This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32009D0172
2009/172/EC: Council Decision of 21 January 2008 adapting Annex VIII to the Act of Accession of Bulgaria and Romania
2009/172/EC: Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
2009/172/EC: Cinneadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
IO L 65, 10.3.2009, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 12005SAN08 | Athchur | iarscríbhinn 8 | 11/03/2009 |
10.3.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2008
lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine
(2009/172/CE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Chonradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine,
Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 34(4) di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (1), leagtar síos na rátaí do ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail le haghaidh gach aise. |
(2) |
Le Roinn IV d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, arna leasú le Cinneadh 2006/664/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 2006 lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine (2), bunaítear, de mhaolú ar Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, na rátaí ina aghaidh na haise don tacaíocht Chomhphobail arna deonú sa Bhulgáir agus sa Rómáin don fhorbairt tuaithe faoin CETFT. Féadfaidh 80 % san iomlán a bheith sa ranníocaíocht sin le haghaidh ais 1 agus le haghaidh ais 3 agus le haghaidh cúnaimh theicniúil, agus féadfaidh 82 % a bheith inti le haghaidh ais 2. |
(3) |
Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag na rátaí cómhaoinithe arna sonrú in aghaidh na haise maidir leis na méideanna a fhéadfar a dheonú, mar a fhoráiltear i Roinn I, fo-roinn E, d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, d'fheirmeoirí atá incháilithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha comhlántacha náisiúnta nó le haghaidh cabhracha faoi Airteagal 143c de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí (3). |
(4) |
Ní foláir freisin ranníocaíocht uasta airgeadais an Chomhphobail i leith comhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha a shonrú chun Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a chur i bhfeidhm (4), a bhforáiltear le hIarscríbhinn II a ghabhann leis do mhiondealú táscach airgeadais de réir na haise forbartha tuaithe agus de réir an bhirt forbartha tuaithe, lena n-áirítear an beart ‘comhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha’. |
(5) |
D'fhonn torthaí na caibidlíochta aontachais agus comhsheasmhacht chóras na rátaí cómhaoinithe a choinneáil tar éis modhnuithe teicniúla a dhéanamh ar na rialacháin a bhaineann leis an bhforbairt tuaithe, ba cheart ranníocaíocht uasta airgeadais an Chomhphobail i leith na gcomhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha a shocrú ag an ráta céanna faoin gcéad a bhfuil feidhm aige maidir le hais 1 agus maidir le hais 3 agus maidir leis an gcúnamh teicniúil. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Roinn IV:
‘De mhaolú ar Airteagal 70(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, is é an méid a fhéadfaidh a bheith i ranníocaíocht an Chomhphobail 80 % le haghaidh ais 1 agus le haghaidh ais 3, le haghaidh an bhirt i dtaca le cúnamh teicniúil agus le haghaidh na gcomhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha.
De mhaolú ar Airteagal 70(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, is é an méid a fhéadfaidh a bheith i ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail 82 % le haghaidh ais 2.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2008.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. JARC
(1) IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.
(2) IO L 277, 9.10.2006, lch. 4.
(3) IO L 270, 21.10.2003, lch 1.
(4) IO L 368, 23.12.2006 lch. 15.