This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2365
Decision of the EEA Joint Committee No 56/2023 of 17 March 2023 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2023/2365]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 56/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2365]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 56/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2365]
IO L, 2023/2365, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2365/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 21994A0103(59) | Cur le | pointe 29dd fleasc |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2365 |
26.10.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 56/2023
an 17 Márta 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2365]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2022 ar an tacsanomaíocht le haghaidh na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 29dd (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32022 R 2553: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2022 (IO L 339, 30.12.2022, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2553 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 339, 30.12.2022, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2365/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)