáil le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta laistigh de chreat EUROSUR.

    (13)

    Ba cheart gur eisceacht a bheadh in aon mhalartú sonraí pearsanta sa phictiúr de dhálaí Eorpacha agus sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann. Ba cheart an méid sin a dhéanamh ar bhonn an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais atá ann cheana, agus ba cheart a gceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí a urramú. I gcás nach ndéantar, le hionstraimí níos sonraí, amhail Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, córas ina mbeidh cosaint iomlán ar shonraí a sholáthar, tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (5).

    (14)

    Chun rolladh amach geografach EUROSUR a chur chun feidhme de réir a chéile, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun lárionaid náisiúnta chomhordúcháin a ainmniú agus a oibriú in dhá chéim leanúnacha; ag an gcéad chéim maidir leis na Ballstáit atá lonnaithe ag teorainneacha seachtracha theas agus thoir agus, ag an dara céim, maidir leis na Ballstáit eile.

    (15)

    Áirítear sa Rialachán seo forálacha maidir le comhar le tríú tíortha comharsanacha, toisc gur gnéithe fhíorthábhachtacha iad an malartú buan faisnéise agus comhair leis na tíortha sin, go háirithe i réigiún na Meánmhara, d'fhonn cuspóirí EUROSUR a bhaint amach. Tá sé bunriachtanach go ndéanfaí aon mhalartú faisnéise agus aon chomhar idir Ballstáit agus tríú tíortha comharsanacha i gcomhlíonadh iomlán na gceart bunúsach agus go háirithe phrionsabal an non-refoulement.

    (16)

    Áirítear sa Rialachán seo forálacha maidir leis an ndlúthchomhar a d'fhéadfadh a bheith ann le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe a fhéadfaidh a bheith ina chabhair maidir le cuspóirí EUROSUR a bhaint amach ar bhealach níos fearr.

    (17)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, an leas is fearr is féidir a bhaint as na cumais atá ann cheana féin ó thaobh acmhainní daonna chomh maith le trealamh teicniúil, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

    (18)

    Ba cheart don Choimisiún torthaí cur chun feidhme an Rialacháin seo a mheas go tráthrialta chun a mhéid a baineadh amach cuspóirí EUROSUR a chinneadh.

    (19)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an nDanmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (20)

    Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (6); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (21)

    Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (22)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9). Ba cheart don Iorua lárionad náisiúnta comhordúcháin a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo amhail ón 2 Nollaig 2013.

    (23)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

    (24)

    Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

    (25)

    Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, faoin gCoinbhinsiún i dTaobh Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint agus faoi ionstraimí eile idirnáisiúnta ábhartha.

    (26)

    Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) ná do na rialacha maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha mara i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordóidh an Ghníomhaireacht.

    (27)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit amháin cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú EUROSUR, a bhaint amach go leordhóthanach astu féin amháin agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachta, is féidir an méid sin a bhaint amach ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán sin comhchreat chun faisnéis a mhalartú agus comhar a dhéanamh idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht chun a bhfeasacht ar dhálaí agus a n-acmhainn freagartha ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais (“teorainneacha seachtracha”) a fheabhsú chun an inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath, a chomhrac agus a chosc, d'fhonn cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha inimirceach a chosaint agus a shábháil (“EUROSUR”).

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha talún agus mara, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha gan údarú agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil, chun an inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac agus chun cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beatha inimirceach a chosaint agus a shábháil

    2.   Féadfaidh feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le faireachas aeir ar theorainneacha chomh maith le seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann má chuireann Ballstáit faisnéis den sórt sin ar fáil do EUROSUR dá ndeoin féin.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon bheart dlíthiúil nó riaracháin a ghlacfar nuair a bheidh údaráis fhreagracha de chuid Ballstáit tar éis gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann nó daoine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha gan údarú a idircheapadh.

    4.   Comhlíonfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht na cearta bunúsacha, go háirithe prionsabail an non-refoulement agus urraim do dhínit an duine agus na ceanglais um chosaint sonraí, nuair a bheidh an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Tabharfaidh siad tosaíocht do shainriachtanais leanaí, mhionaoisigh neamhthionlactha, íospartaigh gháinneála ar dhaoine, daoine a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu go práinneach, daoine a mbeidh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, daoine a bheidh san fhaopach ar muir agus daoine eile atá i nguais chinniúnach.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

    (b)

    ciallaíonn “feasacht ar dhálaí” an cumas chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha trasteorann agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú agus a thuiscint chun forais réasúnta a aimsiú le haghaidh beart freagartha ar bhonn faisnéis nua a chur le chéile leis an bhfaisnéis atá ann cheana, agus ionas go mbeifear in inmhe níos fearr laghdú a dhéanamh ar líon na n-inimirceach a bhásaíonn ag teorainneacha seachtracha nó feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

    (c)

    ciallaíonn “acmhainn freagartha” an cumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích atá dírithe ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac, ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh, lena n-áirítear na meáin agus an t-am freagairt leordhóthanach a thabhairt;

    (d)

    ciallaíonn “pictiúr de dhálaí” comhéadan grafach chun sonraí gar d'fhíor-am agus faisnéis a fhaightear ó údaráis eile, ó bhraiteoirí, ó ardáin agus ó fhoinsí eile a roinntear ar bhealaí cumarsáide agus faisnéise éagsúla le húdaráis eile a chur i láthair d'fhonn feasacht ar dhálaí a bhaint amach agus chun tacú leis an acmhainn freagartha feadh teorainneacha seachtracha agus an limistéir réamhtheorann;

    (e)

    ciallaíonn “coireacht trasteorann” aon choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a rinneadh ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

    (f)

    ciallaíonn “cuid den teorainn sheachtrach” teorainn sheachtrach iomlán talún nó mara Ballstáit, nó cuid de, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í nó mar a chinneann an lárionad náisiúnta comhordúcháin nó aon údarás náisiúnta freagrach eile í;

    (g)

    ciallaíonn “limistéar réamhtheorann” an limistéar geografach amach ó theorainn sheachtrach;

    (h)

    ciallaíonn “géarchéimeanna” aon tubaistí nádúrtha agus/nó de dhéanamh an duine, aon tionóiscí, nó aon ghéarchéim pholaitiúil nó aon eachtra thromchúiseach eile a tharlaíonn ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh, a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar rialú na dteorainneacha seachtracha;

    (i)

    ciallaíonn “teagmhas” staideanna a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, le coireacht trasteorann nó ina mbeadh baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh.

    TEIDEAL II

    CREAT

    CAIBIDIL I

    Comhpháirteanna

    Airteagal 4

    Creat EUROSUR

    1.   Chun faisnéis a mhalartú agus chun críche comhair i réimse an fhaireachais ar theorainneacha, agus na sásraí malartaithe faisnéise agus comhair atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, bainfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht úsáid as creat EUROSUR, ina mbeidh na comhpháirteanna seo a leanas:

    (a)

    lárionaid náisiúnta chomhordaithe;

    (b)

    pictiúir de dhálaí náisiúnta;

    (c)

    líonra cumarsáide;

    (d)

    pictiúr de dhálaí Eorpacha;

    (e)

    pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann;

    (f)

    comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais.

    2.   Soláthróidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin an fhaisnéis a bheidh de dhíth chun pictiúr de dhálaí Eorpacha agus pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a bhunú agus a choimeád ar bun agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Ghníomhaireacht óna bpictiúir de dhálaí náisiúnta féin tríd an líonra cumarsáide.

    3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain neamhtheoranta do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin tríd an líonra cumarsáide ar an bpictiúr de dhálaí Eorpacha agus ar an bpictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann.

    4.   Déanfar na comhpháirteanna a liostaítear i mír 1 a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir leis na prionsabail a ndéantar cur síos orthu san Iarscríbhinn.

    Airteagal 5

    Lárionad náisiúnta comhordúcháin

    1.   Déanfaidh gach Ballstát lárionad náisiúnta comhordúcháin a ainmniú, a oibriú agus a choimeád ar bun agus déanfaidh an t-ionad sin faisnéis a chomhordú agus a mhalartú idir nahúdaráis a mbeidh freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile agus leis an nGníomhaireacht, agus na húdaráis ar fad, na lárionaid agus an Ghníomhaireacht a chomhordú. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le bunú a lárionaid náisiúnta comhordúcháin, agus cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile agus an Ghníomhaireacht ar an eolas láithreach ina leith.

    2.   Gan dochar d'Airteagal 17, agus laistigh de chreat EUROSUR, is é an lárionad náisiúnta comhordúcháin an t-aon phointe teagmhála a bheidh ann d'fhonn faisnéis a mhalartú agus d'fhonn dul i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile agus leis an nGníomhaireacht.

    3.   Déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas:

    (a)

    áiritheoidh sé malartú tráthúil faisnéise idir na húdaráis náisiúnta ar fad a bheidh freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha, agus comhar tráthúil eatarthu,agus idir lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile chomh maith agus leis an nGníomhaireacht;

    (b)

    áiritheoidh sé malartú tráthúil faisnéise leis na húdaráis chuardaigh agus tarrthála, le húdaráis forghníomhaithe an dlí, agus leis na húdaráis inimirce agus tearmainn ar an leibhéal náisiúnta;

    (c)

    cuideoidh sé le bainistíocht éifeachtach éifeachtúil acmhainní agus pearsanra;

    (d)

    déanfaidh sé an pictiúr de dhálaí náisiúnta a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir le hAirteagal 9;

    (e)

    tacóidh sé le pleanáil agus le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí náisiúnta faireachais ar theorainneacha;

    (f)

    comhordóidh sé an córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

    (g)

    cuideoidh sé le héifeachtaí na ngníomhaíochtaí náisiúnta faireachais ar theorainneacha a thomhas go tráthrialta chun críocha an Rialacháin seo;

    (h)

    déanfaidh sé bearta oibríochtúla a chomhordú le Ballstáit eile, gan dochar d'inniúlachtaí na Gníomhaireachta agus na mBallstát.

    4.   Beidh an t-ionad náisiúnta comhordúcháin ag obair ceithre huaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine.

    Airteagal 6

    An Ghníomhaireacht

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na nithe seo a leanas:

    (a)

    an líonra cumarsáide do EUROSUR a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir le hAirteagal 7;

    (b)

    an pictiúr de dhálaí Eorpacha a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir le hAirteagal 10;

    (c)

    an pictiúr coiteann de dhálaí réamhtheorann a bhunú agus a choimeád ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11;

    (d)

    comhchur i bhfeidhm na n-uirlisí faireachais a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 12.

    2.   Chun críocha mhír 1, beidh an Ghníomhaireacht ag obair ceithre huaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine.

    Airteagal 7

    Líonra cumarsáide

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht líonra cumarsáide a bhunú agus a choimeád ar bun chun uirlisí cumarsáide agus anailíseacha a sholáthar chun a cheadú go ndéanfar faisnéis íogair neamhaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus eatarthu, gar d'fhíor-am agus ar bhealach slán. Beidh an líonra ag obair ceithre huaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine agus déanfaidh sé an méid seo a leanas a cheadú:

    (a)

    malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise gar d'fhíor-am;

    (b)

    closchomhdháil agus físchomhdháil;

    (c)

    faisnéis íogair neamhaicmithe a láimhseáil, a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil ar bhealach slán;

    (d)

    faisnéis rúnaicmithe AE a láimhseáil, a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil ar bhealach slán go leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” nó go leibhéil aicmithe náisiúnta atá coibhéiseach, ag áirithiú go láimhseálfar, go stóráilfear, go dtarchuirfear agus go bpróiseáilfear faisnéis rúnaicmithe i gcuid ar leithligh den líonra cumarsáide a bhfuil an creidiúnú cuí aici.

    2.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil agus áiritheoidh sí go mbeidh an líonra cumarsáide inoibritheach maidir le haon chóras ábhartha cumarsáide agus faisnéise eile a bhainisteoidh an Ghníomhaireacht.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis íogair neamhaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil sa líonra cumarsáide i gcomhréir le hAirteagal 11d de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

    4.   Déanfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin faisnéis íogair neamhaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil sa líonra cumarsáide i gcomhlíonadh na rialacha agus na gcaighdeán atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (15).

    5.   Áiritheoidh údaráis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile na mBallstát a úsáidfidh an líonra cumarsáide go gcomhlíonfar rialacha agus caighdeáin slándála atá coibhéiseach leis na rialacha agus na caighdeáin a chuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil.

    CAIBIDIL II

    Feasacht ar dhálaí

    Airteagal 8

    Pictiúir de dhálaí

    1.   Déanfar na pictiúir de dhálaí náisiúnta, an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann a sholáthar trí fhaisnéis a chnuasach, meastóireacht a dhéanamh uirthi, í a chomhordú, a anailísiú, a léirmhíniú, a ghineadh, a léirshamhlú agus a scaipeadh.

    2.   Beidh sna pictiúir dá dtagraítear i mír 1 na sraitheanna seo a leanas:

    (a)

    sraith imeachtaí;

    (b)

    sraith oibríochtúil;

    (c)

    sraith anailíse.

    Airteagal 9

    Pictiúr de dhálaí náisiúnta

    1.   Déanfaidh an t-ionad náisiúnta comhordúcháin pictiúr de dhálaí náisiúnta a bhunú agus a chaomhnú chun faisnéis éifeachtach chruinn thráthúil a sholáthar do na húdaráis uile a mbeidh freagrachtaí orthu maidir le rialú teorainneacha seachtracha agus, go háirithe, maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta.

    2.   Faisnéis a bhaileofar ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr de na dálaí náisiúnta:

    (a)

    an córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

    (b)

    braiteoirí seasta agus soghluaiste a oibreoidh údaráis náisiúnta a bheidh freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha;

    (c)

    patróil a dhéanfaidh faireachas ar theorainneacha agus misin eile faireacháin;

    (d)

    lárionaid áitiúla agus réigiúnacha chomhordúcháin, agus lárionaid chomordúcháin eile;

    (e)

    údaráis agus córais ábhartha náisiúnta eile, lena n-áirítear oifigigh idirchaidrimh, lárionaid oibríochtúla agus pointí teagmhála;

    (f)

    an Ghníomhaireacht;

    (g)

    lárionaid chomhordúcháin náisiúnta i mBallstáit eile;

    (h)

    údaráis tríú tíortha, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus líonraí réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 20;

    (i)

    córais tuairiscithe long i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach;

    (j)

    eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha eile;

    (k)

    foinsí eile.

    3.   Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

    (a)

    foshraith maidir le trasnaithe teorainneacha gan údarú, lena n-áirítear faisnéis, a bheidh ar fáil don lárionad comhordúcháin náisiúnta, maidir le teagmhais a bhaineann le beatha inimirceach a bheith i bpriacal.

    (b)

    foshraith maidir le coireacht trasteorann;

    (c)

    foshraith maidir le staideanna géarchéime;

    (d)

    foshraith maidir le tarluithe eile ina mbeidh faisnéis maidir le feithiclí, soithí agus árthaí eile agus daoine gan aithint agus a mbeifear in amhras fúthu bheidh i láthair feadh theorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann nógar dóibh, mar aon le haon tarlú eile a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar rialú na dteorainneacha seachtracha.

    4.   Sannfaidh an lárionad comhordúcháin náisiúnta leibhéal tionchair táscach amháin do gach teagmhas i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí náisiúnta, ó leibhéal tionchair “íseal” agus “meánach” go “ard”. Roinnfear gach teagmhas leis an nGníomhaireacht.

    5.   Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith oibríochtúil an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

    (a)

    foshraith maidir le sócmhainní dílse, lena n-áirítear sócmhainní míleata lena gcuideofar le misean chun an dlí a fhorghníomhú, agus réimsí oibríochtúla, ina mbeidh faisnéis maidir le suíomh, stádas agus cineálacha na sócmhainní dílse, agus maidir leis na húdaráis a bheidh páirteach. Maidir le hacmhainní míleata a úsáidtear chun cuidiú le misean míleata chun an dlí a fhorghníomhú, féadfaidh an t-ionad comhordúcháin a chinneadh, arna iarraidh sin don údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na hacmhainní sin, rochtain ar an bhfaisnéis sin a shrianadh de réir mar a bheidh an t-eolas sin de dhíth;

    (b)

    foshraith maidir le faisnéis faoin gcomhshaol, ina mbeidh faisnéis ar thír-raon agus ar dhálaí aimsire nó ina dtabharfar rochtain uirthi i ndáil le dálaí aimsire ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann.

    6.   Aicmeofar an fhaisnéis faoi shócmhainní dílse sa tsraith oibríochtúil mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED.

    7.   Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith anailíse an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

    (a)

    foshraith faisnéise, ina mbeidh príomhfhorbairtí agus príomhtháscairí a bheidh ábhartha chun críocha an Rialacháin seo;

    (b)

    foshraith anailíseach, ina n-áireofar tuarascálacha anailíseacha, treochtaí rátála riosca, faireacháin réigiúnacha agus nótaí faisnéise a bheidh ábhartha chun críocha an Rialacháin seo;

    (c)

    foshraith faisnéise, ina mbeidh faisnéis anailísithe atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir le sannadh na leibhéal tionchair do na codanna de theorainneacha seachtracha;

    (d)

    foshraith íomhánna agus geo-sonraí, lena n-áireofar íomhánna tagartha, mapaí cúlra, bailíochtú faisnéise anailísithe agus anailís ar athruithe (íomhánna breathnóireachta ar an domhan) chomh maith le brath athruithe, sonraí geo-thagartha agus mapaí a léiríonn tréscaoilteacht na dteorainneacha seachtracha.

    8.   Féadfar an fhaisnéis a bheidh sa tsraith anailíse agus an fhaisnéis faoin gcomhshaol a bheidh sa tsraith oibríochtúil den phictiúr de dhálaí náisiúnta a bhunú ar an bhfaisnéis a sholáthrófar sa phictiúr de dhálaí Eorpacha agus sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann.

    9.   Roinnfidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát comharsanach pictiúr de dhálaí na gcodanna den teorainn sheachtrach chomharsanach a bhaineann leis an méid seo a leanas le chéile go díreach agus gar d'fhíor-am:

    (a)

    teagmhais agus tarluithe suntasacha eile a bheidh sa tsraith imeachtaí;

    (b)

    tuarascálacha oirbheartaíochta ar anailís riosca mar a bheidh sa tsraith anailíse.

    10.   Féadfaidh lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát comharsanach pictiúr de dhálaí na gcodanna den teorainn sheachtrach chomharsanach a bhaineann le suímh, stádas agus cineálacha sócmhainní dílse a oibreofar sna codanna den teorainn sheachtrach chomharsanach faoi mar a bheidh siad sa tsraith oibríochtúil a chomhroinnt go díreach agus gar d'fhíor-am.

    Airteagal 10

    Pictiúr de Dhálaí Eorpacha

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht pictiúr de dhálaí Eorpacha a bhunú agus a choimeád ar bun d'fhonn faisnéis agus anailís a bheidh éifeachtach, beacht agus tráthúil a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin.

    2.   Faisnéis arna bailiú ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr de dhálaí Eorpacha:

    (a)

    pictiúir de dhálaí náisiúnta, a mhéid a cheanglaítear leis an Airteagal seo,

    (b)

    an Ghníomhaireacht;

    (c)

    an Coimisiún Eorpach, agus faisnéis straitéiseach á soláthar aige maidir le rialú teorainneacha, lena n-áirítear easnaimh maidir le rialú teorainneacha seachtracha a dhéanamh;

    (d)

    toscaireachtaí agus oifigí an Aontais Eorpaigh;

    (e)

    comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 18;

    (f)

    foinsí eile.

    3.   Beidh san áireamh i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí Eorpacha faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a)

    teagmhais agus imeachtaí eile a bheidh sa tsraith tarluithe den phictiúr de dhálaí náisiúnta;

    (b)

    teagmhais agus imeachtaí eile a bheidh sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann;

    (c)

    teagmhais sa réimse oibríochtúil d'oibríocht chomhpháirteach, de threoirthionscadal nó de mhear-idirghabháil a chomhordóidh an Ghníomhaireacht.

    4.   Sa phictiúr de dhálaí Eorpacha, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh an leibhéal tionchair a shann an lárionad náisiúnta comhordúcháin do theagmhas ar leith sa phictiúr de dhálaí náisiúnta.

    5.   Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith oibríochtúil an phictiúir de dhálaí Eorpacha:

    (a)

    foshraith maidir le sócmhainní dílse, ina mbeidh faisnéis faoi shuíomh, am, stádas agus cineálacha na sócmhainní dílse atá rannpháirteach i gcomhoibríochtaí, treoirthionscadail agus mear-idirghabhálacha na Gníomhaireachta nó a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht, agus plean an imlonnaithe, lena n-áirítear limistéar na hoibríochta, sceidil na bpatról agus na cóid chumarsáide;

    (b)

    foshraith maidir le hoibríochtaí, ina mbeidh faisnéis faoi na comhoibríochtaí, na treoirthionscadail agus na mear-idirghabhálacha a chomhordóidh an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear ráiteas, suíomh, stádas agus ré an mhisin, faisnéis faoi na Ballstáit agus faoi na gníomhaithe eile a bheidh rannpháirteach, tuarascálacha laethúla agus seachtainiúla faoi na dálaí atá ann, sonraí staitistiúla agus pacáistí faisnéise do na meáin;

    (c)

    foshraith maidir le faisnéis faoin gcomhshaol, ina mbeidh faisnéis faoin tír-raon agus faoi dhálaí aimsire ag teorainneacha seachtracha.

    6.   Aicmeofar an fhaisnéis faoi shócmhainní dílse sa tsraith oibríochtúil den phictiúr de dhálaí Eorpacha mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED.

    7.   Déanfar an tsraith anailíse den phictiúr de dhálaí Eorpacha a struchtúrú ar an mbealach céanna is a dhéanfar sin sa phictiúr de dhálaí náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 9(7).

    Airteagal 11

    Pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a bhunú agus a choimeád ar bun d'fhonn faisnéis agus anailís a bheidh éifeachtach, beacht agus tráthúil a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin maidir leis an limistéar réamhtheorann.

    2.   Faisnéis a bhaileofar ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann:

    (a)

    lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, lena n-áirítear faisnéis agus tuarascálacha a gheofar ó oifigigh idirchaidrimh na mBallstát trí na húdaráis náisiúnta inniúla;

    (b)

    toscaireachtaí agus oifigí an Aontais;

    (c)

    an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear faisnéis agus tuarascálacha a sholáthróidh a cuid oifigeach idirchaidrimh;

    (d)

    comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile ábhartha an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18;

    (e)

    údaráis tríú tíortha, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus gréasáin réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 20, trí na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin;

    (f)

    foinsí eile.

    3.   Féadfaidh faisnéis a bheith sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann atá ábhartha d'oibríochtaí um fhaireachas aeir ar theorainneacha agus do sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha.

    4.   Déanfar na teagmhais agus na sraitheanna oibríochtúla agus anailíse den phictiúir choiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a struchtúrú ar an mbealach céanna is a dhéanfar sin sa phictiúr de dhálaí Eorpacha a leagtar amach in Airteagal 10.

    5.   Sannfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal tionchair táscach amháin do gach teagmhas i sraith tarluithe an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na lárionaid náisiúnta chomhordaithe ar an eolas faoi aon teagmhas sa limistéar réamhtheorann.

    Airteagal 12

    Comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú ar chomhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais, chun faisnéis faireachais faoi na teorainneacha seachtracha agus faoin limistéar réamhtheorann a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus di féin ar bhonn tráthrialta, iontaofa agus costéifeachtúil.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fáil do lárionad náisiúnta comhordúcháin, arna iarraidh sin dó, faoi theorainneacha seachtracha an Bhallstáit is iarrthóir agus faoin limistéar réamhtheorann, ar faisnéis í a fhéadfar a dhíorthú ón méid seo a leanas:

    (a)

    faireachán roghnaíoch ar chalafoirt agus ar chóstaí tríú tíortha ainmnithe a sainaithníodh, ar bhonn anailíse riosca agus faisnéise, mar phointí bordála nó mar phointí idirthurais do shoithí agus d'árthaí eile a úsáidtear d'inimirce mhídhleathach nó do choireacht trasteorann;

    (b)

    rianú soitheach nó árthach eile ar mórmhuir ar soithí nó árthaí iad a mbeidh amhras faoina n-úsáid nó ar aithníodh a n-úsáid d'inimirce mhídhleathach nó do choireacht trasteorann;

    (c)

    faireachán ar limistéir ainmnithe sa réimse muirí d'fhonn soithí agus árthaí eile a bhfuil á n-úsáid nó a mbeidh amhras faoina n-úsáid d'inimirce mhídhleathach nó do choireacht trasteorann a bhrath, a shainaithint agus a rianú;

    (d)

    measúnú comhshaoil ar limistéir ainmnithe sa réimse muirí agus ag an teorainn sheachtrach talún chun gníomhaíochtaí faireacháin agus patrólaithe a bharrfheabhsú;

    (e)

    faireachán roghnaíoch ar limistéir ainmnithe réamhtheorann ag na teorainneacha seachtracha, ar limistéir iad a sainaithníodh ar bhonn anailíse riosca agus faisnéise mar limistéir ionchasacha imeachta nó idirthurais d'inimirce mhídhleathach nó do choireacht trasteorann.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar trí shonraí a chur le chéile agus a anailísiú, ar sonraí iad a fhéadfar a bhailiú ó na córais, na braiteoirí agus na hardáin seo a leanas:

    (a)

    córais tuairiscithe long i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach;

    (b)

    íomhánna satailíte;

    (c)

    braiteoirí atá suite ar aon fheithicil, ar aon soitheachnó ar árthaí eile.

    4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht diúltú d'iarraidh ó lárionad náisiúnta comhordúcháin ar chúiseanna teicniúla, airgeadais nó oibríochtúla. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don ionad náisiúnta comhordúcháin in am cuí ina mbeidh na cúiseanna le diúltú den sórt sin.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a thionscnamh féin, na huirlisí faireachais dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun an fhaisnéis is ábhartha a bhailiú le haghaidh pictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann.

    Airteagal 13

    Sonraí pearsanta a phróiseáil

    1.   I gcás go mbaintear úsáid as an bpictiúr de dhálaí náisiúnta chun sonraí pearsanta a phróiseáil, déanfar na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE, le Cinneadh Réime 2008/977/CGB agus leis na forálacha náisiúnta ábhartha maidir le cosaint sonraí.

    2.   Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bpictiúr de dhálaí Eorpacha ach chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le huimhreacha aitheantais long.

    Déanfar na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 11ca de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004. Ní dhéanfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha soithí a bhrath, a shainaithint agus a rianú agus chun na gcríoch sin dá dtagraítear in Airteagal 11c(3) den Rialachán sin. Scriosfar na sonraí go huathoibríoch laistigh de sheacht lá tar éis don Ghníomhaireacht iad a fháil nó, i gcás ina mbeidh níos mó ama ag teastáil chun soitheach a rianú, laistigh de dhá mhí tar éis don Ghníomhaireacht iad a fháil.

    CAIBIDIL III

    Acmhainn freagartha

    Airteagal 14

    Codanna den teorainn sheachtrach a chinneadh

    Chun críocha an Rialacháin seo, roinnfidh gach Ballstát a theorainneacha seachtracha talún agus mara ina gcodannna teorann agus cuirfear fógra ina leith chuig an nGníomhaireacht.

    Airteagal 15

    Leibhéil tionchair a shannadh do chodanna den teorainn sheachtrach

    1.   Ar bhonn anailís riosca na Gníomhaireachta, agus i gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, sannfaidh an Ghníomhaireacht na leibhéil tionchair seo a leanas do gach ceann de chodanna theorann seachtrach talún agus mara na mBallstát nó athróidh sí iad:

    (a)

    leibhéal tionchair íseal i gcás ina mbeidh tionchar neamhshuntasach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn;

    (b)

    leibhéal tionchair meánach i gcás ina mbeidh tionchar meánach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn;

    (c)

    leibhéal tionchair ard i gcás ina mbeidh tionchar suntasach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a tharlóidh ag an gcuid ábhartha den teorainn.

    2.   Déanfaidh an lárionad comhordúcháin a mheas go tráthrialta an bhfuil gá le hathrú a dhéanamh ar an leibhéal tionchair maidir le ceann ar bith de na codanna teorann tríd an bhfaisnéis sa phictiúr de dhálaí náisiúnta a chur san áireamh.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht léirshamhlú ar na leibhéil tionchair a sannadh do na teorainneacha seachtracha sa phictiúr de dhálaí Eorpacha.

    Airteagal 16

    Freagairt a fhreagraíonn do na leibhéil tionchair

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh na gníomhaíochtaí faireachais agus patrólaithe a dhéanfar ag na codanna den teorainn sheachtrach do na leibhéil tionchair a sannadh mar a leanas:

    (a)

    i gcás ina sannfar leibhéal tionchair íseal do chuid den teorainn sheachtrach, déanfaidh na húdaráis náisiúnta a mbeidh freagracht orthu as faireachas a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha faireachas tráthrialta a eagrú ar bhonn anailíse riosca agus áiritheoidh siad go gcoinneofar dóthain pearsanra agus acmhainní ag an limistéar teorann ar mhaithe le rianú, sainaithint agus gabháil;

    (b)

    i gcás ina sanntar leibhéal tionchair meánach do chuid de theorainn sheachtrach, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta a bhfuil freagracht orthu maidir le faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha, anuas ar na bearta sin a dhéanfar faoi phointe (a), go rachfar i mbun gníomhaíochtaí iomchuí faireachais ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach. Nuair a ghlactar bearta faireachais den sórt sin, cuirfear fógra dá réir sin chuig an lárionad náisiúnta comhordúcháin. Comhordóidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tacaíocht a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);

    (c)

    i gcás ina sannfar leibhéal tionchair ard do chuid de theorainn sheachtrach, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, anuas ar na bearta a dhéanfar faoi phointe (b), tríd an lárionad náisiúnta comhordúcháin, go dtabharfar an tacaíocht is gá do na húdaráis náisiúnta a bheidh ag feidhmiú ag an gcuid sin den teorainn agus go nglacfar bearta athneartaithe faireachais. Féadfaidh an Ballstát sin a iarraidh ar an nGníomhaireacht tacaíocht a thabhairt faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 maidir le comhoibríochtaí nó idirghabhálacha meara a thionscnamh.

    2.   Cuirfidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin an Ghníomhaireacht ar an eolas go tráthrialta faoi na bearta a ghlacfar ar an leibhéal náisiúnta de bhun phointe (c) de mhír 1.

    3.   I gcás ina sannfar leibhéal tionchair meánach nó ard do chuid de theorainn sheachtrach atá buailte le cuid de theorainn Bhallstáit eile nó tíre lena bhfuil comhaontuithe nó líonraí réigiúnacha, dá dtagraítear in Airteagal 19 agus 20, bunaithe, déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin teagmháil le lárionad náisiúnta comhordúcháin an Bhallstáit chomharsanaigh nó le húdarás inniúil na tíre comharsanaí agus déanfaidh sé iarracht comhordú a dhéanamh ar na bearta trasteorann a mbeidh gá leo.

    4.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát iarraidh isteach i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht agus an iarraidh sin á freagairt acu, tacaíocht a thabhairt don Bhallstát sin, go háirithe tríd an méid a leanas a dhéanamh:

    (a)

    trí thosaíocht a thabhairt do chomhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais;

    (b)

    imlonnú Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a chomhordú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

    (c)

    imlonnú an trealaimh theicniúil a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

    (d)

    aon tacaíocht bhreise a thairgeann Ballstáit eile a chomhordú.

    5.   Ina tuarascálacha ar anailís riosca, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, meastóireacht ar shannadh na leibhéal tionchair agus ar na bearta comhfhreagracha a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a mheas.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA SONRACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 17

    Tascanna a shannadh d'údaráis eile sna Ballstáit

    1.   Féadfaidh na Ballstáit freagracht a chur ar údaráis réigiúnacha, údaráis áitiúla, údaráis fheidhmeacha, nó ar údaráis eile, a bhfuil an seasamh acu chun cinntí oibríochtúla a dhéanamh, agus a mbeidh freagrach asfeasacht maidir ledálaí agus acmhainn freagartha a áirithiú ina réimsí inniúlachta faoi seach, lena n-áirítear na tascanna agus na hinniúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d'Airteagal 5(3).

    2.   Ní dhéanfaidh cinneadh na mBallstát cúraimí a leithroinnt i gcomhréir le hAirteagal 1 difear don lárionad náisiúnta comhordúcháin i dtaca lena chumas dul i gcomhar le lárionaid náisiúnta chomhordúcháin eile agus leis an nGníomhaireacht, agus faisnéis a mhalartú leo.

    3.   I gcásanna réamhshainithe de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin údarás dá dtagraítear i mír 1 a údarú chun cumarsáid a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú leis na húdaráis réigiúnacha nó le lárionad náisiúnta comhordúcháin Ballstáit eile nó le húdaráis inniúla tríú tír ar choinníoll go gcoinneoidh na húdárais sin a lárionad náisiúnta comhordúcháin féin ar an eolas go tráthrialta faoin gcumarsáid agus faoin malartú faisnéise sin.

    Airteagal 18

    Comhar na Gníomhaireachta le tríú páirtithe

    1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an bhfaisnéis, as na hacmhainní agus as na córais atá ar fáil cheana in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta, faoi chuimsiú a gcreataí dlíthiúla faoi seach.

    2.   I gcomhréir le mír 1, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go háirithe leis na hinstitiúidi, leis na comhlachtaí, leis na hoifigí agus leis na gníomhaireachtaí seo a leanas de chuid an Aontais, agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:

    (a)

    An Oifig Eorpach Póilíní (Europol) chun faisnéis a mhalartú maidir le coireacht trasteorann ar faisnéis í a bheidh le cur sa phictiúr de dhálaí Eorpacha;

    (b)

    Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach nuair a bheidh comhchur i bhfeidhm na n-uirlisí faireachais á sholáthar;

    (c)

    an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais lena n-áirítear an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, a fhéadfaidh faisnéis a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, ar faisnéis í a bheidh ábhartha chun an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann achoimeád ar bun;

    (d)

    eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhéadfaidh faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht a bheidh ábhartha chun an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a choimeád ar bun.

    3.   I gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú leis an Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N) agus leis an Lárionad chun an comhrac i gcoinne drugaí sa Mheánmhuir a chomhordú (CeCLAD-M) chun faisnéis a mhalartú ar choireacht trasteorann a bheidh le háireamh sa phictiúr de dhálaí Eorpacha.

    4.   Malartófar faisnéis idir an Ghníomhaireacht agus na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, tríd an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7 nó trí líonraí cumarsáide eile lena gcomhlíonfar critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine.

    5.   Déanfar an comhar idir an Ghníomhaireacht agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, a rialú mar chuid de shocruithe oibre i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus le bunús dlí ábhartha an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, nó na heagraíochta idirnáisiúnta lena mbaineann. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil sna socruithe sin go gcomhlíonfaidh an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann rialacha agus caighdeáin slándála a bheidh coibhéiseach leo siúd a chuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm.

    6.   Ní bhainfidh na comhlachtaí, na hoifigí ná na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, úsáid as faisnéis a gheofar i gcomhthéacs EUROSUR ach amháin laistigh de theorainneacha a gcreat dlíthiúil agus i gcomhlíonadh ceart bunúsach, lena n-áirítear ceanglais cosanta sonraí.

    Airteagal 19

    Comhar le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfar an malartú faisnéise agus an comhar le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe a dhéanamh ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Éire nó an Ríocht Aontaithe faoi seach agus Ballstát comharsanach amháin nó roinnt Ballstát comharsanach nó trí líonraí réigiúnacha a bhunófar ar na comhaontuithe sin. Is iad lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát a bheidh mar phointí teagmhála chun faisnéis a mhalartú le húdaráis chomhfhreagracha na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe faoi chreat EUROSUR. Nuair a bheidh na comhaontuithe sin tugtha i gcrích, tabharfar fógra don Choimisiún ina leith.

    2.   Beidh na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 teoranta don mhalartú faisnéise seo a leanas idir lárionaid chomhordúcháin náisiúnta de chuid Ballstáit agus údarás comhfhreagrach na hÉireann nó na Ríocht Aontaithe:

    (a)

    faisnéis a bheidh sa phictiúr de dhálaí náisiúnta de chuid Ballstát a mhéid a tharchuirfear chuig an nGníomhaireacht í chun críocha an phictiúir de dhálaí Eorpacha agus an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann;

    (b)

    faisnéis a bheidh cnuasaithe ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe agus a bheidh ábhartha chun críocha an phictiúir de dhálaí Eorpacha agus an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann;

    (c)

    faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(9).

    3.   Ní dhéanfar faisnéis, arna sholáthair i gcomhthéacs EUROSUR ag an Ghníomhaireacht nó ag Ballstát nach bhfuil ina pháirtí in aon cheann de na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, a roinnt le hÉirinn no leis an Ríocht Aontaithe in eagmuis fhormheas na gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin Beidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag an diúltú an fhaisnéis sin a roinnt le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe.

    4.   Toirmiscfear faisnéis a mhalartófar faoin Airteagal seo a tharchur ná a chur in iúl chuig tríú tíortha eile nó chuig tríú páirtithe.

    5.   Áireofar sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le costais airgeadais a eascróidh as rannpháirtíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe i gcur chun feidhme na gcomhaontuithe sin.

    Airteagal 20

    Comhar le tríú tíortha comharsanacha

    1   Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú agus oibriú i gcomhar le tríú tír chomharsanach nó le roinnt tríú tíortha comharsanacha. Déanfar malartú faisnéise agus comhar den sórt sin ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó trí líonraí réigiúnacha a bhunófar ar bhonn na gcomhaontuithe sin. Is iad lárionaid náisiúnta chomhordúcháin na mBallstát a bheidh mar phointí teagmhála chun faisnéis a mhalartú le tríú tíortha comharsanacha.

    2   Sula dtabharfar aon chomhaontú dá dtagraítear i mír 1 i gcrích, tabharfaidh na Ballstáit fógra i leith an chomhaontaithe sin don Choimisiún, agus fíoróidh an Coimisiún go gcomhlíonann a chuid forálacha atá ábhartha do EUROSUR an Rialachán seo. A luaithe a thabharfar an comhaontú i gcrích, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Ghníomhaireacht.

    3.   Comhlíonfaidh na comhaontuithe sin dá dtagraítear i mír 1 dlí ábhartha an Aontais agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta maidir le cearta bunúsacha agus cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún i dTaobh Stádas Dídeanaithe, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

    4.   Aon mhalartú sonraí pearsanta le tríú tíortha faoi chreat EUROSUR, beidh sé teoranta don mhéid a mbeidh géarghá leis chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar é i gcomhréir le Treoir 95/46/CE, le Cinneadh Réime 2008/977/CGB agus leis na forálacha ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

    5.   Toirmeascfar aon mhalartú faisnéise faoi mhír 1, lena gcuirfear faisnéis ar fáil do thríú tír a d'fhéadfaí a úsáid chun daoine nó grúpa daoine a aithint a mbeidh a n-iarraidh ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú nó a mbeidh contúirt mhór ann go bhfulaingeoidh siad céastóireacht, íde nó pionós a bheadh mídhaonna nó táireach nó aon sárú eile ar chearta bunúsacha.

    6.   Comhlíonfaidh aon mhalartú faisnéise faoi mhír 1 coinníollacha na gcomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha a thabharfar i gcrích le tríú tíortha comharsanacha.

    7.   Ní dhéanfar faisnéis, arna sholáthair i gcomhthéacs EUROSUR ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát nach bhfuil ina pháirtí in aon cheann de na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, a roinnt le triú tír faoin chomhaontú sin in eagmuis fhormheas na gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin. Beidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag an diúltú an fhaisnéis sin a roinnt leis an tríú tír lena mbaineann.

    8.   Toirmiscfear faisnéis a mhalartófar faoin Airteagal seo a tharchur ná a chur in iúl chuig tríú tíortha eile nó chuig tríú páirtithe.

    9.   Maidir le haon mhalartú faisnéise le tríú tíortha a gheofar trí chomhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais, beidh sé faoi réir na dlíthe agus na rialacha lena rialaítear na huirlisí sin agus faoi réir fhorálacha ábhartha Threoir 95/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Réime 2008/977/CGB.

    Airteagal 21

    Lámhleabhar

    1.   Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, agus le haon chomhlacht ábhartha eile, le haon oifig ábhartha eile nó le haon ghníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais lámhleabhar praiticiúil ar fáil chun EUROSUR a chur chun feidhme agus a bhainistiú (“Lámhleabhar”). Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtais, lena n-áirítear maidir le comhar le tríú tíortha, sa Lámhleabhar. Glacfaidh an Coimisiún an Lámhleabhar i bhfoirm molta.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, codanna den Lámhleabhar a aicmiú mar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED i gcomhlíonadh na rialacha a leagtar síos i Rialachán Nós Imeachta an Choimisiúin.

    Airteagal 22

    Faireachán agus meastóireacht

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú teicniúil agus oibríochtúil EUROSUR d'fhonn na cuspóirí i dtaca le feasacht leordhóthanach ar dhálaí agus acmhainn freagartha ag teorainneacha seachtracha na mBallstát a bhaint amach agus chun faireachán a dhéanamh ar urraim do chearta bunúsacha lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement a bhaint amach.

    2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú EUROSUR faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 1 Nollaig 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EUROSUR ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle faoin 1 Nollaig 2016 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin. Áireofar sa mheastóireacht sin measúnú ar na torthaí a baineadh amach i gcomhthéacs na gcuspóirí a socraíodh ar bhailíocht leantach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht agus ar a mhéid a comhlíonadh na cearta bunúsacha agus an tionchar atá orthu. Áireofar meastóireacht ar chostais agus ar thairbhe inti. Beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an meastóireacht sin i gcás inar gá.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Ghníomhaireacht chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a dhréachtú.

    Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar.

    Airteagal 23

    Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 leis seo mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    “(i)

    an cúnamh is gá a chur ar fáil d'fhorbairt agus d'oibriú córais Eorpaigh faireachais teorann agus, de réir mar is iomchuí, d'fhorbairt comhéadain choitinn chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht córas, go háirithe trí chreat EUROSUR a bhunú, a choimeád ar bun agus a chomhordú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (2)

    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 11ca

    Sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chreat EUROSUR

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil faoi mar a leagtar amach in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a den Rialachán seo. Le próiseáil sonraí den chineál sin, go háirithe, urramófar prionsabal an riachtanais agus prionsabal na comhréireachta agus toirmiscfear sonraí pearsanta a phróiseálann an Ghníomhaireacht a tharchur nó a chur in iúl do thríú tíortha.’

    Airteagal 24

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 2 Nollaig 2013.

    3.   Déanfaidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, Poblacht na Slóvaice agus an Fhionlainn,, lárionad náisiúnta comhordúcháin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 amhail ón 2 Nollaig 2013.

    Déanfaidh na Ballstáit eile lárionad náisiúnta comhordúcháin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 amhail ón 1 Nollaig 2014.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. LEŠKEVIČIUS


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Deireadh Fómhair 2013 (nach bhfuil foilsithe go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

    (3)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil agus i dtaca le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus i dtaca le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (5)  Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).

    (6)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

    (7)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (8)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (10)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (11)  Cinneadh 2008/146/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir leis an Aontas Eorpach do thabhairt i gcrích an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006. lch. 1).

    (15)  IO L 308, 8.12.2000, lch. 26.

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 o Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 22 Deireadh Fomhair 2013 lena mbunaitear an Coras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).”;


    IARSCRÍBHINN

    Cuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh agus comhpháirteanna éagsúla chreat EUROSUR á socrú, á n-oibriú agus á gcoimeád ar bun:

    (a)

    Prionsabal na bpobal leasmhar: déanfar as na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus as an nGníomhaireacht pobail leasmhara ar leithligh chun faisnéis a roinnt agus chun críche comhair faoi chreat EUROSUR. Úsáidfear pobail leasmhara chun lárionaid náisiúnta chomhordúcháin éagsúla agus an Ghníomhaireacht a eagrú d'fhonn faisnéis a mhalartú chun críocha cuspóirí roinnte, ceanglas roinnte agus leasanna roinnte.

    (b)

    Prionsabail maidir le bainistiú comhsheasmhach agus maidir leis na struchtúir atá ann cheana a úsáid: Áiritheoidh an Ghníomhaireacht comhsheasmhacht idir comhpháirteanna éagsúla chreat EUROSUR, lena n-áirítear trí threoir agus tacaíocht a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus idir-inoibritheacht faisnéise agus teicneolaíochta a chur chun cinn. A mhéid is féidir, bainfear leas, le creat EUROSUR, as na córais agus as na hacmhainní atá ann cheana, d'fhonn úsáid bhuiséad ghinearálta an Aontais a bharrfheabhsú agus chun an dúbailt a sheachaint. Sa chomhthéacs sin, bunófar EUROSUR agus é go hiomlán comhoiriúnach le CISE, rud a chuideoidh, dá bhrí sin, le cur chuige comhordaithe costéifeachtúil maidir le malartú faisnéise trasearnálaí san Aontas agus rachaidh an cur chuige sin chun tairbhe dó, dá bhrí sin.

    (c)

    Prionsabail maidir le faisnéis a mhalartú agus faisnéis a dhearbhú: beidh faisnéis a chuirfear ar fáil faoi chreat EUROSUR ar fáil do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ar fad agus don Ghníomhaireacht, mura ndéanfar srianta sonracha a leagan síos nó a chomhaontú. Áiritheoidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin infhaighteacht, rúndacht agus sláine na faisnéise a bheidh le malartú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht infhaighteacht, rúndacht agus sláine na faisnéise a bheidh le malartú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    (d)

    Prionsabail maidir le díriú na seirbhíse agus caighdeánú: cuirfear acmhainní éagsúla EUROSUR chun feidhme le cur chuige seirbhísdírithe. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is féidir, go mbeidh creat EUROSUR bunaithe ar chaighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta.

    (e)

    Prionsabal na solúbthachta: cuirfidh an cineál eagraithe, faisnéise agus teicneolaíochta ar chumas gheallsealbhóirí EUROSUR freagairt a thabhairt ar staideanna athraitheacha ar bhealach solúbtha agus struchtúraithe.


    Ráiteas ón gComhairle

    Cuideoidh EUROSUR le feabhas a chur ar iarrachtaí chun beatha imirceach a chosaint agus a shábháil. Meabhraíonn an Chomhairle gurb inniúlacht de chuid na mBallstát é cuardach agus tarrtháil ar muir, a fheidhmíonn siad faoi chuimsiú coinbhinsiún idirnáisiúnta.


    Top