This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1367
Decision of the EEA Joint Committee No 298/2023 of 8 December 2023 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2024/1367]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 298/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1367]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 298/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1367]
IO L, 2024/1367, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1367/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil I cuid 1.1 pointe 11bzc | ||
| Modifies | 21994A0103(51) | Cur le | caibidil I cuid 9.1 pointe 18 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1367 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 298/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1367]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, rialacha maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandálaí, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir leis na híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí imeachta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/842 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh na gceanglas maidir le leas ainmhithe a fhíorú i ndáil le hainmhithe a iompar ar shoithí beostoic (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Íoslainn. |
|
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11bzb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 17 (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/755 ón gCoimisiún) i gCuid 9.1 de Chaibidil I:
Ní bheidh feidhm ag an ngníomh seo maidir leis an Íoslainn.’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/842 san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 51, 20.2.2023, lch. 32.
(2) IO L 109, 24.4.2023, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1367/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)