This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32009R0923
Regulation (EC) No 923/2009 of the European Parliament and of the Council of 16 September 2009 amending Regulation (EC) No 1692/2006 establishing the second Marco Polo programme for the granting of Community financial assistance to improve the environmental performance of the freight transport system (Marco Polo II) (Text with EEA relevance)
Rialachán (CE) Uimh. 923/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear an dara clár Marco Polo chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú Marco Polo II Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (CE) Uimh. 923/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear an dara clár Marco Polo chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú Marco Polo II Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
IO L 266, 9.10.2009, p. 1–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 4.1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Leasú | airteagal 5.1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 4.1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Leasú | airteagal 5.1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Leasú | airteagal 2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 14.2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Cur le | airteagal 14.2BI | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | iarscríbhinn 1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 14.2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Cur le | airteagal 14.2BI | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | iarscríbhinn 1 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | díothú | iarscríbhinn 2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 9 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 8 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 7 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 15 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 15 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Leasú | airteagal 2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 5.2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 5.2 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 9 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 7 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | Athchur | airteagal 8 | 10/10/2009 | |
Modifies | 32006R1692 | díothú | iarscríbhinn 2 | 10/10/2009 |
9.10.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 923/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 16 Meán Fómhair 2009
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 lena mbunaítear an dara clár ‘Marco Polo’ chun cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú ‘Marco Polo II’
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) agus Airteagal 80(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leis an athbhreithniú meántéarma ar an bPáipéar Bán um Iompar 2001 ón gCoimisiún dar teideal ‘Coinnímis an Eoraip ag gluaiseacht – Soghluaisteacht inbhuanaithe dár n-ilchríoch’, an 22 Meitheamh 2006, tarraingítear aird ar an gcumas atá ag Clár Marco Polo, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú chun feidhmíocht chomhshaoil an chórais iompair lasta a fheabhsú (an Clár Marco Polo) (3), mar fhoinse maoinithe chun roghanna malartacha a thairiscint d’oibreoirí ar bhóithre plódaithe tríd úsáid a bhaint as modhanna eile iompair. Dá bhrí sin is ionann Clár Marco Polo agus gné bhunúsach amháin sa bheartas iompair reatha. |
(2) |
Mura nglacfar aon ghníomh cinntitheach, meastar go dtiocfaidh méadú níos mó ná 60 % ar iompar lasta de bhóthar ina iomláine san Eoraip faoin mbliain 2013. Is í an éifeacht a bheadh aige sin ná go dtiocfadh fás measta 20,5 billiún tona-chiliméadar ar lasta bóthair idirnáisiúnta in aghaidh na bliana don Aontas Eorpach faoin mbliain 2013, agus go mbeadh iarmhairtí diúltacha aige sin i dtaca le costais bhreise ar bhonneagar bóithre, tionóiscí, plódú, truailliú áitiúil agus domhanda, damáiste don chomhshaol agus neamhiontaofacht an tslabhra soláthair agus na bpróiseas loighistice. |
(3) |
Chun déileáil leis an bhfás sin, ní mór úsáid níos mó a bhaint as loingseoireacht farraige ghairid, as iarnróid agus as uiscebhealaí intíre ná mar a dhéantar faoi láthair, agus is gá tionscnaimh chumhachtacha bhreise a spreagadh ón earnáil iompair agus loighistice, lena n-áirítear calafoirt thirime agus ardáin eile a éascaíonn an idirmhódúlacht, chun cur chuige nua agus úsáid nuálaíochtaí teicniúla a spreagadh i ndáil le gach ceann dár modhanna iompair agus i ndáil lena mbainistiú. |
(4) |
Tá sé mar chuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh modhanna iompair atá oiriúnach don chomhshaol a neartú, is cuma an leanfaidh aistriú sonrach modha nó éifeacht seachanta as an gcuspóir sin ó thaobh tarlaithe de bhóthar. |
(5) |
De réir Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 (4) ceanglaíodh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Marco Polo II (‘an Clár’ anseo feasta) agus tograí a thíolacadh chun an Clár sin a leasú má bhí gá leis sin. |
(6) |
Measadh i meastóireacht sheachtrach ar thorthaí Chlár Marco Polo nach mbainfeadh an Clár sin a chuid cuspóirí amach i dtaca le haistriú modha agus rinneadh roinnt moltaí inti maidir le héifeachtacht an Chláir a fheabhsú. |
(7) |
Rinne an Coimisiún anailís tionchair ar na bearta a moladh sa mheastóireacht sheachtrach agus ar bhearta eile atá dírithe ar éifeachtúlacht an Chláir a mhéadú. Léiríodh san anailís sin go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 chun rannpháirtíocht na bhfiontar beag agus na micreafhiontar a éascú, chun tairseacha cáilitheachta na gníomhaíochta a ísliú, chun méid an mhaoinithe a mhéadú agus chun nósanna imeachta cur chun feidhme agus riaracháin an Chláir a shimpliú. |
(8) |
Ba cheart rannpháirtíocht na bhfiontar beag agus na micreafhiontar sa Chlár a mhéadú trína cheadú do ghnóthais aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus trí na tairseacha cáilitheachta a ísliú i gcás tograí arna dtíolacadh ag fiontair iompair uiscebhealaigh intíre. |
(9) |
Ba cheart na tairseacha cáilitheachta do thograí ar mhaoiniú a ísliú agus a shloinneadh i dtéarmaí na dtona-chiliméadar a aistrítear in aghaidh na bliana, ach amháin i gcás gníomhaíochtaí comhfhoghlama. Ba cheart na tairseacha sin a ríomh thar thréimhse iomlán chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn gan aon ráta bliantúil cur chun feidhme a shocrú. Níor cheart go mbeadh aon ghá a thuilleadh le tairseach shonrach a bhainfeadh le gníomhaíochtaí seachanta tráchta agus ba cheart ré íosta a bhunú don chineál seo gníomhaíochta, do ghníomhaíochtaí catalaíocha agus do ghníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige. |
(10) |
Ba cheart méid an mhaoinithe a mhéadú trí shainmhíniú a thabhairt isteach maidir le ‘lasta’, chun an ghné iompair a chur san áireamh nuair atá an t-aistriú modha á ríomh, agus faduithe eisceachtúla a cheadú ar ré uasta na ngníomhaíochtaí i gcás moill a bheith ann maidir lena dtosú. Ba cheart uasdátú mhéid an mhaoinithe ó EUR 1 go EUR 2 de réir an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 a léiriú i dtéacs na hIarscríbhinne sin, mar atá arna leasú. |
(11) |
Chun cur chun feidhme an Chláir a shimpliú, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 maidir le coinníollacha maoinithe do bhonneagar coimhdeach a scriosadh. Ina theannta sin, ba cheart deireadh a chur leis an nós imeachta coiste maidir le roghnú bliantúil na ngníomhaíochtaí atá le maoiniú. |
(12) |
Ba cheart nasc níos mionsonraithe idir an Clár agus an Gréasáin Iompair Tras-Eorpaigh (‘TEN-T’ anseo feasta), lena leagtar amach an creat do Mhótarbhealaí na Farraige, a bhunú agus ba cheart na gnéithe comhshaoil a leathnú chun costais sheachtracha iomlána na ngníomhaíochtaí a chur san áireamh. |
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 a leasú dá réir. |
(14) |
Chun a áirithiú gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar an modh is caoithiúla agus is gasta, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm chomh luath agus is féidir tar éis a ghlactha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006 leis seo mar a leanas:
1. |
in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1): ‘1. Déanfaidh gnóthais nó cuibhreannais atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha rannpháirteacha gníomhaíochtaí a thíolacadh, dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) agus (4).’; |
3. |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
4. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: ‘Airteagal 7 Státchabhair Ní dhéanfaidh cúnamh airgeadais Comhphobail do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár cosc a chur ar Státchabhair a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, a mhéid atá cabhair den sórt sin comhoiriúnach leis na socruithe státchabhrach a leagtar síos sa Chonradh agus a mhéid atá sí laistigh de na teoireannacha carnacha arna mbunú do gach saghas gníomhaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn.’; |
5. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Gníomhaíochtaí a thíolacadh Déanfar gníomhaíochtaí a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna n-eisiúint de bhun Airteagal 6. Maidir leis an ábhar a thíolacfar, beidh an fhaisnéis go léir ann is gá lena chumasú don Choimisiún a rogha a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Airteagal 9. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na hiarratasóirí chun a bpróiseas iarratais a éascú, mar shampla trí dheasc cabhrach ar-líne.’; |
6. |
cuirtear an méid seo in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 Gníomhaíochtaí do chúnamh airgeadais a roghnú Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a thíolactar. Le linn gníomhaíochtaí a roghnú do chúnamh airgeadais faoin gclár, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur san áireamh:
Tar éis dó an coiste dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur ar an eolas, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh chun cúnamh airgeadais a dheonú. Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoina chinneadh.’; |
7. |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
8. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Aisghairm Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003, le héifeacht ón 14 Nollaig 2006. Leanfar de na conarthaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a thagann faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1382/2003 a rialú leis an Rialachán sin go dtí go dtugtar iad i gcrích go hoibríochtúil iad nó go dtugtar iad i gcrích ó thaobh airgeadais de.’; |
9. |
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006; |
10. |
Scriostar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1692/2006. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. MALMSTRÖM
(1) Tuairim an 24 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.
(3) IO L 196, 2.8.2003, lch. 1.
(4) IO L 328, 24.11.2006, lch. 1.
(5) IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.’;
(6) IO L 266, 9.10.2009, lch 1.’;
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Coinníollacha agus ceanglais maidir le maoiniú de réir Airteagal 5(2)
An Cineál Gníomhaíochta |
|
|
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais. |
Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais. |
Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais. |
Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais. |
Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. |
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
|
|
|
|
|||||||||||||
|
Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí catalaíocha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt. |
Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt. |
Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí aistrithe modha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 38 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt. |
Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí seachanta tráchta ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán.. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt. |
Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí comhfhoghlama ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 26 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus féadfar an ré sin a fhadú ar iarratas ón tairbhí, laistigh den chlúdach buiséadach tosaigh, ar feadh ré bhreise 26 mí, má bhaintear torthaí dearfacha amach le linn an chéad 12 mhí d’fheidhmiú na gníomhaíochta. |
||||||||||||
Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí. |
Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí. |
Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 38 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 44 mí. |
Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí. |
Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 52 mí. |
|||||||||||||
|
Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta catalaíche ná 30 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha nó seachaint tráchta in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. |
Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná 200 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. |
Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta aistrithe modha ná 60 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. Maidir le gníomhaíochtaí aistrithe modha a mbeidh sé mar aidhm acu aistriú chuig uiscebhealaí intíre a chur chun feidhme, beidh siad faoi réir thairseach speisialta 13 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. |
Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta seachanta tráchta ná 80 milliún tona-chiliméadar nó 4 mhilliún feithicil-chiliméadar de thrácht lasta a sheachnaítear in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais |
Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta comhfhoghlama ná EUR 250 000. |
||||||||||||
|
Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí catalaíocha, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. |
Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí Mótarbhealaí na Farraige, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. |
Ní shamhlaítear go mbeidh gníomhaíochtaí sonracha scaipiúcháin ann le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe modha. |
Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí seachanta tráchta, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. |
Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí comhfhoghlama, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.’ |