This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32011R1336
Regulation (EU) No 1336/2011 of the European Parliament and of the Council of 13 December 2011 amending Council Regulation (EC) No 1215/2009 introducing exceptional trade measures for countries and territories participating in or linked to the European Union’s Stabilisation and Association process
Rialachán (AE) Uimh. 1336/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá nasctha leis an bpróiseas sin
Rialachán (AE) Uimh. 1336/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá nasctha leis an bpróiseas sin
IO L 347, 30.12.2011, p. 1–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 25/03/2024; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32024R0823
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32009R1215 | Leasú | airteagal 10.1 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Cur le | airteagal 7 BI | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 3.4 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 1 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | díothú | airteagal 3.3 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 7 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | iarscríbhinn I | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | díothú | airteagal 10.2 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 10.3 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 12 L2 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 2.1 pointe A) | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Cur le | airteagal 2.3 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 3.2 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 4 | 01/01/2011 | |
Modifies | 32009R1215 | Athchur | airteagal 8 | 01/01/2011 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32011R1336R(01) | (SK) | |||
Implicitly repealed by | 32024R0823 | 26/03/2024 |
30.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) UIMH. 1336/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá nasctha leis an bpróiseas sin
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá nasctha leis an bpróiseas sin (2), tugadh bearta eisceachtúla trádála isteach lena ndéantar foráil do rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais do bheagnach gach táirge de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch custaim sin ar tíortha iad a bhaineann tairbhe as an bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ós rud é go ndearnadh leasuithe substaintiúla roinnt uaireanta ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000, ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, rinneadh é a chódú le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (3). |
(2) |
An 16 Meitheamh 2008, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile. Go dtí go mbeidh na nósanna imeachta a bhfuil gá leo chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm curtha i gcrích, rinneadh Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (4), a shíniú agus a thabhairt i gcrích (5), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2008. |
(3) |
An 29 Aibreán 2008 síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit de pháirt, agus Poblacht na Seirbia den pháirt eile. Go dtí go mbeidh na nósanna imeachta a bhfuil gá leo chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm curtha i gcrích, rinneadh Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (6), a shíniú agus a thabhairt i gcrích (7), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010. |
(4) |
Leis na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus na Comhaontuithe Eatramhacha, bunaítear réim trádála chonarthach idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus idir an tAontas Eorpach agus an tSeirbia. Is gá, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú trí bhíthin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia a bhaint den liosta de thairbhithe na lamháltas taraife i leith na dtáirgí céanna faoin gcóras trádála conarthach, agus is gá méideanna na dtaraif-chuótaí iomlána a choigeartú i gcás táirgí sonracha a ndearnadh taraif-chuótaí a dheonú ina leith faoin gcóras trádála conarthach. Ba cheart, áfach, go leanfadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia de bheith ina dtairbhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, a mhéid a bhfuil foráil déanta sa Rialachán sin do lamháltais atá níos fabhraí ná na lamháltais atá ann faoi na comhaontuithe déthaobhacha sin. |
(5) |
Leanann Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 de bheith ina phríomh-Ionstraim lena rialaítear caidreamh trádála leis an gCosaiv (8). Tá rochtain leanúnach na Cosaive ar mhargadh an Aontais thar a bheith riachtanach do théarnamh eacnamaíoch na Cosaive, agus don réigiún ina iomláine. Ag an am céanna, ní chruthófar le rochtain den sórt sin iarmhairtí diúltacha don Aontas. |
(6) |
I ngeall ar na cúiseanna sin, agus ós rud é gur scoir Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 d’fheidhm a bheith leis,an 31 Nollaig 2010, is iomchuí bailíocht Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015. |
(7) |
Chun a áirithiú go ndéanfaidh an tAontas a oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart fadú nó athnuachan an tarscaoilte atá ann cheana, ar tarscaoileadh é a ghnóthaigh an tAontas ó oibleagáidí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT). a chur mar choinníoll ar na socruithe fabhracha a leagtar amach sa Rialachán seo. |
(8) |
Chun leasanna eacnamaíocha oibreoirí a chosaint, is gá foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha i leith earraí atá, ar an dáta a gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm, faoi idirthuras nó ar stóras go sealadach i dtrádstórais chustaim nó i saorlimistéir. |
(9) |
Chun na forálacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na leasuithe is gá agus leis na coigeartuithe teicniúla is gá ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II tar éis leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC, mar aon leis na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na tíortha agus na críocha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nuair atá gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, |
(10) |
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca leis an teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonta, i dtaca le deimhnithe barántúlachta a eisiúint lena bhfianaítear go bhfuil na hearraí de thionscnamh na tíre nó na críche lena mbaineann agus go gcomhfhreagraíonn siad don sainmhíniú atá sa Rialachán seo, agus i dtaca leis na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach, bíodh sin go hiomlán nó go páirteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (9). |
(11) |
Ionas nach gcuirfear isteach ar an trádáil, ní mór go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo go cúlghabhálach amhail ón 1 Eanáir 2011, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Socruithe fabhracha 1. Faoi réir na bhforálacha speisialta atá leagtha síos in Airteagal 3, ligfear táirgí de thionscnamh chríoch chustaim na Cosaive, seachas iad sin atá faoi cheannteidil 0102, 0201, 0202, 0301, 0302, 0303, 0304, 0305, 1604, 1701, 1702 agus 2204 den Ainmníocht Chomhcheangailte, allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu agus beidh siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu. 2. Maidir le táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cróite, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Mhontainéagró nó na Seirbia, leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo i gcás ina léirítear amhlaidh. Ina theannta sin, bainfidh táirgí den sórt sin tairbhe as aon lamháltas dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar lamháltas é atá níos fabhraí ná an lamháltas a bhfuil foráil déanta dó faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus na tíortha sin.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 An taraif-chuóta i gcomhair ‘mairteoil óg’ a chur chun feidhme Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe chun an taraif-chuóta i gcomhair táirgí ‘mairteoil óg’ a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Cumhachtaí a thabhairt Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(6) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 7a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go dtí an dáta a rachaidh an Rialachán seo in éag. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh an dáta sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”; |
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 An nós imeachta coiste 1. Chun críocha Airteagal 2 agus Airteagal 10, déanfaidh Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (10). 2. Chun críocha Airteagal 3(4), déanfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (11) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. Chun críocha Airteagal 3(2) agus Airteagal 4, déanfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 195(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i dtaca le táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán CEM Aonair) (12) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(8) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 12: “Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2015. Scoirfidh na fabhair dá bhforáiltear leis an Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach gceadófaí iad le tarscaoileadh arna dheonú ag ETD. Beidh feidhm ag an scor sin ón lá nach bhfuil feidhm ag an tarscaoileadh a thuilleadh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tráth atá luath a dhóthain roimh an dáta sin, chun oibreoirí agus na húdaráis inniúla a chur ar an eolas ina leith. Sonrófar san fhógra sin cé na fabhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh agus an dáta a scoirtear d’fheidhm a bheith acu.”; |
(10) |
déantar an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Aon earraí, atá, an 1 Eanáir 2011, faoi idirthuras nó atá ar stóras go sealadach san Aontas i dtrádstórais chustaim nó i saorlimistéir agus a ndearnadh cruthúnas a eisiúint maidir le tionscnamh, ar dá réir is de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine nó na Seirbia iad, is cruthúnas a eisíodh go cuí roimh an dáta sin i gcomhréir le Cuid I, Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos na forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme (13), leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go ceann tréimhse ceithre mhí tar éis an dáta a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2011.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. SZPUNAR
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Deireadh Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Samhain 2011.
(2) IO L 240, 23.9.2000, lch. 1.
(3) IO L 328, 15.12.2009, lch. 1.
(4) IO L 233, 30.8.2008, lch. 6.
(5) IO L 169, 30.6.2008, lch. 10. Leagan ceartaithe in IO L 233, 30.8.2008, lch. 5.
(6) IO L 28, 30.1.2010, lch. 2.
(7) IO L 28, 30.1.2010, lch. 1.
(8) Mar a shainmhínítear í le Rún 1244/99 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
(9) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(10) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(11) IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.
(12) IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.”;
(13) IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)
In ainneoin na rialacha maidir le léiriú na hAinmníochta Comhcheangailte, measfar nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht a úsáidtear i gcomhair thuairisc na dtáirgí sa mhéid go gcinntear an scéim fhabhrach le raon feidhme Cóid AC laistigh de chomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil “ex” rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin an cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm ag an am céanna le chéile
Uimh. an Ordaithe |
Cód AC |
Tuairisc |
Cuóta-mhéid in aghaidh na bliana (1) |
Tairbhithe |
Ráta dleachta |
09.1571 |
0301 91 10 0301 91 90 0302 11 10 0302 11 20 0302 11 80 0303 21 10 0303 21 20 0303 21 80 0304 19 15 0304 19 17 ex 0304 19 18 ex 0304 19 91 0304 29 15 0304 29 17 ex 0304 29 18 ex 0304 99 21 ex 0305 10 00 ex 0305 30 90 0305 49 45 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
15 tona |
críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1573 |
0301 93 00 0302 69 11 0303 79 11 ex 0304 19 18 ex 0304 19 91 ex 0304 29 18 ex 0304 99 21 ex 0305 10 00 ex 0505 30 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Carbán: beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
20 tona |
críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1575 |
ex 0301 99 80 0302 69 61 0303 79 71 ex 0304 19 39 ex 0304 19 99 ex 0304 29 99 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 30 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Garbhánach (Dentex dentex agus Pagellus spp.): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
45 tona |
críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1577 |
ex 0301 99 80 0302 69 94 ex 0303 77 00 ex 0304 19 39 ex 0304 19 99 ex 0304 29 99 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 30 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Doingean mara (Dicentrarchus labrax): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe; saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
30 tona |
críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1515 |
ex 2204 21 93 ex 2204 21 94 ex 2204 21 95 ex 2204 21 96 ex 2204 21 97 ex 2204 21 98 ex 2204 29 93 ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 |
Fíon fíonchaor úr nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, seachas fíon súilíneach |
50 000 hl (2) |
An Albáin (3), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (4), an Chróit (5), Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine (6), Montainéagró (7), an tSeirbia (8) nó críoch chustaim na Cosaive |
Díolúine |
(1) Aon mhéid iomlán amháin in aghaidh an tharaif-chuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na dtairbhithe.
(2) Laghdófar méid an taraif-chuóta iomláin sin má mhéadaítear cuóta-mhéid an taraif-chuóta aonair is infheidhme faoi ordú Uimh. 09.1588 i gcás fíonta áirithe de thionscnamh na Cróite.
(3) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le Poblacht na hAlbáine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1512 agus faoi ordú Uimh. 09.1513.
(4) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1528 agus faoi ordú Uimh. 09.1529.
(5) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Cróite ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an gCróit a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1588 agus faoi ordú Uimh. 09.1589.
(6) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le hIar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus faoi ordú 09.1559.
(7) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an taraif-chuóta aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1514.
(8) Maidir leis an rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraif-chuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraif-chuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1526 agus faoi ordú Uimh. 09.1527.’.